[EN]

Uimhir 9 de 1972


[EN]

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969, DO THABHAIRT FAOISIMH Ó RÁTAÍ I LEITH ÁITRIBH ÁIRITHE ARNA SOLÁTHAR DO GHNÓTHAIS TIONSCAIL, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13 Meitheamh, 1972] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1969, Uimh. 32.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Forbartha Tionscail;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969.

[EN]

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

2.—Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht trí “£200,000,000” a chur in ionad “£100,000,000” gach áit a bhfuil sé.

[EN]

Rátaí a loghadh.

3.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leo, dhá thrian de ráta is intobhaigh acu i leith áitreabh lena mbaineann an t-alt seo a loghadh.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag an loghadh, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, maidir leis an gcéad bhliain airgeadais áitiúil i ndiaidh na bliana inar críochnaíodh soláthar an áitribh don ghnóthas tionscail agus maidir le gach ceann de na chéad naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

[EN]

(3) Má dheimhníonn an tÚdarás, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh an t-áitreabh, ní bheidh éifeacht ag an loghadh maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin.

[EN]

(4) Ní dheonófar loghadh níos mó ná uair amháin i leith an áitribh chéanna.

[EN]

(5) I gcás gan luacháil ar leith a bheith ar áitreabh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón Údarás, cibé cuid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

[EN]

(6) Is feidhmeanna forcoimeádta chun críocha na nAchta um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, na cumhachtaí a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo.

[EN]

(7) Baineann an t-alt seo le háitreabh—

[EN]

(a) ar dheimhnigh an tÚdarás gur tar éis tosach feidhme an Phríomh-Achta, agus gur le haghaidh gnóthais tionscail, a sholáthraigh an tÚdarás é nó a soláthraíodh é trí bhíthin deontas arna thabhairt ag an Údarás, agus

[EN]

(b) atá i limistéar ar dearbhaíodh tráth an áitribh a sholáthar, le hordú faoi alt 6 (1) (c) den Phríomh-Acht, gur limistéar ainmnithe é.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4.—(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1972, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 agus 1972, a ghairm díobh le chéile.