[EN]

Uimhir 9 de 1947.


[EN]

AN tACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHACHTÚ LEASUITHE ÁIRITHE A RINNEADH AR NA hACHTA UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1911 GO 1942, LEIS AN ORDÚ CUMHACHTA PRÁINNE (Uimh. 381), 1946, AGUS DO DHÉANAMH LEASUITHE EILE AR NA hACHTA SIN. [31ú Márta, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1947, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1947, a ghairm de na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1942, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1942;

[EN]Acht 1911.

ciallaíonn an abairt “Acht 1911” an National Insurance Act, 1911;

[EN]Acht 1918

ciallaíonn an abairt “Acht 1918” an National Health Insurance Act, 1918;

[EN]Acht 1923.

ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 (Uimh. 20 de 1923);

[EN]Acht 1936.

ciallaíonn an abairt “Acht 1936” an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta agus um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1936 (Uimh. 12 de 1936);

[EN]Fórsaí Breataineacha.

ciallaíonn an abairt “Fórsaí Breataineacha” aon fhórsaí acu seo a leanas:—

[EN]

(a) Fórsaí Cabhlaigh, Fórsaí Míleata nó Aer-Fhórsaí na Breataine Móire, nó

[EN]

(b) aon tseirbhís altranais nó fosheirbhís eile d'aon Fhórsaí acu sin;

[EN]an Rialtas Breataineach.

ciallaíonn an abairt “an Rialtas Breataineach” Rialtas na Ríochta Aontaithe;

[EN]an tAcht Fórsaí Cosanta.

ciallaíonn an abairt “an tAcht Fórsaí Cosanta” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923);

[EN]an Ciste.

ciallaíonn an abairt “an Ciste” Ciste Arachais na bhFórsaí Míleata (Comhshocraíochta Eadarnáisiúnta) a bunaíodh faoi alt 14 d'Acht 1923;

[EN]an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh;

[EN]Ordú Uimh. 381.

ciallaíonn an abairt “Ordú Uimh. 381” an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 381), 1946 (R. & O. R., Uimh. 179 de 1946);

an Buan-Fhórsa.

ciallaíonn an abairt “an Buan-Fhórsa” an fórsa a bunaíodh faoi Chuid I den Acht Fórsaí Cosanta;

pinsean.

folaíonn an focal “pinsean” dámhachtain nó liúntas;

an Fórsa Cúltaca.

ciallaíonn an abairt “an Fórsa Cúltaca” an fórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III den Acht Fórsaí Cosanta;

an Cumann.

ciallaíonn an abairt “an Cumann” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte;

an Ríocht Aontaithe.

ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann;

díchumas cogaidh.

ciallaíonn an abairt “díchumas cogaidh” aon díchumas de dheascaibh—

(a) aon chogaidh ina raibh nó ina bhfuil an Ríocht Aontaithe ina cogaíoch agus a thosnaigh an 3ú lá de Mhéan Fómhair, 1939, nó dá éis, agus roimh an 14ú lá de Mheitheamh, 1946, nó

(b) tosca is inchurtha i leith aon chogaidh den tsórt sin.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a léiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán iardain.

(3) Léireofar mar éinní amháin an tAcht seo agus na hAchta.

CUID II.

Athachtu, fara modhnuithe, ar Chuid II (Leasuithe Ilghneitheacha ar na hAchta) den Ordu Cumhachta Prainne (Uimh. 381), 1946.

[EN]

Forála maidir le daoine ar fostú i bhfostaíocht neamhinárachuithe ach ar híocadh ranníocaíochta ina leith de mheoin mhacánta.

3.—(1) I gcás inar tharla ar dháta an Achta seo a rith nó ina dtarlóidh dá éis sin—

[EN]

(a) duine a bheith ina chomhalta nó é a áireamh mar chomhalta den Chumann nó den Chiste nó den Chumann agus den Chiste ar feadh tréimhse leanúnaí nach lú ná cúig bliana a ndearnadh lena linn dhá chéad agus a hocht ar a laghad de ranníocaíochta, nó de shuimeanna d'airbheartaigh a bheith ina ranníocaíochta, a íoc ag an duine sin nó ina leith, agus

[EN]

(b) nach de dhroim calaoise ná mífhaisnéise a fuair an duine sin a bheith ina chomhalta den Chumann nó den Chiste, agus

[EN]

(c) an duine sin a bheith ar fostú in aon fhostaíocht nach fostaíocht inárachuithe nó nárbh fhostaíocht inárachuithe do réir bhrí na nAcht, ach a ndearna an fostóir suimeanna d'airbheartaigh a bheith ina ranníocaíochta a íoc ina leith agus é á chreidiúint gurbh fhostaíocht inárachuithe í do réir bhrí na nAcht, agus

[EN]

(d) an duine sin a bheith sé bliana déag d'aois ar a laghad agus seachtó bliain d'aois ar a mhéid,

[EN]

beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) is tuigthe gur ranníocaíochta is iníoctha go cuí faoi na hAchta na suimeanna dá dtagartar i mír (c) den fho-alt seo,

[EN]

(ii) is tuigthe é a bheith, ar feadh tréimhsí ar híocadh na suimeanna sin ina leith, ina dhuine árachaithe faoi na hAchta,

[EN]

(iii) beidh feidhm ag ailt 7 agus 13 d'Acht 1918 maidir leis amhail is dá mba rud é go raibh sé, ar feadh na dtréimhsí ar ina leith a híocadh na suimeanna sin, ar fostú do réir bhrí na nAcht agus ina ranníocóir fostaithe.

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 14ú lá de Mheitheamh, 1946.

[EN]

Atl 13 d'Acht 1918 a leasú.

4.—(1) Déantar leis seo alt 13 d'Acht 1918 a leasú trí na focail “eighteen months” a chur in ionad na bhfocal “twelve months” mar a bhfuil na focail deiridh sin san alt sin.

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 14ú lá de Mheitheamh, 1946.

[EN]

Alt 15 d'Acht 1936 a leasú.

5.—(1) Beidh éifeacht ag alt 15 d'Acht 1936 amhail is dá gcuirtí an fo-alt seo leanas in ionad fo-ailt (3), is é sin le rá:—

[EN]

“(3) An ranníocaíocht sheachtainiúil is iníoctha faoin alt seo i leith duine ar bith, ní bheidh sí iníoctha ach amháin i leith aon tseachtaine ranníoca nó aon choda de sheachtain ranníoca dá bhfaighidh an duine sin páigh, agus ní ar aon tslí eile.”

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 7ú lá de Mheitheamh, 1940.

[EN]

Saighdiúirí a liostáladh sa Bhuan-Fhórsa le haghaidh éigeandála agus oifigigh áirithe den Fhórsa Cúltaca agus comhaltaí den Chór Déantais a árachú.

6.—(1) I gcás duine ar bith a liostáil chun fónamh sa Bhuan-Fhórsa ar feadh tréimhse éigeandála faoi alt 24 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 11 de 1940), ansin, ar feadh a sheirbhíse sa Bhuan-Fhórsa faoin liostáil sin agus (faoi réir ailt 7 den Acht seo) má déantar, i rith na tréimhse éigeandála sin, é a choimisiúnú mar oifigeach den Fhórsa Cúltaca, ar feadh na dtrí mhí tosaigh dá chomhaltas sa bhFórsa Cúltaca, beidh sé, chun críocha Coda II d'Acht 1936, ina dhuine is inárachuithe do réir ráta an Airm.

[EN]

(2) I gcás duine ar bith a liostáil chun fónamh sa Chór Déantais ar feadh tréimhse is lú ná dhá bhliain in arm-sheirbhís, ansin, ar feadh a sheirbhíse sa Chór Déantais, beidh sé, chun críocha Coda II d'Acht 1936, ina dhuine is inárachuithe do réir ráta an Airm.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 13 d'Acht 1936 maidir le daoine arna liostáil chun fónamh sa Chór Déantais, ar feadh a seirbhíse sa Chór sin.

[EN]

(4) Má éiríonn aon cheist i dtaobh duine a bheas nó a bhí ag fónamh sa Bhuan-Fhórsa nó sa bhFórsa Cúltaca nó sa Chór Déantais a bheith nó gan bheith, de bhuaidh an ailt seo agus chun críocha Coda II d'Acht 1936, ina dhuine is inárachuithe do réir ráta an Airm, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire Chosanta agus beidh a bhreith sin ina breith chríochnaitheach.

[EN]

(5) Is tuigthe fo-ailt (1), (2), (3), agus (4) den alt seo a theacht i ngníomh an 7ú lá de Mheitheamh, 1940.

[EN]

Gan oifigigh den Fhórsa Cúltaca a bheith inárachuithe.

7.—(1) Ní bheidh oifigeach den Fhórsa Cúltaca inárachuithe chun críocha Coda II d'Acht 1936 i rith aon tréimhshe ar mó ná dhá chéad agus caoga punt sa bhliain a luach saothair i leith a sheirbhíse sa bhFórsa Cúltaca.

[EN]

(2) Má éiríonn aon cheist faoi fho-alt (1) den alt seo i dtaobh luach saothair oifigigh den Fhórsa Cúltaca i leith a sheirbhíse sa bhFórsa Cúltaca i rith aon tréimhse a bheith nó gan bheith níos mó ná dhá chéad go leith punt sa bhliain, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire Chosanta agus beidh a bhreith sin ina breith chríochnaitheach.

[EN]

(3) Is tuigthe fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a theacht i ngníomh an 7ú lá de Mheitheamh, 1940.

[EN]

(4) Maidir le haon tréimhse sheirbhíse sa bhFórsa Cúltaca ag oifigeach den Fhórsa Cúltaca ar dháta thosach feidhme ailt 19 den Acht seo nó dá éis sin, léireofar fo-ailt (1) agus (2) den alt seo amhail is dá gcuirtí ná focail “cúig chéad punt” in ionad na bhfocal “dhá chéad agus caoga punt”.

CUID III.

Athachtu, fara modhnuithe, ar fhorala airithe de Chuid III (Ciste Arachais na bhForsai Mileata (Comhshocraiochta Eadarnaisiunta)) den Ordu Cumhachta Prainne (Uimh. 381), 1946.

[EN]

Alt 4 (5) den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1942, a thanasc le daoine ba comhaltaí den Chiste.

8.—(1) Chun fo-alt (5) d'alt 4 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1942 (Uimh. 5 de 1942), a thanasc le duine a tháinig, de bhuaidh míre (1) d'Airteagal 10 d'Ordú Uimh. 381, chun bheith ina chomhalta den Chumann, is tuigthe comhalta den Chiste a bheith ina chomhalta den Chumann.

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1946.

[EN]

Daoine áirithe a bheith cáilithe chun bheith ina gcomhaltai den Chumann.

9.—Beidh cáilíocht chun bheith ina gcomhaltaí den Chumann ag na daoine sin (más ann) ar a gcomhaontóidh an tAire agus an National Health Insurance Joint Committee nó údarás iomchuí eile Arachais Náisiúnta sa Ríocht Aontaithe faoi aon chomhshocraíochta comharaíochta arna ndéanamh de bhuaidh na nAcht chun leanúnachas árachais a áirithiú i gcás daoine d'fhónaigh sna Fórsaí Breataineacha agus a bhí, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1946, nó a tháinig nó a thiocfas chun bheith dá éis sin, ina gcónaí sa Stát.

[EN]

Breacacháin atá le coimeád ag an gCumann maidir le comhaltaí áirithe.

10.—Coimeádfaid an Cumann, i pé slí a ordós an tAire, breacacháin—

[EN]

(a) ar dhaoine a tháinig, de bhuaidh míre (1) nó míre (2) d'Airteagal 10 d'Ordú Uimh. 381, chun bheith ina gcomhaltaí den Chumann,

[EN]

(b) ar dhaoine a thiocfas, de bhuaidh ailt 9 den Acht seo, chun bheith ina gcomhaltaí den Chumann.

[EN]

Cistí faoi urlámhas an Aire a choigeartú.

11.—Déanfaidh an tAire pé coigeartuithe sna cistí maidir le hArachas Sláinte Náisiúnta atá faoina urlámhas is gá de dhroim an aistrithe (a rinneadh le hAirteagal 11 d'Ordú Uimh. 381) chun an Chumainn ar oblagáidí agus sócmhainní an Chiste.

[EN]

Ceisteanna a chinneadh.

12.—Má éiríonn aon cheist faoi Chuid III d'Ordú Uimh. 381 nó faoin gCuid seo, cinnfidh an tAire an cheist agus beidh a bhreith ina breith chríochnaitheach.

[EN]

Achtacháin áirithe a athghairm.

13.—(1) Athghairmtear leis seo na hachtacháin seo a leanas:—

[EN]

(a) alt 14 d'Acht 1923,

[EN]

(b) fo-alt (2) d'alt 11 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 (Uimh. 13 de 1933).

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1946.

CUID IV.

Athachtu, fara mohdnuithe, ar Chuid IV (Forala maidir le daoine arachaithe ata i dteideal pinsean dichumais airithe is inioctha ag an Rialtas Breataineach) den Ordu Cumhachta Prainne (Uimh. 381), 1946.

[EN]

Sochair i gcás daoine ba chomhaltaí de na Fórsaí Breataineacha agus atá ag fáil pinsean is iníoctha ag an Rialtas Breataineach i leith díchumais chogaidh.

14.—(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine d'fhónaigh sna Fórsaí Breataineacha agus atá ag fáil pinsin is iníoctha ag an Rialtas Breataineach i leith díchumais chogaidh den ghrád is aoirde, is é sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh aon tsochar breoiteachta ná díchumais iníoctha leis maidir le haon tréimhse éagumais a mbeidh sé ar a feadh ag fáil pinsin den tsórt sin nó i dteideal é a fháil go dtí,—

[EN]

(i) maidir le sochar breoiteachta, go gcruthaí sé, go raibh sé ar fostú, do réir bhrí na nAcht, ó d'fhág sé na Fórsaí Breataineacha ar feadh sé seachtaine fichead, pé acu go leanúnach é nó nach ea, agus gur híocadh sé cinn fhichead de ranníocaíochta seachtainiúla ina leith, agus

[EN]

(ii) maidir le sochar díchumais, go gcruthaí sé, go raibh sé ar fostú do réir bhrí na nAcht, ó d'fhág sé na Fórsaí Breataineacha ar feadh céad agus ceithre seachtaine, pé acu go leanúnach é nó nach ea, agus gur híocadh céad agus ceithre cinn de ranníocaíochta seachtainiúla ina leith;

[EN]

(b) chun críocha athcháiliúcháin chun sochair bhreoiteachta nó dhíchumais, is tuigthe ná raibh sé an fostú in aon tseachtain mura gcruthaí sé gur leor an luach saothair a fuair sé i leith na fostaíochta sin chun cion substainteach dá chostas maireachtana a íoc sa tseachtain sin,

[EN]

(c) nuair a beifear ag ríomh riaráistí ranníocaíocht chun críocha na nAcht ní cuirfear san áireamh aon riaráistí d'fhaibhrigh i rith tréimhse ar bith a bhí sé ó theideal sochair bhreoiteachta agus dhíchumais de bhuaidh an ailt seo.

[EN]

(2) Aon liúntas a dheoin an Rialtas Breataineach i leith díchumais chogaidh do dhuine faoi chúrsa speisialta cóireála liachta, nó faoi chóireáil in aon fhoras nó ar tréineáil i bhforas teicniúil, is tuigthe, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, gur pinsean é is iníoctha leis an duine sin ag an Rialtas Breataineach i leith díchumais chogaidh den ghrád is aoirde.

[EN]

(3) D'ainneoin éinní contrártha dhó sin in aon achtachán eile, ní déanfar an ráta sochair bhreoiteachta nó sochair dhíchumais chun a bhfuil teideal ag duine d'fhónaigh sna Fórsaí Breataineacha agus atá ag fáil pinsin is iníoctha ag an Rialtas Breataineach i leith díchumais chogaidh nach den ghrád is aoirde a laghdú de dhroim amháin an duine sin a bheith ag fáil an phinsin sin.

[EN]

(4) Is tuigthe fo-ailt (1), (2), agus (3) den alt seo a theacht i ngníomh an 14ú lá de Mheitheamh, 1946.

[EN]

Sochair i gcás daoine (nár chomhaltaí de na Fórsaí Breataineacha) atá ag fáil pinsean is iníoctha ag an Rialtas Breataineach i leith díchumais chogaidh.

15.—(1) I gcás aon phinsean a bheith á íoc ag an Rialtas Breataineach i leith díchumais chogaidh le duine árachaithe (seachas duine d'fhónaigh sna Fórsaí Breataineacha), áireofar an pinsean sin, chun críocha na nAcht, amhail is dá mba chúiteamh é faoin Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934).

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 14ú lá de Mheitheamh, 1946.

[EN]

Iocaíochta áirithe sochair bhreoityeachta nó dhíchumais a áireamh mar airleacain agus na híocaíochta sin a aisghabháil.

16.—(1) Má tharlann, faid a beifear ag feitheamh leis an Rialtas Breataineach do dheonadh pinsin i leith díchumais chogaidh do dhuine árachaithe, go n-íocfar leis an duine sin sochar breoiteachta nó díchumais i leith an díchumais chogaidh sin, ansin, sa mhéid gur mó an íocaíocht sin ná an tsuim a bheadh sé i dteideal a fháil do réir ailt 14 nó ailt 15 den Acht seo, is tuigthe gur i bhfoirm airleacain a rinneadh an íocaíocht sin, agus féadfar, gan dochar d'aon mhodh aisghabhála eile, í a aisghabháil trína baint as aon tsochair a thiocfas ina dhiaidh sin chun a bheith iníoctha leis nó trí na sochair sin a fhionraí.

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 14ú lá de Mheitheamh, 1946.

CUID V.

Leasuithe eile ar Acht 1911.

[EN]

Deontas Stáit i leith caiteachais ar shochair agus riarachán.

17.—(1) In ionad an deontais is iníoctha, faoi alt 3 d'Acht 1911 arna leasú le fo-alt (4) d'alt 1 den National Health Insurance Act, 1920, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, íocfar, in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1947, agus in aghaidh gach bliana airgeadais dá éis sin, isteach sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suim is dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais dob iníoctha in aghaidh na bliana sin faoin alt sin 3 arna leasú amhlaidh, dá mba ná hachtófaí an fo-alt seo.

[EN]

(2) An tsuim is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo isteach sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta in aghaidh aon bhliana airgeadais, íocfar amhlaidh í i pé méideanna agus pé trátha i rith na bliana airgeadais sin a chinnfeas an tAire Airgeadais.

[EN]

Alt 54 d'Acht 1911 a leasú.

18.—Déantar leis seo fo-alt (3) d'alt 54 d'Acht 1911, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 28 d'Acht 1923, a leasú trí na focail “or in any of the stocks, funds and securities which are for the time being authorised by law as investments for Post Office Savings Bank funds” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “trust moneys”.

[EN]

An Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1911 a leasú.

19.—(1) Déantar leis seo mír (g) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1911, arna leasú le halt 1 den National Health Insurance Act, 1919, a leasú trí na focail “five hundred pounds” a chur in ionad na bhfocal “two hundred and fifty pounds” mar a bhfuil na focail deiridh sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú chuige sin.