[EN]

Uimhir 8 de 1983


[EN]

AN tACHT UM INFHEISTÍOCHTAÍ TEILEACHUMARSÁIDE NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM INFHEISTÍOCHTAÍ TEILEACHUMARSÁIDE NA hÉIREANN TEORANTA, 1981. [31 Márta, 1983] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Leasú ar alt 6 den Acht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981.

1.—Leasaítear leis seo alt 6 (a bhaineann le ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht) den Acht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981, trí “£600,000,000” a chur in ionad “£350,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo nó le halt 7 den Acht seo a fheidhmiú i slí gur mó ná £600,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, airgid a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi cheachtar alt díobh sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dteannta an méid airgid (más ann) a bheidh íoctha cheana féin aige ar scór aon ráthaíochta faoin alt sin agus a bheidh gan aisíoc ag an gCuideachta.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta (Leasú), 1983, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an tAcht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981 agus 1983, a ghairm díobh le chéile.

An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981.

1981, Uimh. 27