[EN]

Uimhir 1 (Príobháideach) de 1959.


[EN]

ACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM BUIRG LOCH GARMAN (TEORAINN A ATHRÚ), 1959. [3 Márta, 1959.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis an tOrdú um Buirg Loch Garman (Teorainn a Athrú), 1959, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dhéanamh go cuí faoin Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus faoin Local Government (Ireland) Act, 1898, ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é :

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS :—

[EN]

Daingniú.

1.—Daingnítear leis seo an tOrdú um Buirg Loch Garman (Teorainn a Athrú), 1959, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

Gearrtheideal.

2.—Féadfar Acht Daingnithe Ordaithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1959, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

An tOrdú um Buirg Loch Garman (Teorainn a Athrú), 1959.

Alt 1.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le hairteagal 25 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus le fo-alt (3) d'alt 42 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ordaíonn an tAire Rialtais Áitiúil leis seo mar leanas :—

1. An tOrdú um Buirg Loch Garman (Teorainn a Athrú), 1959, is teideal don Ordú seo.

2. (1) San Ordú seo—

ciallaíonn “an Bhuirg” Buirg Loch Garman;

ciallaíonn “an Bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Loch Garman;

ciallaíonn “an Chomhairle Chontae” Comhairle Chontae Loch Garman;

ciallaíonn “an teorainn atá anois ann” teorainn na Buirge mar bheidh sí díreach roimh theacht i ngníomh don Ordú seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “an límistéar aistrithe” an límistéar a thuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo agus

ciallaíonn “an léarscáil luachála” an chóip de leathán 37 XVI (Loch Garman) d'athleagan 1940 ar an léarscáil Shuirbhéireachta Ordanáis (Scála 25.344 orlach in aghaidh an mhíle) a úsáideann an Coimisinéir Luachála chun na teorainneacha a thaispeáint atá le tionóntáin agus oidhreachtáin i dToghroinn Cheantair Loch Garman (Tuath) atá sna liostaí athbhreithnithe de thionóntáin agus oidhreachtáin a chuir an Coimisinéir sin go dtí Rúnaí na Comhairle Contae um an lú lá de Mhárta, 1959.

(2) Sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo—

(a) déanfar tagairt do pháirc a shonraítear trí uimhir a fhorléiriú mar thagairt don pháirc a dtaispeántar gurb í an uimhir sin acraí a hachar ar leathán 37 XVI (Loch Garman) d'athleagan 1940 ar an Léarscáil Shuirbhéireachta Ordónáis atá tarraingte de réir scála 25.344 orlach in aghaidh an mhíle.

(b) ach amháin nuair a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairt do líne a tharraingeofaí ar feadh aon fháil nó bóthair a fhorléiriú mar ní a chiallaíonn líne a tharraingeofaí ar feadh láir an fháil nó an bhóthair.

3. Tiocfaidh an tOrdú seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1959, nó, i gcás gan dlí a dhéanamh, an lá sin nó roimhe, den Acht ag daingniú an Ordaithe seo, cibé lá a cheapfaidh an tAire.

4. (1) Ar an Ordú seo a theacht i ngníomh, beidh an límistéar aistrithe arna bhaint de Cheantar Sláinte Chontae Loch Garman agus beidh sé arna chur leis an mBuirg agus uaidh sin amach scoirfidh an límistéar aistrithe de bheith ina chuid de Cheantar Sláinte Chontae Loch Garman agus folófar an límistéar sin sa Bhuirg agus beidh sé ina chuid di chun gach críche agus beidh teorainn na Buirge athraithe dá réir.

(2) Aon fhoirgneamh a mbeidh teorainn na Buirge mar athraítear an teorainn sin leis an Ordú seo ag dul tríd nó trí aon chuid de measfar é a bheith laistigh den teorainn sin.

5. Ullmhóidh an Coimisinéir Luachála trí chóip de léarscáil a tharraingeofar de réir cibé scála agus ar cibé uimhir de bhilleoga ar leithligh is oiriúnach leis agus a thaispeánfaidh an límistéar aistrithe agus an teorainn atá ann faoi láthair agus séalóidh sé gach ceann faoi leith de na léarscála sin agus taiscfidh ceann de na léarscála i bpríomh-oifig an choimisinéara sin, ceann eile in oifigí an Bhardais agus ceann eile in oifigí na Comhairle Contae.

6. (1) Féadfaidh an Chomhairle Chontae agus an Bardas, trí chomhaontú, aon choigeartú ar mhaoin, cearta agus dliteanais a dhéanamh is gá mar gheall ar an límistéar aistrithe a chur leis an mBuirg.

(2) Mura ndéantar comhaontú, déanfar aon choigeartú den sórt sin ar mhaoin, cearta agus dliteanais ag duine a cheapfaidh an tAire chuige sin.

(3) Beidh éifeacht de réir a théarmaí ag gach coigeartú a dhéanfar faoin airteagal seo agus is coigeartú críochnaitheach dochloíte a bheidh ann.

7. Má thagann an tOrdú seo i ngníomh an lá, nó roimh an lá, in aon bhliain airgeadais áitiúil a ghearrfaidh an Bardas ráta, déanfaidh Rúnaí na Comhairle Contae na liostaí athbhreithnithe de thionóntáin agus oidhreachtáin a chuir an Coimisinéir Luachála go dtí an Rúnaí sin um an chéad lá de Mhárta an bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin a chur, a mhéid a bhainfidh na liostaí sin leis an límistéar aistrithe, go dtí Cléireach Chomhairle na Buirge agus air sin measfar gur liostaí athbhreithnithe ar dá réir a fhéadfaidh an Bardas aon ráta i leith an límistéir aistrithe don bhliain airgeadais sin a ghearradh na liostaí sin.

8. Déanfar an límistéar aistrithe a thaispeáint ar leithligh, cibé slí a ordóidh an tAire, i gclár na dtoghthóirí do Chontae Loch Garman a bheidh i bhfeidhm ar theacht i ngníomh don Ordú seo nó a tiocfaidh i bhfeidhm an chéad 15ú lá d'Aibreán dá éis sin.

AN SCEIDEAL.

Tuairisc an Límistéir de Cheantar Sláinte Chontae Loch Garman atá á aistriú chun Buirge Loch Garman.

Is é an límistéar aistrithe an chuid sin de Cheantar Sláinte Chontae Loch Garman idir an teorainn atá anois ann agus líne a tharraingeofaí mar leanas :—

Ag tosú ag an bpointe a ngearrann an teorainn atá anois ann teorainn thuaidh an Bhaile Nua, as sin siar ó dheas ar feadh teorann an bhaile fearainn sin agus ar feadh teorann thuaidh Bhaile Fearainn an Mhuilinn Bháin Thuaidh go dtí a hacomhal le fál thiar na páirce 1.831 sa bhaile fearainn sin is déanaí a luaitear, as sin soir ó dheas ar feadh an fháil thiar sin go dtí a cheann ag an mbearna ag coirnéal thiar theas na páirce sin, as sin ina líne dhíreach soir ó dheas go dtí acomhal fáil thuaidh agus fáil thiar na páirce 4.299 sa bhaile fearainn sin is déanaí a luaitear, as sin soir ó dheas ar feadh fáil thiar na páirce sin is déanaí a luaitear go dtí a cheann, as sin ina líne dhíreach soir ó dheas go dtí acomhal fáil thuaidh agus fáil thiar na páirce 1.330 i mBaile Fearainn an Mhuilinn Bháin Theas, as sin soir ó dheas ar feadh teorann thiar na páirce sin is déanaí a luaitear agus soir ó dheas, ó dheas agus soir ó dheas, as d'éis a chéile, ar feadh teorann thiar na páirce 3.370 sa bhaile fearainn céanna agus ar aghaidh soir ó dheas ar feadh samhail-fhaidiú soir ó dheas ar fhál thiar na páirce sin is déanaí a luaitear go dtí a acomhal le lár-líne an bhóthair ar a dtugtar New Line Road sa cheantar, as sin soir ó thuaidh ar feadh lár-líne an bhóthair sin go dtí a acomhal le teorainn thuaidh Bhaile Fearainn na Carraige Báine Thuaidh, as sin soir ó thuaidh agus siar ó dheas, faoi seach, ar feadh teorann thuaidh agus teorann thoir an bhaile fearainn sin is déanaí a luaitear go dtí an áit ina dtrasnófaí an teorainn thoir sin le samhail-fhaidiú siar ar an bhfál theas atá le fo-stáisiún Ard-Teannais Bhord Soláthair an Leictreachais atá díreach ó dheas den oidhreachtán atá ar áitiú faoi láthair ag Seán Ó Searcaigh agus ar a dtugtar 44 Bóthar na Drioglainne ar an léarscáil luachála, as sin soir ar feadh an tsamhail-fhaidithe sin agus soir agus ó dheas, as d'éis a chéile, ar feadh fáil theas fostáisiúin sin Bhord Soláthair ar Leictreachais go dtí a acomhal leis an bhfál arb é teorainn thiar na n-oidhreachtán é ar a dtugtar 114 agus 113, Bóthar na Drioglainne ar an léarscáil luachála agus atá ar áitiú faoi láthair, faoi seach, ag Pádraig de Lása agus ag Risteárd Ó Caoláin, as sin ó dheas agus soir ó dheas, as d'éis a chéile, ar feadh an fháil sin is déanaí a luaitear go dtí a acomhal le fál theas an oidhreachtáin sin is déanaí a luaitear, as sin soir ó thuaidh ar feadh an fháil theas sin agus ar feadh fáil theas an oidhreachtáin ar a dtugtar 112, Bóthar na Drioglainne ar an léarscáil luachála agus atá ar áitiú faoi láthair ag Peadar Ó Díomasaigh, go dtí a acomhal le fál thuaidh na páirce 2.650 i mBaile Fearainn na Carraige Báine Theas, as sin soir agus soir ó dheas, faoi seach, ar feadh fáil thuaidh agus fáil thoir na páirce sin is déanaí a luaitear go dtí acomhal an fháil thoir le fál thuaidh na páirce 3.104 sa bhaile fearainn céanna, as sin soir ar feadh an fháil sin is déanaí a luaitear go dtí a acomhal le fál thiar na páirce 2.733 i mBaile Fearainn na Carraige Báine Theas, as sin ó thuaidh ar feadh an fháil thiar sin go dtí a acomhal le fál teorann cúil an oidhreachtáin ar a dtugtar 96, Bóthar na Drioglainne ar an léarscáil luachála agus atá ar áitiú anois ag Seán Ó Cluanaigh, as sin soir ó dheas, soir ó thuaidh, siar ó thuaidh agus ó thuaidh, as d'éis a chéile, ar feadh an fháil arb é teorainn chúil na n-oidhreachtán é ar a dtugtar 96 go 64, go huile, Bóthar na Drioglainne ar an léarscáil luachála go dtí acomhal an fháil teorann cúil sin le fál thoir theas an oidhreachtáin ar a dtugtar 63, Bóthar na Drioglainne ar an léarscáil luachála agus atá rátaithe in ainm Phóil Uí Aonghusa, as sin soir ó thuaidh ar feadh an fháil sin is déanaí a luaitear go dtí a acomhal le fál theas an oidhreachtáin ar a dtugtar 2, Bóthar na Drioglainne ar an léarscáil luachála agus atá ar áitiú faoi láthair ag Labhrás Ó Néill, as sin soir ó thuaidh ar feadh an fháil sin is déanaí a luaitear agus ar feadh an fháil arb é teorainn theas na n-oidhreachtán é ar a dtugtar 1, Bóthar na Drioglainne agus 4Bb i mBaile Fearainn na Carraige Báine Theas ar an léarscáil luachála a bhfuil an dá oidhreachtán acu ar áitiú anois ag W. Goodison agus ar aghaidh sa treo chéanna ar feadh an fháil theorann theas sin mar théann sé soir ó thuaidh agus ar feadh a shamhail-fhaidithe soir ó thuaidh go dtí an áit ina dtrasnódh an teorainn atá anois ann é.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Rialtais Áitiúil an Séú lá Déag seo d'Eanáir, Míle Naoi gCéad Caoga a Naoi.

NIALL BLÉINE,

Aire Rialtais Áitiúil.