Uimhir 8 de 1955.
AN tACHT UM LEASACHÁIN, ÁBHAIR BHEATHA AGUS MEASCÁIN MHIANRÚLA, 1955.
[An tiontó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfas an tAire ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;
ciallaíonn “ábhar beatha cumaiscthe” (faoi réir aon eisceachtaí a forordófar) aon ábhar beatha is meascán de dhá earra nó níos mó ar ábhar beatha ceann amháin acu ar a laghad;
ciallaíonn “ábhar beatha” (faoi réir aon eisceachtaí a forordófar) aon earra a monaraítear lena húsáid mar bhia do chapaill, miúlacha, ránaigh, asail, bólacht, caoirigh, muca, gabhair nó éanlaithe clóis;
ciallaíonn “leasachán” (faoi réir aon eisceachtaí a forordófar) aon earra (lena n-áirítear, go sonrach, aol agus aolchloch mheilte) a monaraítear lena húsáid mar leasachán ithreach;
ciallaíonn “monarú” monarú trí phróis ar bith, lena n-áirítear meascadh aon tsubstainte ar aon tsubstaint eile, ach ní fholaíonn sé táirgeadh trí oibriú na nádúire amháin nó i gcúrsa gnáthfheirmeoireachta;
ciallaíonn “meascán mianrúil” (faoi réir aon eisceachtaí a forordófar) aon earra atá beartaithe lena húsáid mar fhorlíontas i mbeathú capall, múilacha, ránacha, asal, bólachta, caorach, muc, gabhar nó éanlaithe clóis agus—
(a) a airbheartaíos bheith ina meascán mianrúil nó ina forlíontas mianrúil, nó
(b) ar mianraí atá inti go formhór;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;
ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin faoin Acht seo;
folaíonn “ceannaitheoir” aon duine, seachas gníomhaire iompair, ag gníomhú thar ceann ceannaitheora;
folaíonn “díol” tairiscint díola nó taispeáint chun díola nó lorg tairisceana ceannaigh;
ciallaíonn “an Ceimiceoir Stáit” ceann na Saotharlainne Stáit;
ciallaíonn “an Ceimiceoir Stáit Cúnta” an Ceimiceoir Stáit Cúnta sa tSaotharlann Stáit.
Ráiteas a bheas le tabhairt ag díoltoir leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúil.
2.—(1) Duine ar bith a dhíolfas aon leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúil, bhéarfaidh sé don cheannaitheoir ráiteas scríofa ina mbeidh na sonraí forordaithe i dtaobh an leasacháin, an ábhair bheatha, an ábhair bheatha chumaiscthe nó an mheascáin mhianrúil, agus bhéarfaidh an ráiteas ag an am forordaithe agus, má bhíonn foirm forordaithe don ráiteas, sa bhfoirm sin.
(2) Féadfaidh forála éagsúla maidir le leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúla éagsúla nó maidir le haicmí éagsúla díobh sin a bheith i rialacháin chun críocha an ailt seo.
(3) Beidh éifeacht ag ráiteas a bhéarfar chun críocha fo-ailt (1) den alt seo amhail is dá mba bharánta ón díoltóir é go bhfuil na sonraí ann fíor, faoi réir aon tórann earráide a bheas forordaithe, d'ainneoin aon chomhaontú nó fógra contrártha dhó sin a bheith déanta nó tugtha nó d'ainneoin gan an ráiteas a bheith do réir aon rialacháin áirithe a rinneadh chun críocha an ailt seo.
(4) Má sháraíonn duine ar bith fo-alt (1) den alt seo nó má thugann sé chun críocha an fho-ailt sin ráiteas nach bhfuil fíor i bponc ábhartha, faoi réir aon tórann earráide a bheas forordaithe, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.
(5) Más rud é, in aon inchúiseamh i leith ciona arb é atá ann ráiteas a thabhairt chun críocha fo-ailt (1) den alt seo nach bhfuil fíor i bponc ábhartha, nó nach bhfuil fíor faoi réir tórann earráide a bheas forordaithe, go gcruthóidh an cosantóir—
(a) gur go hionraic agus le muinín as a shamhail de ráiteas a fuair sé féin a tugadh an ráiteas, agus
(b) nach raibh aon chúis aige chun go gcreidfeadh sé an tráth a thug sé an ráiteas nach raibh sé fíor, nó nach raibh sé fíor faoi réir tórann forordaithe earráide,
scaoilfear an cosantóir as an inchúiseamh, ach dlífidh sé na costais faoine ndeachaigh an t-inchúisitheoir d'íoc murar thug sé fógra cuí don inchúisitheoir go raibh beartaithe aige dul i muinín na cosanta sin.
(6) Má chítear don Aire go ndearnadh cion a bhféadfaí imeachta ina leith a thionscnamh i gcoinne duine éigin ach go bhféadfadh an duine sin cosaint a shuíomh faoi fho-alt (5) den alt seo trína chruthú gur ghníomh nó neamhghníomh duine éigin eile ba chúis leis an gcion a ndearnadh an gearán faoi, féadfaidh an tAire imeachta a thionscnamh i gcoinne an duine eile sin gan imeachta a thionscnamh i gcoinne an duine chéadluaite.
(7) Má déantar aon leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúil a sheachadadh ina dhá choinsíneacht nó níos mó do cheannaitheoir, beidh feidhm ag na forála roimhe seo den alt seo maidir le gach coinsíneacht ar leith amhail is dá mba ar leithligh a díoladh é.
(8) Aon ráiteas i dtaobh méid na dtáthchoda ceimiceacha nó eile in aon leasachán nó i dtaobh a mhíne a meileadh aon leasachán nó i dtaobh na dtáthchoda biamhara nó eile in aon ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúil, a déanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo in aon scríbhinn (seachas ráiteas chun críocha fo-ailt (1) den alt seo) a thabharfas tuairisc ar an leasachán, ar an ábhar beatha, ar an ábhar beatha cumaiscthe nó ar an meascán mianrúil sin, beidh éifeacht aige amhail is dá mba bháránta é ón díoltóir go bhfuil na fíorais ann ceart.
Sampla de leasachán, d'ábhar beatha, d'ábhar beatha cumaiscthe nó de mheascán mianrúil a thógaint agus a thaifeach.
3.—(1) Má bhíonn ag duine ina áitreabh aon leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúil a cheannaigh sé agus atá beartaithe aige d'úsáid i gcúrsa a shaothair fheirmeoireachta, féadfaidh sé a iarraidh go dtógfar sampla dhe lena thaifeach.
(2) Ní foláir i gcás iarratais faoin alt seo—
(a) é a dhéanamh chun an Aire laistigh den tréimhse a bheas forordaithe chun críocha na míre seo,
(b) an táille fhorordaithe a bheith leis, agus
(c) má tá foirm agus modh forordaithe le haghaidh an iarratais, é a dhéanamh sa bhfoirm agus ar an modh sin.
(3) Nuair a déanfar iarratas go cuí faoin alt seo, tógfaidh oifigeach údaraithe, ar an modh forordaithe, sampla den earra lena mbaineann an t-iarratas, agus cuirfidh go dtí an Ceimiceoir Stáit é.
(4) D'ainneoin fo-ailt (3) den alt seo, má iarrann duine go tógfar sampla d'aon earra faoin alt seo—
(a) ní thógfaidh oifigeach údaraithe sampla tar éis deireadh na tréimhse a bheas forordaithe chun críocha na míre seo,
(b) féadfaidh oifigeach údaraithe, más cuí leis é, diúltú sampla a thógaint más rud é—
(i) nach deimhin leis gur cheannaigh an t-iarratasóir an earra, nó
(ii) nach deimhin leis go bhfuil beartaithe ag an iarratasóir an earra d'úsáid i gcúrsa a shaothair fheirmeoireachta, nó
(iii) nach deimhin leis an earra mar cuireadh faoi na bhráid í lena sampláil a bheith in ionannas cothrom leis an earra mar seachadadh don iarratasóir í, nó
(iv) nach dtabharfaidh an t-iarratasóir ar aird an ráiteas iomchuí chun críocha fo-ailt (1) d'alt 2 den Acht seo (má tugadh é) agus nach ligfidh don oifigeach údaraithe an ráiteas sin a scrúdú agus cóip a thógaint den ráiteas iomlán nó d'aon chuid de, nó
(v) nach dtabharfaidh an t-iarratasóir an t-eolas a iarrfas an t-oifigeach údaraithe i dtaobh na hearra.
(5) Nuair a gheobhas an Ceimiceoir Stáit nó an Ceimiceoir Stáit Cúnta sampla a tógadh de bhun iarratais faoin alt seo, cuirfidh sé á thaifeach é ar an modh forordaithe ag duine a bheas ag gníomhú faoi stiúradh an Cheimiceora Stáit nó an Cheimiceora Stáit Chúnta agus cuirfidh deimhniú sa bhfoirm fhorordaithe ar thoradh an taifigh go dtí an t-iarratasóir.
(6) In aon imeachta dlí má tugtar deimhniú ar aird a airbheartós a bheith ina dheimhniú faoin alt seo agus a bheith arna shíniú ag an gCeimiceoir Stáit nó ag an gCeimiceoir Stáit Cúnta, beidh an deimhniú sin ina leorfhianaise ar na fíorais a bheas luaite ann agus go ndearnadh an taifeach go cuí, mura n-iarrfaidh ceachtar páirtí go ngairmfear mar fhinné an duine a rinne an taifeach.
(7) Gan dochar don chéad fho-alt eile, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste do réir treoracha an Aire Airgeadais na táillí go léir a gheofar faoín alt seo, agus ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, ina leith.
(8) In aon chás inar cuí leis é (nach cás ina bhfuair an t-iarratasóir deimhniú faoin alt seo), féadfaidh an tAire táille faoin alt seo a thabhairt ar ais.
(9) Féadfaidh na rialacháin a fhorordós táillí chun críocha an ailt seo táillí éagsúla d'fhorordú d'earraí éagsúla nó do chainníochtaí éagsúla den earra chéanna.
Toirmeasc ar dhíol leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúil, agus ar a mhonarú lena dhíol.
4.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, toirmeasc a chur ar dhíol aon leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúil a sonrófar, nó ar a mhonarú lena dhíol, nó ar dhíol leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúla d'aon aicme a sonrófar, nó ar a monarú lena ndíol.
(2) Sara ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo maidir le leasachán nó aicme leasachán a mhonarú lena dhíol, raghaidh sé i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.
(3) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach nó ná caoga punt.
Srian le leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúil a mhonarú lena dhíol.
5.—(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin a ordú nach cead ach do dhaoine ag a mbeidh ceadúnais a eiseos an tAire faoi na rialacháin aon leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúil a mhonarú lena dhíol.
(2) Sara ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo maidir le leasachán, raghaidh sé i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.
(3) Má déantar rialacháin faoin alt seo—
(a) féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnas a dheonadh nó a dhiúltú faoi na rialacháin,
(b) féadfar ceadúnas a dheonadh faoi na rialacháin gan aon choinníoll a chur leis nó faoi réir pé coinníollacha is cuí leis an Aire,
(c) féadfaidh an tAire, dá rogha féin, trí fhógra a cuirfear leis an bpost go dtí sealbhóir ceadúnais faoi na rialacháin—
(i) coinníoll ar bith a chur leis an gceadúnas, nó
(ii) coinníoll ar bith a bheas ag gabháil leis an gceadúnas a chúlghairm nó d'athrú, nó
(iii) an ceadúnas a chúlghairm.
(4) Má sháraíonn duine ar bith aon rialacháin faoin alt seo nó, i gcás é a bheith ina shealbhóir ar cheadúnas faoi na rialacháin sin, má fhaillíonn sé aon choinníoll a chomhlíonadh a bheas ag gabháil leis an gceadúnas, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.
(5) Má dhíolann duine ar bith aon leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúil—
(a) a monaraíodh sa Stát,
(b) a mbaineann rialacháin faoin alt seo leis, agus
(c) nár monaraíodh faoi cheadúnas faoi na rialacháin sin,
beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo.
(6) Duine ar bith a bheas ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air, más é an chéad chion aige é, agus fíneáil nach mó ná caoga punt más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é.
Toirmeasc, tórainniú nó rialú ar úsáid earra i monarú leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúil lena dhíol, etc.
6.—(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin—
(a) toirmeasc a chur, nó tórainniú nó rialú a dhéanamh, ar usáid aon earra sonraíthe i monarú leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúil lena dhíol,
(b) toirmeasc a chur ar dhíol leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhiannrúil faoi thuairisc shonraithe mura bhfuil sé i gcomhréir le míniú agus caighdeán sonraithe,
(c) ceangal a chur ar dhaoine a bheas ag monarú leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúla lena ndíol nó a bheas á mór-reic nó á mionreic a chur in iúl ar mhodh sonraithe go bhfuil damhnaí sonraithe sna leasacháin, sna hábhair bheatha, sna hábhair bheatha chumaiscthe nó sna meascáin mhianrúla sin,
(d) ceangal a chur ar dhaoine a bheas ag monarú leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúla ndíol nó a bheas á n-allmhuiriú nó á mórreic nó á mionreic taifid shonraithe a choimeád dá n-idirbhearta sna leasacháin, sna hábhair bheatha, sna hábhair bheatha chumaiscthe nó sna meascáin mhianrúla sin,
(e) toirmeasc a chur ar earraí sonraithe a thabhairt isteach in aon áitreabh ina monaraítear, ina bpacáltar, ina storáltar nó ina ndíoltar aon leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúil a beartaítear a dhíol.
(2) Sara ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo maidir le monarú leasacháin lena dhíol, raghaidh sé i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.
(3) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.
Leabhair a thabhairt ar aird, etc.
7.—(1) Gach duine a mbeidh monarú nó allmhuiriú aon leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúil, nó a dhíol ar mór-reic nó ar mionreic, ar siúl aige mar ghnó, nó a bheas ar fostú i ndáil leis sin mar ghnó, déanfaidh sé na nithe seo a leanas gach tráth réasúnach—
(a) bhéarfaidh ar aird, ar oifigeach údaraithe dá iarraidh sin air, aon leabhair, doiciméid nó taifid i dtaobh an ghnótha sin a bheas ina chumas, ina sheilbh nó ar fáil aige, ligfidh don oifigeach údaraithe na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin d'iniúchadh agus sleachta a thógaint astu agus bhéarfaidh dó aon eolas a theastós uaidh do réir réasúin maidir le haon ní iontu,
(b) bhéarfaidh d'oifigeach údaraithe gach saoráid réasúnach chun iniúchadh, sampláil agus stoc-áireamh a dhéanamh ar aon leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúla nó ar aon damhnaí is féidir d'úsáid chun leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúla a mhonarú in aon áitreabh ina mbeidh an gnó sin ar siúl ag an duine sin nó ina mbeidh sé ar fostú i ndáil leis an ngnó sin,
(c) bhéarfaidh d'oifigeach údaraithe aon eolas a theastós uaidh do réir réasúin maidir le haon cheannach, allmhuiriú nó díol a rinneadh i gcúrsa an ghnótha sin.
(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear íneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.
Cumhachta oifigigh údaraithe chun dul isteach in áitreabh, etc., agus é d'iniúchadh agus chun samplaí a thógaint.
8.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe gach tráth réasúnach dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh in aon áitreabh, bhaigín iarnróid, feithicil, long, árthach nó aerárthach a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil aon leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúil á mhonarú lena dhíol, á choimeád nó á iompar lena dhíol nó á dhíol ann, agus féadfaidh scrúdú, sampláil agus stoc-áireamh a dhéanamh ar aon leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúla, nó ar aon damhnaí is féidir d'úsáid chun leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúla a mhonarú, a gheobhas sé i gcúrsa a iniúchta.
(2) Aon duine a chuirfeas bac nó cosc ar oifigeach údaraithe nuair a bheas sé ag feidhmiú cumhachta a bheirtear leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.
(3) Féadfar sampla a thógaint faoin alt seo ar an modh forordaithe nó ar mhodh ar bith eile.
(4) Más rud é—
(a) go dtógfar sampla faoin alt seo ar an modh forordaithe,
(b) go gcuirfidh an Ceimiceoir Stáit nó an Ceimiceoir Stáit Cúnta an sampla á thaifeach ar an modh forordaithe ag duine ar bith a bheas ag gníomhú faoi stiúradh an Cheimiceora Stáit nó an Cheimiceora Stáit Chúnta, agus
(c) go dtabharfaidh an Ceimiceoir Stáit nó an Ceimiceoir Stáit Cúnta deimhniú sa bhfoirm fhorordaithe ar thoradh an taifigh,
féadfar fianaise ar thoradh an taifigh a thabhairt in aon imeachta dlí ach, seachas mar adúradh, ní tabharfar in aon imeachta dlí fianaise ar thoradh an taifigh i gcás sampla a tógadh faoin alt seo.
(5) In aon imeachta dlí má tugtar ar aird deimhniú a airbheartós a bheith ina dheimhniú faoin alt seo agus a bheith arna shíniú ag an gCeimiceoir Stáit nó ag an gCeimiceoir Stáit Cúnta, beidh an deimhniú sin ina leorfhianaise ar na fíorais a bheas luaite ann agus go ndearnadh an taifeach go cuí, mura n-iarrfaidh ceachtar páirtí go ngairmfear mar fhinné an duine a rinne an taifeach.
Baint go calaoiseach e samplaí.
9.—Duine ar bith—
(a) a bhainfeas go calaoiseach le haon earra chun a thabhairt nach mbeidh aon tsampla dhi a tógfar faoin Acht seo in ionannas ceart leis an earra, nó
(b) a bhainfeas nó a theagmhós go calaoiseach le haon tsampla a tógfar faoin Acht seo,
beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.
Deimhniú ceaptha oifigigh údaraithe.
10.—Bhéarfaidh an tAire d'oifigeach údaraithe deimhniú a cheaptha ina oifigeach údaraithe agus nuair a bheas an t-oifigeach údaraithe ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an Acht seo déanfaidh sé, ar aon duine lena mbaineann dá iarraidh sin air, an deimhniú a thabhairt ar aird don duine sin.
Forála ginearálta maidir le rialacháin.
11.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú, nó mar ní nó rud is ábhar do rialacháin, ach beidh aon rialachán den tsórt sin a bhainfeas le táillí faoi réir a cheaduithe ag an Aire Airgeadais.
(2) Aon rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Inchúiseamh i leith cionta.
12.—Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoi aon alt den Acht seo.
Caiteachais an Aire.
13.—Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Cosaint do thurscar muilleoireachta plúir.
14.—Ní bheidh feidhm maidir le monarú turscair mhuilleoireachta plúir ag aon ní san Acht seo nó in aon rialacháin a déanfar faoin Acht seo.
Athghairm.
15.—Athghairmtear leis seo an Fertilisers and Feeding Stuffs Act, 1906.
Tosach feidhme.
16.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.
Gearrtheideal.
17.—Féadfar an tAcht um Leasacháin, Abhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1955, a ghairm den Acht seo.