Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 12 de 1934.


[EN]

ACHT CHUN IOMPORTÁLANNA DO RIALÚ, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN IOMPORTÁLANNA DO RIALÚ AGUS CHUIGE SIN A ÚDARÚ GO LEAGFAR AMACH AGUS A SHOCRÚ GO gCUIRFEAR I bhFEIDHM QUOTANNA IOMPORTALA, AGUS GO GENERÁLTA CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [24adh Márta, 1934.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

[EN]

cialluíonn an abairt “roimh-thréimhse” an tréimhse dar tús tosach feidhme an orduithe quota gur maidir leis a húsáidtear an abairt agus dar críoch tosach na céad tréimhse quota fén ordú quota san.

[EN]

Iol-chúrasi léirithe.

2.—(1) San Acht so déanfar an focal “iomportáil” agus focail atá gaolmhar do san do léiriú mar fhocail ná foluíonn iomportáil, ná ná baineann le hiomportáil, ná bíonn ann ach iomportáil earraí chun crícheanna iompair agus easportála dá dhruim sin.

[EN]

(2) Chun crícheanna an Achta so, tuigfear iomportáil do dhéanamh ar ghléas na hiomportála do thuairisciú fé sna hAchtanna Custum.

[EN]

(3) Chun crícheanna an Achta so, ní tuigfear carraí do dhéanamh i dtír áirithe mara dtagann an cion orduithe dá luach as caiteachas de chineál orduithe fé n-a ndeachthas sa tír sin alos abhar ar n-a dtáirgeadh no alos oibre ar n-a déanamh sa tír sin.

[EN]

(4) Chun crícheanna an Achta so is náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é;

[EN]

(b) duine do rugadh lasmuich de Shaorstát Éireann no den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é agus gur i Saorstát Éireann no sa líomatáiste sin a bhí gnáthchomhnaí ar a mháthair nuair a rugadh é;

[EN]

(c) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bhaineann leis an gcás agus a bheidh tar éis bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an am san.

[EN]

Orduithe quota.

3.—(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith, le hordú (dá ngairmtear ordú quota san Acht so), toirmeasc do chur, fé réir forálacha an Achta so, le haon tsaghas no saghsanna áirithe carraí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann lá áirithe no dá éis (dá ngairmtear san Acht so tosach feidhme an orduithe sin) nách luaithe ná dáta an orduithe sin.

[EN]

(2) Ceapfaidh an Ard-Chomhairle, i ngach ordú quota agus leis, an lá (ná beidh níos déanaí ná sé seachtaine tar éis tosach feidhme an orduithe sin) a thosnóidh an chéad tréimhse quota fén ordú quota san.

[EN]

(3) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, in ordú quota ar bith agus leis, earraí a hiomportálfar ina gcaindíochta ná beidh thar méid áirithe chun a n-úsáidthe go pearsanta ag an iomportálaí no ag baill dá líntighe do shaoradh ón toirmeasc ar iomportáil a deintear leis an ordú san.

[EN]

(4) Ní bhainfidh aon ordú quota le hearraí, ná ní dhéanfaidh deifir d'earraí, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann is earraí do rinneadh no do táirgeadh i Saorstát Éireann agus do heasportáladh amach as Saorstát Éireann (roimh dháta an orduithe sin no dá éis).

[EN]

(5) Ní déanfar ordú quota maidir le haon tsaghas earraí go mbeidh a n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann toirmiscthe de thurus na huaire do réir dlí ar shlí seachas fén Acht so.

[EN]

Eifeacht agus ré ordú quota.

4.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo beidh éifeacht reachtúil ag gach ordú quota dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so agus fós ag gach ordú dhéanfaid sa tslí chéanna ag leasú no ag ceiliúradh orduithe quota.

[EN]

(2) Gach ordú quota dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so agus fós gach ordú dhéanfaid sa tslí chéanna ag leasú orduithe quota scuirfidh d'éifeacht do bheith aige i gcionn sé mhí tar éis a dhéanta mara n-aontuighidh gach Tigh den Oireachtas leis tré rún do rith sara mbeidh an sé mhí sin caithte.

[EN]

(3) Pé uair a beifear tar éis ordú quota do cheiliúradh le hordú ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so sara mbeidh aontuithe ag gach Tigh den Oireachtas leis an ordú quota san no bheidh ordú quota tar éis scurtha, de bhuadh an ailt seo, d'éifeacht do bheith aige, ní bheidh éifeacht ag aon ordú quota dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ina dhiaidh sin alos earraí de sna saghsanna céanna no nách mór de sna saghsanna céanna leo san le n-ar bhain an t-ordú quota san a bheidh ceiliúrtha amhlaidh no tar éis scurtha amhlaidh d'éifeacht do bheith aige, ní bheidh éifeacht aige go dtí go n-aontóidh gach Tigh den Oireachtas leis tré rún, agus tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gach ordú den tsórt san do dhéanamh ar aontú leis amhlaidh.

[EN]

Toirmeasc ar iomportáil do dhéanamh contrárdha d'ordu quota.

5.—(1) Pé uair agus faid a bheidh ordú quota i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith iomportáil do dhéanamh isteach i Saorstát Éireann, ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a thabhairt amach chuige sin fén Acht so, ar earraí ar bith go dtoirmisctear leis an ordú quota san iad d'iomportáil.

[EN]

(2) Tuigfear earraí go mbeidh a n-iomportáil nea-dhleathach de thurus na huaire de bhuadh an ailt seo do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian, maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san (mar atá san leasuithe no leathnuithe le hAchtanna ina dhiaidh sin) a bhaineann le hearraí d'iomportáil a toirmisctear no sriantar beidh baint acu dá réir sin.

[EN]

Tréimhsí quota agus quotanna do cheapadh.

6.—(1) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ordú quota, déanfaidh an Ard-Chomhairle le hordú ar n-a dhéanamh i rith na roimh-thréimhse alos an orduithe quota san agus chó luath agus is féidir é tar éis an orduithe quota san do dhéanamh—

[EN]

(a) tréimhse (dar tús an lá ceapfar leis an ordú quota san chun na céad tréimhse quota fén ordú quota san do thosnú) do cheapadh chun bheith mar chéad tréimhse quota fén ordú quota san, agus

[EN]

(b) caindíocht áirithe d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san do cheapadh chun bheith mar quota, chun crícheanna an Achta so, in aghaidh na céad tréimhse quota san.

[EN]

(2) Faid a bheidh aon ordú áirithe quota i bhfeidhm, déanfaidh an Ard-Chomhairle, le linn gach tréimhse quota agus mí ar a laighead roimh dheireadh gach tréimhse quota fén ordú quota san, déanfaid le hordú—

[EN]

(a) tréimhse (a thosnóidh ar an tréimhse quota san do bheith caithte) do cheapadh chun bheith mar chéad tréimhse quota eile fén ordú quota san, agus

[EN]

(b) caindíocht áirithe d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san do cheapadh chun bheith mar quota, chun crícheanna an Achta so, in aghaidh na céad tréimhse quota eile sin.

[EN]

(3) Pé uair a cheapfaidh an Ard-Chomhairle quota le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so, féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach leo é, a ordú leis an ordú céanna gurb é bheidh i gcion áirithe (dá ngairmtear quota speisialta san Acht so) den quota san ná earraí 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh (fé mar a bheidh luaidhte san ordú san)—

[EN]

(a) gur i dtír áirithe do rinneadh no do táirgeadh iad, no

[EN]

(b) gur o thír áirithe do consighníodh chun an iomportálaí iad, no

[EN]

(c) gur i dtír áirithe do rinneadh no do táirgeadh iad agus gur ón tír sin do consighníodh chun an iomportálaí iad.

[EN]

(4) Pé uair a bheidh an Ard-Chomhairle, le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so, tar éis quota do cheapadh in aghaidh aon tréimhse quota, féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach leo é, le hordú ar n-a dhéanamh roimh dhul in éag don tréimhse quota san, an quota san do mhéadú pé méid (dá ngairmtear quota breise san Acht so) is dóich leo is ceart.

[EN]

Cláir d'iomportálaithe.

7.—(1) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ordú quota, bunóidh an tAire láithreach agus coinneoidh ar siúl, faid a bheidh an t-ordú quota san i bhfeidhm, clár (dá ngairmtear clár d'iomportálaithe san Acht so) de dhaoine ag á mbíonn earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san á n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann.

[EN]

(2) Pé uair agus faid a bheidh aon chlár áirithe d'iomportálaithe á choinneáil ar siúl do réir an ailt seo clárófar agus, fé réir forálacha an Achta so, coimeádfar ar clárú sa chlár san gach duine iarrfaidh sa tslí orduithe ar an Aire é do chlárú amhlaidh agus a chuirfidh ina luighe ar an Aire sa tslí orduithe—

[EN]

(a) gur duine é is náisiúnach de Shaorstát Éireann agus ag á bhfuil áit ghnótha i Saorstát Éireann, no

[EN]

(b) gur páirtnéireacht é ag á bhfuil gnó ar siúl go bhfuil níos mó ná leath an chaipitail ann ar únaeracht chun tairbhe ag duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann no ag beirt daoine no níos mó gur náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine fé leith acu agus ag á bhfuil áit ghnótha i Saorstát Éireann, no

[EN]

(c) gur cuideachta é atá cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, no

[EN]

(d) gur duine é ag á bhfuil gnó déantóireachta ar siúl i Saorstát Éireann, no

[EN]

(e) gur cuideachta é, agus gan í cláruithe ná ionchorpruithe fé dhlithe Shaorstáit Éireann, ag á bhfuil áit ghnótha i Saorstát Éireann, agus ag á raibh, ar feadh na gcúig mblian i ndiaidh a chéile díreach roimh an clár san do bhunú an chuid is lugha dhe, earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota oiriúnach á n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, más dóich leis san do bheith ceart—

[EN]

(a) duine ar bith a ciontófar i gcionta fé aon alt den Acht so, agus

[EN]

(b) duine ar bith, agus é tar éis ceadúnaisí fén Acht so d'fháil chun earraí d'iomportáil i rith dhá thréimhse quota as a chéile fén ordú quota céanna, ná beidh tar éis iomportáil do dhéanamh fé sna ceadúnaisí sin ar chaindíocht d'earraí is mó san iomlán ná cúig fichead per cent. d'iomlán na gcaindíocht d'earraí bheidh údaruithe leis na ceadúnaisí sin fé seach d'iomportáil,

féadfaidh iad do scriosadh as aon chlár d'iomportálaithe bheidh á choinneáil ar siúl do réir an ailt seo.

[EN]

Ceadúnaisí chun iomportála do dhéanamh i rith na roimhthréimhse.

8.—(1) Pé uair a bheidh an Ard-Chomhairle tar éis orduithe quota do dhéanamh féadfaidh an tAire, tráth ar bith roimh dhul in éag don roimh-thréimhse alos an orduithe quota san, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith a iarrfaidh san sa tslí orduithe, ceadúnas á rá go n-údaruíonn don duine sin caindíocht áirithe d'earraí, le n-a mbaineann an t-ordú quota san, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann i rith na roimh-thréimhse sin.

[EN]

(2) Más rud é go mbainfidh agus sa mhéid go mbainfidh iarratas ar cheadúnas fén alt so le hearraí do bhí consighnithe agus ar a dturus chun an iarratasóra i dtosach na roimh-thréimhse, bhéarfaidh an tAire ceadúnas amach fén alt so ach ní bhainfidh an ceadúnas san ach leis an méid sin de sna hearraí sin is leor, dar leis an Aire, do riachtanaisí réasúnta an iarratasóra.

[EN]

(3) Gach ceadúnas a bhéarfar amach fén alt so oibreoidh chun a údarú don duine bheidh luaidhte ann earraí den tsaghas a bheidh luaidhte sa cheadúnas san agus nách mó a gcaindíocht ná mar a bheidh luaidhte ann d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann i rith na roimh-thréimhse bheidh luaidhte sa cheadúnas san, ach san fé réir an duine sin do dhéanamh go cuibhe do réir na dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le hearraí den tsórt san d'iomportáil agus go sonnrách fé réir íoca na ndiúitéthe custum (más ann dóibh) a bheidh inéilithe ar an iomportáil sin.

[EN]

Ceadúnaisí chun iomportála do dhéanamh i rith tréimhsí quota.

9.—(1) Pé uair agus faid a bheidh ordú quota ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so i bhfeidhm, féadfaidh duine ar bith a bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár d'iomportálaithe bheidh á choinneáil ar siúl do réir an Achta so chun crícheanna an orduithe quota san, féadfaidh, ceithre lá déag glan ar a laighead roimh thosach aon tréimhse quota fén ordú quota san no, i gcás iarratais maidir le quota breise, laistigh de cheithre lá déag tar éis an quota breise sin do cheapadh, ceadúnas d'iarraidh sa tslí orduithe ar an Aire chun caindíochta áirithe d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san d'iomportáil i rith na tréimhse quota san.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire, roimh thosach gach tréimhse quota fé aon ordú quota, ceadúnas do thabhairt amach do gach duine bheidh tar éis san d'iarraidh go cuibhe fén alt so, ceadúnas chun iomportála do dhéanamh i rith na tréimhse quota san ar chaindíocht d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san agus a cinnfear do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás gan an chaindíocht iomlán d'earraí gur ina gcóir a hiarrfar na ceadúnaisí sin amhlaidh do bheith níos mó ná cúig seachtód per cent. den quota in aghaidh na tréimhse quota san, isé bheidh i ngach ceadúnas den tsórt san ná ceadúnas chun iomportála do dhéanamh ar an gcaindíocht iomláin d'earraí bheidh luaidhte san iarratas ar an gceadúnas san;

[EN]

(b) i gcás an chaindíocht iomlán d'earraí gur ina gcóir a hiarrfar na ceadúnaisí sin amhlaidh do bheith níos mó ná cúig seachtód per cent. den quota san ach gan í bheith níos mó ná an quota san, ansan (do réir mar a chinnfidh an tAire maidir le gach tréimhse quota fé leith) isé bheidh i ngach ceadúnas den tsórt san ná ceadúnas chun iomportála do dhéanamh ar an gcaindíocht iomláin d'earraí bheidh luaidhte san iarratas ar an gceadúnas san no isé bheidh i ngach ceadúnas den tsórt san ná ceadúnas chun iomportála do dhéanamh ar chion ion-rátuithe den chaindíocht iomláin sin agus déanfar amach an cion ion-rátuithe sin i slí go mbeidh an chaindíocht iomlán d'earraí, gur chun iad d'iomportáil a bhéarfar amach na ceadúnaisí sin, có-ionann le cúig seachtód per cent. den quota san;

[EN]

(c) i gcás an chaindíocht iomlán d'earraí gur ina gcóir a hiarrfar na ceadúnaisí sin amhlaidh do bheith níos mó ná an quota san, isé bheidh i ngach ceadúnas den tsórt san ná ceadúnas chun iomportála do dhéanamh ar pé caindíocht d'earraí (nách mó ná an chaindíocht a bheidh luaidhte san iarratas ar an gceadúnas san) a chinnfidh an tAire, i dtaobh gach ceadúnais fé leith, ag féachaint do leasanna daoine do bhí de ghnáth, roimh an ordú quota san do dhéanamh, ag iomportáil earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san, i slí, ámh, nách lugha ná cúig seachtód per cent. den quota san an chaindíocht iomlán d'earraí gur chun iad d'iomportáil a bhéarfar amach na ceadúnaisí sin;

[EN]

(d) má bítear tar éis quota speisialta no quotanna speisialta do shocrú in aghaidh aon tréimhse quota, tuigfear gach quota speisialta fé leith den tsórt san, agus fós an iarmhéid den quota bheidh fágtha tar éis an quota speisialta no na quotanna spesialta san do bhaint den quota, do bheith ina quota ar leithligh chun crícheanna an fho-ailt seo, agus beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha an fho-ailt seo dá réir sin;

[EN]

(e) má bítear tar éis quota breise do shocrú in aghaidh aon tréimhse quota, tuigfear an quota breise sin do bheith ina quota ar leithligh chun crícheanna an fho-ailt seo, agus beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha an fho-ailt seo dá réir sin (ach amháin ag an méid sin díobh gur gá dá réir an ceadúnas do thabhairt amach roimh thosach na tréimhse quota).

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, i rith aon tréimhse quota fé aon ordú quota, féadfaidh, fé mar is rogha leis féin, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár d'iomportálaithe bheidh á choinneáil ar siúl do réir an Achta so chun crícheanna an orduithe quota san, ceadúnas chun iomportála do dhéanamh i rith na tréimhse quota san ar chaindíocht áirithe d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú quota san, agus féadfaidh, más oiriúnach leis é, coinníollacha do chur le haon cheadúnas den tsórt san maidir leis an tír ina mbeifear tar éis earraí a hiomportálfar fén gceadúnas san do dhéanamh no do tháirgeadh agus maidir leis an tír o n-a mbeifear tar éis na n-earraí sin do chonsighniú chun an iomportálaí no maidir le ceachtar ní acu san, ach ní raghaidh an chaindíocht iomlán d'earraí gur chun iad d'iomportáil a bhéarfar amach ceadúnaisí fén bhfo-alt so in aghaidh aon tréimhse quota maraon leis an gcaindíocht iomláin d'earraí gur chun iad d'iomportáil sa tréimhse quota san a bheidh ceadúnaisí tugtha amach fén alt so i dtosach na tréimhse quota san no roimhe sin, ní raghaidh san thar an quota in aghaidh na tréimhse quota san.

[EN]

(4) Aon cheadúnas a bhéarfar amach fén alt so féadfaidh an tAire coinníoll do chur ann i dtaobh an bhealaigh a déanfar earraí bheidh á n-iomportáil fén gceadúnas san do thabhairt go Saorstát Éireann ón tír o n-a mbeid á gconsighniú chun an iomportálaí.

[EN]

(5) Gach ceadúnas a bhéarfar amach fén alt so déarfaidh go n-údaruíonn do dhuine áirithe caindíocht áirithe d'earraí, de shaghas áirithe, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann i rith tréimhse áirithe quota agus oibreoidh chun a údarú don duine sin na hearraí sin d'iomportáil dá reir sin, ach san fé réir an duine sin do dhéanamh go cuibhe do réir na dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le hearraí den tsórt san d'iomportáil agus go sonnrách fé réir íoca na ndiúitéthe custum (más ann dóibh) a bheidh inéilithe ar an iomportáil sin.

[EN]

Tuilleadh ceadúnaisí chun iomportála do dhéanamh do thabhairt amach i gcásanna speisialta.

10.—(1) I gcás ceadúnais do thabhairt amach fén Acht so agus é do theip ar an duine dá dtabharfar amach an ceadúnas san iomportáil do dhéanamh, i rith na roimh-thréimhse no na tréimhse quota le n-a mbaineann an ceadúnas san, ar an gcaindíocht d'earraí go mbeidh a n-iomportáil údaruithe leis an gceadúnas san agus go bhfeictear don Aire gur cúiseanna ná raibh aon neart ag an duine sin ortha fé ndeár an teip sin, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do thabhairt amach don duine sin chun iomportáil do dhéanamh, i rith tréimhse áirithe i ndiaidh na roimh-thréimhse sin no na tréimhse quota san (do réir mar bheidh) agus fé réir pé coinníollacha is dóich leis an Aire is ceart do chur leis an gceadúnas san, ar chaindíocht d'earraí den tsaghas le n-ar bhain an ceadúnas san a céad-luaidhtear ach nách mó ná an chaindíocht d'earraí bheidh luaidhte sa cheadúnas san a céad-luaidhtear.

[EN]

(2) Gach ceadúnas a bhéarfar amach fén alt so oibreoidh chun a údarú don duine bheidh ainmnithe ann earraí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir téarmaí an cheadúnais sin, ach san fé réir déanamh go cuibhe do réir na dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le hearraí den tsórt san d'iomportáil agus go sonnrách fé réir íoca na ndiúitéthe custum (más ann dóibh) a bheidh inéilithe ar an iomportáil sin.

[EN]

(3) Ní háirmheofar mar chuid de quota ar bith a socrófar fén Acht so earraí go ndéanfar ceadúnas do thabhairt amach fén alt so chun iad d'iomportáil.

[EN]

Orduithe quota agus orduithe eile do leasú agus do cheiliúradh.

11.—Féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú quota no ordú eile bheidh déanta roimhe sin fén Acht so, agus le n-a n-áirmhítear ordú ar n-a dhéanamh fén alt so ag leasú orduithe roimhe sin.

[EN]

Ciontaí agus pionós.

12.—Gach duine dhéanfaidh, d'fhonn go ndéanfaí é féin no duine ar bith eile do chlárú i gclár d'iomportálaithe bheidh á choinneáil ar siúl do réir an Achta so no d'fhonn ceadúnais fén Acht so chun iomportála do dhéanamh ar earraí d'fháil do féin no do dhuine ar bith eile, éinní do rá no aon chúis do phlé, i scríbhinn, is eol do do bheith bréagach no mí-threorach i bponc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

Rialacháin.

13.—Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

Costaisí.

14.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

[EN]

Gearr-theideal.

15.—Féadfar an tAcht chun Iomportálanna do Rialú, 1934, do ghairm den Acht so.

[GA]

harp.jpg


Number 12 of 1934.


[GA]

CONTROL OF IMPORTS ACT, 1934.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Divers matters of interpretation.

3.

Quota orders.

4.

Effect and duration of quota orders.

5.

Prohibition of importation contrary to quota order.

6.

Appointment of quota periods and quotas.

7.

Registers of importers.

8.

Licences for importation during the preliminary period.

9.

Licences for importation during quota periods.

10.

Issue of extra licences for importation in special cases.

11.

Amendment and revocation of quota and other orders.

12.

Offences and penalty.

13.

Regulations.

14.

Expenses.

15.

Short title.

harp.jpg


Number 12 of 1934.


CONTROL OF IMPORTS ACT, 1934.


AN ACT TO MAKE PROVISION FOR THE CONTROL OF IMPORTS AND FOR THAT PURPOSE TO AUTHORISE THE IMPOSITION AND PROVIDE FOR THE ENFORCEMENT OF IMPORT QUOTAS, AND GENERALLY TO MAKE PROVISION FOR MATTERS CONNECTED WITH THE MATTERS AFORESAID. [24th March, 1934.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the expression “the Minister” means the Minister for Industry and Commerce;

[GA]

the word “prescribed” means prescribed by regulations made by the Minister under this Act;

[GA]

the expression “preliminary period” means the period beginning at the commencement of the quota order in relation to which the expression is used and ending at the commencement of the first quota period under such quota order.

[GA]

Divers matters of interpretation.

2.—(1) In this Act the word “importation” and cognate words shall be construed as not including or applying to importation for the purposes only of transit and consequent exportation.

[GA]

(2) For the purposes of this Act, importation shall be deemed to take place when the importing conveyance is reported under the Customs Acts.

[GA]

(3) For the purposes of this Act, goods shall not be deemed to have been manufactured in a particular country unless the prescribed proportion of their value is derived from expenditure of a prescribed kind incurred in the said country in respect of materials produced or work done in that country.

[GA]

(4) Each of the following persons shall for the purposes of this Act be a national of Saorstát Eireann, that is to say:—

[GA]

(a) a person born in Saorstát Eireann or in the area now comprised in Saorstát Eireann;

[GA]

(b) a person born outside Saorstát Eireann or the area now comprised in Saorstát Eireann whose mother at the time of his birth was ordinarily resident in Saorstát Eireann or such area;

[GA]

(c) a person who at the relevant time is and for not less than five consecutive years immediately preceding that time has been ordinarily resident in Saorstát Eireann.

[GA]

Quota orders.

3.—(1) The Executive Council may at any time by order (in this Act called a quota order) prohibit, subject to the provisions of this Act, the importation into Saorstát Eireann on or after a specified day (in this Act referred to as the commencement of such order) not prior to the date of such order of any particular description or descriptions of goods.

[GA]

(2) The Executive Council shall, in and by every quota order, appoint the day (not more than six weeks after the commencement of such order) on which the first quota period under such quota order shall commence.

[GA]

(3) The Executive Council may, in and by any quota order, exempt from the prohibition of importation effected by such order, goods imported in quantities not exceeding a specified amount for the personal use of the importer or members of his household.

[GA]

(4) No quota order shall apply to or affect the importation into Saorstát Eireann of articles which were (whether before or after the date of such order) manufactured or produced in and exported from Saorstát Eireann.

[GA]

(5) A quota order shall not be made in respect of any description of goods the importation of which into Saorstát Eireann is for the time being prohibited by law otherwise than under this Act.

[GA]

Effect and duration of quota orders.

4.—(1) Subject to the provisions of this section every quota order made by the Executive Council under this Act and every order similarly made amending or revoking a quota order shall have statutory effect.

[GA]

(2) Every quota order made by the Executive Council under this Act and every order similarly made amending a quota order shall cease to have effect at the expiration of six months from the making thereof unless it is approved of by each House of the Oireachtas by resolution passed before the expiration of the said six months.

[GA]

(3) Whenever a quota order has been revoked by an order made by the Executive Council under this Act before such quota order has been approved of by each House of the Oireachtas or a quota order has, by virtue of this section, ceased to have effect, no quota order subsequently made by the Executive Council in respect of the same or substantially the same descriptions of goods as those to which the said quota order so revoked or ceasing to have effect applied shall have effect until it has been approved of by each House of the Oireachtas by resolution, and every such order shall, for the purposes of this Act, be deemed to have been made when it has been so approved.

[GA]

Prohibition of importation contrary to quota order.

5.—(1) Whenever and so long as a quota order is in force, it shall not be lawful for any person to import into Saorstát Eireann, otherwise than under and in accordance with a licence in that behalf issued under this Act, any goods the importation of which is prohibited by such quota order.

[GA]

(2) Goods the importation of which is for the time being unlawful by virtue of this section shall be deemed to be included among the goods enumerated and described in the Table of Prohibitions and Restrictions Inwards contained in section 42 of the Customs Consolidation Act, 1876, and the provisions of that Act (as amended or extended by subsequent Acts) relating to the importation of prohibited or restricted goods shall apply accordingly.

[GA]

Appointment of quota periods and quotas.

6.—(1) Whenever the Executive Council makes a quota order, the Executive Council shall, by order made during the preliminary period in respect of such quota order and as soon as may be after the making of such quota order—

[GA]

(a) appoint a period (beginning on the day appointed by such quota order for the commencement of the first quota period thereunder) to be the first quota period under such quota order, and

[GA]

(b) appoint a specified quantity of goods to which such quota order applies to be the quota for the purposes of this Act in respect of the said first quota period.

[GA]

(2) So long as any particular quota order is in force the Executive Council shall, during and not less than one month before the end of every quota period under such quota order, by order—

[GA]

(a) appoint a period (beginning at the expiration of the said quota period) to be the next quota period under such quota order, and

[GA]

(b) appoint a specified quantity of goods to which such quota order applies to be the quota for the purposes of this Act in respect of the said next quota period.

[GA]

(3) Whenever the Executive Council by order made under this section appoints a quota, the Executive Council may, if they so think fit, by the same order direct that a specified proportion (in this Act referred to as a special quota) of the said quota shall consist of goods which are shown to the satisfaction of the Revenue Commissioners either (as shall be specified in such order)—

[GA]

(a) to have been manufactured or produced in a specified country, or

[GA]

(b) to have been consigned to the importer from a specified country, or

[GA]

(c) to have been manufactured or produced in a specified country and consigned to the importer from that country.

[GA]

(4) Whenever the Executive Council has, by order made under this section, appointed a quota in respect of any quota period, the Executive Council may, if they so think fit, by order made before the expiration of such quota period increase such quota by such amount (in this Act referred to as an additional quota) as they think proper.

[GA]

Registers of importers.

7.—(1) Whenever the Executive Council makes a quota order, the Minister shall forthwith establish and shall, so long as such quota order remains in force, maintain a register (in this Act referred to as a register of importers) of persons engaged in the importation into Saorstát Eireann of goods to which such quota order applies.

[GA]

(2) Whenever and so long as any particular register of importers is maintained in pursuance of this section, there shall be registered and, subject to the provisions of this Act, kept registered in such register every person who applies in the prescribed manner to the Minister for such registration and satisfies the Minister in the prescribed manner that he is either—

[GA]

(a) an individual who is a national of Saorstát Eireann and has a place of business in Saorstát Eireann, or

[GA]

(b) a partnership carrying on a business whereof more than half the capital is beneficially owned by an individual who is or two or more individuals each of whom is a national of Saorstát Eireann and which has a place of business in Saorstát Eireann, or

[GA]

(c) a company registered in Saorstát Eireann under the Companies Acts, 1908 to 1924, or

[GA]

(d) a person carrying on a manufacturing undertaking in Saorstát Eireann, or

[GA]

(e) a company, not registered or incorporated under the laws of Saorstát Eireann, which has a place of business in Saorstát Eireann and has, during at least the five consecutive years next preceding the establishment of the said register, carried on the business of importing into Saorstát Eireann goods to which the relevant quota order applies.

[GA]

(3) The Minister may, if he so thinks proper, remove from any register of importers maintained in pursuance of this section—

[GA]

(a) any person convicted of an offence under any section of this Act, and

[GA]

(b) any person who, having obtained licences under this Act for the importation of goods in two successive quota periods under the same quota order, has not imported under the said licences an aggregate quantity of goods exceeding twenty-five per cent. of the total of the quantities of goods authorised by the said licences respectively to be imported.

[GA]

Licences for importation during the preliminary period.

8.—(1) Whenever the Executive Council has made a quota order the Minister may, at any time before the expiration of the preliminary period in respect of such quota order, issue to any person who applies in the prescribed manner therefor, a licence expressed to authorise such person to import into Saorstát Eireann during the said preliminary period a specified quantity of goods to which the said quota order applies.

[GA]

(2) If and so far as an application for a licence under this section relates to goods which were actually consigned and in course of transit to the applicant at the commencement of the preliminary period, the Minister shall issue a licence under this section but only for so much of the said goods as will, in the opinion of the Minister, meet the reasonable requirements of the applicant.

[GA]

(3) Every licence issued under this section shall operate to authorise the person specified therein to import into Saorstát Eireann, during the preliminary period specified in such licence, goods of the description and not exceeding the quantity specified in such licence, but subject to due compliance by such person with the law for the time being in force in relation to the importation of such goods and in particular to the payment of the duties of customs (if any) chargeable on such importation.

[GA]

Licences for importation during quota periods.

9.—(1) Whenever and so long as a quota order made by the Executive Council under this Act is in force, any person who is for the time being registered in the register of importers maintained in pursuance of this Act for the purposes of such quota order may, not less than fourteen clear days before the commencement of any quota period under such quota order or, in the case of an application in relation to an additional quota, within fourteen days after the fixing of such additional quota, apply in the prescribed manner to the Minister for a licence to import during such quota period a specified quantity of goods to which the said quota order applies.

[GA]

(2) Before the commencement of every quota period under any quota order, the Minister shall issue to every person who has duly applied therefor under this section a licence to import during such quota period a quantity of goods to which such quota order applies determined in accordance with the following provisions, that is to say:—

[GA]

(a) if the total quantity of goods for which such licences are so applied for does not exceed seventy-five per cent. of the quota in respect of such quota period, every such licence shall be a licence for the importation of the full quantity of goods mentioned in the application for such licence;

[GA]

(b) if the total quantity of goods for which such licences are so applied for exceeds seventy-five per cent. of the said quota but does not exceed the said quota, then either (as the Minister shall in respect of each quota period determine) every such licence shall be a licence for the importation of the full quantity of goods mentioned in the application for such licence or every such licence shall be a licence for the importation of a rateable proportion of the said full quantity, such rateable proportion being so calculated that the total quantity of goods for the importation of which such licences are issued is equal to seventy-five per cent. of the said quota;

[GA]

(c) if the total quantity of goods for which such licences are so applied for exceeds the said quota, every such licence shall be a licence for the importation of such quantity of goods (not exceeding the quantity mentioned in the application for such licence) as the Minister shall, in the case of each particular licence, determine having regard to the interests of persons who were ordinarily engaged before the making of such quota order in the importation of goods to which the said quota order applies, but so that the total quantity of goods for the importation of which such licences are issued is not less than seventy-five per cent. of the said quota;

[GA]

(d) where a special quota or special quotas has or have been fixed in respect of any quota period, each such special quota and also the balance of the quota remaining after deducting such special quota or special quotas shall be deemed to be a separate quota for the purposes of this sub-section, and the provisions of this sub-section shall apply and have effect accordingly;

[GA]

(e) where an additional quota has been fixed in respect of any quota period, such additional quota shall be deemed to be a separate quota for the purposes of this sub-section, and the provisions of this sub-section (save so much thereof as requires the licence to be issued before the commencement of the quota period) shall apply and have effect accordingly.

[GA]

(3) During any quota period under any quota order, the Minister may, at his discretion, issue to any person who is for the time being registered in the register of importers maintained in pursuance of this Act for the purposes of such quota order, a licence to import during such quota period a specified quantity of goods to which such quota order applies and may, if he so thinks fit, attach to any such licence conditions in respect of the country in which goods imported under such licence shall have been manufactured or produced and the country from which such goods shall have been consigned to the importer or in respect of either of those matters, but the total quantity of goods for the importation of which licences are issued under this sub-section in respect of any quota period together with the total quantity of goods for the importation of which in such quota period licences were issued under this section at or before the commencement of such quota period shall not exceed the quota in respect of such quota period.

[GA]

(4) The Minister may insert in any licence issued under this section a condition as to the route by which goods imported under such licence shall be brought to Saorstát Eireann from the country from which they are consigned to the importer.

[GA]

(5) Every licence issued under this section shall be expressed to authorise a specified person to import into Saorstát Eireann during a specified quota period a specified quantity of goods of a specified description and shall operate to authorise the said person to whom such licence was issued fails to import, during compliance by such person with the law for the time being in force in relation to the importation of such goods and in particular to the payment of the duties of customs (if any) chargeable on such importation.

[GA]

Issue of extra licences for importation in special cases.

10.—(1) Where a licence has been issued under this Act and the person to import the said goods accordingly, but subject to due the preliminary period or quota period to which such licence relates, the quantity of goods the importation of which is authorised by such licence and it appears to the Minister that such failure was due to causes beyond the control of such person, the Minister may, if he so thinks fit, issue to such person a licence to import during a specified period subsequent to the said preliminary period or quota period (as the case may be) and subject to such conditions as the Minister shall think proper to attach to such licence a quantity of goods of the description to which such first-mentioned licence applied but not exceeding the quantity thereof mentioned in such first-mentioned licence.

[GA]

(2) Every licence issued under this section shall operate to authorise the person named therein to import into Saorstát Eireann goods in accordance with the terms of such licence but subject to due compliance with the law for the time being in force in relation to the importation of such goods and in particular the payment of the duties of customs (if any) chargeable on such importation.

[GA]

(3) Goods for the importation of which a licence is issued under this section shall not be reckoned as part of any quota fixed under this Act.

[GA]

Amendment and revocation of quota and other orders.

11.—The Executive Council may at any time by order amend or revoke any quota order or other order previously made under this Act, including an order made under this section amending a previous order.

[GA]

Offences and penalty.

12.—Every person who, for the purpose of procuring the registration of himself or any other person in a register of importers maintained in pursuance of this Act or obtaining for himself or any other person a licence under this Act for the importation of goods, makes any statement or representation in writing which is to his knowledge false or misleading in a material respect shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding twenty-five pounds.

[GA]

Regulations.

13.—The Minister may by order make regulations prescribing any matter or thing which is referred to in this Act as prescribed or to be prescribed.

[GA]

Expenses.

14.—The expenses incurred by the Minister in the execution of this Act shall, to such extent as shall be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA]

Short title.

15.—This Act may be cited as the Control of Imports Act, 1934.