Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 7 de 1987
AN tACHT TALMHAÍOCHTA (AN CHOMHAIRLE OILIÚNA TALMHAÍOCHTA), 1987
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | Leasú ar alt 7 den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979. |
2. |
Na hAchtanna dá dTagraítear
An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 1979, No. 9
Uimhir 7 de 1987
AN tACHT TALMHAÍOCHTA (AN CHOMHAIRLE OILIÚNA TALMHAÍOCHTA), 1987
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar alt 7 den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979.
1.—Leasaítear leis seo alt 7 den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(3) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, féadfaidh an Chomhairle táillí a mhuirearú, a athrú, a ghlacadh agus a ghnóthú as seirbhísí comhairleacha sa talmhaíocht (mar a mhínítear le hAcht 1977) a sholáthraíonn sí.
(b) Aon táillí a bheartaíonn an Chomhairle a mhuirearú nó a athrú faoi mhír (a) den fho-alt seo agus aon téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le muirearú nó le hathrú aon táillí den sórt sin atá beartaithe beidh siad faoi réir cheadú an Aire roimh ré, agus féadfaidh seisean méid aon táillí nó aon athraithe den sórt sin atá beartaithe, nó aon téarmaí nó aon choinníollacha den sórt sin atá beartaithe, a athrú agus is ceadú ginearálta nó ceadú a bhainfidh le táille, téarma nó coinníoll sonraithe nó le haicme nó le haicmí sonraithe táillí, téarmaí nó coinníollacha, aon cheadú den sórt sin.
(c) Féadfaidh an tAire tráth ar bith ordú i scríbhinn a thabhairt don Chomhairle scor, amhail ó cibé dáta a bheidh sonraithe san ordú, d'aon táille nó táillí a bheidh ceadaithe aige faoi mhír (b) den fho-alt seo a mhuirearú agus féadfaidh sé ordú i scríbhinn a thabhairt don Chomhairle ó am go ham aon táille nó táillí a bheidh ceadaithe amhlaidh a athrú amhail ó cibé dáta a bheidh sonraithe amhlaidh.
(d) Comhlíonfaidh an Chomhairle go cuí ordú faoi mhír (c) den fho-alt seo.”.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1987, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 agus 1987, a ghairm den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979, agus den Acht seo le chéile.
Number 7 of 1987
AGRICULTURE (AN CHOMHAIRLE OILIÚNA TALMHAÍOCHTA) ACT, 1987
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Amendment of section 7 of Agriculture (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta) Act, 1979. | |
Act Referred to | |
1979, No. 9 |
Number 7 of 1987
AGRICULTURE (AN CHOMHAIRLE OILIÚNA TALMHAÍOCHTA) ACT, 1987
Amendment of Section 7 of Agriculture (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta) Act, 1979.
1.—Section 7 of the Agriculture (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta) Act, 1979, is hereby amended by the insertion of the following subsection after subsection (2):
“(3) (a) Subject to paragraphs (b) and (c) of this subsection, An Chomhairle may charge, vary, receive and recover fees for advisory services in agriculture (as defined by the Act of 1977) provided by it.
(b) Any fees which An Chomhairle proposes to charge or to vary under paragraph (a) of this subsection and any terms and conditions relating to the charging or variation of any such proposed fees shall be subject to the prior approval of the Minister, who may vary the amount of any such proposed fees or variation or any such proposed terms and conditions, and any such approval may be either general or relate to a specified fee, term or condition or to a specified class or classes of fees, terms or conditions.
(c) The Minister may at any time direct An Chomhairle in writing to cease, as from such date as may be specified in the direction, charging any fee or fees approved by him under paragraph (b) of this subsection, and may from time to time direct An Chomhairle in writing to vary, as from such date as may be so specified any fee or fees so approved.
(d) An Chomhairle shall duly comply with a direction under paragraph (c) of this subsection.”.
Short title and collective citation.
2.—(1) This Act may be cited as the Agriculture (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta) Act, 1987.
(2) The Agriculture (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta) Act, 1979, and this Act may be cited together as the Agriculture (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta) Acts, 1979 and 1987.