Uimhir 7 de 1998
ACHT AN AIRE EALAÍON, OIDHREACHTA, GAELTACHTA AGUS OILEÁN (CUMHACHTAÍ AGUS FEIDHMEANNA), 1998
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | Feidhmeanna an Aire i ndáil le maoin atá coimhdeach d'fheidhmeanna eile, etc. |
6. | |
7. | |
8. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An Act for making and maintaining a navigable Canal from Lough Erne in the County of Fermanagh, to the River Blackwater, near the Village of Charlemont in the County of Armagh | 6 Geo. 4. c. cxciii |
An tAcht Oidhreachta, 1995 | 1995, Uimh. 4 |
Acht na mBóithre, 1993 | 1993, Uimh. 14 |
An tAcht um Údaráis Stáit (Forbairt agus Bainisteoireacht), 1993 | 1993, Uimh. 1 |
Uimhir 7 de 1998
ACHT AN AIRE EALAÍON, OIDHREACHTA, GAELTACHTA AGUS OILEÁN (CUMHACHTAÍ AGUS FEIDHMEANNA), 1998
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO THABHAIRT FEIDHMEANNA COIMHDEACHA ÁIRITHE I nDÁIL LE MAOIN DON AIRE EALAÍON, OIDHREACHTA, GAELTACHTA AGUS OILEÁN, DO SHOILÉIRIÚ AGUS DO LEATHNÚ FHEIDHMEANNA AN AIRE I nDÁIL LE hUISCEBHEALAÍ INTÍRE ÁIRITHE, SEIRBHÍSÍ FARANTÓIREACHTA ÁIRITHE AGUS NITHE ÁIRITHE EILE, DO LEASÚ AN ACHTA OIDHREACHTA, 1995, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [8 Aibreán, 1998]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
Léiriú.
1.—San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
folaíonn “feidhm” cumhacht agus dualgas, agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhme tagairt d'fheidhmiú cumhachta agus do chomhall dualgais;
ciallaíonn “uiscebhealach intíre” aon abhainn nó loch (lena n-áirítear codanna canálaithe d'abhainn nó de loch), uiscebhealach nó canáil, a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus folaíonn sé—
(a) cuid d'abhainn, de loch, d'uiscebhealach nó de chanáil den sórt sin,
(b) aon talamh a chuimsítear i dtuairisc na habhann, an locha, an uiscebhealaigh nó na canála, cibé acu is talamh tirim nó talamh faoi uisce go buan nó go huaineach é, agus
(c) a ghnéithe loingseoireachta gaolmhara;
folaíonn “talamh” talamh faoi uisce;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.
Cumhacht chun an Sceideal a leasú le hordú.
2.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú trí uiscebhealach intíre a chur leis an Sceideal, trí uiscebhealach a scriosadh as, nó trí iontráil ann i leith uiscebhealaigh a leasú.
(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Feidhmeanna an Aire i ndáil le huiscebhealaí intíre.
3.—(1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 5 den Acht seo, is feidhm de chuid an Aire, agus measfar gurbh fheidhm de chuid an Aire riamh, uiscebhealaí intíre a bhainistiú agus a fhorbairt.
(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, d'fhonn feidhm de chuid an Aire i ndáil le haon uiscebhealach intíre (lena n-áirítear uiscebhealach na Sionainne agus na canálacha) a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire aon cheann de na cumhachtaí a fheidhmiú atá aige nó aici—
(a) i ndáil le huiscebhealach na Sionainne faoi Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990, agus
(b) i ndáil leis na canálacha faoi Acht na gCanálacha, 1986,
ach sin gan dochar do chearta aon duine eile faoi cheachtar de na hAchtanna sin.
(3) D'ainneoin alt 6(c) d'Acht na gCanálacha, 1986, agus alt 2(e) d'Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990, sroichfidh cumhachtaí an Aire faoi fho-alt (2) den alt seo go dtí aon cheann de na nithe a cheadaítear de bhua an fho-ailt sin (2) a dhéanamh do bhóithre poiblí nó i ndáil le bóithre poiblí de réir bhrí Acht na mBóithre, 1993.
(4) Féadfaidh an tAire, ar chúiseanna sonraithe—
(a) uiscebhealach intíre, nó
(b) aon chuid d'uiscebhealach intíre, nó
(c) aon talamh atá tadhlach le huiscebhealach intíre lena n-áirítear aon chosán tarraingthe nó claífort,
a dhúnadh go sealadach.
(5) San alt seo—
tá le “na canálacha” an bhrí chéanna atá leis in Acht na gCanálacha, 1986;
folaíonn “forbairt”—
(a) aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh, i dtalamh, faoi thalamh nó os cionn talún (lena n-áirítear aon bhóthar) is cuid d'uiscebhealach intíre agus aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon struchtúir nó talún eile (lena n-áirítear aon bhóthar) is cuid den sórt sin nó atá tadhlach le talamh den sórt sin, agus
(b) aon ní a dhéanamh i ndáil le huiscebhealach intíre a fhéadfaidh an tAire a dhéanamh de bhua fho-alt (2) den alt seo;
tá le “uiscebhealach na Sionainne” an bhrí chéanna atá leis in Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990.
Feidhmeanna an Aire i ndáil le seirbhísí farantóireachta.
4.—Gan dochar d'Acht Iompair Oileán Árann, 1946, ná do ghinearáltacht an achtacháin seo nó aon achtacháin eile lena dtugtar feidhmeanna don Aire, féadfaidh an tAire, dá rogha féin agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, maoiniú a dhéanamh ar thógáil, fáil, imchóiriú nó deisiú soithí atá oiriúnach chun seirbhísí farantóireachta a oibriú chuig oileáin áitrithe amach ón gcósta sa Stát, agus fóirdheontais a íoc le haghaidh seirbhísí farantóireachta den sórt sin a oibriú.
Feidhmeanna an Aire i ndáil le maoin atá coimhdeach d'fheidhmeanna eile, etc.
5.—(1) Is feidhm de chuid an Aire, agus measfar gurbh fheidhm de chuid an Aire riamh, d'fhonn aon fheidhm de chuid an Aire faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile, nó a thugtar dó nó di ar shlí eile, a chomhlíonadh nó de réir mar is gá nó is fóirsteanach chun aon fheidhm den sórt sin a chomhlíonadh—
(a) (i) talamh (lena n-áirítear uiscebhealach intíre) agus leasanna i dtalamh nó cearta thairsti, nó
(ii) maoin eile (lena n-áirítear maoin intleachtúil) d'aon chineál agus leasanna sa mhaoin eile sin nó cearta thairsti,
a fháil, a chruthú, a shealbhú, a chothabháil agus a dhiúscairt lena n-úsáid ag an Aire le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile nó a thugtar amhlaidh ar shlí eile a chomhlíonadh,
(b) (i) foirgnimh nó déanmhais nó oibreacha nó maoin eile ar aon talamh den sórt sin dá dtagraítear i mír (a) (i) den fho-alt seo, in aon talamh den sórt sin, faoi aon talamh den sórt sin nó os cionn aon talún den sórt sin, nó
(ii) maoin eile dá dtagraítear i mír (a) (ii) den fho-alt seo nó a bhaineann le feidhmeanna an Aire,
a bhainistiú, a fhorbairt, a chothabháil, a dheisiú, a fheabhsú, a athrú, a mhéadú, a laghdú ó thaobh méide de, a scartáil nó a aistriú as, nó déileáil leo nó léi ar shlí eile, go haonarach nó i gcomhar le haon duine nó le haon chomhlacht eile (lena n-áirítear údarás Stáit de réir bhrí an Achta um Údaráis Stáit (Forbairt agus Bainisteoireacht), 1993),
(c) comhlíonadh nó feidhmiú feidhme a luaitear i mír (b) den fho-alt seo ag duine eile thar ceann an Aire a thabhairt i gcrích, faoi réim agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, agus
(d) cúnamh airgid a sholáthar d'aon duine nó d'aon chomhlacht, lena n-áirítear údarás poiblí, i leith aon ní a bhaineann le comhlíonadh fheidhmeanna an Aire, de réir mar a mheasann an tAire is inmhianaithe.
(2) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a thugann feidhm do dhuine (seachas an tAire) nó do chomhlacht ar feidhm í nach bhfuil ag an duine nó ag an gcomhlacht thairis sin.
(3) Níl aon fheidhm dá dtagraítear san alt seo á cur in ionad aon fheidhme eile a bhí ag an Aire díreach roimh an Acht seo a rith.
(4) San alt seo, tá le “údarás poiblí” an bhrí chéanna atá leis san Acht Oidhreachta, 1995.
Leasú ar an Acht Oidhreachta, 1995.
6.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Oidhreachta, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) in alt 10:
“(5) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le foirgneamh ar le húdarás poiblí é agus atá ainmnithe mar fhoirgneamh oidhreachta le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (4).”.
(2) Measfar feidhm agus éifeacht a bheith le fo-alt (1) den alt seo amhail ar an agus ón 10ú lá d'Aibreán, 1995.
Caiteachais.
7.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
8.—Féadfar Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 1998, a ghairm den Acht seo.
AN SCEIDEAL
1. An Chanáil Mhór (lena n-áirítear Uiscebhealach na Bearú).
2. An Chanáil Ríoga.
3. Uiscebhealach na Sionainne mar a mhínítear in alt 1(1) d'Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990.
4. Uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill mar a mhínítear in alt 5(12) d'Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990.
5. Uiscebhealach na hÉirne agus Loch Uachtair mar a mhínítear in alt 5(12) d'Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990.
6. An méid sin den chanáil ar a dtugtar “The Ulster Canal” dá dtagraítear in alt 2 den Acht (6 Geo. IV. c. cxciii) a ritheadh sa bhliain 1825 agus dá ngairtear “an Act for making and maintaining a navigable Canal from Lough Erne in the County of Fermanagh, to the River Blackwater, near the Village of Charlemont in the County of Armagh”, atá laistigh den Stát agus a bhí ar marthain aon tráth roimh thosach feidhme an Achta seo.