Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 17 de 1955.


[EN]

AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH AOISLIÚNTAS d'FHOIRINN BHUAN AN BHOIRD IASCAIGH MHARA. [26 Iúil, 1955.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an Bord” an Bord Iascaigh Mhara;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

[EN]

Aoisliúntas d'fhoirinn an Bhoird Iascaigh Mhara.

2.—(1) Ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun aoisliúntais i bhfoirm pinsin nó aisce nó sa dá fhoirm sin a dheonadh le haghaidh foireann bhuan an Bhoird.

[EN]

(2) Measfar scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a theacht i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1953, agus cuirfidh an Bord i bhfeidhm í do réir a téarmaí.

[EN]

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith le ceadú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Air Airgeadais, scéim faoin alt seo a leasú.

[EN]

(4) Socróidh scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo an tráth scortha agus na coinníollacha scortha do na daoine uile lena mbeidh liúntais iníoctha faoin scéim, agus féadfar trátha agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

[EN]

(5) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éilimh aon duine chun aon liúntais is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid aon liúntais den tsórt sin, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus beidh breith an Aire Airgeadais uirthi ina breith chríochnaitheach.

[EN]

Scéim a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

3.—Gach scéim a déanfar faoin Acht seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

[EN]

Gearrtheideal, foirléiriú agus comhlua.

4.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1955, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht Iascaigh Mhara, 1952 (Uimh. 7 de 1952), agus an tAcht seo agus féadfar na hAchta Iascaigh Mhara, 1952 agus 1955, a ghairm díobh le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 17 of 1955.


[GA]

SEA FISHERIES (AMENDMENT) ACT, 1955.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Superannuation of staff of An Bord Iascaigh Mhara.

3.

Laying of scheme before Oireachtas.

4.

Short title, construction and collective citation.


Acts Referred to

Sea Fisheries Act, 1952

No. 7 of 1952

harp.jpg


Number 17 of 1955.


SEA FISHERIES (AMENDMENT) ACT, 1955.


AN ACT TO PROVIDE FOR SUPERANNUATION ALLOWANCES FOR THE PERMANENT STAFF OF AN BORD IASCAIGH MHARA. [26th July, 1955.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the Board” means An Bord Iascaigh Mhara;

[GA]

the Minister” means the Minister for Agriculture.

[GA]

Superannuation of staff of An Bord Iascaigh Mhara.

2.—(1) The Board shall prepare and submit to the Minister a scheme or schemes for the granting of superannuation allowances by way of pension or gratuity or both for its permanent staff.

[GA]

(2) A scheme submitted to the Minister under this section, if approved of by the Minister with the concurrence of the Minister for Finance, shall be deemed to have come into operation on the 1st day of July, 1953, and shall be carried out by the Board in accordance with its terms.

[GA]

(3) The Board may at any time, with the approval of the Minister, given with the concurrence of the Minister for Finance, amend a scheme under this section.

[GA]

(4) A scheme submitted and approved of under this section shall fix the time and conditions of retirement for all persons to whom allowances are payable under the scheme, and different times and conditions may be fixed in respect of different classes of persons.

[GA]

(5) If any dispute arises as to the claim of any person to, or the amount of, any allowance payable in pursuance of a scheme under this section, such dispute shall be submitted to the Minister who shall refer it to the Minister for Finance, whose decision thereon shall be final.

[GA]

Laying of scheme before Oireachtas.

3.—Every scheme under this Act shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is approved of and if either House, within the next twenty-one days on which that House has sat after the scheme is laid before it, passes a resolution annulling the scheme, the scheme shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.

[GA]

Short title, construction and collective citation.

4.—(1) This Act may be cited as the Sea Fisheries (Amendment) Act, 1955.

[GA]

(2) The Sea Fisheries Act, 1952 (No. 7 of 1952), and this Act shall be construed as one and may be cited together as the Sea Fisheries Acts, 1952 and 1955.