Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 5 de 1942.


[EN]

ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN NA nACHTANNA UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1911 GO 1936, DO LEASÚ.

[31adh Márta, 1942.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1911” an National Insurance Act, 1911;

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1918” an National Health Insurance Act, 1918;

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 (Uimh. 20 de 1923);

[EN]

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1936;

[EN]

cialluíonn an abairt “an Cumann” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte;

[EN]

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

[EN]

(2) Is tréimhse airgeadais chun crícheanna an Achta so gach tréimhse aca so leanas, eadhon—

[EN]

(a) an tréimhse chúig mblian (dá ngairmtear an chéad tréimhse airgeadais san Acht so) dar chríoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1938,

[EN]

(b) na tréimhsí cúig mblian fé seach dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1943, an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1948, an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1953, agus mar sin de,

[EN]

agus déanfar an abairt “tréimhse airgeadais” do léiriú san Acht so dá réir sin.

[EN]

(3) Is tréimhse shochair bhreise chun crícheanna an Achta so gach tréimhse aca so leanas, eadhon—

[EN]

(a) an tréimhse chúig mblian (dá ngairmtear an chéad tréimhse shochair bhreise san Acht so) dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1947,

[EN]

(b) na tréimhsí cúig mblian fé seach dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1952, an 31adh lá de Mhárta, 1957, an 31adh lá de Mhárta, 1962, agus mar sin de,

[EN]

agus déanfar an abairt “tréimhse shochair bhreise” do léiriú san Acht so dá réir sin.

[EN]

Ath-scrúdú achtuaireach agus tuarascbháil ar chúrsaí airgeadais an chórais Arachais Sláinte Náisiúnta in aghaidh na gcúig mblian.

2.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis deire gach tréimhse airgeadais fé leith (seachas an chéad tréimhse airgeadais) déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, achtuaire do cheapadh ar a mbeidh de dhualgas—

[EN]

(a) athscrúdú foirleathan do dhéanamh (ag féachaint (i) don mhéid a bhí ag ioncum an Chumainn, tar éis an méid do cuireadh ar fáil i gcóir riaracháin do bhaint de, de bhreis ar na méideanna do chaith an Cumann, no do féichiúnuíodh ar an gCumann, alos sochar reachtúla (seachas sochair bhreise) agus luachanna aistriúcháin agus chun crícheanna an Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin, agus (ii) do na téarmaí tagartha (más ann dóibh) a cheapfaidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais) ar chúrsaí airgeadais an chórais Arachais Sláinte Náisiúnta mar do bhí i ndeire na tréimhse airgeadais sin, agus

[EN]

(b) tuarascbháil do thabhairt don Aire ar chúrsaí airgeadais an chórais Arachais Sláinte Náisiúnta agus moladh do chur sa tuarascbháil sin maidir leis an méid den bhreis sin a féadfar do chur ar fáil chun sochair bhreise do sholáthar, le n-a n-áirmhítear an céanna do riaradh, i ngach bliain den tréimhse shochair bhreise ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) Leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas cóip de gach tuarascbháil a dhéanfaidh achtuaire fén alt so.

[EN]

A chinneadh cadé an méid a bheidh ar fáil le haghaidh sochar breise i dtréimhsí sochair bhreise.

3.—(1) Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis dáta an Achta so do rith, a chinneadh (ag féachaint don tuarascbháil achtuaire dar dáta an 28adh lá de Mhárta, 1941, ar staid airgeadais an chórais Arachais Sláinte Náisiúnta) cadé an méid a féadfar a chur ar fáil le haghaidh sochar breise, le n-a n-áirmhítear an céanna do riaradh, i ngach bliain den chéad tréimhse shochair bhreise.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire, ar bhreithniú do bheith déanta aige ar thuarascbháil achtuaire fén alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh aon tréimhse airgeadais áirithe, a chinneadh cadé an méid a féadfar a chur ar fáil le haghaidh sochar breise, le n-a n-áirmhítear an céanna do riaradh, i ngach bliain den chéad tréimhse shochair bhreise ina dhiaidh sin.

[EN]

(3) Nuair a bheidh an tAire dá chinneadh fé fho-alt (1) no fo-alt (2) den alt so cadé an méid a féadfar a chur ar fáil le haghaidh sochar breise, le n-a n-áirmhítear an céanna do riaradh, in aon bhliain de thréimhse shochair bhreise féachfaidh an tAire d'fhorálacha ailt 3 d'Acht 1911, ar n-a leasú le haon achtacháin iaraimseardha.

[EN]

(4) San Acht so léireofar tagairtí don mhéid a cuirfear ar fáil le haghaidh sochar breise in aon bhliain de thréimhse shochair bhreise mar thagairtí don mhéid a chinnfidh an tAire fén alt so i dtaobh na bliana san.

[EN]

Sochair bhreise do sholáthar.

4.—(1) Féadfaidh an Cumann scéim d'ullmhú agus do chur fé bhráid an Aire chun an méid a bheidh curtha ar fáil le haghaidh sochar breise in aon bhliain áirithe d'aon tréimhse shochair bhreise do chaitheamh sa bhliain sin imeasc daoine árachuithe is baill den Chumann ar aon cheann áirithe no níos mó de na sochair bhreise, le n-a n-áirmhítear an céanna do riaradh, agus, ar an Aire do cheadú aon scéime den tsórt san, féadfaidh an Cumann sochair bhreise do sholáthar do réir na scéime ach san fé réir aon tarraing siar a dhéanfaidh an tAire ar an gceadú san fé fho-alt (3) den alt so.

[EN]

(2) Nuair a bheidh scéim i dtaobh aon tréimhse sochair bhreise áirithe fé fho-alt (1) den alt so ceaduithe ag an Aire, féadfaidh an Cumann an scéim do leasú le ceadú an Aire, agus beidh éifeacht ag an scéim agus í leasuithe amhlaidh ón dáta a cheapfaidh an tAire.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire i rith na tréimhse sochair bhreise le n-a mbainfidh aon scéim áirithe fén alt so an ceadú a bheidh tugtha aige do tharraing siar, i gcás aon cheann áirithe no níos mó d'fhorálacha na scéime agus maidir le haon cheann no cinn de na shochair bhreise fén scéim sin, o pé dáta is oiriúnach leis.

[EN]

(4) Féadfaidh scéim fén alt so a shocrú cad iad na coinníollacha bheidh le cólíonadh maidir leis na sochair bhreise fén scéim sin agus féadfaidh a fhoráil go ndéanfar na sochair bhreise sin do laghdú no do chur ar fionnraighe no do chur ar neamh-ní maidir le baill den Chumann a bheidh i riaráiste.

[EN]

(5) Ní bheidh teideal ag ball den Chumann chun sochair bhreise a bheidh soláthruithe tré Scéim fén alt mara gcólíontar pé coinníollacha, maidir leis an tréimhse bhallraíochta sa Chumann agus leis an uimhir de shíntiúsaí do híocadh i rith na tréimhse sin, a bheidh orduithe alos an tsochair bhreise sin.

[EN]

(6) Aon airgead a bheidh gan caitheamh as an méid a bheidh curtha ar fáil le haghaidh sochar breise in aon bhliain áirithe de thréimhse shochair bhreise, féadfar, le haontú an Aire, é chaitheamh

[EN]

(a) i rith aon bhliana ina dhiaidh sin den tréimhse sin, ar aon tsochar breise a soláthrófar, tré scéim fén alt so, maidir leis an mbliain sin ina dhiaidh sin, no

[EN]

(b) tar éis bheith caithte don tréimhse sin, chun glanta fiachas a bheidh curtha suas i rith na tréimhse sin fé scéim fén alt so.

[EN]

(7) Aon airgead a bheidh gan caitheamh as an méid a bheidh curtha ar fáil le haghaidh sochar breise in aon bhlianta de thréimhse shochair bhreise agus a bheidh gan caitheamh fé fho-alt (6) den alt so, féadfar, le haontú an Aire, é chaitheamh sa tréimhse shochair bhreise ina dhiaidh sin ar aon tsochar breise a soláthrófar, tré scéim fén alt so, maidir leis an tréimhse sin is déanaighe a luaidhtear.

[EN]

Oiriúnuithe iarmartacha ar na hAchtanna.

5.—(1) Léireofar na hAchtanna agus beidh éifeacht aca fé is dá gcuirtí, i mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1911 agus i bhfo-alt (7) den alt san 8, tagairtí do scéim fén alt deiridh sin roimhe seo in ionad na dtagairtí do Chuid I d'Acht 1911.

[EN]

(2) Léireofar an focal “surplus” aon áit ina bhfuil sé i bhfo-alt 3 d'alt 37 d'Acht 1911 mar fhocal a chialluíonn an méid a bheidh curtha ar fáil le haghaidh sochar breise in aon bhliain áirithe de thréimhse shochair bhreise.

[EN]

Cúl-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta.

6.—(1) Beidh ciste ann (dá ngairmtear an Cúl-Chiste san Acht so) ar a dtabharfar Cúl-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta, agus is tuigthe an Cúl-Chiste (a bheidh fé urláimh an Aire) do bheith bunuithe amhail ar an 1adh lá d'Eanar, 1942, agus ón lá san amach.

[EN]

(2) An t-airgead uile do bhí, díreach roimh an 1adh lá d'Eanar, 1942, i gcreidiúint do Phrímh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta do bunuíodh fé alt 15 d'Acht 1923, beidh sé ina chuid den Chúl-Chiste agus is tuigthe é d'aistriú chun an Chúl-Chiste an 1adh lá d'Eanar, 1942.

[EN]

(3) Na suimeanna uile a raibh dlite fé alt 29 d'Acht 1918 iad do chur i gcreidiúint do Phríomh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta alos aon tréimhse roimh an 1adh lá d'Eanar, 1942, ach ná raibh curtha i gcreidiúint amhlaidh ar dháta an Achta so do rith, cuirfear i gcreidiúint don Chúl-Chiste iad.

[EN]

(4) Na suimeanna is ionchurtha í gcreidiúint don Chúl-Chiste fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo agus na suimeanna a bheidh le haistriú chun an Chúl-Chiste fén gcéad alt eile íocfar leis an Aire Airgeadais iad agus déanfaidh an tAire sin na suimeanna san, maraon le n-a mbeidh fásta d'ús ar an airgead a bheidh i gcreidiúint de thurus na huaire don Chúl-Chiste, do shuncáil sa tslí ina suncáltar airgead a bhíonn i gcreidiúint do Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta.

[EN]

(5) Déanfaidh an tAire Airgeadais tuairisceán, ar na hurrúis ina mbeidh airgead is cuid den Chúl-Chiste suncálta de thurus na huaire, do thíolacadh do gach Tigh den Oireachtas in aghaidh na bliana.

[EN]

Alt 29 d'Acht 1918 do leasú.

7.—(1) Chun crícheanna an ailt seo—

[EN]

(a) cialluíonn an abairt “suimeanna neamh-éilithe” na suimeanna luaidhtear in alt 29 (a bhaineann le suimeanna do chur de láimh a bheidh gan éileamh i gcuntas díola stampaí) d'Acht 1918; lasmuich den méid sin den chéanna ar gá deighleáil leis sa tslí atá leagtha amach sa phrovísó a ghabhann leis an alt san 29;

[EN]

(b) is bliain chuntasaíochta gach bliain aca so leanas—

[EN]

(i) an bhliain 1942,

[EN]

(ii) gach bliain ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) Ní déanfar suimeanna neamh-éilithe alos aon bhliana cuntasaíochta áirithe d'úsáid a thuille sa tslí foráltar le halt 29 d'Acht 1918.

[EN]

(3) Chó luath agus a bheidh méid na suimeanna neamh-éilithe alos aon bhliana cuntasaíochta áirithe déanta amach go cinnte, cuirfear na suimeanna san chun críche mar leanas:—

[EN]

(a) déanfar oiread den chéanna agus ná raghaidh thar cúig mhíle dhéag punt do leithreasú i gcabhair d'airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas i gcóir costaisí riartha na nAchtanna agus an Achta so,

[EN]

(b) déanfar oiread (má bhíonn ann) den chéanna agus a raghaidh thar cúig mhíle dhéag punt d'aistriú chun an Chúl-Chiste.

[EN]

(4) Déanfar méid na suimeanna neamh-éilithe alos gach bliana cuntasaíochta fé leith do mheas i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán sa bhliain chuntasaíochta san agus íocfar amach as a bhfuighfear as stampaí do dhíol i rith na bliana airgeadais sin suim (a leithreasófar i gcabhair d'airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas i gcóir costaisí riartha na nAchtanna agus an Achta so) is có-ionann leis an méid do cuirfí chun críche, dá mb'é bheadh i méid na suimeanna neamh-éilithe sin ar n-a mheas amhlaidh an méid ar n-a dhéanamh amach go cinnte, fé mhír (a) d'fho-alt (3) den alt so.

[EN]

(5) Má thárlann, nuair a bheidh méid na suimeanna neamhéilithe alos aon bhliana cuntasaíochta áirithe déanta amach go cinnte, an méid a bheidh íoctha fé fho-alt (4) den alt so do bheith níos lugha no níos mó ná an méid is gá d'íoc as na suimeanna neamh-éilithe sin fé mhír (a) d'fho-alt (3) den alt so, ansan, déanfar an chéad suim eile is iníoctha fé fho-alt (4) den alt so do mhéadú no do laghdú dá réir sin.

[EN]

Aistrithe ón gCúl-Chiste chun creidiúna an Chumainn sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta.

8.—Nuair a bheidh ath-scrúdú fén Acht so ar chúrsaí airgeadais an chórais Arachais Sláinte Náisiúnta á dhéanamh ag an achtuaire alos aon tréimhse airgeadais áirithe bhéarfa sé áird ar an méid a bheidh i gcreidiúint don Chúl-Chiste i ndeire na tréimhse sin agus molfaidh cad é an méid (más aon mhéid é) ba cheart d'aistriú as an gCúl-Chiste chun creidiúna an Chumainn sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta agus féadfaidh an tAire, tar éis dó an moladh san do bhreithniú, pé méid is oiriúnach leis d'aistriú as an gCúl-Chiste chun creidiúna an Chumainn sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta agus is tuigthe chun crícheanna ailt 2 den Acht so gur ioncum de chuid an Chumainn i rith na tréimhse airgeadais sin an méid a haistreofar amhlaidh.

[EN]

Airgead do chur de láimh is ionchurtha chun críche fé alt 55 d'Acht 1911.

9.—Suimeanna ar bith dá luaidhtear i bhfo-alt (4) d'alt 55 d'Acht 1911 (alt a hathghairmtear leis an Acht so amhail ar an 1adh lá d'Eanar, 1939, agus as san amach) agus ná beidh cion-roinnte agus curtha chun críche, roimh dháta an Achta so do rith, sa tslí a foráltar leis an bhfo-alt san, déanfar, tar éis soláthar a dhéanamh le haghaidh fiachaisí an Chúl-Chiste Fiúnraíochta do bunuíodh fé fho-alt (1) d'Alt 15 d'Acht 1918, iad do chion-roinnt idir an Cumann agus Ciste Arachais na bhFórsaí Míleata (Socruithe Eadarnáisiúnta) do réir méid na gcúl-luachanna neamh-íoctha do bhí i gcreidiúint don Chumann agus don Chiste sin fé seach amhail ar an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1938, agus an cion den chéanna a bheidh ag dul don Chumann de bharr na cion-roinnte sin cuirfear chun creidiúna an Chumainn é agus cuirfear an farasbarr chun creidiúna an Chiste sin.

[EN]

An méid i gCiste Teagmhas an Chumainn d'aistriú chun Ciste Sochair an Chumainn.

10.—Déanfar an méid do bhí i gCiste Teagmhas an Chumainn amhail ar an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1938, d'aistriú chun Ciste Sochair an Chumainn.

[EN]

Us ar shuncálanna ionaduíonn an Ciste Arachais Sláinte Náisiúnta do chion-roinnt.

11.—(1) Na suimeanna uile do gheobhaidh an tAire no an tAire Airgeadais mar ús ar shuncálanna bheidh ar seilbh aca thar ceann an Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta déanfar iad do chion-roinnt idir na Cuntais agus na Cistí sin a cothabháltar fé na hAchtanna (ar a n-áirmhítear cuntais an Chumainn agus Ciste Arachais na bhFórsaí Míleata (Socruithe Eadarnáisiúnta)) agus sa tslí sin a chinnfidh an tAire.

[EN]

(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1939, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

[EN]

Forálacha dtaobh daoine árachuithe áirithe.

12.—(1) I gcás duine árachuithe do scur de bheith ina bhall den Chumann no de Chiste Arachais na bhFórsaí Míleata (Socruithe Eadarnáisiúnta) (dá ngairmtear an Ciste san alt so) agus a árachú i dtír eile d'áireamh, fé fhorálacha aon orduithe ar n-a dhéanamh de bhun ailt 17 d'Acht 1923, mar árachú leanúnach ar an árachú fé n-a raibh sé roimhe sin mar bhall den Chumann no den Chiste, do réir mar a bheidh, déanfar an luach aistriúcháin iomchuibhe d'fhéichiúnú ar an gCumann no ar an gCiste, do réir mar a bheidh.

[EN]

(2) I gcás duine árachuithe do theacht chun bheith ina bhall den Chumann no den Chiste agus a árachú mar bhall den Chumann no den Chiste d'áireamh, fé fhorálacha aon orduithe ar n-a dhéanamh de bhun ailt 17 d'Acht 1923, mar árachú leanúnach ar árachú fé n-a raibh sé roimhe sin i dtír eile, déanfar an luach aistriúcháin iomchuibhe do chreidiúnú don Chumann no don Chiste, do réir mar a bheidh.

[EN]

(3) I gcás duine árachuithe do scur de bheith ina bhall den Chiste agus é theacht chun bheith ina bhall den Chumann, déanfar an luach aistriúcháin iomchuibhe d'fhéichiúnú ar an gCiste agus do chreidiúnú don Chumann.

[EN]

(4) Chun críche an ailt seo cialluíonn “luach aistriúcháin iomchuibhe” méid a háirmheofar do réir táiblí ullmhóidh an tAire.

[EN]

(5) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1939, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

[EN]

Forálacha maidir le cúl-luacha, luacha aistriúcháin agus aistrithe árachais.

13.—(1) Tar éis dáta an Achta so do rith ní déanfar aon chúlluach ná luach aistriúcháin do chreidiúnú ná d'fhéichiúnú fé na hAchtanna mar gheall ar aon árachú nua no aistriú árachais no scur d'árachú do thárla roimh an 1adh lá d'Eanar, 1939.

[EN]

(2) Aon chúl-luacha neamh-íoctha a bheidh i gcreidiúint don Chumann no do Chiste Arachais na bhFórsaí Míleata (Socruithe Eadarnáisiúnta) tar éis an chion-roinnt a luaidhtear in alt 9 den Acht so do bheith críochnuithe, cuirfear ar ceal iad.

[EN]

(3) Aon aistrithe árachais do rinneadh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1939, agus ná beidh deighleálta leo fé na hAchtanna, deighleálfar leo fén mír dheiridh sin roimhe seo den Acht so.

[EN]

Rialacháin.

14.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh aon ní dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe.

[EN]

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lá agus fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar neambrí beidh an rialachán san curtha ar neambrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Athghairm.

15.—(1) Deintear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1939, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

[EN]

(3) Deintear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

(4) Is tuigthe fo-alt (3) den alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1942, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

[EN]

(5) Deintear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal léiriú agus có-luadh.

16.—(1) Féadfar an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1942, do ghairm den Acht so agus léireofar mar éinní amháin é féin agus na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1936.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1942, do ghairm de na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1936, agus den Acht so le chéile.

[EN]

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear amhail on 1adh la d'Eanar, 1939.

Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

1 & 2 Geo. V., c. 55

National Insurance Act, 1911.

Fo-alt (9) d'alt 8; fo-alt (4) d'alt 13; alt 33; fo-alt (4) d'alt 54; alt 55; na focail uile o na focail “after deducting the amounts” go dtí deire na míre i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 56; mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 56; na focail “in such manner as the Insurance Commissioners determine either by the reduction of the reserve values credited to the society or” i mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 56; na focail “or the crediting of a reserve value” bhfo-alt (1) d'alt 69.

3 & 4 Geo. V., c. 37

National Insurance Act, 1913.

Fo-alt (5) d'alt 16; mír (D) den Chéad Sceideal.

7 & 8 Geo. V., c. 62

National Health Insurance Act, 1918.

Fo-alt (2) d'alt 1; fo-alt (1) d'alt 3; fo-alt (3) d'alt 7; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 15; fo-alt (2) d'alt 24; fo-alt (5) d'alt 27.

10 & 11 Geo. V., c. 10

National Health Insurance Act, 1920.

Fo-ailt (1) agus (2) d'alt 5; alt 16 agus an Dara Scedeal.

11 & 12 Geo. V., c. 25

National Health Insurance Act, 1921.

Alt. 1.

Uimh. 42 de 1929

Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1929.

Alt 13; fo-ailt (9) agus (10) d'alt 15.

AN DARA SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear amhail on 1adh la d'Eanar, 1942.

Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

7 & 8 Geo. V., c. 62

National Health Insurance Act, 1918.

Alt. 4.

Uimh. 20 de 1923

Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923.

Fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 15.

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear amhail o dhata an Achta so do Rith.

Siosón agus Caibidil

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

1 & 2 Geo. V., c. 55

National Insurance Act, 1911.

Míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 35; alt 36; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 37; alt 38; alt 41; na focail “and of the Central Fund” i bhfo-alt (3) d'alt 54. focail do cuireadh isteach le halt 5 den National Health Insurance Act, 1918; an míniú ar “valuer” in alt 79.

7 & 8 Geo. V., c. 62

National Health Insurance Act, 1918.

Fo-ailt (2) agus (8) d'alt 3.

10 & 11 Geo. V., c. 10

National Health Insurance Act, 1920.

Fo-alt (2) d'alt 15.

[GA]

harp.jpg


Number 5 of 1942.


[GA]

NATIONAL HEALTH INSURANCE ACT, 1942.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Quinquennial actuarial review of and report on finances of the National Health Insurance system.

3.

Determination of amount available for additional benefits in additional benefit periods.

4.

Provision of additional benefits.

5.

Consequential adaptations of the Acts.

6.

The National Health Insurance Reserve Fund.

7.

Amendment of section 29 of the Act of 1918.

8.

Transfers from the Reserve Fund to the credit of the Society in the National Health Insurance Fund.

9.

Disposition of moneys applicable under section 55 of the Act of 1911.

10.

Transfer of amount of the Contingencies Fund of the Society to the Benefit Fund of the Society.

11.

Apportionment of interest on investments representing the National Health Insurance Fund.

12.

Provisions in relation to certain insured persons.

13.

Provisions in relation to reserve values, transfer values and transfers of insurance.

14.

Regulations.

15.

Repeals.

16.

Short title, construction and collective citation.

FIRST SCHEDULE.

Enactments repealed as from the 1st day of January, 1939.

SECOND SCHEDULE.

Enactments repealed as from the 1st day of January, 1942.

THIRD SCHEDULE.

Enactments repealed as from the passing of this Act.


Acts Referred to

National Health Insurance Act, 1923

No. 20 of 1923

National Health Insurance Act, 1929

No. 42 of 1929

harp.jpg


Number 5 of 1942.


NATIONAL HEALTH INSURANCE ACT, 1942.


AN ACT TO AMEND THE NATIONAL HEALTH INSURANCE ACTS, 1911 TO 1936. [31st March, 1942.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the expression “the Minister” means the Minister for Local Government and Public Health;

[GA]

the expression “the Act of 1911” means the National Insurance Act, 1911;

[GA]

the expression “the Act of 1918” means the National Health Insurance Act, 1918;

[GA]

the expression “the Act of 1923” means the National Health Insurance Act, 1923 (No. 20 of 1923);

[GA]

the expression “the Acts” means the National Health Insurance Acts, 1911 to 1936;

[GA]

the expression “the Society” means Cumann an Árachais Náisiúnta ar Shláinte;

[GA]

the word “prescribed” means prescribed by regulations made by the Minister under this Act.

[GA]

(2) Each of the following periods shall be a financial period for the purposes of this Act, namely—

[GA]

(a) the quinquennial period (in this Act referred to as the first financial period) ended on the 31st day of December, 1938,

[GA]

(b) the respective quinquennial periods ending on the 31st day of December, 1943, the 31st day of December, 1948, the 31st day of December, 1953, and so on,

[GA]

and the expression “financial period” shall in this Act be construed accordingly.

[GA]

(3) Each of the following periods shall be an additional benefit period for the purposes of this Act, namely—

[GA]

(a) the quinquennial period (in this Act referred to as the first additional benefit period) ending on the 31st day of March, 1947,

[GA]

(b) the respective quinquennial periods ending on the 31st day of March, 1952, the 31st day of March, 1957, the 31st day of March, 1962, and so on,

[GA]

and the expression “additional benefit period” shall in this Act be construed accordingly.

[GA]

Quinquennial actuarial review of and report on finances of the National Health Insurance system.

2.—(1) As soon as may be after the expiration of each financial period (other than the first financial period), the Minister, with the consent of the Minister for Finance, shall appoint an actuary, whose duty shall include—

[GA]

(a) the making (having regard to (i) the amount by which the income of the Society, after deducting therefrom the amount available for administration, exceeded the amounts expended by or debited to the Society in respect of statutory benefits (other than additional benefits) and transfer values and for the purposes of the Medical Certification Fund, and (ii) terms of reference (if any) settled by the Minister after consultation with the Minister for Finance) of a comprehensive review of the finances of the National Health Insurance system as at the end of such financial period, and

[GA]

(b) the furnishing to the Minister of a report on the finances of the National Health Insurance system and the inclusion in such report of a recommendation as to the amount of such excess that may be made available towards the provision of additional benefits including the administration thereof in each year of the additional benefit period next following.

[GA]

(2) A copy of each report made by an actuary under this section shall be laid before each House of the Oireachtas.

[GA]

Determination of amount available for additional benefits in additional benefit periods.

3.—(1) The Minister shall, as soon as may be after the passing of this Act, determine (having regard to the report of an actuary dated the 28th day of March, 1941, on the financial position of the National Health Insurance system) the amount that may be made available for additional benefits including the administration thereof in each year of the first additional benefit period.

[GA]

(2) The Minister shall, on considering the report of an actuary under the immediately preceding section in relation to any financial period, determine the amount that may be made available for additional benefits including the administration thereof in each year of the next following additional benefit period.

[GA]

(3) In determining under sub-section (1) or sub-section (2) of this section the amount that may be made available for additional benefits including the administration thereof in any year of an additional benefit period the Minister shall have regard to the provisions of section 3 of the Act of 1911, as amended by any subsequent enactments.

[GA]

(4) In this Act references to the amount made available for additional benefits in any year of an additional benefit period shall be construed as references to the amount determined by the Minister under this section in relation to such year.

[GA]

Provision of additional benefits.

4.—(1) The Society may prepare and submit to the Minister a scheme for expending, during each year of any, additional benefit period, among insured persons who are members of the Society the amount made available for additional benefits in such year on any one or more of the additional benefits including the administration thereof and, upon any such scheme being sanctioned by the Minister, the Society may provide additional benefits in accordance with the scheme, subject however to any withdrawal of sanction by the Minister under sub-section (3) of this section.

[GA]

(2) Where a scheme in relation to any additional benefit period under sub-section (1) of this section has been sanctioned by the Minister, the Society may, with the sanction of the Minister, amend the scheme and the scheme as so amended shall have effect from such date as may be determined by the Minister.

[GA]

(3) The Minister may during the additional benefit period to which a scheme under this section relates withdraw, his sanction from any one or more of the provisions of the scheme and in relation to any one or more of the additional benefits thereunder, from such date as he thinks fit.

[GA]

(4) A scheme under this section may determine the conditions to be complied with as respects the additional benefits thereunder and may provide for the reduction, suspension or deprivation of the said additional benefits as regards members of the Society who are in arrears.

[GA]

(5) A member of the Society shall not be entitled to an additional benefit provided by a Scheme under this section unless such conditions, relating to the period of membership of the Society and the number of contributions paid during that period, as may be prescribed with respect to that additional benefit are complied with.

[GA]

(6) Any moneys unexpended out of the amount made available for additional benefits in any year of an additional benefit period may, with the approval of the Minister, be expended

[GA]

(a) during any succeeding year of that period on any additional benefit provided, by a scheme under this section, in relation to such succeeding year, or

[GA]

(b) after the expiration of that period in discharge of liabilities incurred, during that period, under a scheme under this section.

[GA]

(7) Any moneys unexpended out of the amount made available for additional benefits in any years of an additional benefit period which have not been expended under sub-section (6) of this section may, with the approval of the Minister, be expended in the next succeeding additional benefit period on any additional benefit provided, by a scheme under this section, in relation to such last-mentioned period.

[GA]

Consequential adaptations of the Acts.

5.—(1) The Acts shall be construed and have effect as if, in paragraph (f) of sub-section (1) of section 8 of the Act of 1911 and in sub-section (7) of the said section 8, there were substituted, for the references to Part I of the Act of 1911, references to a scheme under the immediately preceding section.

[GA]

(2) The word “surplus” where it occurs in sub-section (3) of section 37 of the Act of 1911 shall be construed as meaning the amount made available for additional benefits in any year of an additional benefit period.

[GA]

The National Health Insurance Reserve Fund.

6.—(1) There shall be a fund (in this Act referred to as the Reserve Fund) to be known as the National Health Insurance Reserve Fund, and the Reserve Fund (which shall be under the control of the Minister) shall be deemed to have been established as on and from the 1st day of January, 1942.

[GA]

(2) All moneys which immediately before the 1st day of January, 1942, were standing to the credit of the National Health Insurance Central Fund, established under section 15 of the Act of 1923, shall form part of the Reserve Fund and shall be deemed to have been transferred to the Reserve Fund on the 1st day of January, 1942.

[GA]

(3) All sums which under section 29 of the Act of 1918 were due to be credited to the National Health Insurance Central Fund in respect of any period prior to the 1st day of January, 1942, but which had not been so credited at the date of the passing of this Act shall be credited to the Reserve Fund.

[GA]

(4) The sums to be credited to the Reserve Fund under the immediately preceding sub-section and the sums to be carried to the Reserve Fund under the next following section shall be paid to the Minister for Finance and those sums together with all accumulations of interest on the moneys for the time being standing to the credit of the Reserve Fund shall be invested by the said Minister in the same manner as moneys to the credit of the National Health Insurance Fund are invested.

[GA]

(5) The Minister for Finance shall present to each House of the Oireachtas annually a return of the securities in which moneys forming part of the Reserve Fund are for the time being invested.

[GA]

Amendment of section 29 of the Act of 1918.

7.—(1) For the purposes of this section—

[GA]

(a) the expression “unclaimed sums” means the sums mentioned in section 29 (which relates to the disposal of sums unclaimed in stamp sales account) of the Act of 1918, except so much thereof as is required to be dealt with in the manner set out in the proviso to the said section 29;

[GA]

(b) each of the following years shall be an accounting year—

[GA]

(i) the year 1942,

[GA]

(ii) each succeeding year.

[GA]

(2) Unclaimed sums in respect of any accounting year shall no longer be applied in the manner provided by section 29 of the Act of 1918.

[GA]

(3) When the amount of unclaimed sums in respect of any accounting year has been finally ascertained, the said sums shall be applied as follows:—

[GA]

(a) so much thereof as does not exceed fifteen thousand pounds shall be appropriated in aid of moneys provided by the Oireachtas for the expenses of administration of the Acts and this Act,

[GA]

(b) so much (if any) thereof as exceeds fifteen thousand pounds shall be carried to the Reserve Fund.

[GA]

(4) The amount of unclaimed sums in respect of each accounting year shall be estimated during the financial year commencing on the 1st day of April in that accounting year and there shall be paid out of the proceeds of sales of stamps during the said financial year a sum (which shall be appropriated in aid of moneys provided by the Oireachtas for the expenses of administration of the Acts and this Act) equal to the amount which would, if the amount of the said unclaimed sums as so estimated were the amount as finally ascertained, have been applied under paragraph (a) of sub-section (3) of this section.

[GA]

(5) If, on the final ascertainment of the amount of unclaimed sums in respect of any accounting year, it is found that the amount paid under sub-section (4) of this section is less or greater than the amount required to be paid out of the said unclaimed sums under paragraph (a) of sub-section (3) of this section, then, the sum next payable under sub-section (4) of this section shall be increased or reduced accordingly.

[GA]

Transfers from the Reserve Fund to the credit of the Society in the National Health Insurance Fund.

8.—The actuary in making a review under this Act of the finances of the National Health Insurance system in respect of any financial period shall take into account the amount standing to the credit of the Reserve Fund at the end of such period and shall recommend the amount (if any) that should be transferred therefrom to the credit of the Society in the National Health Insurance Fund, and the Minister, after considering such recommendation, may transfer from the Reserve Fund to the credit of the Society in the National Health Insurance Fund such amount as he thinks fit and the amount so transferred shall be deemed, for the purposes of section 2 of this Act, to have been income of the Society during such financial period.

[GA]

Disposition of moneys applicable under section 55 of the Act of 1911.

9.—Any sums mentioned in sub-section (4) of section 55 of the Act of 1911 (which said section is repealed by this Act as on and from the 1st day of January, 1939), which have not before the passing of this Act been apportioned and applied in the manner provided by the said sub-section, shall, after making provision for the liabilities of the Reserve Suspense Fund established under sub-section (1) of Section 15 of the Act of 1918, be apportioned between the Society and the Military Forces (International Arrangements) Insurance Fund in proportion to the amount of the outstanding reserve values standing to the credit of the Society and the said Fund respectively as at the 31st day of December, 1938, and the share, resulting from such apportionment, of the Society therein shall be credited to the Society and the remainder credited to the said Fund.

[GA]

Transfer of amount of the Contingencies Fund of the Society to the Benefit Fund of the Society.

10.—The amount of the Contingencies Fund of the Society as at the 31st day of December, 1938, shall be transferred to the Benefit Fund of the Society.

[GA]

Apportionment of interest on investments representing the National Health Insurance Fund.

11.—(1) All sums received by the Minister or the Minister for Finance in respect of interest on investments held by them on behalf of the National Health Insurance Fund shall be apportioned amongst such Accounts and Funds maintained under the Acts (including accounts of the Society and the Military Forces (International Arrangements) Insurance Fund) and in such manner as the Minister may determine.

[GA]

(2) This section shall be deemed to have come into operation on and shall have effect as on and from the 1st day of January, 1939.

[GA]

Provisions in relation to certain insured persons.

12.—(1) Where an insured person ceases to be a member of the Society or the Military Forces (International Arrangements) Insurance Fund (in this section referred to as the Fund) and, under the provisions of any order made in pursuance of section 17 of the Act of 1923, his insurance in another country is treated as a continuation of his former insurance as a member of the Society or the Fund, as the case may be, the appropriate transfer value shall be debited to the Society or the Fund, as the case may be.

[GA]

(2) Where an insured person becomes a member of the Society or the Fund and, under the provisions of any order made in pursuance of section 17 of the Act of 1923, his insurance as a member of the Society or the Fund is treated as a continuation of a former insurance in another country, the appropriate transfer value shall be credited to the Society or the Fund, as the case may be.

[GA]

(3) Where an insured person ceases to be a member of the Fund, and becomes a member of the Society, the appropriate transfer value shall be debited to the Fund and credited to the Society.

[GA]

(4) For the purpose of this section “appropriate transfer value” means an amount to be calculated in accordance with tables to be prepared by the Minister.

[GA]

(5) This section shall be deemed to have come into operation on and shall have effect as on and from the 1st day of January, 1939.

[GA]

Provisions in relation to reserve values, transfer values and transfers of insurance.

13.—(1) After the passing of this Act no reserve value or transfer value shall be credited or debited under the Acts in respect of any entry into, or transfer of, or cessation from, insurance which occurred before the 1st day of January, 1939.

[GA]

(2) Any outstanding reserve values remaining, after the apportionment referred to in section 9 of this Act has been completed, to the credit of the Society or the Military Forces (International Arrangements) Insurance Fund shall be cancelled.

[GA]

(3) Any transfers of insurance, which have occurred before the 1st day of January, 1939, and which have not been dealt with under the Acts, shall be dealt with under the immediately preceding section of this Act.

[GA]

Regulations.

14.—(1) The Minister may make regulations in relation to any matter or thing referred to in this Act as prescribed.

[GA]

(2) Each regulation made under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and if a resolution annulling such regulation is passed by either such House within the next subsequent twenty-one days on which such House has sat after such regulation is laid before it, such regulation shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done under such regulation.

[GA]

Repeals.

15.—(1) The enactments set out in the First Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of that Schedule.

[GA]

(2) Sub-section (1) of this section shall be deemed to have come into operation on and shall have effect as on and from the 1st day of January, 1939.

[GA]

(3) The enactments set out in the Second Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of that Schedule.

[GA]

(4) Sub-section (3) of this section shall be deemed to have come into operation on and shall have effect as on and from the 1st day of January, 1942.

[GA]

(5) The enactments set out in the Third Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of that Schedule.

[GA]

Short title, construction and collective citation.

16.—(1) This Act may be cited as the National Health Insurance Act, 1942, and shall be construed as one with the National Health Insurance Acts, 1911 to 1936.

[GA]

(2) The National Health Insurance Acts, 1911 to 1936 and this Act, may be cited together as the National Health Insurance Acts, 1911 to 1942.

[GA][GA]

FIRST SCHEDULE.

Enactments Repealed as from the 1st day of January, 1939.

Session and Chapter or Number and Year

Short Title

Extent of Repeal

1 & 2 Geo. V., c. 55

National Insurance Act, 1911.

Sub-section (9) of section 8; sub-section (4) of section 13; section 33; sub-section (4) of section 54; section 55; all words from the words “after deducting the amounts” to the end of the paragraph in paragraph (a) of sub-section (1) of section 56; paragraph (c) of sub-section (1) of section 56; the words “in such manner as the Insurance Commissioners determine either by the reduction of the reserve values credited to the society or” in paragraph (d) of sub-section (1) of section 56; the words “or the crediting of a reserve value” in sub-section (1) of section 69.

3 & 4 Geo V., c. 37

National Insurance Act, 1913.

Sub-section (5) of section 16; paragraph (D) of the First Schedule.

7 & 8 Geo. V., c. 62

National Health Insurance Act, 1918.

Sub-section (2) of section 1; sub-section (1) of section 3; sub-section (3) of section 7; sub-sections (1) and (2) of section 15; sub-section (2) of section 24; sub-section (5) of section 27.

10 & 11 Geo. V., c. 10

National Health Insurance Act, 1920.

Sub-sections (1) and (2) of section 5; section 16 and Second Schedule.

11 & 12 Geo. V., c. 25

National Health Insurance Act, 1921.

Section 1.

No. 42 of 1929

National Health Insurance Act, 1929.

Section 13; sub-sections (9) and (10) of section 15.

[GA][GA]

SECOND SCHEDULE.

Enactments Repealed as from the 1st day of January, 1942.

Session and Chapter or Number and Year

Short Title

Extent of Repeal

7 & 8 Geo. V., c. 62

National Health Insurance Act, 1918.

Section 4.

No. 20 of 1923

National Health Insurance Act, 1923.

Sub-sections (1), (2) and (3) of section 15.

[GA][GA]

THIRD SCHEDULE.

Enactments Repealed as from the passing of this Act.

Session and Chapter

Short Title

Extent of Repeal

1 & 2 Geo. V., c. 55

National Insurance Act, 1911.

Paragraphs (b) and (c) of sub-section (1) of section 35; section 36; sub-sections (1) and (2) of section 37; section 38; section 41; the words “and of the Central Fund” in sub-section (3) of section 54, which words were inserted by section 5 of the National Health Insurance Act, 1918; definition of “valuer” in section 79.

7 & 8 Geo. V., c. 62

National Health Insurance Act, 1918.

Sub-sections (2) and (8) of section 3.

10 & 11.Geo. V., c. 10

National Health Insurance Act, 1920.

Sub-section (2) of section 15.