Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 14 de 1932
ACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1932.
Alt 71 den Diseases of Animals Act, 1894, do leasú.
1.—An méid d'fho-alt (5) d'alt 71 den Diseases of Animals Act, 1894, mar a leasuítear é le halt 1 den Diseases of Animals (Ireland) Act, 1914, le n-a socruítear an tsuim is mó is féidir do ghearradh san iomlán fén alt san 71, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige maidir le haon airgead a gearrfar fé tar éis an Achta so do rith, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh an tsuim iomlán a féadfar a ghearradh tar éis an Achta so do rith fé alt 71 den Diseases of Animals Act, 1894, thar suim is cóionann le púntáiste de reul an púnt ar luach bhliantúil ghlan na maoine sna contaethe riaracháin uile de Shaorstát Éireann.
Gearr-theideal agus luadh.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1932, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1932, do ghairm de sna Diseases of Animals (Ireland) Acts, 1894 to 1914, agus den Acht so le chéile.
Number 14 of 1932.
DISEASES OF ANIMALS ACT, 1932.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Number 14 of 1932.
DISEASES OF ANIMALS ACT, 1932.
Amendment of section 71 of Diseases of Animals Act, 1894.
1.—So much of sub-section (5) of section 71 of the Diseases of Animals Act, 1894, as amended by section 1 of the Diseases of Animals (Ireland) Act, 1914, as fixes the maximum amount which may be levied in the whole under the said section 71 shall cease to have effect in relation to any moneys levied thereunder after the passing of this Act, and in lieu thereof it is hereby enacted that the total sum which may be levied after the passing of this Act under section 71 of the Diseases of Animals Act, 1894, shall not exceed a sum equivalent to a poundage of sixpence in the pound on the net annual value of the property in all the administrative counties of Saorstát Eireann.
Short title and citation.
2.—(1) This Act may be cited as the Diseases of Animals Act, 1932.
(2) The Diseases of Animals (Ireland) Acts, 1894 to 1914, and this Act may be cited together as the Diseases of Animals (Ireland) Acts, 1894 to 1932.