Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 34 de 1934.


[EN]

ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN ALT 16 AGUS 17 DEN ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924, DO LEASÚ, AGUS CHUN RÉ CEADUNAS ÁIRITHE DO DEONADH FÉ ALT 42 DEN ACHT SAN D'FHAIDIÚ TUILLEADH.

[6adh Meán Fhómhair, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924);

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

[EN]

(2) Gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar do amhlaidh.

[EN]

Ailt 16 agus 17 den Phríomh-Acht do leasú.

2.—Má deintear uachtar do sheachadadh, go dtí aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, as feithicil inneall-ghluaiste go mbeidh ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas feithicle san Acht so) ar n-a dheonadh fén Acht so i bhfeidhm de thurus na huaire ina taobh agus má bítear tar éis an uachtair sin do dheighilt o bhainne ar an bhfeithicil sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás an áitreibh sin do bheith cláruithe i gclár na n-uachtarlann, tuigfear, chun crícheanna na bhforálacha so leanas den Phríomh-Acht, eadhon, mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 16, agus alt 17, an t-uachtar san do sheachadadh go dtí an t-áitreabh san o áitreabh atá cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, agus

[EN]

(b) i gcás an áitreibh sin a céad-luiadhtear do bheith cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, tuigfear, chun crícheanna ailt 17 den Phríomh-Acht, an t-uachtar san do sheachadadh go dtí an t-áitreabh san o áitreabh eile atá cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar.

[EN]

Feithiclí ar a mbeidh gléasradh deighilte uachtair do cheadúnú.

3.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas feithicle do dheonadh do dhuine ar bith á údarú don duine sin gnó deighilte uachtair do bheith ar siúl aige ar aon fheithicil inneallghluaiste bheidh, dar leis an Aire, déanta agus gléasta i slí dheineann oiriúnach í chun an ghnótha san do bheith ar siúl uirthi.

[EN]

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “feithicil cheadúnuithe” feithicil inneall-ghluaiste 'na mbeifear tar éis ceadúnais feithicle do dheonadh, agus 'na mbeidh san i bhfeidhm, ina taobh.

[EN]

(3) Íocfar táille de phúnt leis an Aire ar gach iarratas ag lorg ceadúnais feithicle.

[EN]

(4) Na táillí uile a híocfar fén alt so baileofar agus glacfar iad i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgid.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

[EN]

Coinníollacha ceadúnaisí feithicle.

4.—(1) Deonfar gach ceadúnas feithicle fé réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) go ndéanfaidh an ceadúnaí an fheithicil le n-a mbaineann an ceadúnas san, agus fós an gléasradh agus an mheaisínteacht agus na fearaistí inti, do choimeád glan agus i dtreo mhaith i gcomhnaí;

[EN]

(b) go ndéanfaidh an ceadúnaí gach is gá chun a chur in áirithe go mbeidh an bainne no an t-uachtar, agus fós gach táthchuid agus abhar eile a bheidh á n-úsáid maidir leis an ngnó deighilte uachtair a bheidh ar siúl ar an bhfeithicil sin, go mbeid glan agus saor o thruailliú;

[EN]

(c) go ndéanfaidh an ceadúnaí an gléasradh, an mheaisínteacht, na fearaistí agus na hárthaí bheidh á n-úsáid maidir leis an ngnó deighilte uachtair a bheidh ar siúl ar an bhfeithicil sin d'fheabhsú ar pé slí no pé breis do chur leo éileoidh an tAire o am go ham.

[EN]

(2) Má thárlann don cheadúnaí fé cheadúnas feithicle go dteipfidh air no go dtabharfaidh faillí no go ndéanfaidh diúltadh maidir leis na coinníollacha do chólíonadh gur fé n-a réir do deonadh an ceadúnas san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Feithiclí ceadúnuithe d'iniúchadh.

5.—(1) Féadfaidh cigire ar bith (ach é do thaisbeáint a údaráis i scríbhinn mar chigire den tsórt san má hiarrtar san air) dul isteach gach tráth réasúnta in aon fheithicil cheadúnuithe agus iniúchadh do dhéanamh ar an bhfeithicil sin agus fós ar an ngléasradh, ar an meaisínteacht, na ar fearaistí agus ar na hárthaí uile bheidh á n-úsáid maidir leis an ngnó deighilte uachtair a bheidh ar siúl ar an bhfeithicil sin.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith aon chigire do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta fén alt so aige é agus, má sé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

[EN]

Forálacha áirithe den Phríomh-Acht do bheith i mbaint.

6.—(1) Bainfidh rialacháin ar n-a ndéanamh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé alt 32 den Phríomh-Acht le feithiclí ceadúnuithe agus maidir le feithiclí ceadúnuithe fé mar a bhaineann na rialacháin sin le háitreabh agus maidir le háitreabh atá cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, agus déanfar an t-alt san agus na rialacháin sin ar n-a ndéanamh fé do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

(2) Déanfar na tagairtí atá in ailt 39 agus 40 den Phríomh-Acht do stáisiún ina ndeighiltear uachtar do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí d'fheithicil cheadúnuithe agus beidh éifeacht ag na hailt sin dá réir sin.

[EN]

Ceadúnas feithicle do cheiliúradh.

7.—(1) Má deintear an ceadúnaí fé cheadúnas feithicle do chiontú i gcionta fé aon alt atá san Acht so no fé alt 32, alt 39 no alt 40 den Phríomh-Acht, mar a cuirtear san i mbaint tríd an Acht so, féadfaidh an tAire an ceadúnas san do cheiliúradh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ar an gceadúnaí fé cheadúnas feithicle dá iarraidh sin an ceadúnas san do cheiliúradh.

[EN]

Ré ceadúnaisí fé alt 42 den Phríomh-Acht d'fhaidiú.

8.—Gach ceadúnas do deonadh fé fho-alt (2) d'alt 42 den Phríomh-Acht agus do bhí i bhfeidhm, de bhuadh ailt 10 den Acht Tora Déiríochta, 1931 (Uimh. 29 de 1931), an 31adh lá de Mhárta, 1934, tuigfear é d'fhanúint i bhfeidhm go dtí dáta an Achta so do rith agus, más rud é go bhfuil an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta le linn an Achta so do rith, fanfaidh i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1937, ach go dtí an dáta san beidh sé fé réir a cheiliúrtha ag an Aire, agus féadfaidh an tAire é do cheiliúradh, fé mar agus pé uair is ceart san dar leis.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

9.—Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1934, do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1934, do ghairm de sna hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1931, agus den Acht so le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 34 of 1934.


[GA]

DAIRY PRODUCE (AMENDMENT) ACT, 1934.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Amendment of sections 16 and 17 of the Principal Act.

3.

Licensing of vehicles equipped with cream-separating plant.

4.

Conditions of vehicle licences.

5.

Inspection of licensed vehicles.

6.

Application of certain provisions of the Principal Act.

7.

Revocation of vehicle licence.

8.

Extension of licences under section 42 of the Principal Act.

9.

Short title and citation.


Acts Referred to

Dairy Produce Act, 1924

No. 58 of 1924

Dairy Produce Act, 1931

No. 29 of 1931

harp.jpg


Number 34 of 1934.


DAIRY PRODUCE (AMENDMENT) ACT, 1934.


AN ACT TO AMEND SECTIONS 16 AND 17 OF THE DAIRY PRODUCE ACT, 1924, AND TO EXTEND FURTHER THE DURATION OF CERTAIN LICENCES GRANTED UNDER SECTION 42 OF THE SAID ACT. [6th September, 1934.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the expression “the Principal Act” means the Dairy Produce Act, 1924 (No. 58 of 1924);

[GA]

the expression “the Minister” means the Minister for Agriculture.

[GA]

(2) Every word and expression to which a particular meaning is given by the Principal Act for the purposes of that Act has in this Act the meaning so given.

[GA]

Amendment of sections 16 and 17 of the Principal Act.

2.—Where cream is supplied to any premises registered in the register of creameries or the register of cream-separating stations from a mechanically propelled vehicle in respect of which a licence (in this Act referred to as a vehicle licence) granted under this Act is for the time being in force and such cream was separated from milk on such vehicle, the following provisions shall have effect, that is to say:—

[GA]

(a) in case such premises are registered in the register of creameries, such cream shall be deemed, for the purposes of the following provisions of the Principal Act, namely, paragraph (a) of sub-section (1) of section 16, and section 17, to have been supplied to such premises from premises registered in the register of cream-separating stations, and

[GA]

(b) in case such first-mentioned premises are registered in the register of cream-separating stations, such cream shall be deemed, for the purposes of section 17 of the Principal Act, to have been supplied to such premises from other premises registered in the register of cream-separating stations.

[GA]

Licensing of vehicles equipped with cream-separating plant.

3.—(1) The Minister may, if he so thinks fit, grant to any person a vehicle licence authorising such person to carry on cream-separating business on any mechanically propelled vehicle which, in the opinion of the Minister, is so constructed and equipped as to be suitable for carrying on such business thereon.

[GA]

(2) In this Act the expression “licensed vehicle” means a mechanically propelled vehicle in respect of which a vehicle licence has been granted and is in force.

[GA]

(3) There shall be paid to the Minister on every application for a vehicle licence a fee of one pound.

[GA]

(4) All fees paid under this section shall be collected and taken in such manner as the Minister for Finance may from time to time direct and shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer in accordance with the directions of the Minister for Finance.

[GA]

(5) The Public Offices Fees Act, 1879, shall not apply in respect of any fees payable under this section.

[GA]

Conditions of vehicle licences.

4.—(1) Every vehicle licence shall be granted subject to the following conditions, that is to say:—

[GA]

(a) that the licensee shall at all times keep the vehicle to which such licence relates and the plant, machinery and appliances therein in a state of cleanliness and good repair;

[GA]

(b) that the licensee shall take all necessary steps to ensure that the milk or cream and all other ingredients and materials used in connection with the cream-separating business carried on in such vehicle shall be clean and kept free from contamination;

[GA]

(c) that the licensee shall make such improvements or additions to the plant, machinery, appliances and utensils used in connection with the cream-separating business carried on in such vehicle as the Minister may from time to time require.

[GA]

(2) If the licensee under a vehicle licence fails, neglects, or refuses to comply with the conditions subject to which such licence was granted, he shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding five pounds.

[GA]

Inspection of licensed vehicles.

5.—(1) Any inspector (subject to the production by him if so required of his authority in writing as such inspector) may at all reasonable times enter any licensed vehicle and inspect such vehicle and also all plant, machinery, appliances and utensils used in connection with the cream-separating business carried on thereon.

[GA]

(2) If any person obstructs or impedes any inspector in the exercise of any of the powers conferred on him by this section, such person shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to, in the case of a first offence under this section, a fine not exceeding five pounds, or, in the case of a second or any subsequent offence, a fine not exceeding ten pounds.

[GA]

Application of certain provisions of the Principal Act.

6.—(1) Regulations made (whether before or after the passing of this Act) under section 32 of the Principal Act shall apply to and in respect of licensed, vehicles in like manner as such regulations apply to and in respect of premises registered in the register of cream-separating stations, and the said section and regulations made thereunder shall be construed and have effect accordingly.

[GA]

(2) The references contained in sections 39 and 40 of the Principal Act to a cream-separating station shall be construed as including references to a licensed vehicle, and the said sections shall have effect accordingly.

[GA]

Revocation of vehicle licence.

7.—(1) Where the licensee under a vehicle licence is convicted of an offence under any section contained in this Act or under sections 32, 39 or 40 of the Principal Act, as applied by this present Act, the Minister may revoke such licence.

[GA]

(2) The Minister may on the application of the licensee under a vehicle licence revoke such licence.

[GA]

Extension of licences under section 42 of the Principal Act.

8.—Every licence granted under sub-section (2) of section 42 of the Principal Act and in force, by virtue of section 10 of the Dairy Produce Act, 1931 (No. 29 of 1931), on the 31st day of March, 1934, shall be deemed to have remained in force until the passing of this Act and shall, if the premises to which such licence relates are registered in the register of manufacturing exporters on the passing of this Act, remain in force until the 31st day of March, 1937, but shall continue until that date to be subject to and liable to revocation by the Minister as and when he thinks proper.

[GA]

Short title and citation.

9.—This Act may be cited as the Dairy Produce (Amendment) Act, 1934, and the Dairy Produce Acts, 1924 to 1931 and this Act may be cited together as the Dairy Produce Acts, 1924 to 1934.