[EN]

Uimhir 2 (Príobháideach) de 1953.


[EN]

AN tACHT UM AN OSPIDÉAL RÍOGA DO DHOLEIGHSIGH, BAILE ÁTHA CLIATH (LEASÚ CAIRTE), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT DO LEASÚ NA gCAIRTEACHA FAOINA bhFUIL RIALTOIRI AGUS CAOMHNÓIRÍ AN OSPIDÉIL RÍOGA DO DHOLEIGHSIGH, BAILE ÁTHA CLIATH, CORPRAITHE IONAS GO bhFÉADFAIDH NA RIALTÓIRÍ SIN ÍOCAÍOCHT AGUS TÁILLÍ A GHLACADH AGUS D'ÉILEAMH AS OTHAIR A CHOTHABHÁIL SAN OSPIDÉAL SIN. [22ú Aibreán, 1953.]

Brolach.

DE BHRÍ go ndearnadh an tOspidéal Ríoga do Dholeighsigh, Baile Atha Cliath, a bhfuil a shuíomh i nDomhnach Broc a bhí tráth i gContae Bhaile Atha Cliath ach tá anois i gCathair Bhaile Atha Cliath, a bhunú blianta roimh an mbliain 1800 chun go dtairbheodh do na Boicht i gCathair Bhaile Atha Cliath agus ina haice ar a raibh éalaingí a dearbhaíodh a bheith doleighiste, trí bheathú, iostas, éadach agus cothabháil a thabhairt do na daoine bochta sin agus Cúnamh Liachta agus Máinliachta, Cógaisí Leighis agus gach aon tsórt riachtanais a sholáthar dóibh gan táille gan luaíocht.

AGUS DE BHRÍ trí Chairt nó Litreacha Paitinne faoi Shéala Mór na hÉireann dár dáta an 7ú lá d'Eanáir 1800 a dheoin a Shoilse nach maireann Rí Seoirse a Trí go ndearnadh daoine áirithe a hainmníodh ansin agus pé daoine eile a bheadh nó a toghfaí ina gcomhaltaí den Chorparáid ó am go ham sa mhodh a treoraíodh ansin ina dhiaidh sin a chorprú san aon chomhlucht polaiticeach agus corpraithe amháin faoin ainm “The Governors and Guardians of the Hospital for Incurables near the City of Dublin” agus tríd an gCairt gur tugadh cumhachta áirithe don Chorparáid agus go ndearnadh forála áirithe i gcóir rialú agus bainistí ghinearálta an Ospidéil.

AGUS DE BHRÍ trí Chairt Fhorlíontach nó Litreacha Paitinne Forlíontacha faoi Shéala Mór na hÉireann dár dáta an 13ú lá d'Aibreán 1886 a dheoin a Soilse nach maireann an Bhainríon Victoria gur hordaíodh agus gur cinneadh go leanfadh an tOspidéal adúradh de bheith ann chun bheith ag tabhairt beathú, iostais, éadaigh agus cothabhála do dhaoine bochta ar a raibh nó ar a mbeadh éalaingí a dhearbhaigh údarás cáilithe liachta a bheith doleighiste agus chun bheith ag soláthar cúnaimh liachta agus máinliachta, cógaisí leighis agus gach sórt riachtanais dóibh gan táille gan luaíocht.

AGUS DE BHRÍ trí Cheadúnas Ríoga dár dáta an 25ú lá de Mheiteamh 1887 gur hathraíodh ainm an Ospidéil go dtí “The Royal Hospital for Incurables, Dublin.”

AGUS DE BHRÍ toisc caiteachais an Ospidéil a dhul i méid agus a bheith níos mó ná a ioncam go bhfuil sé foirstineach go mbeadh de chead ag Rialtóirí agus Caomhnóirí an Ospidéal íocaíocht agus táillí a ghlacadh agus d'éileamh as othair a chothabháil san Ospidéal agus chuige sin go leasófaí mar foráltar anseo ina dhiaidh seo an Chairt Fhorlíontach den 13ú lá d'Aibreán 1886.

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé foirstineach go leasófaí mar foráltar anseo ina dhiaidh seo an chumhacht chun athrú, neamhniú, cúlghairm agus cealú a dhéanamh ar na fo-dhlithe a bhaineas le rialú, follúnú agus tairbhiú na Corparáide sin agus maoine agus cúrsaí na Corparáide sin agus le bainistí an Ospidéil sin agus atá sa Chairt Fhorlíontach den 13ú lá d'Aibreán 1886.

AGUS DE BHRÍ nach féidir éifeacht a thabhairt don chríoch réamhráite gan údarás an Oireachtais.

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS :—

[EN]

Mínithe.

An Chairt.

1.—San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt ciallaíonn an abairt “an Chairt” Cairt Ríoga Corpruithe Rialtóirí agus Caomhnóirí an Ospidéil do Dholeighsigh in aice Bhaile Atha Cliath dár dáta an 7ú lá d'Eanáir 1800.

[EN]An Chairt Fhorlíontach.

Ciallaíonn an abairt “an Chairt Fhorlíontach” an Chairt Ríoga dár dáta an 13ú lá d'Aibreán 1886 a leasaigh agus a leathnaigh téarmaí na Cairte.

[EN]An Chorparáid.

Ciallaíonn an abairt “an Chorparáid” an comhlucht corpraithe a bunaíodh leis an gCairt.

[EN]

Leasú ar Chlásal 1 den Chairt Fhorlíontach.

2.—Déanfar Clásal 1 den Chairt Fhorlíontach a léamh agus d'fhorléiriú amhail is dá scriostaí na focail “without fee or reward” san áit a bhfuilid ag deireadh an Chlásail sin.

[EN]

Leasú ar Chlásal 5 den Chairt Fhorlíontach.

3.—Déanfar Clásal 5 den Chairt Fhorlíontach a leasú trí na focail seo a leanas a scrios as, is é sin le rá: “and it is our will and pleasure that all such bye-laws be approved by our Chancellor of Ireland, the Chief Justice of the Queen's Bench Division and the Master of the Rolls in Ireland or their successors in office or any one or more of them and so as such bye-laws be agreeable to the Laws and Statutes of our realm and the said Charter” agus trí na focail seo a leanas a chur ina n-ionad, is é sin le rá: “that all such bye-laws be agreeable to the laws and statutes of Ireland and the said Charter and be approved by the Chief Justice for the time being, the President of the High Court for the time being and the Senior Ordinary Judge for the time being of the Supreme Court or any one or more of them and that the same shall have been furnished to the Minister for Health at least fourteen days prior to the date upon which the same is submitted for approval as aforesaid with a request that he should lay the same before each House of the Oireachtas.”

[EN]

Daingniú ar an gCairt agus ar an gCairt Fhorlíontach arna leasú.

4.—Ach amháin sa mhéid a leasaítear leis seo iad, beidh ag an gCairt agus ag an gCairt Fhorlíontach, agus fanfaidh acu, lánfheidhm agus lán-éifeacht.

[EN]

Costais an Achta.

5.—Íocfaidh an Chorparáid as cistí na Corparáide an costas, na muirir agus na caiteachais faoina ndeachthas roimh ré chun an tAcht seo d'ullmhú, d'fháil agus a rith agus a bhain agus a ghabh lena ullmhú, lena fháil agus lena rith.

[EN]

Gearrtheideal.

6.—Féadfar an tAcht um an Ospidéal Ríoga do Dholeighsigh, Baile Atha Cliath (Leasú Cairte), 1953, a ghairm den Acht seo.