Uimhir 7 de 1943.
ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1943.
[An tionntódh oifigeamhail.]
[14adh Abrán, 1943.]
CUID I.
Reamhraiteach.
Gearr-theideal, léiriú agus có-luadh.
1.—(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla, 1943, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus na hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, agus féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin. 1833 go 1943, do ghairm den Acht so agus de na hAchtanna san le chéile.
CUID II.
Leasuithe ar an Acht Deocha Meisciula, 1927.
Míniú chun crícheanna Coda II.
2.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927).
Alt 1 d'Acht 1927 dá leasú.
3.—Leasuítear leis seo alt 1 d'Acht 1927 tríd an méid seo leanas do chur i bhfo-alt (1) i ndeireadh gach ceann de na mínithe ar na habairtí “áitreabh ceadúnuithe”, “ceadúnas iomlán”. agus “ceadúnas teoranta”, eadhon: “(pé aca tar éis no d'éamais deimhniú ón gCúirt Chuarda no ón gCúirt Dúithche do thabhairt ar áird do deonadh é)”.
Alt 2 d'Acht 1927 dá leasú.
4.—Leasuítear leis seo alt 2 d'Acht 1927 tré fho-ailt (1), (2) agus (3) de do scrios agus an dá fho-alt so leanas do chur isteach ann in ionad na bhfo-alt san a scriostar amhlaidh, agus léireofar an tAcht san agus go sonnrach fo-ailt (4) agus (5) den alt san 2 agus beidh éifeacht ag an gcéanna dá réir sin, sé sin le rá:—
“(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní dleathach do dhuine ar bith in aon chontae-bhuirg aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun a díolta ná aon áitreabh d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol ná a cheadú aon deoch mheisciúil d'ól in áitreabh ceadúnuithe—
(a) aon dálach—
(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, roimh leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ná i ndiaidh leathuair tar éis a deich a chlog istoíche, ná (fé réir na n-eisceacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna, ná
(ii) i rith aon, tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná i ndiaidh a deich a chlog istoíche, ná (fé réir na n-eisceacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna, ná
(b) aon Domhnach—
(i) i gcás chontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath no líomatáiste Ard-Chathair Bhaile Átha Cliath, roimh leathuair tar éis a haon a chlog tráthnóna, ná idir a trí a chlog agus a cúig a chlog tráthnóna, ná i ndiaidh a seacht a chlog istoíche, ná
(ii) i gcás aon chontae-bhuirge eile, roimh a haon a chlog tráthnóna ná idir a trí a chlog agus a cúig a chlog tráthnóna ná i ndiaidh a seacht a chlog istoíche, ná
(c) uair ar bith Lá Nodlag, Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig.
Isiad eisceachta dá dtagartar sa mhír sin (a) roimhe seo den fho-alt so ná:—
(i) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna aon dálach. féadfaidh sealbhóir ar cheadúnas iomlán a ghabhann le háitreabh atá suidhte i gcontae-bhuirg orduithe (i dteanta no d'éamais íocaíochta) do ghlacadh san áitreabh san leis an bpost no le telegraf no telefón ach ní har shlí eile ar dheoch mheisciúil le hól lasmuich den áitreabh agus le seachadadh ag an sealbhóir sin ag áit chomhnaithe an té ordóidh amhlaidh í no ag stáisiún iarnróid ach ní hag áit eile agus féadfa sé an deoch mheisciúil a hordófar amhlaidh do sheachadadh amhlaidh, ach an té ordóidh an deoch mheisciúil sin amhlaidh ní bheidh sé, chun crícheanna aon ailt eile den Acht so, ina dhuine a bhféadfar go dleathach deoch mheisciúil do dhíol leis no do thabhairt dó san áitreabh san idir na huaire sin ar na laetheanta san, agus
(ii) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna aon dálach, féadfaidh sealbhóir ar cheadúnas theoranta a ghabhann le háitreabh atá suidhte i gcontae-bhuirg orduithe o bhéal no ar shlí eile (i dteanta no d'éamais íocaíochta) do ghlacadh san áitreabh san ar dheoch mheisciúil le hól lasmuich den áitreabh agus le seachadadh ag an sealbhóir sin ag áit chomhnaithe an té ordóidh í no ag stáisiún iarnróid ach ní hag aon áit eile agus féadfa sé an deoch mheisciúil a hordófar amhlaidh do sheachadadh amhlaidh agus féadfa sé an t-áitreabh san d'oscailt agus do choimeád ar oscailt chun orduithe den tsórt san do ghlacadh agus féadfa sé deocha meisciúla do thaisbeáint san áitreabh san chun a ndíolta ar orduithe den tsórt san.
(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní dleathach do dhuine ar bith in aon áit nach contae-bhuirg aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun a díolta, ná aon áitreabh d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol, ná a cheadú aon deoch mheisciúil d'ól in áitreabh ceadúnuithe—
(a) aon dálach—
(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, roimh leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ná i ndiaidh leathuair tar éis a deich a chlog istoíche, ná
(ii) i rith aon tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná i ndiaidh a deich a chlog istoíche, ná
(b) uair ar bith aon Domhnach ná Lá Nodlag, Aoine an Chéasta, ná Lá Fhéile Pádraig.”
Alt 3 d'Acht 1927 dá leasú.
5.—Leasuítear leis seo alt 3 d'Acht 1927—
(a) tré na focail uile i ndiaidh na bhfocal “chun deocha meisciúla do dhíol” do scrios as fo-alt (1) de agus na focail seo leanas do chur isteach sa bhfo-alt san in ionad na bhfocal san a scriostar amhlaidh, sé sin le rá, “ach amháin idir a naoi a chlog agus leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ar dhálacha i rith tréimhse ama shamraidh agus idir a naoi a chlog agus a deich a chlog ar maidin ar dhálacha i rith aon tréimhse nach tréimhse ama shamraidh”,
(b) tré na focail agus na lúibíní “(seachas áitreabh lena ngabhann ceadúnas teoranta mion-díoltóra fíona do réir bhrí an Finance (1909-10) Act, 1910, agus ná gabhann aon cheadúnas teoranta eile leis)” do chur isteach i bhfo-alt (2) dhe i ndiaidh na bhfocal “in aon áitreabh”,
(c) tré na focail uile o na focail “chun deocha meisciúla do dhíol” do scrios as fo-alt (2) dhe agus na focail seo leanas do chur isteach sa bhfo-alt san in ionad na bhfocal san a scriostar amhlaidh, sé sin le rá, “ach amháin idir a naoi a chlog agus leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ar dhálacha i rith tréimhse ama shamraidh agus idir a naoi a chlog agus a deich a clog ar maidin ar dhálacha i rith aon tréimhse nach tréimhse ama shamraidh agus, i gcás an t-áitreabh san do bheith suidhte i gcontae-bhuirg, idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna ar dhálacha i rith tréimhse ar bith, pé aca tréimhse ama shamhraidh í no nach eadh”.
Alt 5 d'Acht 1927 dá leasú.
6.—Leasuítear leis seo alt 5 d'Acht 1927 tré na focail “agus atá suidhte i gcontae-bhuirg” do scrios as fo-alt (1).
Alt 11 d'Acht 1927 dá leasú.
7.—Leasuítear leis seo alt 11 d'Acht 1927—
(a) tré na focail “liomatáiste ceadúcháin amháin a bheidh na háitreabhacha le n-a ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach suidhte, beidh sé i dteideal an ceadúnas seacht lá d'aistriú dho, sa chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil.” do scrios as fo-alt (1) agus na focail “dúthaigh no i ndúthaighe cótheoranta bheidh na háitreabhacha lena ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach, beidh sé i dteideal, arna iarraidh sin ag aon tsuidhe bheidh ag an mbreitheamh den Chúirt Dúithche a mbeidh na háitreabhacha lena ngabhann an ceadúnas sé lá ina dhúthaigh, an ceadúnas seacht lá d'aistriú” do chur ina n-ionad,
(b) tré na focail “líomatáiste ceadúcháin amháin a bheidh na háitreabhacha le n-a ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach suidhte, beidh sé i dteideal an gnáth-cheadúnas seacht lá d'aistriú dho, sa chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil,” do scrios as fo-alt (2) agus na focail “dúthaigh no i ndúthaighe cótheoranta bheidh na háitreabhacha le n-a ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach, beidh sé i dteideal, arna iarraidh sin ag aon tsuidhe bheidh ag an mbreitheamh den Chúirt Dúithche a mbeidh na háitreabhacha lena ngabhann an ceadúnas luath-dhúna ina dhúthaigh, an gnáthcheadúnas seacht lá d'aistriú” do chur ina n-ionad,
(c) tré fho-alt nua mar leanas do chur i ndeireadh an ailt:—
“(3) San alt so, cialluíonn an focal ‘dúthaigh’ dúthaigh Chúirte Dúithche arna hordú fé alt 68 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924).”
Alt 12 d'Acht 1927 dá leasú.
8.—Leasuítear leis seo alt 12 d'Acht 1927 tré fho-alt nua mar leanas do chur isteach roimh fho-alt (2):—
“(1A) Duine is sealbhóir ar cheadúnas iomlán miondíoltóra fíona do réir bhrí an Finance (1909-10) Act, 1910, féadfaidh, ag aon tsuidhe bheidh ag breitheamh na Cúirte Dúithche a iarraidh ar an gCúirt a dheimhniú gur tigh bídh chun crícheanna an Achta so an t-áitreabh lena ngabhann an ceadúnas san agus, más deimhin leis an gCúirt tar éis éisteacht leis an oifigeach i bhfeighil an Ghárda Síochána don líomatáiste cheadúnúcháin an t-áitreabh san do bheith oiriúnach ina dhéanmhas chun é úsáid agus é bheith á úsáid bona fide agus go príomhdha mar thigh bhídh, tigh úrúcháin no áit eile chun béilí substainteacha do thabhairt don phuiblíocht, deonfa sí don duine sin deimhniú (dá ngairmtear deimhniú tighe bhídh freisin san alt so) á dheimhniú an t-áitreabh san do bheith ina thigh bhídh chun crícheanna an Achta so.”
Alt 13 d'Acht 1927 dá leasú.
9.—Leasuítear leis seo alt 13 d'Acht 1927, fo-alt (1) tré na focail “ná aon Lá Nodlag” do chur i ndiaidh na bhfocal “Lá Fhéile Pádraig”.
Alt 14 d'Acht 1927 dá leasú.
10.—Leasuítear leis seo mír (e) d'alt 14 d'Acht 1927 tré na focail “Lá Nodlag” agus “ná Lá Fhéile Pádraig” do scrios.
Alt 15 d'Acht 1927 dá leasú.
11.—Leasuítear leis seo alt 15 d'Acht 1927—
(a) tré na focail “tar éis a sé a chlog ar maidin” do chur i mír (a) d'fho-alt (1) roimh na focail “aon dálach”,
(b) tré na focail “tar éis a sé a chlog ar maidin” do chur i bhfo-mhír (i) de mhír (b) roimh na focail “aon dálach”,
(c) tré fho-alt (2) do scrios.
Alt 16 d'Acht 1927 dá leasú.
12.—Leasuítear leis seo alt 16 d'Acht 1927—
(a) tré na focail “no d'aon duine is sealbhóir ar cheadúnas iomlán (nach ceadúnas sé lá) a ghabhann le háitreabh sa líomatáiste cheadúnúcháin sin” do chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh na bhfocal “(nach contae-bhuirg ná cuid de chontae-bhuirg)”,
(b) tríd an bhfocal “trí” do scrios as an áit ina bhfuil sé sna focail “nach sia ar fad ná trí huaire a chluig” agus an focal “ceithre” do chur ina ionad,
(c) tríd an bhfo-alt so leanas do chur i ndeireadh an ailt, sé sin le rá:—
“(4) Ní deonfar ordú saoirse líomatáiste ar iarratas sealbhóra ceadúnais iomláin maran rud é—
(a) go mbeidh an t-iarratasóir tar éis fógra do sheirbheáil, ocht n-uaire is dachad a chluig ar a laghad roimh an iarratas do dhéanamh, ar an oifigeach i bhfeighil an Ghárdá Síochána don líomatáiste cheadúnúcháin i dtaobh é bheith chun an t-iarratas do dhéanamh agus a ainm agus a sheoladh luaidhte sa bhfógra maraon leis an líomatáiste, an lá, agus an tréimhse no na tréimhsí dá mbeidh an t-ordú ag teastáil, agus
(b) go mbeidh an breitheamh Cúirte Dúithche tar éis an t-oifigeach san d'éisteacht i dtaobh an iarratais.”
Alt 24 d'Acht 1927 dá leasú.
13.—Leasuítear leis seo alt 24 d'Acht 1927 tríd an bhfocal “meisciúla” do chur isteach ann i ndiaidh an fhocail “dighe”
Alt 25 d'Acht 1927 dá leasú.
14.—(1) Leasuítear leis seo alt 25 d'Acht 1927 tré na focail “an Chúirt dá mheas as a comhairle féin gur ceart san do dhéanamh agus” do chur isteach i bhfo-alt (1) roimh na focail “gan an té a ciontófar amhlaidh”.
(2) Gach ciontú do bhí, díreach roimh dháta an Achta so do rith. ar breacadh fé alt 25 d'Acht 1927 ar cheadúnas do bhí i bhfeidhm an uair sin, scuirfe sé chun gach críche, ar dháta an Achta so do rith, de bheith ar breacadh amhlaidh.
Alt 26 d'Acht 1927 dá leasú.
15.—Ní déanfar aon ordú fé alt 26 d'Acht 1927 tar éis dáta an Achta so do rith.
Alt 27 d'Acht 1927 dá leasú.
16.—Leasuítear leis seo alt 27 d'Acht 1927 tré na focail “má bhíonn sé ar réasúin leathscéalachta (a luadhfar in ordú na Cúirte) nach ceart an ciontú san do bhreacadh ar an gceadúnas san” do scrios agus na focail “má mheasann as a chomhairle féin gur ceart é” do chur ina n-ionad.
Ailt 48 agus 49 d'Acht 1927 dá leasú.
17.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “ordú de 1942” ordú cion-roinneacháin deiridh fé alt 48 d'Acht 1927 don bhliain 1942.
(2) Is tuigthe gach ordú de 1942 do bheith, maidir leis an mblianacht chúitimh lena mbaineann an t-ordú san, ina ordú chion-roinneacháin deiridh fé alt 48 d'Acht 1927 do gach bliain fé leith i ndiaidh na bliain 1942.
(3) Chun na gcrícheanna bhaineann le hordú de 1942 do thonasc maidir le bliain i ndiaidh 1942, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) is tuigthe an t-ordú de 1942 do theacht chun bheith, maidir leis an mbliain a bheidh i gceist, ina ordú dheiridh fé Acht 1927 an 15adh lá de Mheán Fhómhair na bliana san;
(b) i gcás aon cheadúnas, a mbeidh suim a luaidhtear san ordú de 1942 cion-roinnte féna threoir, d'fhoirceannadh an 2adh lá d'Iúl no dá éis sa bhliain roimh an mbliain sin agus tráth roimh an 1adh lá d'Iúl sa bhliain sin, is tuigthe an luadh déantar san ordú de 1942 ar an suim sin agus ar an duine ar a mbeidh sí cion-roinnte do bheith scriosta;
(c) fé réir forálacha míre (b) den fho-alt so, déanfar gach luadh atá san ordú de 1942 maidir le haon áitreabh áirithe ar dhuine nárbh é an sealbhóir, an 1adh lá d'Iúl na bliana san, ar an gceadúnas a bhaineann leis an áitreabh san do léiriú mar luadh ar an duine ba shealbhóir, ar an 1adh lá d'Iúl san, ar an gceadúnas san, agus is tuigthe chun crícheanna ailt 49 d'Acht 1927 gurb é an duine deiridh sin an duine ar a mbeidh an tsuim a luaidhtear san ordú de 1942 i leith an áitreibh sin cion-roinnte don bhliain sin;
(d) ní dhéanfaidh an tAire, in aghaidh na bliana san, na feidhmeanna forchuirtear air le halt 48 d'Acht 1927 do chólíonadh maidir leis an mblianacht chúitimh lena mbaineann an t-ordú de 1942;
(e) ní féadfar aon agóid do dhéanamh sa bhliain sin maidir leis an ordú de 1942 fé fho-alt (4) d'alt 48 d'Acht 1927.
(4) Féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, dearbhú do chur in ordú cion-roinneacháin deiridh a déanfar fé alt 48 d'Acht 1927 agus a chion-roinnfidh blianacht chúitimh a thosnóidh i mbliain i ndiaidh na bliana 1942 á dhearbhú gur tuigthe an t-ordú san do bheith, maidir leis an mblianacht san, ina ordú chion-roinneacháin deiridh fé alt 48 d'Acht 1927 do gach ceann de na blianta i ndiaidh bliain déanta an orduithe sin.
(5) I gcás dearbhú fé fho-alt (4) den alt so do bheith in ordú—
(a) beidh feidhm dlí ag an dearbhú san do réir a théarmaí;
(b) beidh éifeacht ag na forálacha atá i bhfo-alt (3) den alt so, maidir le blianta i ndiaidh bliain déanta an orduithe sin, fé is dá mba ordú de 1942 an t-ordú san.
(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tré éileamh i scríbhinn arna chur chun an Aire roimh an 1adh lá de Mheitheamh in aon bhliain áirithe, a éileamh ar an Aire ordú cion-roinneacháin do dhéanamh fé alt 48 d'Acht 1927 i dtaobh aon bhlianachta cúitimh is iníoctha sa bhliain sin, agus, ar aon éileamh den tsórt san do chur amhlaidh chun an Aire, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le ra:—
(a) déanfaidh an tAire, fé réim agus do réir an ailt sin 48, dréacht-ordú cion-roinneacháin i dtaobh na blianachta cúitimh sin don bhliain sin agus cólíonfaidh an t-alt san 48 i slí go dtiocfaidh an dréacht-ordú cionroinneacháin sin (go leasú no gan leasú) chun bheith agus go mbeidh, i dtráth cuibhe, ina ordú dheiridh de bhuadh fo-ailt (6) den alt san;
(b) d'ainneoin éinní atá sna forálacha san roimhe seo den alt so beidh an t-ordú cion-roinneacháin a déanfar amhlaidh, ar theacht dó chun bheith ina ordú dheiridh mar adubhradh, ina ordú chion-roinneacháin deiridh fén alt san 48 i dtaobh na blianachta cúitimh sin don bhliain sin agus do gach bliain ina dhiaidh sin, go dtí go ndéanfaidh an tAire Airgeadais éileamh eile fén alt so i dtaobh na blianachta cúitimh sin;
(c) na forálacha atá i bhfo-alt (3) den alt so beidh éifeacht aca, maidir le blianta i ndiaidh na bliana san (go dtí go ndéanfar éileamh eile mar adubhradh), fé is dá mba ordú de 1942 an t-ordú cion-roinneacháin a déanfar amhlaidh.
(7) San alt so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlighidh agus Cirt.
Alt 62 d'Acht 1927 dá leasú.
18.—Leasuítear leis seo alt 62 d'Acht 1927 tré na focail “sa chéad Chúirt Dúithche cheadúcháin bhliantúil tar éis rithte an Achta so” do scrios as fo-alt (1) agus na focail “in aon Chúirt Dúithche cheadúnúcháin bhliantúil” do chur isteach ina n-ionad.
CUID III.
Ceadunais Nua do Dheonadh i gCasanna Airithe.
Mínithe chun crícheanna Coda III.
19.—Sa Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an abairt “Acht 1833” an Licensing (Ireland) Act, 1833;
cialluíonn an abairt “Acht 1902” an Licensing (Ireland) Act, 1902;
cialluíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927);
cialluíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas is ceadúnas tábhairneora no ceadúnas tighe bheorach;
tá leis na habairtí “ceadúnas tábhairneora” agus “ceadúnas tighe bheorach” na bríonna ceaptar do na habairtí “publican's licence” agus “beerhouse licence” fé seach le halt 52 den Finance (1909-10) Act, 1910, chun crícheanna Coda II den Acht san.
Ceadúnas nua do dheonadh i leith áitreibh áirithe is tigh bídh, etc.
20.—(1) Má dhéanann duine (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) fógra do thabhairt go cuibhe i dtaobh é bheith chun ceadúnas d'iarraidh i leith áitreibh áirithe agus má dhéanann an t-iarratasóir, sna himeachta sa Chúirt Chuarda i dtaobh an iarratais sin, a chur ina luighe ar an gCúirt—
(a) an t-áitreabh san do bheith oiriúnach ina dhéanmhas chun é d'úsáid, agus é bheith á úsáid bona fide agus go príomhdha, mar thigh bídh no tigh úrúcháin no áit eile chun béilí substainteacha do thabhairt don phuiblíocht, agus
(b) go ndearnadh, in aghaidh na bliana ceadúnúcháin ina raibh an 1adh lá d'Eanar, 1933, athnuachaint do thabhairt amach ar cheadúnas do bhí ag gabháil leis an áitreabh san no le háitreabh dob ionann go substainteach agus an t-áitreabh san, agus
(c) ná dearnadh, i ndiaidh an dáta san, an ceadúnas san d'athnuachaint,
cuirfidh an Chúirt fé ndear, d'ainneoin éinní atá in Acht 1902, deimhniú den tsórt a luaidhtear in alt 5 d'Acht 1833 do thabhairt don iarratasóir á dhearbhú é bheith i dteideal cuibhe ceadúnas d'fháil i leith an áitreibh sin, mara ndéana an Chúirt, de dhruim agóide fé alt 4 d'Acht 1833, a thoirmeasc fén alt san ceadúnas den tsórt san do thabhairt amach ar fhoras no ar fhorais aca so leanas, sé sin le rá, carachtar, mí-iompar, no neamh-oiriúnacht an iarratasóra no neamh-oiriúnacht no nea-chaothúlacht an áitreabh sin.
(2) Má déantar, i gcás lena mbainfidh an fo-alt san roimhe seo, an deimhniú luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt don iarratasóir, ní oibreoidh éinní atá in Acht 1902 chun cosc do chur leis an gceadúnas do dheonadh don iarratasóir a ndearbhóidh an deimhniú san é bheith i dteideal é d'fháil.
(3) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1944, agus ní níos sia ná san, mara gcinne an tOireachtas a mhalairt.
Ceadúnas nua do dheonadh i leith áitreibh níos caothúla.
21.—(1) Má dhéanann duine (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) fógra do thabhairt go cuibhe i dtaobh é bheith chun ceadúnas d'iarraidh i leith áitreibh (dá ngairmtear an t-áitreabh nua san alt so) ná gabhann aon cheadúnas leis agus má dhéanann an t-iarratasóir, sna himeachta sa Chúirt Chuarda i dtaobh an iarratais sin, a chur ina luighe ar an gCúirt—
(a) go bhfuil an t-iarratasóir ina shealbhóir ar cheadúnas a ghabhann le háitreabh (dá ngairmtear an sean-áitreabh san alt so) atá i ngar-chomharsanacht an áitreibh nua, agus
(b) go bhfuil an t-áitreabh nua agus an sean-áitreabh in aon líomatáiste Cúirte Dúithche amháin atá orduithe le dlí chun gnó ceadúnúcháin do dhéanamh, agus
(c) ná fuil an t-áitreabh nua ná an sean-áitreabh i gcontae bhuirg ná i mbuirg eile ná i mbailecheanntar ná i mbaile, agus
(d) nach lugha luach bliantúil an áitreibh nua fé na hAchtanna Luachála ná luach bliantúil an tsean-áitreibh fé na hAchtanna san, agus
(e) go bhfuil an t-áitreabh nua níos oiriúnaighe ná an seanáitreabh do ghnó díolta deocha meisciúla,
cuirfidh an Chúirt fé ndear, d'ainneoin éinní atá in Acht 1902, deimhniú den tsórt a luaidhtear in alt 5 d'Acht 1833 do thabhairt don iarratasóir á dhearbhú é bheith i dteideal cuibhe ceadúnas d'fháil i leith an áitreibh nua, mara ndéana an Chúirt, as a comhairle féin, tabhairt amach an cheadúnais sin do thoirmeasc ar scór an t-áitreabh nua do bheith neamh-oiriúnach no nea-cháothúil no ar an scór go dtiocfadh de cheadúnas nua do bheith ann i leith an áitreibh nua díobháil mhí-réasúnach do dhéanamh don ghnó bheidh ar siúl an uair sin in áitreabh ceadúnuithe éigin i gcomharsanacht an áitreibh nua.
(2) Má déantar, i gcás lena mbainfidh an fo-alt san roimhe seo den alt so, an deimhniú luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt don iarratasóir, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) an ceadúnas (dá ngairmtear an ceadúnas nua sa bhfo-alt so) a ndearbhóidh an deimhniú san teideal do bheith ag an iarratasóir chuige agus a deonfar dó de bhun an deimhnithe sin, is amhlaidh a bheidh sé ar aon-ghné ar gach slí (agus na coinníollacha ann d'áireamh) leis an gceadúnas (dá ngairmtear an sean-cheadúnas sa bhfo-alt so) a bheidh ag gabháil leis an sean-áitreabh;
(b) ní oibreoidh éinní atá in Acht 1902 chun deonadh an cheadúnais nua don iarratasóir do chosc;
(c) ar an gceadúnas nua do dheonadh múchfar an seancheadúnas;
(d) gach ciontú (más ann) a bheidh breactha fé alt 25 d'Acht 1927 ar an sean-cheadúnas tráth deonta an cheadúnais nua, is tuigthe é bheith breactha fén alt san ar an gceadúnas nua agus é bhreacadh amhlaidh ar dháta a bhreactha ar an sean-cheadúnas;
(e) má bhaineann mír (1) d'alt 2 d'Acht 1902 leis an seanáitreabh, scuirfidh an t-áitreabh san, ar an seancheadúnas do mhúchadh de bhun an fho-ailt seo, de bheith ina áitreabh lena mbaineann an mhír sin, agus beidh éifeacht dá réir sin feasta ag Acht 1902 maidir leis an sean-áitreabh.
Ceadúnas nua do dheonadh i leith áitreibh do cuireadh in ionad áitreibh do díthíodls.
22.—(1) Má dhéanann duine (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) fógra do thabhairt go cuibhe i dtaobh é bheith chun ceadúnas d'iarraidh i leith áitreibh (dá ngairmtear an t-áitreabh ionaid san alt so) ná beidh aon cheadúnas ag gabháil leis agus má dhéanann an t-iarratasóir, sna himeachta sa Chúirt Chuarda i dtaobh an iarratais sin, a chur ina luighe ar an gCúirt—
(a) go ndearnadh áitreabh (dá ngairmtear an bun-áitreabh san alt so) i ngar-chomharsancht an áitreibh ionaid do dhóghadh no do dhíthiú ar shlí eile no do chur o bheith ionáitithe de dheascaibh tóiteáin no cúise no tionóisce do-sheachanta eile dhá mhí dhéag ar a mhéid roimh dháta an fhógra san ón iarratasóir do sheirbheáil ar an gclárathóir contae, agus
(b) go raibh ceadúnas ag gabháil leis an mbun-áitreabh nuair do rinneadh amhlaidh é dhóghadh no é dhíthiú ar shlí eile no é chur o bheith ionáitithe, agus
(c) an t-iarratasóir do bheith, le linn na héisteachta san os cóir na Cúirte Cuarda, i seílbh dhleathach an bhunáitreibh no a láithreáin agus a iarsmaí, agus
(d) gan aon deimhniú fé alt 5 d'Acht 1833 do bheith tugtha cheana de bhuadh an ailt seo i ndáil leis an mbunáitreabh do dhóghadh no do dhíthiú ar shlí eile no do chur o bheith ionáitithe amhlaidh, agus
(e) ná dearnadh aon trádáil ná gnó sa bhun-áitreabh o rinneadh amhlaidh é dhóghadh no é dhíthiú ar shlí eile no é chur o bheith ionáitithe,
cuirfidh an Chúirt fé ndear, d'ainneoin éinní atá in Acht 1902, deimhniú den tsórt a luaidhtear in alt 5 d'Acht 1833 do thabhairt don iarratasóir á dhearbhú é bheith i dteideal cuibhe ceadúnas d'fháil i leith an áitreibh ionaid, mara ndéana an Chúirt, de dhruim agóide fé alt 4 d'Acht 1833, tabhairt amach an cheadúnais sin do thoirmeasc fén alt san ar fhoras no ar fhorais aca so leanas, sé sin le rá, carachtar, mí-iompar, no neamhoiriúnacht an iarratasóra no neamh-oiriúnacht no neachaothúlacht an áitreibh ionaid.
(2) Má déantar, i gcás lena mbainfidh an fo-alt san roimhe seo den alt so, an deimhniú luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt don iarratasóir, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) an ceadúnas (dá ngairmtear an ceadúnas nua so bhfo-alt so) a ndearbhóidh an deimhniú san teideal do bheith ag an iarratasóir chuige agus a deonfar dó de hhun an deimhnithe sin, is amhlaidh a bheidh sé ar aon-ghné ar gach slí (agus na coinníollacha ann d'áireamh) leis an gceadúnas (dá ngairmtear an sean-cheadúnas sa bhfo-alt so) do bhí ag gabháil leis an mbun-áitreabh nuair a dóghadh no a díthíodh ar shlí eile no a cuireadh o bheith ionáitithe é;
(b) ní oibreoidh éinní atá in Acht 1902 chun deonadh an cheadúnais nua don iaratasóir do chosc;
(c) ar an gceadúnas nua do dheonadh múchfar an seancheadúnas (más ann dó an uair sin);
(d) gach ciontú (más ann) do breacadh fé alt 25 d'Acht 1927 ar an sean-cheadúnas agus (do réir mar bheidh) do leanfadh, mara mbeadh an ceadúnas san d'éag, de bheith breactha amhlaidh air tráth deonta an cheadúnais nua no leanfaidh de bheith breactha amhlaidh ar an seancheadúnas díreach sara múchtar é, is tuigthe é bheith breactha fén alt san ar an gceadúnas nua agus é bhreacadh amhlaidh ar dháta a bhreactha ar an seancheadúnas;
(e) má bhaineann mír (1) d'alt 2 d'Acht 1902 leis an mbunáitreabh, scuirfidh an t-áitreabh san, ar an gceadúnas nua do dheonadh, de bheith ina áitreabh lena mbaineann an mhír sin, agus (fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so) beidh éifeacht dá réir sin feasta ag Acht 1902 maidir leis an mbun-áitreabh.
(3) Má thárlann, i gcás lena mbainfidh na fo-ailt sin roimhe seo den alt so, go n-athdéanfar an bun-áitreabh no go dtógfar áitreabh nua ar láithreán an bhun-áitreibh (no ar láithreán is ionann go substainteach agus an láithreán san) agus, aon uair ina dhiaidh sin le linn ceadúnas do bheith ag gabháil leis an áitreabh ionaid, go ndéanfaidh sealbhóir an cheadúnais sin fógra do thabhairt go cuibhe i dtaobh é bheith chun ceadúnas d'iarraidh i leith an áitreabh a bheidh athdéanta go nua-thógtha amhlaidh cuirfidh an Chúirt fé ndear deimhniú den tsórt a luaidhtear in alt 5 d'Acht 1833 do thabhairt don tsealbhóir sin, á dhearbhú é bheith i dteideal cuibhe ceadúnas d'fháil i leith an áitreibh athdéanta no nua-thógtha san, mara ndéana an Chúirt, de dhruim agóide fé alt 4 d'Acht 1833, tabhairt amach an cheadúnais sin don tsealbhóir sin do thoirmeasc fén alt san ar fhoras no ar fhorais aca so leanas, sé sin le rá, carachtar, mí-iompar, no neamh-oiriúnacht an tsealbhóra san no neamh-oiriúnacht no neachaothúlacht an áitreibh athdéanta no nua-thógtha san, agus, má chuireann an Chúirt fé ndear an deimhniú san do thabhairt don tsealbhóir sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha atá i bhfo-alt (2) den alt so gus na modhnuithe is gá ortha agus, go sonnrach, gus na modhnuithe go gciallóidh an abairt “an ceadúnas nua” an ceadúnas lena mbainfidh an deimhniú san agus go gciallóidh an abairt “an sean-cheadúnas” an ceadúnas san a bheidh ag gabháil leis an áitreabh ionaid an uair sin.
(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 11 den Excise Licences Act, 1825, maidir le ceadúnas.
Alt 3 d'Acht 1902 dá leasú.
23.—Leasuítear leis seo alt 3 d'Acht 1902 tré na focail “or off” do chur isteach ann i ndiaidh na bhfocal “for consumption on”.
CUID IV.
Ceadunais i leith Aerodrom agus Aer-arthach Paisneiri.
Mínithe chun crícheanna Coda IV.
24.—Sa Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
cialluíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927);
cialluíonn an abairt “Acht 1936” an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936);
tá leis an bhfocal “aer-árthach” an bhrí atá leis in Acht 1936;
cialluíonn an abairt “aerodróm ceaduithe” aerodróm (do réir bhrí Achta 1936) atá do réir an dá choinníoll so leanas, sé sin le rá:—
(a) é bheith ceadúnuithe ag an Aire de bhun orduithe arna dhéanamh fé Chuid II d'Acht 1936 no, d'eile, é bheith fé urláimh agus á oibriú ag an Aire no ag an Aire Cosanta, agus
(b) é bheith á úsáid le haghaidh teacht agus imeacht aerárthach a hoibrítear mar chuid de sheirbhís aer-iompair údaruithe;
cialluíonn an abairt “seirbhís aer-iompair údaruithe” aer-sheirbhís, chun paisnéirí agus postanna agus earraí no aon chuid aca d'iompar d'aer, is—
(a) aer-sheirbhís intíre do réir bhrí Coda IX d'Acht 1936 a bhfuil údaruithe leis an gCuid sin IX no fúithi í bheith ar siúl, no
(b) aer-bhealach eadarnáisiúnta no líne aer-loingseoireachta eadarnáisiúnta thráth-rialta atá bunuithe, no tionnscanta agus á oibriú, le húdarás roimh ré ón Aire fén Ordú um Aer-Loingseoireacht (Línte Eadarnáisiúnta), 1935 (R. &O. R., Uimh. 560 de 1935), no fé aon ordú bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire in ionad no ag leasú an orduithe sin;
cialluíonn an abairt “gnóthas aer-iompair” duine i dteideal seirbhís aer-iompair údaruithe d'oibriú;
cialluíonn an abairt “ceadúnas iomlán” ceadúnas chun deocha meisciúla do dhíol chun a n-ólta san áitreabh no lasmuich den áitreabh;
cialluíonn an abairt “áitreabh aerodróma” na foirgintí uile bheidh tógtha de thurus na huaire in aerodróm ceaduithe pé críoch chun a n-úsáidtear an t-áitreabh san;
cialluíonn an abairt “áitreabh aerodróma ceadúnuithe” áitreabh in aerodróm ceaduithe a mbeidh ar marthain ina leith de thurus na huaire ceadúnas díolta deocha meisciúla do deonadh no do hathnuadhadh de bhuadh na Coda so den Acht so, pé aca is có-ionann an t-áitreabh san le hiomlán an áitreibh aerdróma no le cuid áirithe den áitreabh aerodróma san aerodróm san.
Ceadúnais do dheonadh agus d'athnuachaint i leith áitreibh in aerodróm.
25.—(1) Aon uair is deimhin leis an Aire é bheith oiriúnach go ndeonfaí ceadúnas iomlán í leith iomlán aon áitreibh aerodróma áirithe no aon choda áirithe dhe, féadfaidh an tAire deimhniú do thabhairt amach, do dhuine chífear dó bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun bheith i seilbh an cheadúnais iomláin sin, á dheimhniú gur aerodróm ceaduithe an t-aerodróm ina bhfuil an t-áitreabh aerodróma san agus go dtoilíonn an tAire leis na Coimisinéirí Ioncuim do dheonadh ceadúnais iomláin don duine sin (agus ainmneofar é sa deimhniú san) i leith áitreibh áirithe is ionann agus iomlán an áitreibh aerodróma san no cuid áirithe dhe
(2) Ar dheimhniú bheidh tugtha amach ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bheith tíolactha do na Coimisinéirí Ioncuim, is dleathach do na Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, ceadúnas iomlán i leith an áitreibh a bheidh luaidhte chuige sin sa deimhniú san do dheonadh don duine bheidh ainmnithe chuige sin sa deimhniú san.
(3) Aon uair a bheidh ceadúnas iomlán ar marthain do deonadh no do hathnuadhadh fén alt so, féadfaidh an tAire, má mheasann san do bheith ceart, deimhniú do thabhairt amach do shealbhóir an cheadúnais iomláin sin á dheimhniú gur aerodróm ceaduithe i gcomhnaí an t-aerodróm ina bhfuil an t-áitreabh do ceadúnuíodh leis agus go dtoilíonn an tAire leis an gceadúnas iomlán san d'athnuachaint don tsealbhóir sin i leith an áitreibh sin.
(4) Ar dheimhniú bheidh tugtha amach ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bheith tíolactha do na Coimisinéirí Ioncuim, is dleathach do na Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, athnuachaint ar an gceadúnas iomlán san do dheonadh dá shealbhóir.
Ceadúnais i leith áitreibh in aerodróm d'aistriú agus d'athrú.
26.—(1) Aon uair a chífear don Aire é bheith oiriúnach go ndéanfaí ceadúnas lomlán do deonadh no do hathnuadhadh fén alt deiridh sin roimhe seo agus a bheidh ar marthain de thurus na huaire d'aistriú, toisc bás a shealbhóra no ar aon chúis eile, chun duine áirithe chífear don Aire bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun bheith i seilbh an cheadúnais iomláin sin, féadfaidh an tAire deimhniú do thabhairt amach don duine sin á dheimhniú go dtoilíonn an tAire leis an gceadúnas san d'aistriú chuige.
(2) Ar dheimhniú bheidh tugtha amach ag an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bheith tíolactha do na Coimisinéirí Ioncuim, is dleathach do na Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, an ceadúnas iomlán lena mbainfidh an deimhniú san d'aistriú chun an duine bheidh luaidhte chuige sin sa deimhniú san.
(3) Aon uair a chífear don Aire é bheith oiriúnach ar chúis ar bith go ndéanfaí an t-áitreabh lena mbaineann ceadúnas iomlán do deonadh no do hathnuadhadh fén alt deiridh sin roimhe seo agus a bheidh ar marthain de thurus na huaire d'athrú in aon tslí áirithe seachas an ceadúnas iomlán san do chur ag gabháil le háitreabh nach cuid d'aon áitreabh aerodróma, féadfaidh an tAire deimhniú do thabhairt amach do shealbhóir an cheadúnais iomláin sin ag deimhniú pé ní no nithe aca so leanas is iomchuibhe sa chás, sé sin le rá:—
(a) go dtoilíonn an tAire leis an gceadúnas iomlán san do shíneadh chun cuid áirithe den áitreabh aerodróma a mbaineann sé le cuid eile dhe cheana;
(b) go dtoilíonn an tAire le cuid áirithe den áitreabh lena mbaineann an ceadúnas iomlán san do dhúnadh amach ón áitreabh san;
(c) go dtoilíonn an tAire leis an gceadúnas iomlán san d'aistriú ón áitreabh lena mbaineann sé go dtí cuid eile den áitreabh aerodróma chéanna.
(4) Ar dheimhniú bheidh tugtha amach ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bheith tíolactha do na Coimisinéirí Ioncuim, is dleathach do no Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, an ceadúnas iomlán lena mbaineann an deimhniú san do leasú do réir toiliú an Aire mar a bheidh luaidhte sa deimhniú san.
Díol le daoine bheidh ag taisteal no chun taisteal.
27.—D'ainneoin éinní atá in Acht 1927, is dleathach deocha meisciúla do dhíol in áitreabh aerodróma ceadúnuithe aon uair le daoine ar bith dhíobh so leanas agus a lomháil do dhaoine ar bith dhíobh so leanas deocha meisciúla díolfar amhlaidh d'ól san áitreabh san, sé sin le rá:—
(a) daoine thiocfaidh chun an aerodróma ina mbeidh an t-áitreabh ceadúnuithe sin mar phaisnéirí in aer-árthach a bheidh ag gabháil do sheirbhís aer-iompair údaruithe agus a bheidh, díreach roimh theacht dóibh amhlaidh, tar éis caoga míle slí ar a laghad, arna thomhas do réir ghnáth-chúrsa eitill an aer-árthaigh sin, do chur díobh san aer-árthach san chun an aerodróma san, agus
(b) daoine bheidh chun taisteal ón aerodróm san mar phaisnéirí in aer-árthach a bheidh ag gabháil do sheirbhís aer-iompair údaruithe agus ticéadaí aca do bheir teideal dóibh chun caoga míle slí ar a laghad, arna thomhas do réir ghnáth-chúrsa eitill an aer-árthaigh sin ón aerodróm san, do chur díobh ón aerodróm san san aer-árthach san.
Forálacha áirithe d'Acht 1927 do thonasc no do dhúnadh amach.
28.—(1) Léireofar alt 3 d'Acht 1927 agus beidh éifeacht aige fé is dá mbeadh áitreabh aerodróma áirmhthe i bhfo-alt (3) dhe imeasc na n-áitreabh a luaidhtear sa bhfo-alt san mar áitreabhacha ná baineann an t-alt san 3 leo.
(2) Féadfaidh sealbhóir ceadúnais iomláin do deonadh no do hathnuadhadh fén Acht so ordú saoirse speisialta (do réir bhrí ailt 5 d'Acht 1927) d'iarraidh ar Bhreitheamh Chúirte Dúithche fén alt san agus beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha an ailt sin maidir leis an iarratas san fé is dá mba shealbhóir ceadúnais iomláin den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san an sealbhóir sin.
(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 13 d'Acht 1927 maidir le háitreabh aerodróma ceadúnuithe fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le háitreabh is tigh ósta no tigh bídh de thurus na huaire.
(4) I gCuid IV d'Acht 1927, ní fholóidh an focal “ceadúnas” ceadúnas a ghabhann le háitreabh aerodróma ceadúnuithe agus déanfar an Chuid sin IV (agus go sonnrach fo-alt (3) d'alt 36 dhi) do léiriú, agus beidh éifeacht aici, dá réir sin.
Ceadúnais chun deocha meisciúla do dhíol ar aerárthach agus í ar eiteall.
29.—(1) Is dleathach do na Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, ceadúnas do dheonadh d'aon ghnóthas aer-iompair chun deocha meisciúla do dhíol le paisnéirí ar aer-árthach a bheidh ar únaereacht no ar fostú ag an ngnóthas san chun a n-ólta agus an t-aer-árthach san ar eiteall.
(2) Ceadúnas aer-árthaigh phaisnéirí bhéarfar ar cheadúnas a deonfar fén alt so agus ní oibreoidh sé ach i leith an aer-árthaigh áirithe, bheidh ar únaereacht no ar fostú ag an ngnóthas aeriompair dá ndeonfar é, a luadhfar sa cheadúnas.
(3) D'ainneoin éinní atá in Acht 1927, oibreoidh ceadúnas aerárthaigh phaisnéirí chun a údarú go ndéanfaí, san aer-árthach lena mbainfidh an ceadúnas san agus uair ar bith le linn bheith ag eiteall don aer-árthach san, deocha meisciúla do dhíol le paisnéirí san aer-árthach san chun a n-ólta inti.
CUID V
Ilghneitheach.
Cearrbhachas ag duine ceadúnuithe in áitreabh ceadúnuithe.
30.—Ní tuigthe go dtoirmeascann éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, no san Acht so, ar aon duine ceadúnuithe no ar a cháirde príobháideacha cearrbhachas do dhéanamh tré chártaí d'imirt ar ghill in áitreabh ceadúnuithe má déantar an cearrbhachas san in aon pháirt den áitreabh cheadúnuithe sin seachas an pháirt inar gnáth deocha meisciúla do dbíol agus go mbeidh cáirde príobháideacha an duine cheadúnuithe sin á n-áineasú aige bona fide ar a chostas féin.
Ceadúnas tábhairneora d'aistriú go dtí tigh beorach ceadúnuithe.
31.—(1) Duine a mbeidh ceadúnas tighe bheorach agus ceadúnas tábhairneora in éineacht aige beidh sé, i gcás na háitreabhacha lena ngabhann na ceadúnais sin fé seach do bheith suidhte san aon cheanntar amháin no i gceanntair chó-theorantacha, i dteideal, arna iarraidh sin ag aon tsuidhe bheidh ag an mbreitheamh den Chúirt Dúithche a mbeidh an t-áitreabh lena ngabhann an ceadúnas tighe bheorach ina dhúthaigh, an ceadúnas tábhairneora d'aistriú chun an áitreibh lena ngabhann an ceadúnas tighe bheorach, ach san fé réir an choinníll ná déanfar, ar an aistriú san do bheith déanta, an ceadúnas tighe bheorach d'athnuachaint, agus is tuigthe, chun crícheanna an Licensing (Ireland) Act, 1902, gan an t-áitreabh lena raibh an ceadúnas tábhairneora ag gabháil roimh dháta an aistrithe sin do bheith ceadúnuithe riamh.
(2) Duine a mbeidh ceadúnas tighe bheorach sé lá agus ceadúnas tighe bheorach seacht lá in éineacht aige beidh sé i dteideal, arna iarraidh sin ag aon tsuidhe bheidh ag an mbreitheamh den Chúirt Dúithche a mbeidh an t-áitreabh lena ngabhann an ceadúnas tighe bheorach sé lá ina dhúthaigh, an ceadúnas tighe bheorach seacht lá d'aistriú chun an áitreibh lena ngabhann an ceadúnas tighe bheorach sé lá, ach san fé réir an choinníll ná déanfar, ar an aistriú san do bheith déanta, an ceadúnas tighe bheorach sé lá d'athnuachaint, agus is tuigthe, chun crícheanna an Licensing (Ireland) Act, 1902, gan an t-áitreabh lena raibh an ceadúnas tighe bheorach seacht lá ag gabháil roimh dháta an aistrithe sin do bheith ceadúnuithe riamh.
(3) San alt so tá leis na habairtí “ceadúnas tábhairneora” agus “ceadúnas tighe bheorach” na bríonna ceaptar do na habairtí “publican's licence” agus “beerhouse licence” fé seach le halt 52 den Finance (1909-10) Act, 1910, chun crícheanna Coda II den Acht san, agus cialluíonn an focal “dúthaigh” dúthaigh Chúirte Dúithche arna hordú fé alt 68 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924).
Athghairm leathrannach ar alt 1 den Licensing (Ireland) Act, 1833.
32.—Athghairmtear leis seo an méid sin d'alt 1 den Licensing (Ireland) Act, 1833, a cheanglann deimhniú fé láimh seisear tigh-shealbhóirí do thabhairt ar áird, sé sin le rá, an chuid sin den alt san dar tosach na focail “upon the production” agus dar críoch na focail “the past year”.