Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 5 de 1926.


[EN]

ACHT UM ÍLE IN UISCÍ INTSEOLTA, 1926.


ACHT CHUN SRIAN DO CHUR LE hÍLE DO LEIGINT NO D'ÉALÓDH ISTEACH IN UISCÍ INTSEOLTA AGUS CHUN AN LEIGINT NO AN tÉALÓDH SAN DO CHIMÉAD FÉ SMACHT, AGUS CHUN É DO THOIRMEASC MÁS GÁ SAN. [20adh Feabhra, 1926.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “íle” aon tsaghas íle, agus foluíonn sé biotáille a baineadh as íle, agus íle measctha le huisce, agus biotáille (a baineadh as íle) measctha le huisce;

[EN]

foluíonn an focal “árthach” aon long no bád no aon tsaghas eile árthaigh le n-a ndintar loingseoireacht;

[EN]

cialluíonn an focal “máistir,” nuair a húsáidtear i dtaobh aon árthaigh é, an té atá i gceannas no i gcúram an árthaigh de thurus na huaire;

[EN]

cialluíonn an focal “cuan” aon chuan, nádúrtha no airtifisialta, agus foluíonn sé aon phort, dug, ribheur, no gabhal mhara, aon abha no canáil is intseolta ag árthaí mara, agus aon uiscí ina bhféadfadh árthaí mara foithin d'fháil no earraí no paisnéirí do thógaint ar bord no do chur i dtír;

[EN]

foluíonn an focal “cuan-údarás” gach duine no cólucht daoine, corparuithe no nea-chorparuithe, atá ina ndílseánaigh ar chuan, no go bhfuil sé de dhualgas ortha cuan do dhéanamh, d'fheabhsú, do bhainistí, do regeleáil, no do choinneáil i dtreo no go bhfuil comhacht dílsithe ionta chuige sin;

[EN]

foluíonn an focal “cuan-mháistir” éinne a ceapadh ag údarás cuain chun forálacha an Achta so do chur i bhfeidhm;

[EN]

foluíonn an focal “báirse” lictéir no árthach dá shamháil;

[EN]

cialluíonn an briathar “aistrím,” nuair a húsáidtear i dtaobh íle é, aistrím in aon toirt amháin, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar do;

[EN]

cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, chontae-bhuirge, no bhailecheanntair, coimisinéirí baile agus údarás sláintíochta puirt;

[EN]

cialluíonn an focal “biotáille phetróleum” petróleum glanta do ghalódh go tapaidh agus as a dtiocfadh gal so-lasta i dteasmhéid ba lú ná 73 céimeanna de thermaméadar Fhahrenheit nuair a tástálfí é sa tslí a horduítear leis an Petroleum Act, 1879, no le haon achtachán le n-a leasuítear an tAcht san;

[EN]

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

Arthaí agus uiscí le n-a mbaineann an tAcht so.

2.—(1) Baineann an tAcht so le haon árthach d'fhéadfadh breis agus cúig tonnaí fichead íle d'iompar in aon toirt amháin in éineacht, pe'ca mar ualach é no chun é úsáid san árthach, no, cé ná féadfadh sí san, atá déanta no feistithe chun breis agus cúig tonnaí íle d'iompar in aon toirt amháin mar adubhradh in aon spás no cimeádthóir amháin, agus dá réir sin déanfar an focal “árthach” (ach amháin in aon áit ina ndeirtar a mhalairt go soiléir) do léiriú san Acht so mar fhocal le n-a dtagartar d'árthach agus ná cialluíonn ach árthach le n-a mbaineann an tAcht so.

[EN]

(2) Siad uiscí le n-a mbaineann an tAcht so ná uiscí gach cuain i Saorstát Éireann agus gach uisce tíriúil atá de thurus na huaire laistigh de líomatáiste údaráis Pháirlimint agus Rialtas Shaorstáit Éireann.

[EN]

Toirmiscthear íle do leigint isteach in uiscí intseolta.

3.—(1) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear san alt so, ní bheidh sé dleathach d'éinne aon íle do leigint ná leigint di éalódh, díreach ná nea-dhíreach, isteach in aon uiscí le n-a mbaineann an tAcht so—

[EN]

(a) as aon árthach, ná

[EN]

(b) as aon áitreabh ná áit ar tír, ná

[EN]

(c) as aon apparatus a húsáidtear chun íle d'aistriú o aon árthach no chúichi chun aon árthaigh eile no uaithi (pe'ca árthach í le n-a mbaineann an tAcht so no nách ea), no chun aon áite no uaidh.

[EN]

(2) Má dintar agus nuair a déanfar aon íle do leigint, no leigint di éalódh, isteach in aon uiscí le n-a mbaineann an tAcht so o aon árthach, no aon áitreabh no áit no aon apparatus mar adubhradh contrárdha don alt so, beidh únaer agus fós máistir an árthaigh sin, no únaer agus fós sealbhaire an áitribh no na háite sin, no únaer agus fós an té atá i gcúram an apparatuis sin (pe'ca aca é), beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

[EN]

(3) Ní bhainfidh an t-alt so—

[EN]

(a) le híle do leigint as árthach in aon chás in ar gá, toisc gur bhuail an t-árthach i gcoinnibh ruda éigin no gur bhain damáiste no tionóisc éigin di, an íle sin do leigint amach chun an t-árthach do dhéanamh sábhálta, ná

[EN]

(b) le héalódh íle in aon chás ina dtaisbeántar gur dineadh gach ní réasúnta chun an t-éalódh san do chosc, ná

[EN]

(c) le huisce ballasta ina bhfuil biotáille phetróleum do leigint isteach in aon chuan, as árthach in ar hiompradh ualach de bhiotáille phetróleum, in aon chás ina ndéanfar an leigint sin san áit do cheap agus san am agus do réir na gcoiníoll do luaidh cuan-údarás an chuain sin fén Acht so chun uisce ballasta an árthaigh sin do leigint amach, ná

[EN]

(d) le haon leigint-amach íle a déanfar le hordú cuanmháistir no oifigigh i gceannas briogáide múchta tóiteán le linn no chun tóiteán do mhúcha no do chimeád gan leatha.

[EN]

(6) Má ciontuítear éinne i gcionta fén alt so féadfidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, no 'na gciontófar ina láthair é, a ordú, ar iarratas an chúisitheora, go ndéanfar an fhíneáil go léir no aon chuid den bhfíneáil a forchuirfar mar gheall ar an gcionta san d'ioc le pé duine a ordóidh an chúirt agus go gcuirfidh an duine sin é chun no mar chabhair chun íoctha aon chostaisí fé n-ar chuathas no fé n-a raghfar ag aistriú íle de dheascaibh an chionta san.

[EN]

Ait chun uisce ballasta ina bhfuil biotáille phetróleum do leigint amach.

4.—(1) Beidh sé dleathach do chuan-údarás aon chuain áit do cheapa sa chuan san ina bhféadfar uisce ballasta ina bhfuil biotáille phetróleum do leigint as árthaí in ar hiompradh ualach de bhiotáille phetróleum.

[EN]

(2) Aon uair a cheapfidh aon chuan-údarás fén alt so áit ina bhféadfar uisce ballasta ina bhfuil biotáille phetróleum do leigint amach, déanfidh an cuan-údarás san le linn an cheaptha san agus féadfid o am go ham ina dhiaidh sin a rá cadiad na tráthanna a féadfar agus cadiad na coiníollacha fé n-a bhféadfar an t-uisce ballasta san do leigint amach san áit sin.

[EN]

Aistriú íle istoíche.

5.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne i rith na n-uair idir dul fé agus eirghe gréine aon íle d'aistriú chun aon árthaigh ná o aon árthach atá ina luighe in aon chuan marar thug an duine sin do chuan-mháistir an chuain sin roimhe sin pé fógra a horduítear leis an alt so i dtaobh é bheith chun a dhéanta san.

[EN]

(2) Má dintar agus nuair a déanfar aon íle d'aistriú chun aon árthaigh no uaithi contrárdha d'fhorálacha an ailt seo, beidh máistir an árthaigh chun no o n-ar haistríodh an íle sin agus, más o aon áitreabh no áit ar tír no chuige a haistríodh an íle sin, beidh sealbhaire an áitribh no na háite sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

[EN]

(3) Má dhineann éinne no má dintar le hordú éinne íle d'aistriú go minic agus do ghnáth chun aon árthaigh no uaithi in aon áit áirithe i gcuan, is leor fógra generálta i scríbhinn ón duine sin don chuan-mháistir á rá go ndéanfar an t-aistriú san san áit sin idir dul fé agus eirghe gréine go minic i rith tréimhse áirithe (nách sia ná dhá mhí dhéag o dháta an fhógra) is leor é mar fhógra chun crícheanna an ailt seo i dtaobh gach aistrithe den tsórt san a déanfar san áit sin i rith na tréimhse sin.

[EN]

(4) Ach amháin i gcás ina gceaduítear fógra generálta den tsórt san roimhráite leis an alt so, ní bhainfidh fógra chun críche an ailt seo ach le haon aistriú amháin íle chun árthaigh no uaithi agus tabharfar i scríbhinn don chuan-mháistir é sé huaire nochad a' chluig ar a mhéid agus tré huaire a' chluig ar a luíod sara dtosnófar ar an aistriú agus déarfar ann cathin agus canad go bhfuiltar chun an t-aistriú do dhéanamh.

[EN]

(5) Ní bhainfidh éinní san alt so le haon aistriú íle a déanfar le hordú an chuan-mháistir no an oifigigh a bheidh i gceannas briogáide múchta tóiteán le linn no chun tóiteán do mhúcha no do chimeád gan leatha.

[EN]

Cimeádfar cuntas ar aistrithe íle.

6.—(1) Déanfar, maidir le gach árthach chun no o n-a n-aistreofar aon íle, cuntas do chimeád i pé fuirm a ordóidh an tAire ar gach oibriú a bhain le híle d'aistriú chun an árthaigh sin no uaithi.

[EN]

(2) I gcás báirse isé únaer an bháirse a chimeádfidh an cuntas a héilítear leis an alt so a chimeád agus i gcás aon árthaigh eile isé máistir an árthaigh a chimeádfidh é.

[EN]

(3) Féadfidh éinne acu so a leanas gach cuntas a cimeádfar do réir an ailt seo do scrúdú gach tráth réasúnta:—

[EN]

(a) cuan-mháistir an chuain ina mbeidh an t-árthach le linn an scrúduithe, no

[EN]

(b) cuan-mháistir aon chuain in ar dineadh aistriú íle a breacadh no a héilítear leis an alt so a bhreaca sa chuntas, no

[EN]

(c) aon oifigeach don Aire, no

[EN]

(d) aon oifigeach don Aire Iascaigh.

[EN]

(4) Gach éinne ar a n-éilítear leis an alt so cuntas do chimeád agus—

[EN]

(a) ná cimeádfidh an cuntas san, no

[EN]

(b) ná cuirfidh sa chuntas san éinní áirithe ba chóir, de bhua an ailt seo, a chur ann, no

[EN]

(c) a chuirfidh sa chuntas san aon iontráil áirithe agus a fhios aige go bhfuil sí bréagach no go gcuirfadh sí duine amú in aon phonc táchtach, no

[EN]

(d) a fhailleoidh no a dhiúltóidh maidir leis an gcuntas san do thaisbeáint chun go scrúdófí é ag éinne dá n-údaruítear leis an alt so é do scrúdú, no

[EN]

(e) a chimeádfidh éinne dá n-údaruítear amhlaidh gan an cuntas san do scrúdú no a bhacfidh no a choiscfidh é agus é ag scrúdú an chuntais sin,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

[EN]

Fliúchán i spásanna ina raibh íle roimhe sin.

7.—(1) Má bhí íle in aon dabhchán no spás eile in árthach agus go raghaidh aon fhliuchán eile no go gcuirfar é isteach sa dabhchán no sa spás san ina dhiaidh sin agus go leigfar as é no go leigfar do éalódh as, tuigfar gur íle an fliúchán san do réir brí an Achta so mara gcrúthuítear—

[EN]

(a) gur glanadh an dabhchán no an spás san o íle sarar chuaidh an fliuchán san isteach ann no sarar cuireadh ann é, no

[EN]

(b) gur deighleadh an fliuchán san o íle le happaratus deighlte sarar leigeadh amach é no sarar leigeadh do éalódh amhlaidh.

[EN]

(2) In aon imeachta i gcoinnibh éinne (nách máistir árthaigh) mar gheall ar aon fhliúchán den tsórt san roimhráite do leigint no leigint do éalódh as aon dabhchán no spás eile in árthach, beidh deimhniú fé láimh mháistir an árthaigh sin á dheimhniú—

[EN]

(a) gur glanadh an dabhchán no an spás eile sin o íle sarar chuaidh an fliuchán san isteach ann no sarar cuireadh ann é, no

[EN]

(b) gur deighleadh an fliuchán san o íle le happaratus deighlte sarar leigeadh amach é no sarar leigeadh do éalódh amhlaidh,

[EN]

beidh sé ina fhianaise ar éinní den tsórt san adeirtear ann go dtí go gcruthófar a mhalairt.

[EN]

(3) Má thugann agus nuair a thabharfidh máistir aon árthaigh uaidh aon deimhniú den tsórt san roimhráite agus a fhios aige go bhfuil sé bréagach no go gcuirfadh sé duine amú in aon phonc táchtach, beidh an máistir sin ciontach i gcionta fén alt so pe'ca tabharfar an deimhniú san i láthair in aon imeacht den tsórt san roimhráite no ná tabharfar agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

[EN]

(4) San alt so cialluíonn an focal “máistir árthaigh” an té a hainmnítear mar mháistir sa chó-aontú leis an bhfuirinn.

[EN]

Féadfidh an tAire duine do cheapa chun áitreabhacha agus árthaí do scrúdú.

8.—(1) Féadfidh an tAire uaidh féin no ar a iarraidh sin air don Aire Iascaigh no ar iarratas aon chuan-údaráis no údaráis áitiúla oifigeach don Aire no duine eile inniúil, neaspleách, do cheapa chun árthaigh in aon uiscí le n-a mbaineann an tAcht so do scrúdú, agus féadfidh gach oifigeach agus duine eile a ceapfar amhlaidh dul isteach ar aon árthach den tsórt san gach tráth réasúnta agus scrúdú do dhéanamh ar a bhfuil déanta ann chun íle do chimeád gan éalódh as.

[EN]

(2) Féadfidh cuan-mháistir aon chuain dul isteach gach tráth réasúnta ar aon árthach sa chuan san agus scrúdú do dheanamh ar a bhfuil déanta ann chun íle do chimeád gan éalódh as.

[EN]

(3) Tar éis don Aire Iascaigh no d'aon chuan-údarás no údarás áitiúil aithris chúise do dhéanamh chun an Aire go bhfuil réasún chun bheith in amhrus go bhfuil íle ag éalódh no tar éis éalódh, díreach no nea-dhíreach, isteach in úiscí le n-a mbaineann an tAcht so o aon áitreabh atá in aice no i gcomhursanacht na n-uiscí sin no in aice no i gcomhursanacht uiscí atá i gceangal le huiscí le n-a mbaineann an tAcht so, féadfidh an tAire oifigeach don Aire, no duine eile inniúil, neaspleách, do cheapa chun an t-áitreabh san do scrúdú, agus féadfidh an t-oifigeach no an duine eile a ceapfar amhlaidh dul isteach san áitreabh san gach tráth réasúnta agus scrúdú do dhéanamh ar an áitreabh agus ar a bhfuil déanta ann chun íle do chimeád gan éalódh as.

[EN]

(4) Einne a bhacfidh aon oifigeach no duine den tsórt san roimhráite no aon chuan-mháistir no a chuirfidh isteach air agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so no dá bhua beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

Imeachta dlí.

9.—(1) Má deirtar aon chionta fén Acht so do bheith déanta ag máistir árthaigh agus go n-imeoidh seisean dá éis sin as Saorstát Éireann roimh dheire na tréimhse ina bhféadfaí imeachta do chur ar siúl ina choinnibh mar gheall ar an gcionta san adeirtar a dhin sé, féadfar, d'ainneoin éinní sna hAchtanna Údaráis Achmair, imeachta do chur ar siúl ina choinnibh mar gheall ar an gcionta san adeirtar a dhin sé aon uair laistigh den chéad dhá mhí tar eis dáta a fhillte go Saorstát Éireann.

[EN]

(2) Chun crícheanna aon imeachta mar gheall ar chionta fén Acht so, féadfar an cionta d'áireamh mar chionta a dineadh san áit in ar dineadh é no in aon ait ina bhfuighfar aon uair an té go bhfuil an cionta curtha ina leith.

[EN]

(3) Mara ndintar fíneáil no aon chuid d'fhíneáil do forchuireadh ag aon chúirt in imeachta i gcoinnibh máistir árthaigh mar gheall ar chionta fén Acht so d'íoc an uair d'orduigh agus sa tslí d'orduigh an chúirt, beidh ag an gcúirt, gan dochar d'aon chomhachta eile dá mbeidh ag an gcúirt chun íoc do bhaint amach, comhacht chun a ordú go ndéanfí a mbeidh gan íoc den bhfíneáil sin an uair sin roimhráite do thógaint tríd an árthach san, a tácla, a troscán, agus a feisteas do ghabháil agus do dhíol.

[EN]

(4) Féadfidh an cuan-údarás le n-a mbaineann an scéal no an tAire no an tAire Iascaigh mar chúisitheoir, no féadfar ar agra aon taoibh acu, dlí do chur ar bun mar gheall ar gach cionta fé aon alt den Acht so.

[EN]

Cosaint d'fhorálacha reachtúla eile.

10.—Beidh forálacha an Achta so mar mhéadú agus ni mar luíodú ná mar mhalairt ar aon fhorálacha le n-a gcosantar cuan, mar a mínítear é san Acht so, agus atá in aon Acht atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so no in aon ordú, riail, rialachán, no fo-dhlí a dineadh fé aon Acht den tsórt san agus atá i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

Gearr-theideal.

11.—Féadfar an tAcht um Íle in Uiscí Intseolta, 1926, do ghairm den Acht so.

[GA]

harp.jpg


Number 5 of 1926.


[GA]

OIL IN NAVIGABLE WATERS ACT, 1926.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Vessels and waters to which Act applies.

3.

Prohibition on discharge of oil into navigable waters.

4.

Place for discharge of ballast water containing petroleum spirit.

5.

Transfer of oil at night.

6.

Records to be kept of transfers of oil.

7.

Liquid in spaces previously containing oil.

8.

Minister may appoint person to inspect premises and vessels.

9.

Legal proceedings.

10.

Saving for other statutory provisions.

11.

Short title.

harp.jpg


Number 5 of 1926.


OIL IN NAVIGABLE WATERS ACT, 1926.


AN ACT TO RESTRICT, CONTROL, AND WHERE NECESSARY PROHIBIT THE DISCHARGE OR ESCAPE OF OIL INTO NAVIGABLE WATERS. [20th February, 1926.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the word “oil” means oil of any description, and includes spirit produced from oil, and oil mixed with water, and spirit (produced from oil) mixed with water;

[GA]

the word “vessel” includes any ship or boat or any other description of vessel used in navigation;

[GA]

the word “master” when used in relation to any vessel means the person having the command or charge of the vessel for the time being;

[GA]

the word “harbour” means any harbour whether natural or artificial, and includes any port, dock, estuary, or arm of the sea, any river or canal navigable by sea-going vessels, and any waters in which sea-going vessels can obtain shelter or ship or unship goods or passengers;

[GA]

the expression “harbour authority” includes all persons or bodies of persons, corporate or unincorporate, being proprietors of or entrusted with the duty or invested with the power of constructing, improving, managing, regulating, or maintaining a harbour;

[GA]

the expression “harbour master” includes any person appointed by a harbour authority for the purpose of enforcing the provisions of this Act;

[GA]

the word “barge” includes a lighter or like vessel;

[GA]

the verb “transfer” when used in relation to oil means transfer in bulk, and cognate words shall be construed accordingly;

[GA]

the expression “local authority” means and includes the council of a county, county borough, or urban district, the commissioners of a town and the sanitary authority of a port;

[GA]

the expression “petroleum spirit” means refined petroleum which is subject to rapid evaporation and which, when tested in the manner prescribed by the Petroleum Act, 1879 or any enactment amending that Act, gives off an inflammable vapour at a temperature of less than 73 degrees of Fahrenheit's thermometer;

[GA]

the expression “the Minister” means the Minister for Industry and Commerce.

[GA]

Vessels and waters to which Act applies.

2.—(1) This Act applies to any vessel which is capable of carrying in bulk, whether for cargo or for bunker purposes, more than twenty-five tons of oil at one time, or which though not so capable is constructed or fitted to carry in bulk as aforesaid more than five tons of oil in any one space or container, and accordingly the word “vessel” shall in this Act (save where otherwise expressly stated) be construed as referring to and meaning only a vessel to which this Act applies.

[GA]

(2) The waters to which this Act applies are the waters of all harbours in Saorstát Eireann and all territorial waters which are for the time being within the jurisdiction of the Parliament and Government of Saorstát Eireann.

[GA]

Prohibition on discharge of oil into navigable waters.

3.—(1) Subject to the exceptions mentioned in this section, it shall not be lawful for any person to discharge or allow to escape, whether directly or indirectly, any oil into any waters to which this Act applies—

[GA]

(a) from any vessel, or

[GA]

(b) from any premises or place on land, or

[GA]

(c) from any apparatus used for the purpose of transferring oil from or to any vessel to or from any other vessel (whether a vessel to which this Act applies or not), or to or from any place.

[GA]

(2) If and whenever any oil is discharged or allowed to escape into any waters to which this Act applies from any vessel, or any premises or place or any apparatus aforesaid in contravention of this section, the owner and also the master of such vessel, or the owner and also the occupier of such premises or place, or the owner and also the person having charge of such apparatus (as the case may be) shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding fifty pounds.

[GA]

(3) This section shall not apply—

[GA]

(a) to the discharge of oil from a vessel in any case where, by reason of the vessel having been in collision or some damage or accident having happened to the vessel, the discharge of such oil has become necessary for the safety of the vessel, or

[GA]

(b) to the escape of oil in any case where it is shown that all reasonable means were taken to prevent such escape, or

[GA]

(c) to the discharge in any harbour of ballast water containing petroleum spirit from a vessel in which a cargo of petroleum spirit has been carried in any case where such discharge takes place at the place appointed and at the time and in accordance with the conditions specified under this Act by the harbour authority of that harbour for the discharge of the ballast water of that vessel, or

[GA]

(d) to any discharge of oil which is made by direction of a harbour master or an officer in charge of a fire brigade in the course or for the purpose of extinguishing or preventing the spreading of a fire.

[GA]

(6) Where any person is convicted of an offence under this section the court by or before whom such person is convicted may on the application of the prosecutor order that the whole or any part of the fine imposed in respect of such offence shall be paid to such person as the court may direct and shall be applied by such person in or towards meeting any expenses incurred or to be incurred in the removal of oil in consequence of such offence.

[GA]

Place for discharge of ballast water containing petroleum spirit.

4.—(1) It shall be lawful for the harbour authority of any harbour to appoint a place in that harbour at which ballast water containing petroleum spirit may be discharged from vessels in which a cargo of petroleum spirit has been carried.

[GA]

(2) Whenever any harbour authority appoints under this section a place at which ballast water containing petroleum spirit may be discharged, such harbour authority shall at the time of such appointment and may from time to time thereafter specify the times at which and the conditions subject to which such ballast water may be discharged at that place.

[GA]

Transfer of oil at night.

5.—(1) It shall not be lawful for any person during the hours between sunset and sunrise to transfer any oil to or from any vessel lying in any harbour unless such notice of intention so to do as is prescribed by this section shall previously have been given by such person to the harbour master of such harbour.

[GA]

(2) If and whenever any oil is transferred to or from any vessel in contravention of the provisions of this section the master of the vessel to or from which such oil is transferred and if such oil is transferred from or to any premises or place on land the occupier of such premises or place shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding twenty pounds.

[GA]

(3) Where the operation of transferring oil to or from any vessel is frequently and regularly performed at a particular place in a harbour by or by direction of any person, a general notice in writing given by such person to the harbour master that such operation will be performed at that place between sunset and sunrise at frequent intervals during a specified period (not exceeding twelve months from the date of the notice) shall be a sufficient notice for the purposes of this section of every such operation performed at such place during such period.

[GA]

(4) Save where such general notice as aforesaid is permitted by this section, a notice for the purpose of this section shall relate only to one operation of transferring oil to or from a vessel and shall be given in writing to the harbour master not more than ninety-six hours nor less than three hours before the operation commences and shall state the time and place at which the operation is intended to take place.

[GA]

(5) Nothing in this section shall apply to any transfer of oil which is made by the direction of the harbour master or of the officer in charge of a fire brigade in the course or for the purpose of extinguishing or preventing the spreading of a fire.

[GA]

Records to be kept of transfers of oil.

6.—(1) There shall be kept in respect of every vessel to or from which any oil is transferred a record, in such form as the Minister shall prescribe, of all operations in connection with the transfer of oil to or from that vessel.

[GA]

(2) The record required by this section to be kept shall, in the case of a barge, be kept by the owner of the barge, and shall, in the case of any other vessel, be kept by the master of the vessel.

[GA]

(3) Every record kept in pursuance of this section may be inspected at all reasonable times by—

[GA]

(a) the harbour master of the harbour in which the vessel is at the time of inspection, or

[GA]

(b) the harbour master of any harbour in which a transfer of oil recorded or required by this section to be recorded in the record took place, or

[GA]

(c) any officer of the Minister, or

[GA]

(d) any officer of the Minister for Fisheries.

[GA]

(4) Every person required by this section to keep a record who—

[GA]

(a) fails to keep such record, or

[GA]

(b) fails to enter in such record any matter which ought by virtue of this section to be entered therein, or

[GA]

(c) makes any entry in such record which is to his knowledge false or misleading in any material respect, or

[GA]

(d) neglects or refuses to produce such record for the inspection of any person authorised by this section to inspect the same, or

[GA]

(e) prevents, obstructs, or impedes any person so authorised from or in making an inspection of such record,

[GA]

shall be guilty of an offence under this section and shall on summary conviction thereof be liable to a fine not exceeding fifty pounds.

[GA]

Liquid in spaces previously containing oil.

7.—(1) Where oil has been contained in any tank or other space in a vessel and any other liquid subsequently enters or is brought into such tank or space and is discharged or allowed to escape therefrom, such liquid shall be deemed to be oil within the meaning of this Act unless it is proved either—

[GA]

(a) that such tank or space was cleaned of oil before such liquid entered or was brought into the same, or

[GA]

(b) that such liquid before being so discharged or allowed to escape was freed from oil by a separating apparatus.

[GA]

(2) In any proceedings against any person (other than the master of a vessel) in respect of the discharge or escape of any such liquid as aforesaid from any tank or other space in a vessel a certificate signed by the master of such vessel and certifying either—

[GA]

(a) that such tank or other space had been cleaned of oil before such liquid entered or was brought into the same, or

[GA]

(b) that such liquid before being so discharged or allowed to escape had been freed from oil by a separating apparatus,

[GA]

shall until the contrary is proved be evidence of any such matter stated therein.

[GA]

(3) If and whenever the master of any vessel gives any such certificate as aforesaid which is to his knowledge false or misleading in any material particular such master shall whether such certificate is or is not produced in any such proceeding as aforesaid be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a penalty not exceeding fifty pounds.

[GA]

(4) In this section the expression “master of a vessel” means the person named as the master in the agreement with the crew.

[GA]

Minister may appoint person to inspect premises and vessels.

8.—(1) The Minister may at his own instance or upon the request of the Minister for Fisheries or on the application of any harbour or local authority appoint an officer of the Minister or other competent and independent person to inspect vessels in any waters to which this Act applies, and every officer and other person so appointed may at all reasonable times enter upon any such vessel and examine the measures adopted therein to prevent the escape of oil therefrom.

[GA]

(2) The harbour master of any harbour may at all reasonable times enter upon any vessel in such harbour and examine the measures adopted therein to prevent the escape of oil therefrom.

[GA]

(3) Upon a representation made to the Minister by the Minister for Fisheries or by any local or harbour authority that there is reason to suspect that oil is escaping or has escaped, whether directly or indirectly, into waters to which this Act applies from any premises adjacent to or in the neighbourhood of such waters or adjacent to or in the neighbourhood of waters which communicate with waters to which this Act applies, the Minister may appoint an officer of the Minister or other competent and independent person to inspect such premises, and the officer or other person so appointed may at all reasonable times enter upon such premises and examine the same and the means adopted therein for preventing the escape of oil therefrom.

[GA]

(4) Any person who obstructs or interferes with any such officer or person as aforesaid or with any harbour master in the exercise of any of the powers conferred on him by or by virtue of this section shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding ten pounds.

[GA]

Legal proceedings.

9.—(1) Where any offence under this Act is alleged to have been committed by the master of a vessel who thereafter departs from Saorstát Eireann before the expiration of the period within which proceedings for such alleged offence might have been instituted against him, proceedings for such alleged offence may, notwithstanding anything in the Summary Jurisdiction Acts, be instituted against him at any time within two months next after the date on which he returns to Saorstát Eireann.

[GA]

(2) For the purposes of any proceedings for an offence under this Act, the offence may be treated as having been committed either at the place at which it was actually committed or at any place in which the person charged with the offence may at any time be found.

[GA]

(3) Where a fine or any part thereof imposed by any court in proceedings against the master of a vessel for an offence under this Act is not paid at the time and in the manner ordered by the court, the court shall, without prejudice to any other powers of the court for enforcing payment, have power to direct the amount of such fine remaining unpaid at the time aforesaid to be levied by distress and sale of such vessel, her tackle, furniture, and apparel.

[GA]

(4) Every offence under any section of this Act may be prosecuted by or at the suit of the harbour authority concerned, or the Minister or the Minister for Fisheries as prosecutor.

[GA]

Saving for other statutory provisions.

10.—The provisions of this Act shall be in addition to and not in derogation of or substitution for any provisions for the protection of a harbour as defined in this Act contained in any Act in force at the passing of this Act or in any order, rule, regulation, or bye-law made under any such Act and for the time being in force.

[GA]

Short title.

11.—This Act may be cited as the Oil in Navigable Waters Act, 1926.