Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 29 de 1933
ACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (CONVENSIÚIN IDIRNÁISIÚNTA OIBREACHAIS), 1933.
Alt 158 den Merchant Shipping Act, 1894, do leasú.
1.—(1) Más rud é, de bhíthin long ar a mbeidh máirnéalach ar fostú do bhriseadh no do chailliúint, go gcríochnóidh seirbhís an mháirnéalaigh sin roimh an dáta bheidh ceaptha sa chó-aontú, beidh sé, d'ainneoin éinní atá in alt 158 den Merchant Shipping Act, 1894, ach fé réir forálacha an ailt seo, i dteideal páigh d'fháil, alos gach lae bheidh sé díomhaoin i rith tréimhse dhá mhí ón dáta ar ar chríochnuigh an tseirbhís, do réir an ráta chun a raibh teideal aige ar an dáta san.
(2) Ní bheidh máirnéalach i dteideal páigh d'fháil fén alt so má thaisbeánann an t-únaer nárbh é briseadh no cailliúint na luinge fé ndeár an díomhaointeas, agus ní bheidh i dteideal páigh d'fháil fén alt so alos lae ar bith má thaisbeánann an t-únaer gurbh fhéidir don mháirnéalach fostaíocht oiriúnach d'fháil an lá san.
(3) San alt so foluíonn an focal “máirnéalach” gach duine ar fostú no ag obair in aon fheadhmannas ar bord aon luinge, ach, i gcás luinge is bád iascaigh, ní fholuíonn sé duine ar bith ná beidh i dteideal ach scair den bhrabús no den mhór-thuilleamh, as an mbád d'oibriú, d'fháil mar luach saothair.
(4) Beidh éifeacht ag an alt so agus tuigfear go raibh éifeacht aige ón gcúigiú lá d'Iúl, 1930.
Daoine óga d'fhostú mar lucht feistithe guail no mar theineadóirí.
2.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní déanfar duine óg ar bith d'fhostú in obair feisteora ghuail ná in obair theineadóra in aon luing:
Ach—
(a) ní bhainfidh an fhoráil sin roimhe seo—
(i) le duine óg d'fhostú in obair den tsórt san roimhráite i scoil-luing no i luing thréineála i gcás gur obair í de shaghas a bheidh ceaduithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus í do bheith ar siúl fé mhaoirseacht oifigeach don Aire sin; ná
(ii) le duine óg d'fhostú in obair den tsórt san roimhráite i luing gur ar shlí eile seachas le gail a tiomáintear í nách mór ar fad; ná
(iii) le duine óg d'fhostú fé réir agus do réir na bhforálacha atá i mír (c) d'Airtiogal 3 den dréacht-chonvensiún a bhaineann leis an aois mhinimum chun daoine óga d'fhostú mar lucht feistithe guail no mar theineadóirí, dréacht-chonvensiún le n-ar ghlac an Chódháil Ghenerálta de Chó-ghléasa Idirnáisiúnta an Oibreachais fé Chumann na Náisiún agus ina bhfuil, i dteanta airtiogal eile, na hairtiogail atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so; agus
(b) i gcás feisteoir guail no teineadóir do bheith ag teastáil in aon phort i gcóir aon luinge agus gan éinne os cionn ocht mblian déag d'aois do bheith ar fáil chun na háite do líonadh, féadfar duine óg os cionn sé mblian déag d'aois d'fhostú mar fheisteoir ghuail no mar theineadóir, ach i gcás ar bith den tsórt san déanfar beirt daoine óga os cionn sé mblian déag d'aois d'fhostú chun na hoibre do dhéanamh do bheadh le déanamh ag duine amháin os cionn ocht mblian déag d'aois.
(2) Cuirfear isteach i ngach có-aontú déanfar leis an bhfuirinn liost de sna daoine óga is baill den fhuirinn maraon leis na dátaí ar ar rugadh iad, agus, i gcás luinge ná déanfar aon chó-aontú le n-a fuirinn, déanfaidh máistir na luinge, má bhíonn daoine óga ar fostú ar an luing, clár de sna daoine sin do choimeád agus na dátaí ar ar rugadh iad luaidhte ann maraon leis na dátaí ar a dtiocfaid chun bheith no ar a scuirfid de bheith ina mbaill den fhuirinn.
(3) Cuirfear isteach i ngach có-aontú déanfar leis an bhfuirinn achmaireacht ghearr ar fhorálacha an ailt seo.
Dochtúir do scrúdú daoine óga.
3.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní fostófar duine óg ar bith in aon fheadhmannas in aon luing gan deimhniú, ar n-a dheonadh ag dochtúir’ leighis go gcáilíocht chuibhe, do sheachadadh do mháistir na luinge á dheimhniú go bhfuil an duine óg oiriúnach chun bheith ar fostú sa bhfeadhmannas san:
Ach—
(a) ní bhainfidh na forálacha san roimhe seo le duine óg d'fhostú i luing ná bíonn ar fostú inti ach daoine den aon líntighe amháin; agus
(b) féadfaidh an t-údarás inniúil, ar scór práinne, a údarú duine óg d'fhostú i luing cé ná dearnadh aon deimhniú den tsórt san roimhráite do sheachadadh do mháistir na luinge, ach ní déanfar duine óg gur ina thaobh do bhéarfar aon údarás den tsórt san do choimeád ar fostú thar an gcéad phort chun a nglaodhfaidh an long tar éis don duine óg dul ar bórd, ach amháin fé réir agus do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so.
(2) Fanfaidh deimhniú fén alt so i bhfeidhm go ceann tréimhse bliana o dháta a dheonta agus ní níos sia ná san:
Ach i gcás an tréimhse bhliana san do chríochnú uair éigin le linn turuis na luinge ina mbeidh an duine óg ar fostú fanfaidh an deimhniú i bhfeidhm go deireadh an turuis.
(3) San alt so cialluíonn an abairt “an t-údarás inniúil” maoirseoir ar loingeas tráchtála no oifigeach consulachta i seirbhís Shaorstáit Éireann no duine ar bith eile bheidh ceaduithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála mar dhuine inniúil chun an údaráis a luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt so do thabhairt uaidh.
Pionóisí.
4.—(1) Má deintear duine óg ar bith d'fhostú in aon luing contrárdha d'fhorálacha an Achta so dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur ar mháistir na luinge, no fíneáil ná raghaidh thar cúig púint más é an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, agus i gcás duine óg d'fhostú in aon luing contrárdha d'fhorálacha an Achta so, ar an tuismitheoir do thaisbeáint deimhnithe fhallsa no bhréige no ar san do thaisbeáint go bhfios don tuismitheoir, no ar an tuismitheoir dá thabhairt le tuiscint go bréagach aos do bheith ag an duine óg a dheineann gan é bheith contrárdha do sna forálacha san é d'fhostú amhlaidh, dlighfear, ar chiontú an tuismitheora san ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur air.
(2) Más rud é go dteipfidh ar mháistir luinge clár do choimeád den tsórt a ceangaltar air do choimeád fén Acht so no, ar n-a cheangal san air d'oifigeach don Aire Tionnscail agus Tráchtála no do dhuine ar bith eile go gcomhacht chun a chur d'fhiachaibh déanamh do réir forálacha na nAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1932, go ndéanfaidh diúltadh no go dtabharfaidh faillí maidir le haon chlár den tsórt san roimhráite no aon deimhniú seachadfar do fén Acht so do thaisbeáint don oifigeach no don duine sin chun é d'iniúchadh dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
Mínithe.
5.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “duine óg” duine atá fé bhun ocht mblian déag d'aois;
cialluíonn an focal “long” long fhairrge no bád fairrge ar bith d'aon tsaghas agus í cláruithe i Saorstát Éireann, agus foluíonn sé aon bhád iascaigh ar n-a hiontráil sa chlár de bháid iascaigh i Saorstát Éireann, ach ní fholuíonn aon bhád tarraingthe, dreidire, bád láibe, báirse ná bád eile ná téigheann a gnáth-chúrsa loingseoireachta thar na teoranta chun fairrge de dhlighinse údaráis chuain an phuirt ina mbíonn an t-árthach san ag obair do ghnáth, má bhíonn agus faid a bhíonn an t-árthach san ag gabháil dá gnáth-ghnó.
Gearr-theideal agus léiriú.
6.—(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Convensiúin Idirnáisiúnta Oibreachais), 1933, do ghairm den Acht so.
(2) Déanfar an tAcht so do léiriú mar éinní amháin leis na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1932, agus féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.
SCEIDEAL.
Airtiogal 2.
Ní déanfar daoine óga fé bhun ocht mblian déag d'aois d'fhostú in obair lucht feistithe guail ná in obair theineadóirí ar árthaighe.
Airtiogal 3.
Ní bhainfidh forálacha Airtiogail 2:—
(a) Le hobair a dhéanfaidh daoine óga ar scoil-longa no ar longa tréineála, ach an obair sin do bheith fé cheadú agus fé mhaoirseacht údaráis phuiblí;
(b) Le daoine óga d'fhostú ar árthaighe gur ar shlí eile seachas le gail a tiomáintear iad nách mór ar fad;
(c) Le daoine óga nách óige ná sé bliana déag d'aois, agus a féadfar, ar a fháil amach tré scrúdú dhochtúra a ndíol sláinte agus nirt do bheith acu, d'fhostú mar lucht feistithe guail no mar theineadóirí ar árthaighe ná beidh ach ag gabháil do thrádáil fan chóstaí na hIndia agus na Seapáine, fé réir rialachán ar n-a ndéanamh tar éis dul i gcomhairle leis na có-ghléasanna is fearr ionaduíonn fostóirí agus oibritheoirí sna tíortha san.
Number 29 of 1933.
MERCHANT SHIPPING (INTERNATIONAL LABOUR CONVENTIONS) ACT, 1933.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Number 29 of 1933.
MERCHANT SHIPPING (INTERNATIONAL LABOUR CONVENTIONS) ACT, 1933.
Amendment of Section 158 of Merchant Shipping Act, 1894.
1.—(1) Where by reason of the wreck or loss of a ship on which a seaman is employed his service terminates before the date contemplated in the agreement, he shall, notwithstanding anything in section 158 of the Merchant Shipping Act, 1894, but subject to the provisions of this section, be entitled in respect of each day on which he is in fact unemployed during a period of two months from the date of the termination of the service, to receive wages at the rate to which he was entitled at that date.
(2) A seaman shall not be entitled to receive wages under this section if the owner shows that the unemployment was not due to the wreck or loss of the ship and shall not be entitled to receive wages under this section in respect of any day if the owner shows that the seaman was able to obtain suitable employment on that day.
(3) In this section the expression “seaman” includes every person employed or engaged in any capacity on board any ship, but, in the case of a ship which is a fishing boat, does not include any person who is entitled to be remunerated only by a share in the profits or the gross earnings of the working of the boat.
(4) This section shall have and be deemed to have had effect as from the fifth day of July, 1930.
Employment of young persons as trimmers or stokers.
2.—(1) Subject to the provisions of this section, no young person shall be employed on work as a trimmer or stoker in any ship:
Provided that—
(a) the foregoing provision shall not apply—
(i) to the employment of a young person on such work as aforesaid in a school-ship or training-ship if the work is of a kind approved by the Minister for Industry and Commerce and is carried on subject to supervision by officers of the said Minister; or
(ii) to the employment of a young person on such work as aforesaid in a ship which is mainly propelled otherwise than by means of steam; or
(iii) to the employment of a young person subject to and in accordance with the provisions contained in paragraph (c) of Article 3 of the draft convention relating to the minimum age for the admission of young persons to employment as trimmers or stokers adopted by the General Conference of the International Labour Organisation of the League of Nations and containing as well as other articles the articles set out in the Schedule to this Act; and
(b) where in any port a trimmer or stoker is required for any ship and no person over the age of eighteen years is available to fill the place, a young person over the age of sixteen years may be employed as trimmer or stoker, but in any such case two young persons over the age of sixteen years shall be employed to do the work which would otherwise have been performed by one person over the age of eighteen years.
(2) There shall be included in every agreement with the crew a list of the young persons who are members of the crew, together with particulars of the dates of their birth, and, in the case of a ship in which there is no such agreement, the master of the ship shall, if young persons are employed thereon, keep a register of those persons with particulars of the dates of their birth and of the dates on which they become or cease to be members of the crew.
(3) There shall be included in every agreement with the crew a short summary of the provisions of this section.
Medical examination of young persons.
3.—(1) Subject to the provisions of this section, no young person shall be employed in any capacity in any ship, unless there has been delivered to the master of the ship a certificate granted by a duly qualified medical practitioner certifying that the young person is fit to be employed in that capacity:
Provided that—
(a) the foregoing provisions shall not apply to the employment of a young person in a ship in which only members of the same family are employed; and
(b) the competent authority may on the ground of urgency authorise a young person to be employed in a ship notwithstanding that no such certificate as aforesaid has been delivered to the master of the ship, but a young person in whose case any such authorisation is given shall not be employed beyond the first port at which the ship calls after the young person embarks thereon, except subject to and in accordance with the foregoing provisions of this section.
(2) A certificate under this section shall remain in force for a period of twelve months from the date on which it is granted and no longer:
Provided that, if the said period of twelve months expires at some time during the course of the voyage of the ship in which the young person is employed, the certificate shall remain in force until the end of the voyage.
(3) In this section the expression “the competent authority” means a superintendent of mercantile marine or a consular officer in the service of Saorstát Eireann or any other person recognised by the Minister for Industry and Commerce to be competent to give the authority mentioned in paragraph (b) of sub-section (1) of this section.
Penalties.
4.—(1) If any young person is employed in any ship in contravention of the provisions of this Act, the master of the ship shall be liable to a fine not exceeding forty shillings, or, in the case of a second or subsequent offence, not exceeding five pounds. and where a young person is taken into employment in any ship in contravention of the provisions of this Act on the production by, or with the privity of, the parent of a false or forged certificate or on a false representation by the parent that the young person is of an age at which such employment is not in contravention of the said provisions, that parent shall be liable on summary conviction to a fine not exceeding forty shillings.
(2) If the master of a ship fails to keep such a register as is required to be kept by him under this Act, or, on being so required by an officer of the Minister for Industry and Commerce or any other person having power to enforce compliance with the provisions of the Merchant Shipping Acts, 1894 to 1932, refuses or neglects to produce for inspection by that officer or person any such register as aforesaid or any certificate delivered to him under this Act, he shall be liable to a fine not exceeding twenty pounds.
Definitions.
5.—In this Act—
the expression “young person” means a person who is under the age of eighteen years;
the expression “ship” means any sea-going ship or boat of any description which is registered in Saorstát Eireann, and includes any fishing boat entered in the fishing boat register in Saorstát Eireann, but does not include any tug, dredger, sludge vessel, barge, or other craft whose ordinary course of navigation does not extend beyond the seaward limits of the jurisdiction of the harbour authority of the port at which such vessel is regularly employed, if and so long as such vessel is engaged in her ordinary occupation.
Short title and construction.
6.—(1) This Act may be cited as the Merchant Shipping (International Labour Conventions) Act, 1933.
(2) This Act shall be construed as one with the Merchant Shipping Acts, 1894 to 1932, and those Acts and this Act may be cited together as the Merchant Shipping Acts, 1894 to 1933.
SCHEDULE.
Article 2.
Young persons under the age of eighteen years shall not be employed on work on vessels as trimmers or stokers.
Article 3.
The provisions of Article 2 shall not apply:—
(a) To work done by young persons on school-ships or training-ships, provided that such work is approved and supervised by public authority;
(b) To the employment of young persons on vessels mainly propelled by other means than steam;
(c) To young persons of not less than sixteen years of age, who, if found physically fit after medical examination, may be employed as trimmers or stokers on vessels exclusively engaged in the coastal trade of India and of Japan, subject to regulations made after consultation with the most representative organisations of employers and workers in those countries.