Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 1 de 1928.


[EN]

ACHT NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1928.


ACHT CHUN ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1924, AGUS ACHT NA nDALL, 1920, DO LEASÚ TRÉ MHÉADÚ DO DHÉANAMH AR AN RÁTA AR A bhFUIL PINSIN ÁIRITHE INÍOCTHA FÚTHA AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LEIS AN MÉADÚ SAN. [30adh Márta, 1928.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “Achtanna na bPinsean Sean-Aoise” Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1924, agus

[EN]

cialluíonn an focal “pinsean sean-aoise” pinsean sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise agus foluíonn sé pinsean fé alt 1 d'Acht na nDall, 1920.

[EN]

Ráta pinsean sean-aoise i gcásanna áirithe.

2.—I gcás acfuinn bhliantúil aon duine atá ag fáil no i dteideal pinsin tsean-aoise, mar a háirítear an acfuinn sin fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, do bheith gan dul thar cúig púint déag dhá scilling déag agus sé pingne is do réir ráta deich scillinge sa tseachtain a bheidh pinsean sean-aoise an duine sin ar dháta thosach feidhme an Achta so agus dá éis sin agus leasófar agus leasuítear leis seo dá réir sin an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (Uimh. 19 de 1924).

[EN]

Éilithe agus ceisteanna do shocrú.

3.—(1) Einne atá ar dháta thosach féidhme an Achta so ag fáil pinsin tsean-aoise no gur dineadh roimh an dáta san a éileamh ar phinsean sean-aoise do lomháil go sealadach, má éilíonn sé gur cheart ráta an phinsin sin do mhéadú i dtreo go mbeadh sé do réir an ráta a luaidhtear san alt san roimhe seo, déanfar, in ionad an t-éileamh san do bhreithniú agus do shocrú sa tslí a foráltar le halt 7 (alt a bhaineann le héilithe agus le ceisteanna do shocrú) d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1908, é do bhreithniú agus do shocrú ag an oifigeach pinsean.

[EN]

(2) Féadfidh éinne ar a ngoillfidh breith ón oifigeach pinsean fén alt so athchomharc i gcoinnibh na breithe sin do dhéanamh chun an phinsean-choiste áitiúla agus breithneoidh siad san an cás agus tabharfid a mbreith air sa tslí chéanna agus fé réir an athchomhairc chéanna agus dá mb'é rud a bheadh i mbreith sin an oifigigh phinsin ná tuarasgabháil an oifigigh sin ar éileamh a cuirfí fé n-a bhráid chun tuairisciú agus fiosrú ina thaobh do dhéanamh fé alt 7 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1908.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

4.—(1) Féadfar Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1928, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna na bPinsean Sean-Aoise, agus féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1928, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

[EN]

(3) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh ar an 6adh lá d'Abrán, 1928.

[GA]

harp.jpg


Number 1 of 1928.


[GA]

OLD AGE PENSIONS ACT, 1928.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Rate of old age pensions in certain cases.

3.

Determination of claims and questions.

4.

Short title, construction and commencement.


Act Referred to

Old Age Pensions Act, 1924

No. 19 of 1924

harp.jpg


Number 1 of 1928.


OLD AGE PENSIONS ACT, 1928.


AN ACT TO AMEND THE OLD AGE PENSIONS ACTS, 1908 TO 1924, AND THE BLIND PERSONS ACT, 1920 BY INCREASING THE RATE AT WHICH CERTAIN PENSIONS ARE PAYABLE THEREUNDER AND FOR PURPOSES INCIDENTAL TO SUCH INCREASE. [30th March, 1928.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the expression “the Old Age Pensions Acts” means the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1924, and

[GA]

the expression “old age pension” means an old age pension under the Old Age Pensions Acts, and includes a pension under section 1 of the Blind Persons Act, 1920.

[GA]

Rate of old age pensions in certain cases.

2.—Where the yearly means as calculated under the Old Age Pensions Acts of any person who is in receipt of or entitled to an old age pension do not exceed fifteen pounds twelve shillings and sixpence the old age pension of such person shall as on and from the date of the commencement of this Act be at the rate of ten shillings per week and the First Schedule to the Old Age Pensions Act, 1924 (No. 19 of 1924) shall be and is hereby amended accordingly.

[GA]

Determination of claims and questions.

3.—(1) Where any person who is at the date of the commencement of this Act in receipt of an old age pension or whose claim for an old age pension has before the said date been provisionally allowed claims that the rate of such pension should be increased so as to be at the rate mentioned in the foregoing section, such claim, instead of being considered and determined in the manner provided by section 7 (which relates to the determination of claims and questions) of the Old Age Pensions Act, 1908, shall be considered and determined by the pension officer.

[GA]

(2) Any person who is aggrieved by a decision under this section of a pension officer may appeal against such decision to the local pension committee who shall consider the case and give their decision thereon in the same manner and subject to the like appeal as if such decision of the pension officer were the report of such officer on a claim referred to him for report and inquiry under section 7 of the Old Age Pensions Act, 1908.

[GA]

Short title, construction and commencement.

4.—(1) This Act may be cited as the Old Age Pensions Act, 1928.

[GA]

(2) This Act shall be construed as one with the Old Age Pensions Acts, and those Acts and this Act may be cited together as the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1928.

[GA]

(3) This Act shall come into operation on the 6th day of April, 1928.