Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[GA]

harp.jpg


Number 22 of 1952.


[GA]

LOCAL GOVERNMENT (SANITARY SERVICES) (JOINT BURIAL BOARDS) ACT, 1952.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definition of joint burial board.

2.

Compulsory acquisition of land by a joint burial board.

3.

Short title, construction and collective citation.

harp.jpg


Number 22 of 1952.


LOCAL GOVERNMENT (SANITARY SERVICES) (JOINT BURIAL BOARDS) ACT, 1952.


AN ACT TO REMOVE DOUBTS AS TO THE POWER OF JOINT BURIAL BOARDS TO ACQUIRE LAND COMPULSORILY. [10th December, 1952.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Definition of joint burial board.

1.—In this Act the expression “joint burial board” means the governing body of a united district formed under the provisions of the Public Health (Ireland) Act, 1878 which possesses the powers and is subject to the duties conferred and imposed on a burial board by the said Act.

[GA]

Compulsory acquisition of land by a joint burial board.

2.—In order to remove doubts it is hereby declared that the powers of a joint burial board include and have always included the powers of a sanitary authority acting as burial board for a sanitary district to acquire land compulsorily for the purposes of providing a new burial ground or making additions to a burial ground, and that every enactment which enables or for the time being enabled a sanitary authority so acting to acquire land compulsorily for such purposes is and has been applicable to a joint burial board and that such powers are and were exercisable accordingly.

[GA]

Short title, construction and collective citation.

3.—(1) This Act may be cited as the Local Government (Sanitary Services) (Joint Burial Boards) Act, 1952.

[GA]

(2) This Act shall be construed as one with the Local Government (Sanitary Services) Acts, 1878 to 1948.

[GA]

(3) The Local Government (Sanitary Services) Acts, 1878 to 1948 and this Act may be cited together as the Local Government (Sanitary Services) Acts, 1878 to 1952.

[EN]

Uimhir 22 de 1952.


[EN]

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA) (COMHBHOIRD ADHLACAIN), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR DEIREADH LE hAMHRAIS I dTAOBH CUMHACHT COMHBHORD ADHLACAIN CHUN TALAMH A THÓGAINT GO hÉIGEANTACH. [10ú Nollaig, 1952.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Míniú ar chomhbhord adhlacain.

1.—San Acht seo ciallaíonn an abairt“comhbhord adhlacain”comhlucht rialuithe comhcheantair a ceapadh faoi fhorála an Public Health (Ireland) Act, 1878, a bhfuil na cumhachta aige agus na dualgais air a bronnadh agus a forchuireadh ar bhord adhlacain leis an Acht sin.

[EN]

Comhbhord adhlacain do thógaint tailimh go héigeantach.

2.—Chun deireadh a chur le hamhrais dearbhaítear leis seo go bhfuil agus go raibh riamh ar na cumhachta atá ag comhbhord adhlacain na cumhachta atá ag údarás sláintíochta, ag gníomhú dhó mar bhord adhlacain do cheantar sláintíochta, chun talamh a thógaint go héigeantach d'fhonn reilig nua a sholáthar nó reilig a mhéadú, agus go bhfuil agus go raibh feidhm maidir le comhbhord adhlacain ag gach achtachán a chumasaíos, nó a chumasaigh de thuras na huaire, d'údarás sláintíochta, ag gníomhú dhó amhlaidh, talamh a thógaint go héigeantach chun na gcríocha sin agus go bhfuil agus go raibh na cumhachta sin infheidhmithe dá réir sin.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta) (Comhbhoird Adhlacain), 1952, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948, mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948, agus den Acht seo le chéile.