Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 7 de 1945.
ACHT CHUIDEACHTA NA MIANRAÍ, 1945.
[An tionntó oifigiúil.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar Acht Chuideachta na Mianraí, 1945, do ghairm den Acht so.
Mínithe.
2.—San Acht so—
ciallaíonn an abairt “an chuideachta leanúnach” an chuideachta do bunaíodh de bhun ailt 4 den Phríomh-Acht;
ciallaíonn an abairt “an chuideachta scortha” Comhlucht Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, Teoranta;
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachtain Lorgtha agus Forbartha Mianraí, 1941 (Uimh. 13 de 1941);
ciallaíonn an abairt “dáta an aistrithe” an dáta cheapfaidh an tAire ina dháta aistrithe chun críocha Coda II den Acht so.
Acht Forbairte Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, 1941, d'athghairm.
3.—Athghairmtear leis seo Acht Forbairte Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, 1941 (Uimh. 8 de 1941), amhail ar dháta an aistrithe agus dá éis.
CUID II
Comhlucht Gual-Lathrach Shliabh Ardachadh, Teoranta, do scor, agus a Ghnothas D'Aistriu chun na Cuideachtain Leanunai.
Dáta an aistrithe.
4.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh ina dháta aistrithe chun críocha na Coda so den Acht so.
An chuideachta scortha do scor.
5.—Beidh an chuideachta scortha arna scor, de bhuaidh an ailt seo, ar dháta an aistrithe.
Forála i dtaobh scaireanna sa chuideachtain scortha.
6.—(1) Na scaireanna uile sa chuideachtain scortha a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, ar seilbh ag duine ar bith seachas an tAire Airgeadais, beid arna n-aistriú chun an Aire Airgeadais, de bhuaidh an fhó-ailt seo, ar dháta an aistrithe.
(2) Ar dháta an aistrithe, tiocfaidh na scaireanna uile sa chuideachtain scortha chun bheith agus beid, de bhuaidh an fhó-ailt seo, ina scaireanna sa chuideachtain leanúnach agus, d'ainneoin éinní atá i bhfó-alt (2) d'alt 5 den Phríomh-Acht, beidh caipiteal na cuideachtan leanúnaí arna mhéadú dá réir sin.
Maoin na cuideachtan scortha d'aistriú chun na cuideachtan leanúnaí.
7.—(1) Fá réir forál an ailt seo, an mhaoin uile, réalta nó pearsanta (agus rudaí-ar-fionnraí d'áireamh), a bheas, díreach dháta an aistrithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó i seilbh ar iontaoibh di agus gach ceart, cumhacht agus príbhléid bhainfeas nó gheobhas le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fá réir a n-aistrithe, más gá san, i leabhair aon bhaine nó corporáide nó cuideachtan, dílsithe sa chuideachtain leanúnach nó dá cuid féin aici nó i seilbh ar iontaoibh di (fé mar is gá sa chás) chun an eastáit, an téarma nó an leasa uile chun a mbeidh an céanna, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó i seilbh ar iontaoibh di.
(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt so agus a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, ar seasamh i leabhair aon bhaine nó cláraithe i leabhair aon bhaine nó corporáide nó cuideachtan. déanfaidh an banc nó an chorporáid nó an chuideachta san, ar an gcuideachtain leanúnach dá iarraidh sin ar dháta an aistrithe nó tráth ar bith dá éis, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainme na cuideachtan leanúnaí.
(3) Gach rud-ar-fionnraí a haistrítear leis an alt so chun na cuideachtan leanúnaí, féadfaidh an chuideachta leanúnach, ar dháta an aistrithe agus dá éis, dul chun dlí mar gheall air nó é bhaint amach nó é d'fhorfheidhmiú ina hainm féin, agus ní gá don chuideachtain leanúnach fógra i dtaobh an aistrithe déantar leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fionnraí sin ina cheangal.
Dliteanais na cuideachtan scortha d'aistriú.
8.—(1) Na fiacha agus na dliteanais eile go léir (lena n-áirítear dliteanais neamh-leachtaithe de dhroim torta nó sáruithe connartha) a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, dlite ar an gcuideachtain scortha agus gan íoc aici nó dlite uirthi agus gan comhlíonadh aici, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe, ina bhfiacha nó ina ndliteanais ar an gcuideachtain leanúnach, agus dá réir sin íocfaidh nó comhlíonfaidh an chuideachta leanúnach iad agus féadfar iad do bhaint di nó d'fhorfheidhmiú ina coinne.
(2) D'ainneoin Acht Forbairte Gual-láthrach Shliabh Ardachadh, 1941 (Uimh. 8 de 1941), d'athghairm, leanfaidh ailt 10 agus 11 den Acht san d'fheidhm do bheith acu, ar dháta an aistrithe agus dá éis, maidir le haon tsuimeanna bheas réamhíoctha leis an gcuideachtain scortha fá alt 9 den Acht san agus a bheas gan íoc díreach roimh dháta an aistrithe, fá réir an mhodhnuithe go ndéanfar na tagairtí atá sna hailt sin 10 agus 11 don chuideachtain scortha do léiriú mar thagairtí don chuideachtain leanúnach.
Connartha leanúnacha de chuid na cuideachtan scortha do bhuan-choimeád.
9.—Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de shaghas leanúnach a bheas tugtha ag an gcuideachtain scortha do dhuine ar bith, nó ag duine ar bith don chuideachtain scortha san, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, agus gach connradh nó comhaontú i scríbhinn a bheas déanta idir an chuideachta scortha agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus críochnaithe go hiomlán roimh dháta an aistrithe leanfaidh, d'ainneoin an chuideachta scortha do bheith scortha, de bheith i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm na cuideachtan leanúnaí ann in ionad ainm na cuideachtan scortha, agus beidh an t-urrús, an connradh, nó an comhaontú san infhorfheidhmithe ag an gcuideachtain leanúnach nó ina coinne dá réir sin,
Leanúin d'imeachta dlí bheas ar feitheamh.
10.—Tiocfaidh an chuideachta leanúnach chun bheith agus beidh, ar dháta an aistrithe, ina páirtí in ionad na cuideachtan scortha i ngach aicsean nó agra nó imeacht a bheas ar feitheamh ar dháta an aistrithe in aon chúirt nó binse agus ina mbeidh an chuideachta scortha ina páirtí, agus leanfar den imeacht san idir an chuideachta leanúnach agus na páirtithe eile ann dá réir sin agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt san ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis ná ní déanfar dochar dó de dhroim an chuideachta scortha do scor.
Connartha seirbhíse do bhuanchoimeád.
11.—Gach connradh seirbhíse, follas nó folaithe, a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe idir an chuideachta scortha agus oifigeach nó fostaí ar bith don chuideachtain scortha, leanfaidh i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an chuideachta leanúnach ann in ionad na cuideachtan scortha agus beidh gach connradh den tsórt san infhorfheidhmithe ag an gcuideachtain leanúnach nó ina coinne dá réir sin.
Saoirse ó dhiúitéthe stampa.
12.—(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an gcuideachtain leanúnach cóip den Acht so do sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon diúité stampa d'íoc fán alt san ar aon chóip den Acht so.
(2) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon aistriú, leithliú, ná ionstraim eile a comhlánófar chun dílsiú sócmhainní na cuideachtan scortha sa chuideachtain leanúnach d'fhorlíonadh nó chun éifeacht do thabhairt don dílsiú san.
Fuíoll-chlár, etc., na cuideachtan leanúnaí don bhliain dár críoch an 31ú Márta, 1945.
13.—Nuair a bheas a fuíoll-chlár agus a cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1945, á dtarraing suas aici deighleálfaidh an chuideachta leanúnach le trádáil na cuideachtan scortha ar feadh na tréimhse dár tosach an 1ú lá d'Abrán, 1944, agus dár críoch an lá díreach roimh dháta an aistrithe fé is dá mba í trádáil na cuideachtan leanúnaí í.
CUID III
An tAcht um Chuideachtain Lorgtha agus Forbartha Mianrai, 1941, do Leasu.
Ainm na cuideachtan leanúnaí d'athrú.
14.—(1) Athghairmtear leis seo fó-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtaítear leis seo gurb é ainm a bheas ar an gcuideachtain leanúnach ná “Mianraí, Teoranta”,
(2) Déanfaidh an chuideachta leanúnach gach ní is gá chun a áirithiú go gclárófar do réir na nAcht Cuideachtan, 1908 go 1924, an ainm do bheirtear di leis an alt so.
Míniú an fhocail “mianraí” sa Phríomh-Acht do leasú agus cumhacht chun athrú iarmartach do dhéanamh ar mheamram comhlachais na cuideachtan leanúnaí.
15.—(1) Léireofar an Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndéantaí, sa mhíniú (atá in alt 2) ar an bhfocal “mianraí”, na focail “acht amháin ná folaíonn sé gual” do scrios.
(2) Tráth ar bith tar éis dáta an Achta so do rith, féadfaidh an chuideachta leanúnach, le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Talmhaíochta, a meamram comhlachais d'athrú i slí leathnós a cuspóirí i gcomhréir leis an leasú déantar le fó-alt (1) den alt so.
(3) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon athrú a húdaraítear leis an alt so don chuideachtain leanúnach a dhéanamh ina meamram comhlachais, agus ina ionad san achtaítear leis seo go bhféadfar an t-athrú san do dhéanamh trí rún neamhghnáthach, mar a mínítear san le halt 69 den Acht san agus, i dteannta alt 70 den Acht san do chomhlíonadh, go ndéanfaidh an chuideachta leanúnach, laistigh den am a luaitear san alt san 70, cóip chló-bhuailte den mheamram arna athrú amhlaidh do sheachadadh don chlárathóir cuideachtan agus cláróidh an clárathóir sin é agus deimhneoidh an clárú fána láimh, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite go ndearnadh ceanglais uile an Achta san, arna leasú leis an bhfó-alt so maidir leis an athrú san, do chomhlíonadh agus as san amach is é an meamram arna athrú amhlaidh meamram na cuideachtan leanúnaí.
Alt 10 den Phríomh-Acht do leasú.
16.—Athghairmtear leis seo an méid d'fhó-alt (1) d'alt 10 den Phríomh-Acht, arna leasú le haon ordú arna dhéanamh fá na hAchta Cumhachta Práinne, 1939 go 1942, a fhorálas ná raghaidh suimeanna réamhíocfar leis an gCuideachtain thar dhá chéad míle punt san iomlán, agus ina ionad san achtaítear leis seo ná raghaidh na suimeanna san, san iomlán, thar suim is comhionann leis an difríocht idir—
(a) ceithre chéad míle punt, agus
(b) méid aon réamhíocanna a bheas déanta leis an gcuideachtain scortha fá alt 9 d'Acht Forbairte Gual-Láthrach Shliabh Ardachaidh, 1941 (Uimh. 8 de 1941).
Alt 13 den Phríomh-Acht do leasú.
17.—(1) Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht tríd an bhfó-alt so leanas do chur in ionad fó-ailt (1), sé sin le rá:—
“ (1) Is dleathach don Aire aon tráth nó trátha a cheangal ar an gCuideachtain—
(a) a iarraidh ar an Aire ceadúnas lorgaireachta do dheonadh dhi fá Acht 1940 i leith aon tailimh áirithe agus, ar an gceadúnas lorgaireachta san d'fháil, lorgaireacht agus scrúdú do dhéanamh ar an talamh san chun go bhfionnfaí cineál agus cainníocht na mianraí sa talamh san agus ar mhaith an chomhairle é na mianraí sin d'oibriú, nó
(b) lorgaireacht agus scrúdú do dhéanamh ar aon talamh áirithe i seilbh na Cuideachtan chun go bhfionnfaí cineál agus cainníocht na mianraí sa talamh san agus ar mhaith an chomhairle é na mianraí sin d'oibriú”.
(2) Leasaítear leis seo fó-alt (4) d'alt 13 den Phríomh-Acht trí na focail “cúig mhíle punt” do chur in ionad na bhfocal “trí mhíle punt”.
Faidiú na tréimhse chun fuíoll-chlár, etc., na cuideachtan leanúnaí do thabhairt.
18.—Féadfaidh an tAire, maidir le haon bhliain chuntasaíochta áirithe ag an gcuideachtain leanúnach, an tréimhse de nócha lá, a luaitear i bhfó-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht, d'fhaidiú go pé tréimhse (nach sia ná céad agus fiche lá) is oiriúnach leis.
No. 7 of 1945.
MINERALS COMPANY ACT, 1945.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Preliminary and General.
Section | |
Dissolution of Comhlucht Gual-Láthrach Shliabh Árdachadh, Teoranta and transfer of its undertaking to the continuing company.
Transfer of property of dissolved company to the continuing company. | |
Balance sheet, etc., of continuing company for year ending on 31st March, 1945. |
Amendments of the Minerals Exploration and Development Company Act, 1941.
Extension of time for furnishing balance sheet, etc., of the continuing company. |
Acts Referred to | |
No. 13 of 1941 | |
No. 8 of 1941 |
No. 7 of 1945.
MINERALS COMPANY ACT, 1945.
PART I.
Preliminary and General.
Short title.
1.—This Act may be cited as the Minerals Company Act, 1945.
Definitions.
2.—In this Act—
the expression “the continuing company” means the company formed in pursuance of section 4 of the Principal Act;
the expression “the dissolved company” means Comhlucht Gual-Láthrach Shliabh Árdachadh, Teoranta;
the expression “the Minister” means the Minister for Industry and Commerce;
the expression “the Principal Act” means the Minerals Exploration and Development Company Act, 1941 (No. 13 of 1941);
the expression “the transfer date” means the day appointed by the Minister to be the transfer date for the purposes of Part II of this Act.
Repeal of Slievardagh Coalfield Development Act, 1941.
3.—The Slievardagh Coalfield Development Act, 1941 (No. 8 of 1941), is hereby repealed as on and from the transfer date.
PART II.
Dissolution of Comhlucht Gual-Láthkach Shliabh Árdachadh, Teoranta and transfer of its undertaking to the continuing company.
Transfer date.
4.—The Minister may by order appoint a day to be the transfer date for the purposes of this Part of this Act.
Dissolution of the dissolved company.
5.—On the transfer date the dissolved company shall, by virtue of this section, be dissolved.
Provisions in relation to shares in dissolved company.
6.—(1) All shares in the dissolved company which immediately before the transfer date are held by any person other than the Minister for Finance shall, by virtue of this subsection, be transferred, on the transfer date, to the Minister for Finance.
(2) All shares in the dissolved company shall, by virtue of this subsection, be and become, on the transfer date, shares in the continuing company, and the capital of the continuing company shall, notwithstanding anything contained in subsection (2) of section 5 of the Principal Act, be increased accordingly.
Transfer of property of dissolved company to the continuing company.
7.—(1) Subject to the provisions of this section, all property, whether real or personal (including choses-in-action) which immediately before the transfer date was vested in, or belonged to, or was held in trust for, the dissolved company and all rights, powers and privileges relating to or connected with any such property shall, on the transfer date and without any conveyance or assignment but subject where necessary to transfer in the books of any bank, corporation, or company, become and be vested in or the property of or held in trust for (as the case may require) the continuing company for all the estate, term or interest for which the same immediately before the transfer date was vested in or belonged to or was held in trust for the dissolved company.
(2) All property transferred by this section which, immediately before the transfer date, was standing in the books of any bank or is registered in the books of any bank, corporation, or company shall, upon the request of the continuing company made on or at any time after the transfer date, be transferred in such books by such bank, corporation, or company into the name of the continuing company.
(3) On and after the transfer date, every chose-in-action transferred by this section to the continuing company may be sued upon, recovered, or enforced by the continuing company in its own name and it shall not be necessary for the continuing company to give notice to the person bound by such chose-in-action of the transfer effected by this section.
Transfer of liabilities of dissolved company.
8.—(1) Every debt and other liability (including unliquidated liabilities arising from torts or breaches of contract) which immediately before the transfer date is owing and unpaid or has been incurred and is undischarged by the dissolved company shall, on the transfer date, become and be the debt or liability of the continuing company and shall be paid or discharged by and may be recovered from or enforced against the continuing company accordingly.
(2) Notwithstanding the repeal of the Slievardagh Coalfield Development Act, 1941 (No. 8 of 1941), sections 10 and 11 of that Act shall on and after the transfer date continue to apply, in respect of any sums advanced to the dissolved company under section 9 of the said Act and unpaid immediately before the transfer date, with the modification that the references in the said sections 10 and 11 to the dissolved company shall be construed as references to the continuing company.
Preservation of continuing contracts of dissolved company.
9.—Every bond, guarantee, or other security of a continuing nature made or given by the dissolved company to any person, or by any person to such dissolved company, and in force immediately before the transfer date, and every contract or agreement in writing made between the dissolved company and another person and not fully executed and completed before the transfer date shall, notwithstanding the dissolution of the dissolved company, continue in force on and after the transfer date, but shall be construed and have effect as if the name of the continuing company were substituted therein for the name of the dissolved company, and such security, contract, or agreement shall be enforceable by or against the continuing company accordingly.
Continuance of pending legal proceedings.
10.—In every action, suit, or proceeding which is pending on the transfer date in any court or tribunal and to which the dissolved company is a party, the continuing company shall on the transfer date become and be a party in the place of the dissolved company and such proceeding shall be continued between the continuing company and the other parties thereto accordingly and no such proceeding shall abate or be discontinued or prejudicially affected by reason of the dissolution of the dissolved company.
Preservation of contracts of service.
11.—Every contract of service express or implied which is in force immediately before the transfer date between the dissolved company and any officer or employee of the dissolved company shall continue in force on and after the transfer date, but shall be construed and have effect as if the continuing company were substituted therein for the dissolved company, and every such contract shall be enforceable by or against the continuing company accordingly.
Exemption from stamp duties.
12.—(1) Section 12 of the Finance Act, 1895, shall not operate so as to require the continuing company to deliver to the Revenue Commissioners a copy of this Act or to pay any stamp duty under that section on any copy of this Act.
(2) Stamp duty shall not be chargeable on any transfer, conveyance or other instrument executed for the purpose of supplementing or giving effect to the vesting of the assets of the dissolved company in the continuing company.
Balance sheet, etc., of continuing company for year ending on 31st March, 1945.
13.—In drawing up its balance sheet and profit and loss account for the accounting year ending on the 31st day of March, 1945, the continuing company shall treat the trading of the dissolved company during the period commencing on the 1st day of April, 1944, and ending on the day immediately before the transfer date as if it were the trading of the continuing company.
PART III.
Amendments of the Minerals Exploration and Development Company Act, 1941.
Change of name of the continuing company.
14.—(1) Subsection (1) of section 5 of the Principal Act is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that the name of the continuing company shall be “Mianraí, Teoranta”.
(2) The continuing company shall take all steps necessary to procure that the name given to it by this section shall be registered in accordance with the Companies Acts, 1908 to 1924.
Amendment in Principal Act of definition of “minerals” and power to make consequential alteration of memorandum of association of the continuing company.
15.—(1) The Principal Act shall be construed and have effect as if, in the definition (contained in section 2) of the word “minerals”, the words “save that the said word does not include coal” were deleted.
(2) At any time after the passing of this Act, the continuing company may, with the approval of the Minister given after consultation with the Minister for Finance and the Minister for Agriculture, so alter its memorandum of association as to extend its objects in conformity with the amendment effected by subsection (1) of this section.
(3) Section 9 of the Companies (Consolidation) Act, 1908, shall not apply in respect of any alteration authorised by this section to be made by the continuing company in its memorandum of association, and in lieu thereof it is hereby enacted that such alteration may be made by extraordinary resolution, as defined by section 69 of the said Act, and that, in addition to complying with section 70 of the said Act, the continuing company shall, within the time mentioned in the said section 70, deliver to the registrar of companies a printed copy of the memorandum as so altered and the said registrar shall register it and certify the registration under his hand, and such certificate shall be conclusive evidence that all the requirements of the said Act, as amended by this subsection with respect to such alteration, have been complied with and thenceforth the memorandum as so altered shall be the memorandum of the continuing company.
Amendment of section 10 of the Principal Act.
16.—So much of subsection (1) of section 10 of the Principal Act, as amended by any order made under the Emergency Powers Acts, 1939 to 1942, as provides that sums advanced to the Company shall not exceed in the aggregate two hundred thousand pounds is hereby repealed, and in lieu thereof it is hereby enacted that those sums shall not exceed in the aggregate a sum equal to the difference between—
(a) four hundred thousands pounds, and
(b) the amount of any advances made to the dissolved company under section 9 of the Slievardagh Coalfield Development Act, 1941 (No. 8 of 1941).
Amendment of section 13 of the Principal Act.
17.—(1) Section 13 of the Principal Act is hereby amended by the substitution of the following subsection for subsection (1), that is to say:—
“(1) It shall be lawful for the Minister at any time or times to require the Company—
(a) to apply to the Minister for the grant under the Act of 1940 of a prospecting licence in respect of any particular land and, upon receiving such prospecting licence, to prospect and examine such land for the purpose of ascertaining the nature and quantity of the minerals in such land and the advisability of working such minerals, or
(b) to prospect and examine any particular land in the possession of the Company for the purpose of ascertaining the nature and quantity of the minerals in such land and the advisability of working such minerals”.
(2) Subsection (4) of section 13 of the Principal Act is hereby amended by the substitution of the words “five thousand pounds” for the words “three thousand pounds”.
Extension of time for furnishing balance sheet, etc., of the continuing company.
18.—The Minister may, as respects any particular accounting year of the continuing company, extend the period of ninety days, mentioned in subsection (1) of section 17 of the Principal Act, to such period (not exceeding one hundred and twenty days) as he thinks fit.