Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 8 de 1930.
[EN]
ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1930.
ACHT CHUN BREITH-THORTHA DEIRIDH NÁ BEIDH AON DUL THARSA AGUS A BHEIDH CEANGAILTE AR GACH DUINE AGUS BINSE RIAMH DO DHÉANAMH DE SNA BREITH-THORTHA A DHEIN NO A DHÉANFAIDH AN BORD MEASTÓIRÍ A BUNUÍODH FÉ ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924, CHUN ALT 4 DEN ACHT SAN AGUS AN DARA SCEIDEAL A GHABHANN LEIS AN ACHT SAN DO MHÍNIÚ AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR NA FORÁLACHA DEN ACHT SAN LE N-A gCOISCTHEAR PINSIN DÚBALTA. [15adh Abrán, 1930.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]
Mínithe.
1.—San Acht so—
[EN]cialluíonn an abairt “An Príomh-Acht,” Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 (Uimh. 48 de 1924); agus
[EN]cialluíonn an abairt “pinsean seirbhíse mileata” pinsean ar n-a dheona fé sna comhachta atá sa Phríomh-Acht.
[EN]Ní bheidh dul thar breith-thortha an bhúird mheastóirí.
2.—An méid d'fho-alt (6) d'alt 3 den Phríomh-Acht a achtuíonn ná beidh in aon chás dul thar breith-thortha an bhúird mheastóirí fé mar a bheid leagtha amach i dtuairisc an bhúird agus go mbeid ceangailte ar an iarratasóir, athghairmtear leis seo é, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná beidh dul thar na breith-thortha san mar a bheid leagtha amach amhlaidh agus go mbeid ceangailte ar gach duine agus bínse riamh agus, más breith-thortha iad a bheidh leagtha amach i dtuairisc ar n-a dhéanamh roimh an Acht so do rith, go dtuigfear ná raibh riamh dul thar na breith-thortha san agus go rabhdar riamh ceangailte ar gach duine agus bínse, ach beidh san fé réir na comhachta agus gan dochar don chomhacht atá ag an mbord meastóirí aon bhreith-thortha den tsórt san d'ath-oscailt fén bprovíso ghabhann leis an bhfo-alt san (6).
[EN]Brí an fhocail “céim” chun crícheanna pinsin.
3.—(1) I bhfo-alt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht ciallóidh an focal “céim,” agus tuigfear gur chialluigh sé riamh, céim shubstainteach agus san amháin agus tuigfear nár fholuigh sé riamh céim ghníomhathach, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.
[EN](2) Gach tagairt atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht don chéim nó don fheadhmannas ina raibh duine ag fónamh am áirithe, léireofar é mar ní a thagrann don chéim shubstainteach a bhí ag an duine sin an t-am san agus beidh éifeacht ag an Dara Sceideal san agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.
[EN]An toirmeasc ar phinsin dúbalta do leathnú.
4.—(1) Na tagairtí atá i bhfo-alt (2) d'alt 8 den Phríomh-Acht d'aois-liúntas fé sna hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1923, léireofar iad mar thagairtí fholuíonn pinsean no liúntas ar n-a dheona fé alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 (Uimh. 34 de 1923), agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san (2) dá réir sin.
[EN](2) Folóidh an abairt “tréimhse aimsire” sa bhfo-alt san (2) d'alt 8 den Phríomh-Acht, maidir le duine dar deonadh no dá ndeonfar ina dhiaidh seo pinsean no liúntas fé alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923, aon tréimhse, pe'ca tréimhse dáiríribh no tréimhse do réir tuairime í, go bhfuil no go mbeidh an duine sin i dteideal do réir dlí í d'áireamh nuair bheidh sé ag déanamh amach méid an phinsin no an liúntais sin.
[EN](3) I gcás fo-alt san (2) d'alt 8 den Phríomh-Acht do dhul, de bhua an ailt seo, i mbaint le duine dar deonadh pinsean no liúntas fé alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923, roimh an Acht so do rith, féadfaidh an tAire Airgid an pinsean no an liúntas san d'ath-mheas, o am an Achta so do rith, ar pé slí a bheidh riachtanach chun éifeacht do thabhairt don fho-alt san (2) ach ní i slí go méadófaí an pinsean no an liúntas san go dtí méid is mó ná an méid maximum a horduítear le dlí maidir le pinsin agus liúntaisí a deontar fén alt san 5.
[EN](4) Ní oibreoidh an t-alt so ná ní ar bith a déanfar fé no dá dhruim chun aon tsuim airgid do híocadh roimh an Acht so do rith do dhéanamh nea-dhleathach ná chun a aisíoc do dhéanamh riachtanach ná chun duine ar bith do chur as a theideal chun aon tsuim no cuid de shuim atá dlite no ag teacht dlite le linn an Achta so do rith alos pinsin sheirbhíse mileata no pinsin do deonadh fé alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923.
[EN](5) Gach tagairt atá san alt so d'alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923, léireofar é mar thagairt fholuíonn an t-alt san 5 mar do leasuíodh é le haon Acht den Oireachtas do ritheadh roimh an Acht so do rith no a rithfear ina dhiaidh sin.
[EN]Gearr-théideal agus luadh.
5.—Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1930, do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 go 1930, do ghairm d'Achtanna na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 agus 1925, agus den Acht so le chéile.
Number 8 of 1930.
[GA]
MILITARY SERVICE PENSIONS ACT, 1930.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
No. 34 of 1923 | |
No. 48 of 1924 |
Number 8 of 1930.
MILITARY SERVICE PENSIONS ACT, 1930.
AN ACT TO MAKE THE FINDINGS MADE OR TO BE MADE BY THE BOARD OF ASSESSORS CONSTITUTED UNDER THE MILITARY SERVICE PENSIONS ACT, 1924, FINAL AND CONCLUSIVE AND BINDING ON ALL PERSONS AND TRIBUNALS WHATSOEVER TO EXPLAIN SECTION 4 OF THE SAID ACT AND THE SECOND SCHEDULE TO THE SAID ACT AND TO AMEND THE PROVISIONS OF THE SAID ACT PROHIBITING DOUBLE PENSIONS. [15th April, 1930.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]
Definitions.
1.—In this Act—
[GA]the expression “the Principal Act” means the Military Service Pensions Act, 1924 (No. 48 of 1924); and
[GA]the expression “military service pension” means a pension granted under the powers contained in the Principal Act.
[GA]Finality of findings of board of assessors.
2.—So much of sub-section (6) of section 3 of the Principal Act as enacts that the findings of the board of assessors set out in their report shall in all cases be final and conclusive and binding upon the applicant is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that such findings as so set out shall be and, in the case of findings set out in a report made before the passing of this Act, be deemed always to have been final and conclusive and binding on all persons and tribunals whatsoever, but subject and without prejudice to the power of the board of assessors to reopen any such findings under the proviso to the said sub-section (6).
[GA]Rank for purposes of pension.
3.—(1) In sub-section (3) of section 4 of the Principal Act the word “rank” shall mean and be deemed always to have meant substantive rank only and not to have included acting rank and the said sub-section shall be construed and shall have and be deemed always to have had effect accordingly.
[GA](2) Every reference in the Second Schedule to the Principal Act to the rank or capacity in which a person was serving at a particular time shall be construed as referring to the substantive rank held by such person at such time and the said Second Schedule shall have effect and be deemed always to have had effect accordingly.
[GA]Extension of prohibition against double pensions.
4.—(1) The references contained in sub-section (2) of section 8 of the Principal Act to a superannuation allowance under the Superannuation Acts, 1834 to 1923, shall be construed as including a pension or allowance granted under section 5 of the Superannuation and Pensions Act, 1923 (No. 34 of 1923), and the said sub-section (2) shall have effect accordingly.
[GA](2) The expression “period of time” in the said sub-section (2) of section 8 of the Principal Act shall, in relation to a person to whom a pension or allowance has been or shall hereafter be granted under section 5 of the Superannuation and Pensions Act, 1923, include any period whether actual or notional which such person is or shall be entitled by law to reckon in calculating the amount of such pension or allowance.
[GA](3) Where the said sub-section (2) of section 8 of the Principal Act becomes by virtue of this section applicable to a person to whom a pension or allowance has before the passing of this Act been granted under section 5 of the Superannuation and Pensions Act, 1923, the Minister for Finance may re-assess such pension or allowance as from the passing of this Act in such manner as may be necessary to give effect to the said sub-section (2) but not so as to increase such pension or allowance to an amount exceeding the maximum amount prescribed by law in respect of pensions and allowances granted under the said section 5.
[GA](4) Neither this section nor anything done thereunder or in consequence thereof shall operate to invalidate or require a refund of any sum paid before the passing of this Act or to disentitle any person to any sum or part of a sum accrued or accruing at the passing of this Act in respect of a military service pension or a pension granted under section 5 of the Superannuation and Pensions Act, 1923.
[GA](5) Every reference in this section to section 5 of the Superannuation and Pensions Act, 1923, shall be construed as including the said section 5 as amended by any Act of the Oireachtas passed before or after the passing of this Act.
[GA]Short title and citation.
5.—This Act may be cited as the Military Service Pensions Act, 1930, and the Military Service Pensions Acts, 1924 and 1925, and this Act may be cited together as the Military Service Pensions Acts, 1924 to 1930.