Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 7 de 1950.
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1950.
[An tiontó oifigiúil.]
An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940, a leasú.
1.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940)—
(i) tríd an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1949”, a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1948 (Uimh. 14 de 1948), a scrios as a míniú ar an abairt “an tréimhse ordaithe” agus an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1951”, a chur in a ionad, agus
(ii) trí mhír (e), a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1943 (Uimh. 6 de 1943), a scrios as an míniú ar an abairt “áit chónaithe” agus an mhír seo a leanas a chur ina hionad—
“(e) aon teach a ndearnadh roimh dháta an Achta seo a rith nó a ndéanfar dá éis deontas a thabhairt ina leith faoi Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1949, nó faoi Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948), nó faoin Acht sin arna leasú le haon achtachán pé acu achtachán a ritheadh roimh dháta an Achta seo a rith nó achtachán a rithfear ina dhiadh sin é;”
(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar theacht i ngníomh don Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940).
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1950, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1950, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1948, agus den Acht seo le chéile.
Number 7 of 1950.
LOCAL GOVERNMENT (REMISSION OF RATES) ACT, 1950.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Amendment of Local Government (Remission of Rates) Act, 1940. | |
Acts Referred to | |
No. 8 of 1940 | |
No. 14 of 1948 | |
No. 6 of 1943 | |
No. 1 of 1948 | |
No. 8 of 1940 |
Number 7 of 1950.
LOCAL GOVERNMENT (REMISSION OF RATES) ACT, 1950.
Amendment of Local Government (Remission of Rates) Act, 1940.
1.—(1) Subsection (1) of section 1 of the Local Government (Remission of Rates) Act, 1940 (No. 8 of 1940), is hereby amended—
(i) by the deletion, in the definition of the expression “the prescribed period” of the date “the 31st day of March, 1949”, inserted therein by the Local Government (Remission of Rates) Act, 1948 (No. 14 of 1948), and the substitution therefor of the date “the 31st day of March, 1951”, and
(ii) by the deletion, in the definition of the word “residence” of paragraph (e), inserted therein by the Local Government (Remission of Rates) Act, 1943 (No. 6 of 1943), and the substitution therefor of the following paragraph—
“(e) any house in respect of which a grant was made before the passing of this Act or is made after the passing of this Act under the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Acts, 1932 to 1949, or under the Housing (Amendment) Act, 1948 (No. 1 of 1948), or under that Act as amended by any enactment whether passed before or after the passing of this Act;”
(2) Subsection (1) of this section shall be deemed to have come into operation upon the coming into operation of the Local Government (Remission of Rates) Act, 1940 (No. 8 of 1940).
Short title and collective citation.
2.—(1) This Act may be cited as the Local Government (Remission of Rates) Act, 1950.
(2) The Local Government (Remission of Rates) Acts, 1940 to 1948, and this Act may be cited together as the Local Government (Remission of Rates) Acts, 1940 to 1950.