Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 10 de 1945.


[EN]

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT CHUN NA hACHTA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1944, DO BHUANÚ AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [27ú Márta, 1945.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Minithe agus léiriú.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923), arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin;

[EN]

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1944;

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht Uimh. 2 de 1940” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 11 de 1940);

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1942” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1942 (Uimh. 3 de 1942);

[EN]

ciallaíonn an abairt “fruiliú éigeandála” fruiliú duine do liostáladh fá alt 24 d'Acht Uimh. 2 de 1940.

[EN]

(2) Déanfar na hAchta agus an tAcht so do léamh agus do léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt atá san Acht so agus dá gceaptar brí áirithe sna hAchta chun críocha na nAcht tá leo san Acht so an bhrí ceaptar dóibh amhlaidh.

[EN]

Na hAchta do bhuanú.

2.—Leanfaidh na hAchta, arna leasú agus arna leathnú ag an Acht so, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1946, agus raghaid in éag ansan.

[EN]

Saighdiúirí bheas ag fónamh ar feadh tréimhse éigeandála do liostáil fá Chaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht.

3.—Más mian le saighdiúir de na Fórsaí bheas ag fónamh fá fhruiliú éigeandála go ndéanfaí é d'athliostáil trína liostáil ina shaighdiúir de na Fórsaí fá alt 144 den Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ag fó-alt (1) d'alt 148 den Phríomh-Acht maidir leis;

[EN]

(b) beidh feidhm ag fó-alt 2 den alt san 148 maidir leis fé is dá bhfágtaí as na focail “ar seirbheáladh an fógra air agus a dtuigeann sé é agus”;

[EN]

(c) féadfar é d'athliostáil amhlaidh gan é scaoileadh as an tseirbhís fá aon fhoráil de na hAchta nó de na rialacháin arna ndéanamh fúthu bhaineas le scaoileadh as an tseirbhís;

[EN]

(d) má athliostálann sé amhlaidh, beidh feidhm ag Caibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht maidir leis, fá réir na modhnuithe seo leanas—

[EN]

(i) féadfar an tréimhse bheas tugtha cheana aige fána fhruiliú éigeandála nuair athliostálfaidh sé amhlaidh d'áireamh mar chuid den tréimhse dá n-athliostálfaidh sé amhlaidh,

[EN]

(ii) an tréimhse dá n-athliostálfaidh sé amhlaidh, is tuigthe, chun críocha na Caibidle sin V gurb é téarma a liostála bunaidh é,

[EN]

(iii) ní bheidh feidhm ag fó-alt (5) d'alt 148 den Phríomh-Acht maidir leis ach amháin chun críocha fó-ailt (1) d'alt 164 den Phríomh-Acht,

[EN]

(iv) an dáta is dáta a theistithe chun críocha Caibidle II de Chuid IV d'Acht Uimh. 2 de 1940, is tuigthe, ach amháin chun críocha fó-ailt (1) d'alt 164 den Phríomh-Acht, gurb é dáta a theistithe agus dáta a théarma liostála bhunaidh é,

[EN]

(v) ní bheidh feidhm ag alt 149 den Phríomh-Acht maidir leis;

[EN]

(e) má athliostálann sé amhlaidh—

[EN]

(i) an tréimhse bheas tugtha cheana aige fána fhruiliú éigeandála díreach roimh é d'athliostáil amhlaidh, is tuigthe, chun críocha na nAcht agus na rialachán arna ndéanamh fúthu, í bheith tugtha fá liostáil fá alt 144 den Phríomh-Acht le haghaidh seirbhíse airm don tréimhse sin,

[EN]

(ii) is tuigthe, air sin, a fhruiliú éigeandála do bheith arna fhoirceannadh.

[EN]

Cúltacairí do glaodhadh amach ar buan-tseirbhís do liostáil fá Chaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht.

4.—Más mian le duine is saighdiúir de na Fórsaí, de bhuaidh é ghlaodhach amach mar dhuine den Chúltaca Fear ar buantseirbhís leis na Fórsaí, go ndéanfaí é d'athliostáil trína liostáil ina shaighdiúir de na Fórsaí fá alt 144 den Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ag fó-alt (1) d'alt 148 den Phríomh-Acht maidir leis;

[EN]

(b) beidh feidhm ag fó-alt (2) den alt san 148 maidir leis fé is dá bhfágtaí as na focail “ar seirbheáladh an fógra air agus a dtuigeann sé é agus”;

[EN]

(c) féadfar é d'athliostáil amhlaidh gan é scaoileadh as an tseirbhís fá aon fhoráil de na hAchta nó de na rialacháin arna ndéanamh fúthu bhaineas le scaoileadh as an tseirbhís;

[EN]

(d) má athliostálann sé amhlaidh, beidh feidhm ag Caibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht maidir leis, fá réir na modhnuithe seo leanas—

[EN]

(i) féadfar an tréimhse bheas tugtha cheana aige i seirbhís airm ón dáta deiridh do láithrigh sé le haghaidh buan-tseirbhíse d'áireamh mar chuid den tréimhse dá n-athliostálfaidh sé amhlaidh,

[EN]

(ii) an tréimhse dá n-athliostálfaidh sé amhlaidh, is tuigthe, chun críocha na Caibidle sin V, gurb é téarma a liostála bunaidh é,

[EN]

(iii) ní bheidh feidhm ag fó-alt (5) d'alt 148 den Phríomh-Acht maidir leis ach amháin chun críocha fó-ailt (1) d'alt 164 den Phríomh-Acht,

[EN]

(iv) an dáta deiridh do láithrigh sé le haghaidh buantseirbhíse, is tuigthe, ach amháin chun críocha fó-ailt (1) d'alt 164 den Phríomh-Acht, gurb é dáta a theistithe agus dáta a théarma liostála bhunaidh é,

[EN]

(v) ní bheidh feidhm ag alt 149 den Phríomh-Acht maidir leis;

[EN]

(e) má athliostálann sé amhlaidh—

[EN]

(i) an tréimhse bheas tugtha cheana aige ón dáta deiridh do láithrigh sé le haghaidh buantseirbhíse, is tuigthe, chun críocha na nAcht agus na rialachán arna ndéanamh fúthu, í bheith tugtha fá liostáil fá alt 144 den Phríomh-Acht le haghaidh seirbhíse airm don tréimhse sin,

[EN]

(ii) is tuigthe, air sin, a shean-fhruiliú agus aon fhaidiú air de bhuaidh fó-ailt (1) d'alt 7 d'Acht 1942 do bheith arna fhoirceannadh.

[EN]

Saighdiúirí d'aistriú ó chór go chéile.

5.—(1) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le saighdiúir de na Fórsaí a bheas arna liostáil nó arna athliostáil, pé acu roimh dháta an Achta so do rith nó dá éis é, le haghaidh seirbhíse generálta, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás gur giorra ná deich mbliana a sheirbhís airm sa chór ina mbeidh sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar, le linn a sheirbhíse airm, é d'aistriú chun cóir eile le hordú ón údarás míleata ordaithe,

[EN]

(b) i gcás gur deich mbliana nó níos mó a sheirbhís airm sa chór ina mbeidh sé ag fónamh de thuras na huaire féadfar, le linn a sheirbhíse airm, é d'aistriú chun cóir eile, le hordú ón údarás míleata ordaithe más rud é, agus amháin más rud é—

[EN]

(i) go dtoilí sé leis an aistriú san, nó

[EN]

(ii) go mbeidh forógra á ordú an Cúltaca do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís i bhfeidhm de thuras na huaire.

[EN]

(2) I gcás saighdiúir de na Fórsaí do liostáil nó d'athliostáil go speisialta, pé acu roimh dháta an Acht so do rith nó dá éis é, le haghaidh seirbhíse i gcór áirithe féadfar, le linn a sheirbhíse airm, é d'aistriú chun cóir eile le hordú ón údarás míleata ordaithe más rud é, agus amháin más rud é, go dtoilí sé leis an aistriú san.

[EN]

(3) San alt so tá leis an abairt “an t-údarás míleata ordaithe” an bhrí chéanna atá léi i gCaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht.

[EN]

(4) (a) Athghairmtear leis seo alt 151 den Phríomh-Acht.

[EN]

(b) I bhfó-alt (2) d'alt 223 den Phríomh-Acht scriosfar na focail “agus laistigh de thrí mhí tar éis an ceapadh san do dhéanamh féadfaidh an t-údarás míleata ordaithe sin é aistriú chun aon chóir eile de na Fórsaí.”

[EN]

Alt 55 d'Acht Uimh. 2 de 1940 do leasú.

6.—In alt 55 d'Acht Uimh. 2 de 1940, cuirfear an mhír seo leanas in ionad míre (d), sé sin le rá:—

[EN]

“(d) beidh Liost Fórsaí Cosanta nó Iris Fórsaí Cosanta nó Iris Fórsaí Cosanta (clóbhuailte nó roth-ghraftha) a bhéarfas le tuigsint é bheith arna thabhairt amach fá údarás an Aire ag an Aidiútant Generálta ina fhianaise ar staid agus céim na n-oifigeach a bheas luaite ann agus ar aon cheapachán a bheas ag na hoifigigh sin agus ar an gcór nó an cath nó ar an gCór nó an tSeirbhís lena mbaineann na hoifigigh sin;”.

[EN]

Alt 4 d'Acht 1942 do leasú.

7.—I bhfó-alt (3) d'alt 4 d'Acht 1942, scriosfar na focail “agus an t-ordú san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil”.

[EN]

Gearr-theideal agus comhluadh.

8.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1945, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1945, do ghairm de na hAchta agus den Acht so le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 10 of 1945.


[GA]

DEFENCE FORCES (TEMPORARY PROVISIONS) ACT, 1945.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions and construction.

2.

Continuance of the Acts.

3.

Enlistment under Chapter V of Part II of the Principal Act of soldiers serving for a period of emergency.

4.

Enlistment under Chapter V of Part II of the Principal Act of reservists called out on permanent service.

5.

Transfer of soldiers from one corps to another.

6.

Amendment of section 55 of the No. 2 Act of 1940.

7.

Amendment of section 4 of the Act of 1942.

8.

Short title and collective citation.


Acts Referred to

Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923

No. 30 of 1923

Defence Forces (Temporary Provisions) (No. 2) Act, 1940

No. 11 of 1940

Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1942

No. 3 of 1942

harp.jpg


Number 10 of 1945.


DEFENCE FORCES (TEMPORARY PROVISIONS) ACT, 1945.


AN ACT TO CONTINUE, AMEND AND EXTEND THE DEFENCE FORCES (TEMPORARY PROVISIONS) ACTS, 1923 TO 1944. [27th March, 1945.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions and construction.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the expression “the Principal Act” means the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 30 of 1923), as amended by any subsequent enactment;

[GA]

the expression “the Acts” means the Defence Forces (Temporary Provisions) Acts, 1923 to 1944;

[GA]

the expression “the No. 2 Act of 1940” means the Defence Forces (Temporary Provisions) (No. 2) Act, 1940 (No. 11 of 1940);

[GA]

the expression “the Act of 1942” means the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1942 (No. 3 of 1942);

[GA]

the expression “emergency engagement” means the engagement of a person enlisted under section 24 of the No. 2 Act of 1940.

[GA]

(2) The Acts and this Act shall be read and construed together and accordingly every expression and word used in this Act to which a particular meaning is given in the Acts for the purposes of the Acts has in this Act the meaning so given.

[GA]

Continuance of the Acts.

2.—The Acts, as amended and extended by this Act, shall continue in force until the 31st day of March, 1946, and shall then expire.

[GA]

Enlistment under Chapter V of Part II of the Principal Act of soldiers serving for a period of emergency.

3.—Where a soldier of the Forces serving on an emergency engagement desires to be re-enlisted by enlisting as a soldier of the Forces under section 144 of the Principal Act, the following provisions shall have effect, that is to say:—

[GA]

(a) subsection (1) of section 148 of the Principal Act shall not apply in respect of him;

[GA]

(b) subsection (2) of the said section 148 shall apply in respect of him as if the words “whether he has been served with and understands the notice and” were omitted therefrom;

[GA]

(c) he may be so re-enlisted without being discharged from the service under any provision of the Acts or the regulations made thereunder relating to discharge from the service;

[GA]

(d) if he so re-enlists, Chapter V of Part II of the Principal Act shall apply in respect of him, subject to the following modifications—

[GA]

(i) the period already served by him on his emergency engagement when he so re-enlists may be reckoned as included in the period for which he so re-enlists,

[GA]

(ii) the period for which he so re-enlists shall be deemed, for the purposes of the said Chapter V, to be the term of his original enlistment,

[GA]

(iii) save for the purposes of subsection (1) of section 164 of the Principal Act, subsection (5) of section 148 of the Principal Act shall not apply in respect of him,

[GA]

(iv) the date, which is for the purposes of Chapter II of Part IV of the No. 2 Act of 1940 the date of his attestation, shall, except for the purposes of sub-section (1) of section 164 of the Principal Act, be deemed to be the date of his attestation and the date of his original term of enlistment,

[GA]

(v) section 149 of the Principal Act shall not apply in respect of him;

[GA]

(e) if he so re-enlists—

[GA]

(i) the period already served by him under his emergency engagement immediately before he so re-enlists shall be deemed, for the purposes of the Acts and the regulations made thereunder, to have been served under an enlistment under section 144 of the Principal Act for army service for that period,

[GA]

(ii) his emergency engagement shall thereupon be deemed to have been terminated.

[GA]

Enlistment under Chapter V of Part II of the Principal Act of reservists called out on permanent service.

4.—Where a person, who is a soldier of the Forces by virtue of his having as a man of the Reserve of Men been called out on permanent service with the Forces, desires to be re-enlisted by enlisting as a soldier of the Forces under section 144 of the Principal Act, the following provisions shall have effect, that is to say:—

[GA]

(a) subsection (1) of section 148 of the Principal Act shall not apply in respect of him;

[GA]

(b) subsection (2) of the said section 148 shall apply in respect of him as if the words “whether he has been served with and understands the notice and” were omitted therefrom;

[GA]

(c) he may be so re-enlisted without being discharged from the service under any provision of the Acts or the regulations made thereunder relating to discharge from the service;

[GA]

(d) if he so re-enlists, Chapter V of Part II of the Principal Act shall apply in respect of him, subject to the following modifications—

[GA]

(i) the period already served by him in army service since he last reported for permanent service may be reckoned as included in the period for which he so re-enlists,

[GA]

(ii) the period for which he so re-enlists shall be deemed, for the purposes of the said Chapter V, to be the term of his original enlistment,

[GA]

(iii) save for the purposes of subsection (1) of section 164 of the Principal Act, subsection (5) of section 148 of the Principal Act shall not apply in respect of him,

[GA]

(iv) the date of his last reporting for permanent service shall, except for the purposes of subsection (1) of section 164 of the Principal Act, be deemed to be the date of his attestation and the date of his original term of enlistment,

[GA]

(v) section 149 of the Principal Act shall not apply in respect of him;

[GA]

(e) if he so re-enlists—

[GA]

(i) the period already served by him since his last reporting for permanent service shall be deemed, for the purposes of the Acts and the regulations made thereunder, to have been served under an enlistment under section 144 of the Principal Act for army service for that period,

[GA]

(ii) his former engagement and any extension thereof by virtue of subsection (1) of section 7 of the Act of 1942, shall thereupon be deemed to have been terminated.

[GA]

Transfer of soldiers from one corps to another.

5.—(1) The following provisions shall apply in respect of a soldier of the Forces enlisted or re-enlisted, whether before or after the passing of this Act, for general service, that is to say—

[GA]

(a) in case his army service in the corps in which he is for the time being serving is less than ten years, he may, during his army service, be transferred by order of the prescribed military authority to another corps,

[GA]

(b) in case his army service in the corps in which he is for the time being serving is ten years or more he may, during his army service, be transferred by order of the prescribed military authority to another corps, if, but only if,—

[GA]

(i) he consents to such transfer, or

[GA]

(ii) a proclamation ordering the Reserve to be called out on permanent service is for the time being in force.

[GA]

(2) Where a soldier of the Forces is specially enlisted or re-enlisted, whether before or after the passing of this Act, for service in a particular corps, he may, during his army service, be transferred by order of the prescribed military authority to another corps, if, but only if, he consents to such transfer.

[GA]

(3) In this section the expression “the prescribed military authority” has the same meaning as in Chapter V of Part II of the Principal Act.

[GA]

(4) (a) Section 151 of the Principal Act is hereby repealed.

[GA]

(b) In subsection (2) of section 223 of the Principal Act, the words “and the said prescribed military authority may within three months after such appointment transfer him to any other corps of the Forces” shall be deleted.

[GA]

Amendment of section 55 of the No. 2 Act of 1940.

6.—In section 55 of the No. 2 Act of 1940, the following paragraph shall be substituted for paragraph (d), that is to say:—

[GA]

“(d) a Defence Force List or Defence Force Gazette (whether printed or cyclostyled) purporting to be issued under the authority of the Minister by the Adjutant General shall be evidence of the status and rank of the officers therein mentioned and of any appointment held by such officers and of the corps or battalion or the Corps or Service to which such officers belong;”.

[GA]

Amendment of section 4 of the Act of 1942.

7.—In subsection (3) of section 4 of the Act of 1942, the words “and published in Iris Oifigiúil” shall be deleted.

[GA]

Short title and collective citation.

8.—(1) This Act may be cited as the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1945.

[GA]

(2) The Acts and this Act may be cited together as the Defence Forces (Temporary Provisions) Acts, 1923 to 1945.