[EN]

Uimhir 8 de 1964.


[EN]

AN tACHT SLÁINTE (TEAGHLAIGH DO DHAOINE ÉAGUMASAITHE), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CAIGHDEÁIN TEAGHLACH INA gCOTHABHÁILTEAR DAOINE LE hAGHAIDH SOCHAIR PHRÍOBHÁIDIGH. [20 Bealtaine, 1964.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1934, Uimh. 14.

1947, Uimh. 28.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “éagumasaithe”, maidir le duine, neamhábalta ar aire a thabhairt dó féin mar gheall ar aon ní acu seo a leanas—

[EN]

(a) seanaois,

[EN]

(b) easláine coirp nó díobháil, ainimh nó galar coirp, nó

[EN]

(c) easláine meabhrach nó ainionnas meabhrach;

[EN]

ciallaíonn “teaghlach” aon áitreabh ina gcothabháiltear daoine éagumasaithe gan iad seo a leanas a áireamh—

[EN]

(a) áitreabh nach gcothabháiltear aon duine éagumasaithe ann le haghaidh sochair phríobháidigh,

[EN]

(b) áitreabh nach gcothabháiltear níos mó ná duine éagumasaithe amháin ann,

[EN]

(c) áitreabh ina bhfuil formhór na ndaoine atá á gcothabháil ag fáil cóireála i leith mór-éalangaí ó shaineolaithe liachta nó máinliachta, nó faoina stiúrú,

[EN]

(d) teaghlach máithreachais a bhfuil duine cláraithe ina leith i gclár na dtithe máithreachais faoin Acht um Chlárú Tithe Máithreachais, 1934, agus nach gcothabháiltear ann daoine éagumasaithe nach othair mháithreachais, agus

[EN]

(e) foras meabhairghalar, de réir bhrí na nAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1961,

[EN]

ach i gcás—

[EN]

(i) ina ndéantar duine, is céile d'áititheoir aon áitribh nó tuismitheoir, seantuismitheoir, leanbh, ua nó banua, deartháir, deirfiúr, uncail, aintín, nia nó neacht don áititheoir nó do chéile (más ann) an áititheora, a chothabháil san áitreabh sin, nó

[EN]

(ii) ina ndéantar duine éagumasaithe a d'éirigh éagumasaithe agus é ina chónaí in áitreabh is óstán, teach aíochta nó teach lóistín bona fide, a chothabháil san áitreabh sin ar feadh tréimhse nach faide ná mí,

[EN]

ní thabharfar aird ar an gcothabháil sin chun críocha an mhínithe seo.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1960, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, déanfar tagairt san Acht Sláinte, 1947, don Acht sin a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt don Acht seo.

[EN]

Rialacháin maidir le teaghlaigh.

2.—(1) D'fhonn cóiríocht, bia agus aireachas leordhóthanach oiriúnach a áirithiú do dhaoine éagumasaithe le linn dóibh bheith á gcothabháil i dteaghlaigh agus d'fonn go seolfar teaghlaigh mar is cuí, féadfaidh an tAire cibé rialacháin is iomchuí leis a dhéanamh maidir le teaghlaigh.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar, le rialacháin faoin alt seo—

[EN]

(a) ceanglais a fhorordú maidir le haireachasú daoine éagumasaithe le linn dóibh a bheith á gcothabháil i dteaghlaigh,

[EN]

(b) ceanglais a fhorordú maidir le líon agus cáilíochtaí foirne teaghlach,

[EN]

(c) ceanglais a fhorordú maidir le dearadh, cothabháil, deisiú, aerú, téamh agus soilsiú teaghlach agus an méid spáis a bheidh sna seomraí agus sna haireagail i dteaghlaigh,

[EN]

(d) ceanglais a fhorordú maidir leis an gcóiríocht (lena n-áirítear saoráidí níocháin agus áiseanna sláintíochta) a sholáthrófar i dteaghlaigh,

[EN]

(e) ceanglais a fhorordú maidir leis an mbia a sholáthrófar do dhaoine éagumasaithe fad a bheidh siad á gcothabháil i dteaghlaigh,

[EN]

(f) ceanglais a fhorordú maidir le glaineacht teaghlach,

[EN]

(g) ceanglais a fhorordú maidir leis an tuairisc a thabharfar ar theaghlaigh i scríbhinní agus maidir le fógraí a shonrófar sna rialacháin a thaispeáint i dteaghlaigh,

[EN]

(h) foráil a dhéanamh le haghaidh agallaimh (lena n-áirítear agallaimh phríobháideacha) a dhéanamh le daoine (lena n-áirítear an fhoireann) i dteaghlach a bhfuil cúis réasúnach ag an údarás sláinte chun a chreidiúint go bhfuil duine sa teaghlach nach bhfuil aireachas ceart á thabhairt dó,

[EN]

(i) foráil a dhéanamh le haghaidh údaráis sláinte agus a n-oifigigh do chur na rialachán i bhfeidhm agus i ngníomh.

[EN]

(3) Aon rialacháin faoin alt seo ina bhforordófar ceanglais den chineál dá dtagraítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (2) den alt seo forálfar iontu nach mbeidh feidhm ag ceanglas maidir le teaghlach a sheolann comhlacht nó eagras creidimh más rud é gur rud contrártha do chreideamh nó do phrionsabail creidimh an chomhlachta nó an eagrais sin na ceanglais sin a chomhlíonadh.

[EN]

(4) Aon rialacháin faoin alt seo ina bhforordófar ceanglais den chineál dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo forálfar iontu nach mbeidh feidhm ag ceanglas maidir le duine dá mbeadh sé contrártha do chreideamh nó do phrionsabail creidimh an duine sin an ceanglas sin a chomhlíonadh maidir leis.

[EN]

(5) Más rud é, maidir le teaghlach, go ndéanfar sárú ar fhoráil a bheidh i rialacháin faoin alt seo, beidh an duine a bheidh ag seoladh an teaghlaigh agus aon duine a mbeidh baint aige le bainistí an teaghlaigh ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur ar an duine sin agus, ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó ná caoga punt san iomlán) nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil nó na fíneálacha agus an phríosúnacht le chéile.

[EN]

(6) (a) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad na bpionós dá dtagraítear i bhfo-alt (5) den alt seo, a dhearbhú le hordú go mbeidh an duine dícháilithe i gcaitheamh cibé tréimhse a shonrófar san ordú chun an teaghlach lenar bhain an cion nó, de rogha na Cúirte, aon teaghlach eile, a sheoladh nó páirt a ghlacadh ina bhainistí.

[EN]

(b) Ní dhéanfaidh duine a ndéanfar ordú ina thaobh faoin fho-alt seo, i gcaitheamh na tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, bainistí an teaghlaigh a bheidh sonraithe san ordú nó bainistí aon teaghlaigh, de réir mar a bheidh, a sheoladh nó páirt a ghlacadh inti.

[EN]

(c) Aon duine a sháróidh mír (b) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó ná caoga punt san iomlán) nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, nó de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil nó na fíneálacha agus an phríosúnacht le chéile.

[EN]

(7) Aon duine a bhacfaidh go toiliúil rialacháin faoin alt seo a chur i ngníomh beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó ná caoga punt san iomlán) nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil nó na fíneálacha agus an phríosúnacht le chéile.

[EN]

Dualgas ar dhaoine i bhfeighil teaghlach fógra a thabhairt don údarás sláinte.

3.—(1) Déanfaidh an duine atá i bhfeighil teaghlaigh, laistigh de mhí tar éis tosach feidhme an Achta seo, fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an teaghlach ag insint ainm agus seoladh an teaghlaigh agus ainm an duine atá i bhfeighil an teaghlaigh.

[EN]

(2) I gcás ina mbeartóidh duine teaghlach a bhunú, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná mí roimh an dáta a bheidh sé beartaithe tosú ar ghnó, fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh an teaghlach ag insint ainm agus seoladh an teaghlaigh agus ainm an duine a bheidh i bhfeighil an teaghlaigh.

[EN]

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

[EN]

Teaghlaigh áirithe a dhíolmhadh ón Acht.

4.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, díolúine ó fhorálacha an Achta seo a thabhairt d'aon teaghlach a bheidh ceadaithe aige de bhun foráil de chuid na nAchtanna Sláinte, 1947 go 1960, chun aon cheann de chríocha na nAchtanna sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ar iarratas ó aon teaghlach, díolúine ó fhorálacha an Achta seo a thabhairt don teaghlach sin.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le teaghlach a mbeidh díolúine faoin alt seo tugtha ina leith agus gan í tarraingthe siar.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire díolúine faoin alt seo a tharraingt siar tráth ar bith.

[EN]

Ionchúiseamh i leith cionta.

5.—I gcás ciona faoin Acht seo féadfaidh an t-údarás sláinte ar ina limistéar don teaghlach ar ina leith a rinneadh an cion ionchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona.

[EN]

Leasú ar alt 64 den Acht Sláinte, 1947.

6.—Leasaítear leis seo alt 64 den Acht Sláinte, 1947, trí “, teaghlach de réir bhrí an Achta Sláinte (Teaghlaigh do Dhaoine Éagumasaithe), 1964” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (3) i ndiaidh “teaghlach eadarshláinte”.

[EN]

Cosaint.

7.—Ní fhorléirfeofar aon ní san Acht seo mar ní a údaraíonn aon duine a ghlacadh agus aire a thabhairt dó i gcás ina sáródh an glacadh agus an aire sin aon fhoráil atá sna hAchtanna Meabhair-Ghalar, 1945 go 1961.

[EN]

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

8.—Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

9.—(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Teaghlaigh do Dhaoine Éagumasaithe), 1964, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1964, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1960, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.