Uimhir 7 de 1977
AN tACHT UM CHAOMHNÚ FOSTAÍOCHTA, 1977
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Chaomhnú Fostaíochta, 1977, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ag an Aire le bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;
ciallaíonn “conradh fostaíochta” conradh seirbhíse nó printíseachta;
ciallaíonn “fostaí” duine a rinne conradh fostaíochta, nó a oibríonn (nó, i gcás conradh a bheith foirceanta, a d'oibrigh) faoi chonradh fostaíochta le fostóir, cibé acu is conradh é le haghaidh obair láimhe, obair chléireachais nó eile, atá sainráite nó intuigthe, agus a rinneadh de bhriathra béil nó i scríbhinn, agus forléireofar dá réir sin “fostóir” agus tagairtí d'fhostaíocht;
ciallaíonn “ionadaithe fostaithe” feidhmeannaigh (lena n-áirítear stíobhaird cheardlainne) de chuid ceardchumainn nó comhlachais foirne ar ghnách leis an bhfostóir caibidlí comhargántaíochta a bheith aige leo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoin Acht seo;
ciallaíonn “comhlachas foirne” comhlacht daoine a bhfuil a chomhaltaí go léir fostaithe ag an bhfostóir céanna agus a dhéanann caibidlíocht chun pá nó coinníollacha eile fostaíochta a shocrú dá chomhaltaí féin agus dóibhsean amháin;
ciallaíonn “ceardchumann” ceardchumann is sealbhóir ceadúnas margántaíochta a deonaíodh faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1941 agus 1971.
(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.
Rialacháin agus orduithe.
3.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.
(2) (a) Féadfaidh an tAire aon fhoráil den Acht seo a leasú le hordú le go gcomhlíonfar aon oibleagáidí idirnáisiúnta a bhaineann le comhiomarcaíocht a chinn an Stát a ghlacadh air féin.
(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.
(3) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iar mhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo a mheasfaidh an tAire is gá chun críocha na rialachán.
Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
4.—(1) Déanfar gach ordú agus rialachán faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 3, alt 6 nó alt 7 (3)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.
(2) I gcás a mbeartófar ordú a dhéanamh faoi alt 3, alt 6 nó alt 7 (3), leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.
Caiteachais.
5.—Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
An bhrí atá le comhiomarcaíocht.
6.—(1) Chun críche an Achta seo, ciallaíonn “comhiomarcaíocht” dífhostú ar chúis a shonraítear i bhfo-alt (2) (seachas cúis a bhaineann leis na fostaithe féin ar leith a dhífhostófar) i gcás arb é, in aon tréimhse 30 lá comhleanúnach, an líon a dhífhostófar amhlaidh—
(a) cúigear ar a laghad i mbunaíocht a fhostaíonn de ghnáth líon is mó ná 20 agus is lú ná 50 fostaí,
(b) deichniúr ar a laghad i mbunaíocht a fhostaíonn de ghnáth líon nach lú ná 50 ach is lú ná 100 fostaí,
(c) deich faoin gcéad ar a laghad den líon fostaithe i mbunaíocht a fhostaíonn de ghnáth líon nach lú ná 100 ach is lú ná 300 fostaí, agus
(d) 30 ar a laghad i mbunaíocht a fhostaíonn de ghnáth 300 fostaí nó níos mó.
(2) Is iad na cúiseanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—
(a) go bhfuil scortha ag an bhfostóir áirithe, nó go bhfuil ar intinn aige scor, den ghnó a sheoladh ar chuige a bhí na fostaithe áirithe ar fostú aige, nó go bhfuil scortha aige, nó go bhfuil ar intinn aige scor, den gnó sin a sheoladh san áit a raibh na fostaithe sin ar fostú amhlaidh,
(b) go bhfuil riachtanais an ghnó a thug gur ghá d'fhostaithe obair de chineál áirithe a dhéanamh san áit a raibh na fostaithe áirithe ar fostú amhlaidh imithe i léig nó i laghad nó go gceaptar go n-imeoidh siad i léig nó i laghad,
(c) go bhfuil cinnte ag an bhfostóir áirithe an gnó a sheoladh le líon níos lú fostaithe nó gan aon fhostaithe tríd an obair a raibh na fostaithe áirithe fostaithe chuici (nó a bhí á déanamh acu sular dífhostaíodh iad) a chur á déanamh ag fostaithe eile nó ar shlí eile,
(d) go bhfuil cinnte ag an bhfostóir áirithe maidir leis an obair ar chuici a bhí na fostaithe áirithe fostaithe (nó a bhí á déanamh acu sular dífhostaíodh iad) go ndéanfaí feasta í ar mhodh eile nach bhfuil na fostaithe sách cáilithe ná sách oilte chuige,
(e) go bhfuil cinnte ag an bhfostóir áirithe maidir leis an obair ar chuici a bhí na fostaithe áirithe fostaithe (nó a bhí á déanamh acu sular dífhostaíodh iad) go ndéanfaí feasta í ag daoine atá inniúil ar obair eile a dhéanamh nach bhfuil na fostaithe sin sách cáilithe ná sách oilte chuici.
(3) (a) San alt seo ciallaíonn “bunaíocht”—
(i) i gcás fostóir a bheith ag seoladh gnó in ionad áirithe, an t-ionad sin, nó
(ii) i gcás an fostóir a bheith ag seoladh gnó i mbreis agus ionad amháin, gach ionad den sórt sin.
(b) Chun críocha an mhínithe i mír (a) den fho-alt seo, measfar gur ionad ar leithligh gach áit oibre, monarcha, mianach, cairéal, dugchlós, caladh, cé, earralann, láthair tógála, láthair foirgníochta innealtóireachta, stáisiún leictreachais, oibreacha gáis, oibreacha uisce, oibreacha diúscartha séarachais, oifig, siopa mórdhíola nó miondíola, óstán, bialann, caife, feirm, gairdín nó fáschoill.
(c) Le linn an líon iomlán fostaithe atá fostaithe i mbunaíocht a bheith á fhionnadh chun críocha an ailt seo, áireofar na fostaithe sin arb í an bhunaíocht a mbunáit ach a chomhlíonann cuid dá ndualgais in ionad eile.
(d) Féadfaidh an tAire, chun forálacha an ailt seo a leathnú, mír (a), (b) nó (c) den fho-alt seo a leasú le hordú agus féadfaidh sé an t-ordú sin a leasú nó a chúlghairm le hordú.
(4) Chun críocha an ailt seo, folaíonn “gnó” trádáil, tionscal, gairm nó gnóthas, nó aon ghníomhaíocht a sheolann duine nó comhlacht daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe, nó a sheolann údarás poiblí nó údarás áitiúil nó Roinn Stáit, agus folaíonn sé comhlíonadh a fheidhmeanna ag údarás poiblí nó ag údarás áitiúil nó ag Roinn Stáit.
Feidhmiú agus neamhfheidhmiú an Achta.
7.—(1) Faoi réir fho-alt (2), baineann an tAcht seo le gach duine i bhfostaíocht ar dháta thosach feidhme an Achta seo nó dá éis i mbunaíocht a fhostaíonn breis agus 20 duine de ghnáth.
(2) Ní bhaineann an tAcht seo—
(a) le dífhostú fostaithe atá fruilithe faoi chonradh fostaíochta go ceann téarma shocraithe nó chun críche sonraithe (is críoch de chineál go raibh teorainn ama le ré an chonartha ach nárbh fhéidir, tráth an chonartha a dhéanamh, a ré a chinntiú) i gcás ar amháin mar gheall ar an téarma éag nó deireadh a bheith leis an gcríoch an dífhostú,
(b) le duine ar fostú ag an Stát nó faoin Stát seachas daoine atá ainmnithe de thuras na huaire faoi alt 17 den Acht Caidrimh Thionscail, 1969,
(c) le hoifigigh do chomhlacht is údarás áitiúil de réir brí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941,
(d) le fostaíocht faoi chomhaontú fostaíochta de bhun Chuid II nó IV den Merchant Shipping Act, 1894,
(e) le fostaithe i mbunaíocht a bhfuil deireadh á chur leis an ngnó inti de dhroim imeachtaí féimheachta nó foirceanta nó ar aon chúis eile de thoradh breith ó chúirt dlínse inniúla.
(3) (a) Féadfaidh an tAire a dhearbhú le hordú nach mbainfidh an tAcht seo le haicme fostaithe a shonrófar san ordú agus ní bhainfidh an tAcht seo leis an aicme sin ó thosach feidhme an ordaithe.
(b) Féadfaidh an tAire a dhearbhú le hordú go mbainfidh an tAcht seo le haicme shonraithe fostaithe agus bainfidh an tAcht seo leis an aicme sin ó thosach feidhme an ordaithe.
(c) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.
(4) I gcás fógra dífhostaithe de bhíthin iomarcaíochta a tugadh roimh thosach feidhme an Achta seo do dhul in éag tar éis an tosach feidhme sin, ní bhainfidh alt 9, 10, 12 ná 14 leis an dífhostú áirithe, ach beidh fógra den sórt sin ar comhréir leis an Acht um Fhógra Iosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973, agus leis an gconradh fostaíochta iomchuí.
(5) San alt seo tá le “bunaíocht” an bhrí chéanna atá leis in alt 6.
Gnáthlíon fostaithe a ríomh.
8.—Chun críocha an Achta seo, glacfar gurb é an líon fostaithe a fhostaítear de ghnáth i mbunaíocht (de réir brí alt 6) meánuimhir an lín a bhí ar fostú amhlaidh gach mí den 12 mhí roimh dháta an chéad dífhostaithe do ghlacadh éifeachta.
CUID II
Comhairle agus Fógra
Oibleagáid ar fhostóir dul i gcomhairle le hionadaithe fostaithe.
9.—(1) I gcás a mbeartóidh fostóir comhiomarcaiocht a bhunú, rachaidh sé, d'fhonn teacht ar chomhaontú, i ndáil chomhairle le hionadaithe fostaithe atá ionadaitheach do na fostaithe lena mbaineann an iomarcaíocht bheartaithe.
(2) Folóidh comhchomhairliúchán faoin alt seo na nithe seo a leanas—
(a) féachaint arb fhéidir an iomarcaíocht atá beartaithe a sheachaint, an líon fostaithe lena mbainfeadh an iomarcaíocht sin a laghdú nó a deascaí a mhaolú ar dhóigh eile,
(b) an bonn ar a gcinnfear cé hiad na fostaithe áirithe a dhéanfar iomarcach.
(3) Tionscnófar comhchomhairliúchán faoin alt seo a luaithe is féidir agus ar aon chor 30 lá ar a laghad sula nglacfaidh an chéad dífhostú éifeacht.
Oibleagáid ar fhostóir faisnéis áirithe a thabhairt.
10.—(1) Tabharfaidh an fostóir áirithe, chun críche comhchomhairliúchán faoi alt 9, an fhaisnéis iomchuí go léir a bhaineann leis an iomarcaíocht bheartaithe d'ionadaithe na bhfostaithe.
(2) Gan dochar do ghinearálacht fho-alt (1), beidh an méid seo a leanas ar áireamh na faisnéise a thabharfar faoin alt seo, agus tabharfar sonraí i scríbhinn ina thaobh—
(a) na fáthanna atá leis an iomarcaíocht atá beartaithe,
(b) an líon, agus na cineálacha nó na hearnálacha, fostaithe a bheartaítear a dhéanamh iomarcach,
(c) an líon fostaithe a fhostaítear de ghnáth, agus
(d) an tréimhse ar lena linn a bheartaítear an iomarcaíocht bheartaithe a dhéanamh.
(3) Tabharfaidh fostóir don Aire, a luaithe is féidir, cóipeanna den fhaisnéis go léir a tugadh i scríbhinn faoi fho-alt (2).
Pionós mar gheall ar alt 9 nó 10 a shárú.
11.—Fostóir a mhainneoidh comhchomhairliúchán a thionscnamh faoi alt 9 nó a mhainneoidh alt 10 a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.
Oibleagáid ar fhostóir fógra a thabhairt don Aire i dtaobh iomarcaíocht atá beartaithe.
12.—(1) I gcás a mbeartóidh fostóir comhiomarcaíocht a bhunú, tabharfaidh sé don Aire, a luaithe is féidir agus, ar aon chor, 30 lá ar a laghad sula nglacfaidh an chéad dífhostú éifeacht, fógra i scríbhinn i dtaobh sin a bheith beartaithe aige.
(2) Féadfaidh an tAire na sonraí a fhorordú a bheidh le tabhairt i bhfógra faoin alt seo.
(3) Déanfaidh an fostóir lena mbainfidh cóip d'fhógra faoin alt seo a thabhairt a luaithe is féidir d'ionadaithe na bhfostaithe lena mbainfidh agus féadfaidh na hionadaithe sin aon chonnsuithe a bheidh acu i dtaobh an fhógra a chur i scríbhinn chun an Aire.
Pionós mar gheall ar alt 12 a shárú.
13.—Beidh fostóir a sháróidh alt 12 ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.
CUID III
Tosach Comhiomarcaíochta
Ní ghlacfaidh comhiomarcaíocht éifeacht go ceann 30 lá.
14.—(1) Ní ghlacfaidh comhiomarcaíocht éifeacht roimh éag don tréimhse 30 lá dar tosach dáta an fhógra iomchuí faoi alt 12.
(2) I gcás a ndéanfaidh fostóir comhiomarcaíocht roimh éag don tréimhse 30 lá a luaitear i bhfo-alt (1) beidh an fostóir ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear fíneáil nach mó ná £3,000 a chur air.
Tuilleadh comhairle a ghlacadh leis an Aire.
15.—(1) D'fhonn fuascailt a fháil ar na fadhbanna a leanfaidh as an iomarcaíocht a bheidh beartaithe, rachaidh an fostóir áirithe i gcomhairle leis an Aire nó le hoifigeach údaraithe ar an Aire á iarraidh sin.
(2) Tabharfaidh fostóir don Aire nó d'oifigeach údaraithe, chun críche comhchomhairliúchán faoin alt seo, cibé faisnéis i ndáil leis an iomarcaíocht a bheidh beartaithe a theastóidh le réasún ón Aire nó ón oifigeach.
Cosaint do chearta fostaithe chun fógra, etc.
16.—Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do cheart aon fhostaí chun tréimhse fógra dífhostaithe nó chun aon teideal eile faoi aon Acht eile nó faoina chonradh fostaíochta.
Forálacha a bhaineann le hoifigigh údaraithe.
17.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe—
(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit a mbeidh cúis réasúnach aige lena cheapadh go bhfuil aon fhostaí fostaithe ann,
(b) scrúdú nó fiosrú ar bith a dhéanamh ansin is gá lena fhionnadh ar comhlíonadh nó an gcomhlíontar an tAcht seo,
(c) a cheangal ar fhostóir nó ar a ionadaí aon taifid a thabhairt ar aird a cheanglaítear leis an Acht seo ar an bhfostóir a choimeád, agus iontrálacha sna taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh,
(d) aon duine a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint gur fostóir nó gur fostaí nó gurbh fhostóir nó gurbh fhostaí é a scrúdú maidir le haon ábhair faoin Acht seo agus a cheangal air freagra a thabhairt ar aon cheisteanna (seachas ceisteanna a d'ionchoireodh é) a chuirfidh an t-oifigeach air i ndáil leis na hábhair sin agus dearbhú ar fhírinne na bhfreagraí a shíniú.
(2) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar d'oifigeach údaraithe le fo-alt (1) (a) infheidhmithe maidir le teach cónaí príobháideach mura ndeimhneoidh an tAire (nó oifigeach don Aire arna cheapadh ag an Aire chun na críche) go bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go ndearna an fostóir cion faoin alt seo i ndáil le fostaí ar fostú sa teach, agus go dtabharfaidh an t-oifigeach údaraithe an deimhniú ar aird nuair a bheidh cead isteach sa teach á iarraidh aige.
(3) Aon duine—
(a) a chuirfidh bac nó bacainn le hoifigeach údaraithe a bheidh ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar leis an alt seo,
(b) a dhiúltóidh aon taifead a thabhairt ar aird a cheanglóidh oifigeach údaraithe go dleathach air a thabhairt ar aird,
(c) a thabharfaidh ar aird, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach go dtabharfar ar aird, d'oifigeach údaraithe aon taifead atá bréagach in aon phonc ábhartha agus a fhios aige é a bheith bréagach,
(d) a choiscfidh nó a fhéachfaidh lena chosc ar aon duine teacht i láthair oifigigh údaraithe, nó a cheistiú ag oifigeach údaraithe, nó
(e) a mhainneoidh go toiliúil nó a dhiúltóidh aon cheanglas dleathach ó oifigeach údaraithe faoi fho-alt (1) (d) a chomhlíonadh
beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.
(4) Tabharfar d'oifigeach údaraithe deimhniú ar a cheapadh agus, nuair a bheidh cead isteach in aon áitreabh nó áit á iarraidh aige, tabharfaidh sé an deimhniú ar aird, má iarrtar sin air, don áititheoir agus d'aon duine a bheidh á scrúdú aige.
CUID IV
Ilghnéitheach
Taifid a choimeádfaidh fostóirí.
18.—(1) Coimeádfaidh fostóir cibé taifid is gá lena chumasú don Aire nó d'oifigeach údaraithe a fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil forálacha an Achta seo á gcomhlíonadh agus comhlíonta.
(2) Taifid a choimeádfar faoin alt seo coinneoidh fostóir iad go ceann trí bliana ar a laghad ó dháta a ndéanta.
(3) Beidh fostóir a sháróidh fo-alt (1) nó (2) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.
(4) I gcás a mainneoidh fostóir taifid a choimeád nó a choinneáil faoin alt seo is air féin a bheidh a chruthú go bhfuil an tAcht comhlíonta nó á chomhlíonadh aige.
Forálacha áirithe a bheith ar neamhní.
19.—Is foráil ar neamhní aon fhoráil in aon chomhaontú (cibé acu is conradh fostaíochta nó eile é) a airbheartaíonn oibriú aon fhorála de chuid an Achta seo a eisiamh nó a theorannú.
Fógraí, etc. don Aire.
20.—Is i scríbhinn a bheidh aon fhógra nó doiciméad eile a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo go dtabharfaidh fostóir don Aire é agus cuirfear é leis an bpost cláraithe dírithe go dtí ceannoifig na Roinne Saothair nó, mura féidir sin, seachadfar don oifig sin é.
Imeachtaí faoin Acht.
21.—(1) Féadfaidh an tAire cion faoin Acht seo a ionchúiseamh.
(2) Féadfar imeachtaí maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de bhliain ó dháta an chiona.
(3) I gcás a gcruthófar maidir le cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh seisean agus an comhlacht corpraithe ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina n-aghaidh agus iad a phionósú dá réir sin.
Maolú ar an bpionós i leith cionta áirithe.
22.—I gcás a gciontófar fostóir i gcion faoi alt 11 nó 14, féadfaidh sé pléadáil, de mhaolú an phionóis i leith an chiona sin, go raibh mórchúiseanna ann a bhain lena ghnó nárbh fhéidir leis an t-alt faoina ndearnadh an cion a chomhlíonadh.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Merchant Shipping Act, 1894 | 1894, c. 60. |