Uimhir 7 de 1983
AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1983
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—San Acht seo, ciallaíonn “An Príomh-Acht” an tAcht Cáirde Tionnscail, 1933.
Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
2.—Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “£800,000,000” a chur in ionad “£400,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1979) i gclásal (i) d'fhomhír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1971), agus tá an clásal sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(i) ní bheidh an méid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht amhlaidh agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe níos mó ná £800,000,000 lúide an méid (más ann) a bheidh an tAire tar éis a íoc, faoi ráthaíocht nó ráthaíochtaí a thug sé, i leith príomhshuime airgid a chruinnigh an Chuideachta nó a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a bheidh gan aisíoc an tráth sin ag an gCuideachta leis an Aire, |
Ráthaíochtaí ón Aire.
3.—Leasaítear leis seo alt 3 (3) den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958, trí “£800,000,000” a chur in ionad “£400,000,000” (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1979), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo d'fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífeas sé aon tráth áirithe d'íoc de bhun aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) atá íoctha cheana ag an Aire de bhun aon ráthaíochtaí den tsórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £800,000,000. |
Aisíoc airleacan ag an gCuideachta a tharscaoileadh.
4.—(1) I gcás ina ndéanfar, nó ina ndearnadh roimh dháta an Achta seo a rith, aon suim a airleacan faoi alt 4 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1959, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas d'ainneoin aon ní san Acht sin:
(a) féadfaidh an tAire Airgeadais—
(i) aisíoc na suime sin, nó
(ii) aisíoc an iarmhéid den tsuim sin a bheidh fós gan aisíoc,
ag an gCuideachta a tharscaoileadh go hiomlán nó go páirteach;
(b) as a aithle sin, scoirfidh an méid ar tarscaoileadh a aisíoc de bheith inaisíoctha ag an gCuideachta.
(2) Aisíocfar leis an Aire Airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas aon mhéid a ndearnadh, de bhun fho-alt (1) den alt seo, a aisíoc ag an gCuideachta a tharscaoileadh.
(3) Má bhíonn aon aisíoc déanta de bhun fho-alt (2) den alt seo leis an Aire Airgeadais, íocfar isteach sa Státchiste é.
Méadú ar líon stiúrthóirí na Cuideachta.
5.—(1) Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “naonúr” a chur in ionad “seachtar” i mír 3 den Sceideal sin agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
3. Luadhfar in Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan líon stiúrthóirí na Cuideachtan (agus an cathaoirleach d'áireamh ar an líon san) agus is é líon a luadhfar amhlaidh ná naonúr nó cúigear. |
(2) Leasaítear leis seo tuilleadh an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “naonúr” a chur in ionad “seachtar” agus “cúigear” a chur in ionad “ceathrar” i gclásal (i) de mhír 4 (a), agus tá an clásal sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(i) i gcás gur naonúr is líon do stiúrthóirí na Cuideachtan, cúigear des na stiúrthóirí sin d'ainmniú ó am go ham fé mar is gá, |
Cumhacht Meabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú.
6.—Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, chun Meabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú le go mbeidh siad ar comhréir leis na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1983.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
7.—(1) Féadfar an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1983, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1979, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982 | |
Na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1979 | |
Na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1983 | |