Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 11 de 1937.
ACHT UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1937.
[2adh Abrán, 1937.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935);
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.
“An lá ceaptha.”
2.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.
(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.
Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.
3.—(1) Leasuítear leis seo alt 2 den Phríomh-Ácht tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(3) Tuigfear chun crícheanna an Achta so leanbh do bheith fé bhun na haoise ceaptha ar feadh gach tréimhse fé leith acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) tréimhse ar bith go mbeidh an leanbh san fé bhun cheithre bliana déag d'aois ar a feadh;
(b) tréimhse ar bith, idir an lá roimh an dáta ar a slánóidh an leanbh san ceithre bliana déag d'aois agus an dáta ar a slánóidh an leanbh san sé bliana déag d'aois—
(i) go mbeidh an leanbh san, no go dtuigfear é bheith, do réir rialachán (a húdaruítear leis seo don Aire a dhéanamh le hordú), fé theagasc lánaimsire ar a feadh i scoil lae, no
(ii) ná beidh an leanbh san, de dheascaibh laige cuirp no aigne, ábalta ar a feadh ar theagasc lánaimsire do ghlacadh i scoil lae ná ar a ghabháil le haon tslí bheatha le n-a ngabhann luach saothair.”
(2) Athghairmtear leis seo an míniú tugtar ar an abairt “an aois cheaptha” i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht.
Alt 3 den Phríomh-Acht do leasú.
4.—Leasuítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1) atá anois ann, agus léireofar an Príomh-Acht agus alt 18 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta agus um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1936 (Uimh. 12 de 1936), agus beidh éifeacht acu dá réir sin, sé sin le rá:—
“(1) San Acht so—
foluíonn an focal ‘leanbh’ leas-leanbh, agus, maidir le fear, leanbh mí-dhlisteanach, leis féin no le n-a mhnaoi chéile, do bhí in éintigheas leis an tráth do fuair seisean bás;
foluíonn an focal ‘dílleachtaí’ (i dteanta leanbh go bhfuil a athair agus a mháthair marbh) leanbh mí-dhlisteanach go bhfuil a mháthair marbh agus nach fios cé hé a athair.”
Alt 4 den Phríomh-Acht do leasú.
5.—Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht tré sna focail “no más deimhin leis an Aire, maidir le haon fhostaíocht a bheidh do réir na gcoinníollacha luaidhtear i gclás (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt so, ná beadh sé oiriúnach, ag féachaint do chineál na fostaíochta san, an fhostaíocht san do bheith ina fostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so” do chur isteach ann i ndiaidh na bhfocal “leis an Acht so.”
Alt 6 den Phríomh-Acht do leasú.
6.—Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht tré sna focail “agus a húsáidtear le haghaidh talmhaíochta amháin” do scriosadh amach, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Dáta feidhmiúcháin móráireamh daoine chun crícheanna ailt 7 den Phríomh-Acht.
7.—(1) Chun an mhóráirimh daoine gurb é an móráireamh is déanaí den tsórt san é do réir bhrí fho-ailt (2) d'alt 7 den Phríomh-Acht do chinneadh, déanfaidh an tAire, pé uair a beifear tar éis móráireamh do dhéanamh ar na daoine i Saorstát Éireann, a dheimhniú le hordú cadé an dáta do foillsíodh toradh an mhóráirimh sin, agus tuigtear chun na críche sin adubhradh, ach ní níos sia ná san ná ar shlí eile, gach móráireamh den tsórt san do dhéanamh ar dháta an fhoillsithe bheidh deimhnithe amhlaidh alos an mhóráirimh sin.
(2) Pé uair a gheobhfar amach, ar mhóráireamh do dhéanamh ar na daoine i Saorstát Éireann, nach mó ná seacht míle líon daoine bailecheanntair do taisbeánadh leis an móráireamh deiridh roimhe sin den tsórt san do bheith níos mó ná seacht míle, leanfaidh an bailecheanntar san, d'ainneoin an laigheaduithe sin ar a líon daoine, de bheith ina bhaile-líomatáiste chun crícheanna an Phríomh-Achta go dtí an chéad Aoine (ach gan an Aoine sin d'áireamh) sa chéad mhí Eanair i ndiaidh dáta an fhoillsithe bheidh deimhnithe fén alt so alos an mhóráirimh sin agus scuirfidh ar an Aoine sin do bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna san.
(3) Pé uair a gheobhfar amach, ar mhóráireamh do dhéanamh ar na daoine i Saorstát Éireann, gur mó ná seacht míle líon daoine bailecheanntair do taisbeánadh leis an móráireamh deiridh roimhe sin den tsórt san do bheith níos lugha ná seacht míle, leanfaidh an bailecheanntar san, d'ainneoin an mhéaduithe sin ar a líon daoine, de bheith gan bheith ina bhaile-líomatáiste chun crícheanna an Phríomh-Achta go dtí an chéad Aoine (ach gan an Aoine sin d'áireamh) sa chéad mhí Eanair i ndiaidh dáta an fhoillsithe bheidh deimhníthe fén alt so alos an mhóráirimh sin agus tiocfaidh ar an Aoine sin chun bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna san.
(4) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige an 1adh lá d'Eanar, 1936, agus ón lá san amach, agus dá réir sin beidh feidhm agus éifeacht aige maidir leis an móráireamh do rinneadh ar na daoine i Saorstát Éireann sa bhliain 1936.
Alt 10 den Phríomh-Acht do leasú.
8.—Leasuítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
(a) tré sna focail “agus, fós, do bheith de ghnáth i rith na tréimhse sin ina shíntiúsaire fhostaithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san i ndiaidh na bhfocal “na tréimhse oiriúnaighe”, agus
(b) tré sna focail “no de ghnáth ina shíntiúsaire fhostaithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” do chur isteach i bhfo-alt (3) den alt san i ndiaidh na bhfocal “i bhfostaíocht talmhaíochta”.
Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.
9.—Leasuítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
(a) tré sna focail “agus, fós, do bheith de ghnáth i rith na tréimhse sin ina shíntiúsaire fhostaithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san i ndiaidh na bhfocal “na tréimhse oiriúnaighe”, agus
(b) tré sna focail “no de ghnáth ina shíntiúsaire fhostaithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” do chur isteach i bhfo-alt (3) den alt san i ndiaidh na bhfocal “i bhfostaíocht talmhaíochta”.
Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú.
10.—Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 14 den Phríomh-Acht tré sna focail “ar feadh aon tréimhse faid a bheidh an leanbh, gur ina thaobh a bheidh an liúntas san iníoctha, fé bhun na haoise ceaptha agus ní hin aon chás eile” do chur in ionad na bhfocal “go dtí go mbeidh an aois cheaptha slán ag an leanbh gur ina thaobh a bheidh an liúntas san iníoctha agus scuirfidh ansan”, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Ailt 15 agus 18 den Phríomh-Acht d'athghairm.
11.—(1) Athghairmtear leis seo ailt 15 agus 18 den Phríomh-Acht.
(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.
Alt 19 den Phríomh-Acht do leasú.
12.—(1) Leasuítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht tré sna focail go léir i ndiaidh an fhocail “iníoctha” do scriosadh amach as agus na focail “le gach baintrigh” do chur isteach ina n-ionad, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.
Alt 21 den Phríomh-Acht do leasú.
13.—(1) Leasuítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht tré sna focail “seasca bliain” do scriosadh amach as agus na focail “cúig bliana caogad” do chur isteach ina n-ionad, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.
Alt 22 den Phríomh-Acht do leasú.
14.—(1) Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 22 den Phríomh-Acht tré sna focail “naoi mbliana caogad” do scriosadh amach as agus na focail “ceithre bliana caogad” do chur isteach ina n-ionad agus tré sna focail “seasca bliain” do scriosadh amach as agus na focail “cuig bliana caogad” do chur isteach ina n-ionad, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.
Alt 23 den Phríomh-Acht do leasú.
15.—Leasuítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur i ndeireadh an ailt sin, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(4) Má bhíonn pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe á fháil ag mnaoi agus go dtiocfaidh atharú ar a hacfuinn ghlan sheachtainiúil i dtreo gur cheart do réir an ailt seo—
(a) an pinsean san do mhéadú, no
(b) an pinsean san do laigheadú, no
(c) don phinsean san scur,
oibreoidh an méadú, an laigheadú no an scur san (do réir mar a bheidh) ón lá sa tseachtain go mbeidh orduithe gurb é an lá sa tseachtain é ar a mbeidh íocaíochtaí seachtainiúla pinsean (neashíntiúsach) baintreach le déanamh agus is túisce thiocfaidh tar éis d'oifigeach breithiúnachta a bhreith do thabhairt á rá go bhfuil an t-atharú san tagtha.”
Alt 24 den Phríomh-Acht do leasú.
16.—(1) Leasuítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht tré sna focail go léir i ndiaidh an fhocail “iníoctha” do scriosadh amach as agus na focail “alos gach dílleachtaí bheidh, de thurus na huaire, fé bhun na haoise ceaptha” do chur isteach ina n-ionad, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.
Alt 26 den Phríomh Acht do leasú.
17.—Leasuítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur i ndeireadh an ailt sin, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(5) Má bhíonn pinsean (nea-shíntiúsach) dílle achtaí iníoctha alos dílleachtaí ar bith agus go dtiocfaidh atharú ar acfuinn ghlan sheachtainiúil an dílleachtaí sin i dtreo gur cheart do réir an ailt seo—
(a) an pinsean san do mhéadú, no
(b) an pinsean san do laigheadú, no
(c) don phinsean san scur,
oibreoidh an méadú, an laigheadú, no an scur san (do réir mar a bheidh) ón lá sa tseachtain go mbeidh orduithe gurb é an lá sa tseachtain é ar a mbeidh íocaíochtaí seachtainiúla pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaithe le déanamh agus is túisce thiocfaidh tar éis d'oifigeach breithiúnachta a bhreith do thabhairt á rá go bhfuil an t-atharú san tagtha.”
Alt 29 den Phríomh-Acht do leasú.
18.—(1) Ní oibreoidh éinní atá in alt 29 den Phríomh-Acht chun a chosc, i gcás duine bheidh ina chomhnaí ar feadh tréimhse ar bith lasmuich de Shaorstát Éireann—
(a) pinsean do dheonadh don duine sin no ina thaobh má rinneadh éileamh ar an bpinsean san roimh an duine sin do theacht chun bheith ina chomhnaí amhlaidh, ná
(b) pinsean a deonfar de bhuadh na míre deiridh sin roimhe seo d'íoc in aghaidh tréimhse ar bith roimh an duine sin do theacht chun bheith ina chomhnaí amhlaidh (ach ní dá éis sin), ná
(c) aon riaráiste de phinsean a deonadh don duine sin no ina thaobh (is riaráiste bheidh dlite in aghaidh tréimhse roimh an duine sin do theacht chun bheith ina chomhnaí amhlaidh) d'íoc.
(2) San alt so cialluíonn an focal “pinsean” pinsean is pinsean síntiúsach no pinsean nea-shíntiúsach do réir bhrí Coda IV den Phríomh-Acht.
Alt 35 den Phríomh-Acht do leasú.
19.—(1) Leasuítear leis seo míreanna (d) agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 35 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “mí” do scriosadh amach as gach mír acu san agus tré sna focail “trí mhí” do chur isteach ina ionad i ngach mír acu san, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) An leasú deintear leis an alt so ar mhíreanna (d), agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 35 den Phríomh-Acht ní bheidh éifeacht aige maidir le duine do tháinig chun bheith i dteideal pinsin neashíntiúsaigh no pinsin síntiúsaigh, do réir bhrí Coda IV den Phríomh-Acht, roimh dháta an Achta so do rith.
Alt 36 den Phríomh-Acht do leasú.
20.—Leasuítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(2) Másé dáta ar a scuirfeadh aon phinsean dílleachtaí de bheith iníoctha ná lá den tseachtain seachas an lá díreach roimh an lá sa tseachtain go mbeidh orduithe gurb é an lá sa tseachtain é ar a mbeidh na híocaíochtaí seachtainiúla mar gheall ar an bpinsean san le déanamh, leanfaidh an pinsean san de bheith iníoctha alos na laetheanta sa tseachtain go dtí an lá orduithe sin ach gan an lá san d'áireamh.”
Alt 42 den Phríomh-Acht do leasú.
21.—Léireofar fo-alt (2) d'alt 42 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá bhforáltaí leis an bhfo-alt san go n-íocfaí isteach sa Chuntas Suncála Pinsean, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, in aghaidh na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1938, agus in aghaidh gach bliana de sna seacht mbliana ina dhiaidh sin, suim bhliantúil de cheithre chéad agus caoga míle punt in ionad na suime de dhá chéad agus caoga míle punt atá luaidhte sa bhfo-alt san.
Alt 50 den Phríomh-Acht do leasú.
22.—Leasuítear leis seo alt 50 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
(a) tré sna focail “eireoidh de dhruim no i dtaobh an éilimh sin no maidir le haon phinsean a bheidh deonta” do chur in ionad na bhfocal “eireoidh de dhruim no i dtaobh an chéanna” i bhfo-alt (1) den alt san, agus
(b) tré sna focail “no éilimh ar bith ar phinsean” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “pinsin ar bith” i bhfo-alt (2) den alt san.
Alt 57 den Phríomh-Acht do leasú.
23.—Leasuítear leis seo alt 57 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(5) Ní déanfar, i gcás ar bith ina mbeifear tar éis pinsean d'íoc de thoradh aon ráitis no plé cúise (pe'ca scríobhtha no de bhréithre béil é) is eol do neach a dhéanta do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, éinní atá i bhfo-alt (4) d'alt 23 den Acht so ná i bhfo-alt (5) d'alt 26 den Acht so do léiriú mar ní dheineann deifir d'oibriú an ailt seo.”
Teora ama chun cúisimh fé alt 58 den Phríomh-Acht do bhunú.
24.—Féadfar cúiseamh mar gheall ar chionta fé alt 58 den Phríomh-Acht do bhunú tráth ar bith laistigh de pé tréimhse acu so leanas is déanaí raghaidh in éag, sé sin le rá:—
(a) trí mhí tar éis an dáta ar a bhfuighidh an tAire fianaise is leor dar leis chun an chionta do chúiseamh, no
(b) dhá mhí dhéag tar éis an chionta do dhéanamh,
agus, chun crícheanna míre (a) den alt so, is fianaise dho-chlaoite ar an dáta ar a bhfuair an tAire an fhianaise sin deimhniú i dtaobh an dáta san do bhéarfaidh le tuisgint é bheith sighnithe aige.
Alt 70 den Phríomh-Acht do leasú.
25.—Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 70 den Phríomh-Acht tré sna focail “no roimh pé dáta níos déanaí ná san a chinnfidh an tAire in aon chás áirithe” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “dara lá ceaptha” san áit deiridh ina bhfuil na focail sin sa bhfo-alt san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Alt 72 den Phríomh-Acht do leasú.
26.—Leasuítear leis seo alt 72 den Phríomh-Acht tré sna focail “agus tuigfear ón dáta san nách duine árachuithe é chun crícheanna an Achta so” do scriosadh amach as.
Alt 75 den Phríomh-Acht do leasú
27.—Leasuítear leis seo alt 75 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
(a) tré sna focail “gur mó a hacfuinn bhliantúil ná an méid do chuirfeadh i dteideal pinsin do réir an ráta san í” do scriosadh amach as agus na focail “ná deintear aon cheann de sna coinníollacha reachtúla do réir bhrí na nAchtanna san maidir le hacfuinn, comhnaí agus náisiúntacht do chólíonadh i gcás na mná san” do chur isteach ina n-ionad, agus
(b) tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin, sé sin le rá:—
“(2) Más rud é, de bhuadh an ailt seo, go mbeadh pinsean sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, iníoctha, mara mbeadh forálacha ailt 5 den Old Age Pensions Act, 1911, fé mar atá san leasuithe le halt 4 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 (Uimh. 18 de 1932), le mnaoi, beidh an pinsean san iníoctha, d'ainneoin na bhforálacha san, leis an mnaoi sin má bhíonn sí ina comhnaí i dtír cheaptha.”
An Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú.
28.—(1) Deintear leis seo na forálacha uile agus fé seach atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú fé seach no deighleáil leo fé seach ar chuma eile sa tslí luaidhtear sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh gach forála fé leith dhíobh san sa chéad cholún san, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.
Saoirse o dhiúité stampa.
29.—(1) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon tseic, ordú íoca, ná scríbhinn eile tré n-a ndéanfar pinsean baintrighe, pinsean dílleachtaí no liúntas leinbh d'íoc, ná ar aon admháil do bhéarfar ar aon íoc den tsórt san.
(2) San alt so tá leis na habairtí “pinsean baintrighe”, “pinsean dílleachtaí” agus “liúntas leinbh” na bríonna céanna atá leis na habairtí sin fé seach i gCuid IV den Phríomh-Acht.
Gearr-theideal agus luadh.
30.—(1) Féadfar an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1937, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 agus 1936, agus den Acht so le chéile.
SCEIDEAL.
Leasuithe ar an gCead Sceideal a ghabhann leis an bPriomh-Acht.
Forálacha den Chéad Sceideal | Leasú |
Míreanna (b) agus (c) d'Fho-Riail (1) de Riail 1. | Míreanna (b) agus (c) do scriosadh amach agus an mhír seo leanas do chur isteach ina n-ionad:— “(b) an t-ioncum uile, in airgead, nach miste don duine sin súil do bheith aige le n-a fháil i rith na bliana i ndiaidh dáta an áirimh agus luach glan, in airgead, aon ioncuim as saothar an duine sin féin nach miste dhó bheith ag súil le n-a fháil amhlaidh, ach gan áireamh do dhéanamh— (i) ar aon ioncum do gheobhaidh i bhfuirm fóirithine o Údarás Chonganta Phuiblí; (ii) ar aon ioncum do gheobhaidh i bhfuirm bónus fé scéim, ar n-a riaradh ag an Aire Oideachais, chun deontais speisialta do thabhairt do thuismitheoirí no do chaomhnóirí (chomhnuíonn sa Ghaeltacht no sa Bhreac-Ghaeltacht) leanbhaí bhíonn ag freastal ar bhun-scoileanna; (iii) ar aon ioncum is íocaíocht i bhfuirm tabhartais no aisce, sa mhéid ná ragha sé thar £6 1os. od. sa bhliain do gheobhaidh ar shlí ar bith seachas mar íocaíocht a déanfar leis an duine sin mar cheann an teaghlaigh ag daoine chomhnuíonn in éintigheas leis an duine sin; (iv) ar aon ioncum ná airgead a thagann fé aon mhír eile den Riail seo; (v) ar aon airgead do gheobhaidh i bhfuirm pinsin fén Acht so.” |
Fo-riail (2) de Riail 1 | An abairt “míre (c)” do scriosadh amach agus an abairt “míre (b)” do chur isteach ina hionad. |
Fo-riail (1) de Riail 2 | Mír (b) do scriosadh amach. |
Fo-riail (2) de Riail 2. | Mír (b) do scriosadh amach. |
Mír (1) de Riail 3. | Na focail “no maidir le baintrigh nách acfuinn tuillte sheachtainiúil i bpáirt no go hiomlán a hacfuinn sheachtainiúil” do scriosadh amach. |
Míreanna (2). (3) agus (4) de Riail 3. | Na focail “gur acfuinn tuillte sheachtainiúil a hacfuinn sheachtainiúil uile agus” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil na focail sin. |
Míreanna (5), (6) agus (7) de Riail 3. | Na mír eanna san do scriosadh amach. |
Number 11 of 1937.
WIDOWS' AND ORPHANS' PENSIONS ACT, 1937.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Date of operation of census of population for the purposes of section 7 of the Principal Act. | |
Time limit for prosecutions under section 58 of the Principal Act. | |
Acts Referred to | |
No. 29 of 1935 | |
National Health Insurance and Widows' and Orphans' Pensions Act, 1936 | No. 12 of 1936 |
No. 18 of 1932 |
Number 11 of 1937.
WIDOWS' AND ORPHANS' PENSIONS ACT, 1937.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “the Principal Act” means the Widows' and Orphans' Pensions Act, 1935 (No. 29 of 1935);
the expression “the Minister” means the Minister for Local Government and Public Health.
“The appointed day.”
2.—(1) The Minister may by order appoint a day to be the appointed day for the purposes of this Act.
(2) In this Act the expression “the appointed day” means the day appointed by the Minister to be the appointed day for the purposes of this Act.
Amendment of section 2 of the Principal Act.
3.—(1) Section 2 of the Principal Act is hereby amended by the insertion at the end of the said section of the following additional sub-section and the Principal Act shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
“(3) A child shall be deemed for the purposes of this Act to be under the appointed age during each of the following periods, that is to say:—
(a) any period during which such child is under the age of fourteen years;
(b) any period, between the day before the date on which such child attains the age of fourteen years and the date on which such child attains the age of sixteen years, during which either—
(i) such child is, or is deemed, in accordance with regulations (which the Minister is hereby authorised to make by order) to be under full-time instruction in a day school, or
(ii) such child is, owing to physical or mental infirmity, neither able to receive full-time instruction in a day school nor to engage in any remunerative occupation.”
(2) The definition of the expression “appointed age” contained in sub-section (1) of section 2 of the Principal Act is hereby repealed.
Amendment of section 3 of the Principal Act.
4.—Section 3 of the Principal Act is hereby amended by the insertion therein of the following sub-section in lieu of sub-section (1) now contained therein, and the Principal Act and section 18 of the National Health Insurance and Widows' and Orphans' Pensions Act, 1936 (No. 12 of 1936), shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
“(1) In this Act—
the word ‘child’ includes a step-child, and in relation to a man, an illegitimate child, either of himself or his wife, who was living with him at the time of his death;
the word ‘orphan’ includes (in addition to a child both of whose parents are dead) an illegitimate child whose mother is dead and whose father is unknown.”
Amendment of section 4 of the Principal Act.
5.—Sub-section (3) of section 4 of the Principal Act is hereby amended by the insertion therein after the words “by this Act” of the words “or the Minister is satisfied, as regards any employment in respect of which the conditions mentioned in clause (ii) of paragraph (a) of sub-section (1) of this section are complied with, that, having regard to the nature of such employment, it would not be desirable for such employment to be excepted employment to which this Act applies.”
Amendment of section 6 of the Principal Act.
6.—Sub-section (1) of section 6 of the Principal Act is hereby amended by the deletion of the words “and is used wholly for agriculture”, and the Principal Act shall be construed and have effect accordingly.
Date of operation of census of population for the purposes of section 7 of the Principal Act.
7.—(1) For the purpose of determining the census of population which is the latest such census within the meaning of sub-section (2) of section 7 of the Principal Act, the Minister shall, whenever a census of the population of Saorstát Eireann has been taken, certify by order the date of publication of the result of such census, and every such census shall be deemed for the purpose aforesaid, but no further or otherwise, to have been taken on the date of publication so certified in respect thereof.
(2) Whenever, on the taking of a census of the population of Saorstát Eireann, it is found that the population of an urban district which was shown by the next previous such census to exceed seven thousand, does not exceed seven thousand, such urban district shall, notwithstanding such decrease in the population thereof, continue to be an urban area for the purposes of the Principal Act until (but not including) the first Friday in the month of January next following the date of publication certified under this section in respect of such census and shall cease on the said Friday to be an urban area for the said purposes.
(3) Whenever, on the taking of a census of population of Saorstát Eireann, it is found that the population of an urban district which was shown by the next previous such census not to exceed seven thousand exceeds seven thousand, such urban district shall, notwithstanding such increase in the population thereof, continue not to be an urban area for the purposes of the Principal Act until (but not including) the first Friday in the month of January next following the date of publication certified under this section in respect of such census and shall become on the said Friday an urban area for the said purposes.
(4) This section shall have and be deemed to have had effect as on and from the 1st day of January, 1936, and shall accordingly apply and have effect in relation to the census of the population of Saorstát Eireann taken in the year 1936.
Amendment of section 10 of the Principal Act.
8.—Section 10 of the Principal Act is hereby amended in the following respects and the said section shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
(a) by the insertion in sub-section (2) of the said section of the words “and also during such period was normally an employed contributor within the meaning of the National Health Insurance Acts” after the words “agricultural employment”, and
(b) the insertion in sub-section (3) of the said section of the words “or normally an employed contributor within the meaning of the National Health Insurance Acts” after the words “agricultural employment”.
Amendment of section 12 of the Principal Act.
9.—Section 12 of the Principal Act is hereby amended in the following respects and the said section shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
(a) by the insertion in sub-section (2) of the said section of the words “and also during such period was normally an employed contributor within the meaning of the National Health Insurance Acts” after the words “agricultural employment”, and
(b) the insertion in sub-section (3) of the said section of the words “or normally an employed contributor within the meaning of the National Health Insurance Acts” after the words “agricultural employment”.
Amendment of section 14 of the Principal Act.
10.—Sub-section (2) of section 14 of the Principal Act is hereby amended by the substitution of the words “during any period while the child in respect of whom such allowance is payable is under the appointed age and not otherwise” for the words “until the child in respect of whom such allowance is payable attains the appointed age and shall then cease”, and the said sub-section shall be construed and have effect accordingly.
Repeal of sections 15 and 18 of the Principal Act.
11.—(1) Sections 15 and 18 of the Principal Act are hereby repealed.
(2) This section shall come into operation on the appointed day.
Amendment of section 19 of the Principal Act.
12.—(1) Section 19 of the Principal Act is hereby amended by the deletion therefrom of all words following the word “shall” and the substitution therefor of the words “be payable to every widow”, and the Principal Act shall be construed and have effect accordingly.
(2) This section shall come into operation on the appointed day.
Amendment of section 21 of the Principal Act.
13.—(1) Section 21 of the Principal Act is hereby amended by the deletion of the word “sixty” and the substitution therefor of the word “fifty-five”, and the said section shall be construed and have effect accordingly.
(2) This section shall come into operation on the appointed day.
Amendment of section 22 of the Principal Act.
14.—(1) Sub-section (2) of section 22 of the Principal Act is hereby amended by the deletion therefrom of the word “fifty-nine” and the substitution therefor of the word “fifty-four” and by the deletion therefrom of the word “sixty” and the substitution therefor of the word “fifty-five”, and the said sub-section shall be construed and have effect accordingly.
(2) This section shall come into operation on the appointed day.
Amendment of section 23 of the Principal Act.
15.—Section 23 of the Principal Act is hereby amended by the insertion at the end of the said section of the following additional sub-section, and the Principal Act shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
“(4) Where a woman is in receipt of a widow's (non-contributory) pension and a change occurs in her net weekly means so that in accordance with this section—
(a) such pension should be increased, or
(b) such pension should be decreased, or
(c) such pension should cease,
such increase, decrease or cesser (as the case may be) shall operate as from the day in the week, prescribed as the day in the week on which weekly payments of widows' (non-contributory) pensions are to be made, occurring next after the decision by a deciding officer that such change has occurred.”
Amendment of section 24 of the Principal Act.
16.—(1) Section 24 of the Principal Act is hereby amended by the deletion therefrom of all words following the word “shall” and the substitution therefor of the words “be payable in respect of every orphan who is for the time being under the appointed age”, and the Principal Act shall be construed and have effect accordingly.
(2) This section shall come into operation on the appointed day.
Amendment of section 26 of the Principal Act.
17.—Section 26 of the Principal Act is hereby amended by the insertion at the end of the said section of the following additional sub-section, and the Principal Act shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
“(5) Where an orphan's (non-contributory) pension is payable in respect of any orphan and a change occurs in the net weekly means of such orphan so that in accordance with this section—
(a) such pension should be increased, or
(b) such pension should be decreased, or
(c) such pension should cease,
such increase, decrease or cesser (as the case may be) shall operate as from the day in the week, prescribed as the day in the week on which weekly payments of orphans' (non-contributory) pensions are to be made, occurring next after the decision by a deciding officer that such change has occurred.”
Amendment of section 29 of the Principal Act.
18.—(1) Nothing contained in section 29 of the Principal Act shall operate to prevent, in the case of a person resident for any period outside Saorstát Eireann—
(a) a pension being granted to or in respect of such person if a claim for such pension was made prior to such person becoming so resident, or
(b) a pension granted by virtue of the immediately preceding paragraph being paid for any period prior to (but net after) such person becoming so resident, or
(c) any arrears of a pension granted to or in respect of such person (being arrears due for a period prior to such person becoming so resident) being paid.
(2) In this section the word “pension” means a pension which is either a contributory pension or a non-contributory pension within the meaning of Part IV of the Principal Act.
Amendment of section 35 of the Principal Act.
19.—(1) Paragraphs (d) and (e) of sub-section (1) of section 35 of the Principal Act are hereby amended by the deletion in each paragraph of the words “one month” and the substitution therefor in each paragraph of the words “three months,” and the said sub-section shall be construed and have effect accordingly.
(2) The amendment of paragraphs (d) and (e) of sub-section (1) of section 35 of the Principal Act effected by this section shall not have effect in relation to a person who became entitled to a non-contributory pension or a contributory pension, within the meaning of Part IV of the Principal Act, before the date of the passing of this Act.
Amendment of section 36 of the Principal Act.
20.—Section 36 of the Principal Act is hereby amended by the insertion at the end of the said section of the following additional sub-section, and the Principal Act shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
“(2) Where the date on which any orphan's pension would cease to be payable is a day of the week other than that immediately preceding the day in the week prescribed as the day in the week on which the weekly payments on account of such pension are to be made, such pension shall continue payable in respect of the days in the week up to but not including such prescribed day.”
Amendment of section 42 of the Principal Act.
21.—Sub-section (2) of section 42 of the Principal Act shall be construed and have effect as if the said sub-section provided for the payment into the Pensions Investment Account, out of moneys provided by the Oireachtas, in respect of the financial year ending on the 31st day of March, 1938, and in respect of each of the next seven succeeding years, of the annual sum of four hundred and fifty thousand pounds in lieu of the sum of two hundred and fifty thousand pounds mentioned therein.
Amendment of section 50 of the Principal Act.
22.—Section 50 of the Principal Act is hereby amended in the following respects and shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
(a) by the substitution of the words “arising on such claim or in relation thereto or in respect of any pension which has been granted” for the words “arising thereon or in relation thereto” in sub-section (1) of the said section, and
(b) by the insertion of the words “or a claim for a pension” after the word “pension” in sub-section (2) of the said section.
Amendment of section 57 of the Principal Act.
23.—Section 57 of the Principal Act is hereby amended by the insertion at the end of the said section of the following additional sub-section, and the Principal Act shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
“(5) Nothing contained in sub-section (4) of section 23 of this Act or in sub-section (5) of section 26 of this Act shall, in any case in which a pension has been paid as the result of any statement or representation (whether written or verbal) which is to the knowledge of the person making it false or misleading in any material respect, be construed as affecting the operation of this section.”
Time limit for prosecutions under section 58 of the Principal Act.
24.—A prosecution for an offence under section 58 of the Principal Act may be brought at any time within whichever of the following periods latest expires, that is to say:—
(a) three months from the date on which evidence sufficient in the opinion of the Minister to justify a prosecution for the offence comes to his knowledge, or
(b) twelve months after the commission of the offence,
and, for the purposes of paragraph (a) of this section, a certificate purporting to be signed by the Minister as to the date on which such evidence comes to his knowledge shall be conclusive evidence thereof.
Amendment of section 70 of the Principal Act.
25.—Sub-section (1) of section 70 of the Principal Act is hereby amended by the insertion of the words “or such later date as the Minister may in any particular ease determine” after the words “the second appointed day” where those words first occur in the said sub-section, and the said section shall be construed and have effect accordingly.
Amendment of section 72 of the Principal Act.
26.—Section 72 of the Principal Act is hereby amended by the deletion therefrom of the words “and as from that date shall be deemed not to be an insured person for the purposes of this Act.”
Amendment of section 75 of the Principal Act.
27.—Section 75 of the Principal Act is hereby amended in the following respects and shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
(a) by the deletion therefrom of the words “her yearly means exceed the amount entitling her to a pension at that rate” and the substitution therefor of the words “any of the statutory conditions within the meaning of the said Acts as to means, residence and nationality is not satisfied in the case of such woman”, and
(b) by the insertion at the end of the said section of the following additional sub-section, that is to say:—
“(2) Where, by virtue of this section, an old age pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1932, would, but for the provisions of section 5 of the Old Age Pensions Act, 1911, as amended by section 4 of the Old Age Pensions Act, 1932 (No. 18 of 1932), be payable to a woman, such pension shall, notwithstanding the said provisions, be payable to such woman if she is resident in an appointed country.”
Amendment of First Schedule to the Principal Act.
28.—(1) The several provisions of the First Schedule to the Principal Act mentioned in the first column of the Schedule to this Act are hereby respectively amended or otherwise dealt with in the manner stated in the second column of the said Schedule opposite the mention of each such provision in the said first column, and the Principal Act shall be construed and have effect accordingly.
(2) This section shall come into operation on the appointed day.
Exemption from stamp duty.
29.—(1) Stamp duty shall not be chargeable on any cheque, pay order, or other document by which a payment of widow's pension, orphan's pension or a child's allowance is made, nor on any receipt given for any such payment.
(2) In this section the expressions “widow's pension”, “orphan's pension” and “child's allowance” have the same meanings as such expressions respectively have in Part IV of the Principal Act.
Short title and citation.
30.—(1) This Act may be cited as the Widows' and Orphans' Pensions Act, 1937.
(2) The Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 and 1936, and this Act may be cited together as the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1937.
SCHEDULE.
Amendments of the First Schedule to the Principal Act.
Provisions of the First Schedule | Amendment |
Paragraphs (b) and (c) of Sub-rule (I) of Rule I. | The deletion of paragraphs (b) and (c) and the substitution therefor of the following paragraph— “(b) all income in cash which such person may reasonably expect to receive during the year succeeding the date of calculation and the net cash value of any income derived from personal exertions which such person may reasonably expect so to receive, but excluding— |
(i) any income received by way of relief from a Public Assistance Authority; | |
(ii) any income received as bonus under a scheme, administered by the Minister for Education, for the making of special grants to parents or guardians, resident in the Gaeltacht or Breac-Ghaeltacht, of children attending primary schools; | |
(iii) any income, by way of voluntary or gratuitous payment, so far as it does not exceed £6 10s. 0d. per annum, received from any source other than a payment made to such person as head of the household by persons living with such person; | |
(iv) any income or money coming under any other paragraph of this Rule; | |
(v) any moneys received by way of pension under this Act.” | |
Sub-rule (2) of Rule I. | The deletion of the expression “paragraph (a)” and the substitution therefor of the expression “paragraph (b).” |
Sub-rule (I) of Rule 2. | The deletion of paragraph (b). |
Sub-rule (2) of Rule 2. | The deletion of paragraph (b). |
Paragraph (I) of Rule 3. | The deletion of the words “or a widow whose weekly means are neither wholly nor partly earned weekly means.” |
Paragraphs (2), (3) and (4) of Rule 3. | The deletion of the words “whose weekly means are wholly earned weekly means and” wherever those words occur. |
Paragraphs (5), (6) and (7) of Rule 3. | The deletion of the said paragraphs. |