Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 9 de 1924.


[EN]

ACHT NA nARM TEINE (FORÁLACHA SEALADACHA), 1924.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA CHUN TEORANTA DO CHUR LE hIOMPORTÁIL, LE DÉANAMH AGUS LE SEILBH ARM TEINE AGUS ARM EILE AGUS AMUINISIN AGUS LE DEIGHLEÁIL IONTA AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LE hAIRM TEINE AGUS LE hAMUINSEAN. [5adh Abrán, 1924.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Minithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “arm teine” aon arm teine marathach no aon tsaghas eile airm as a bhféadfí aon urchar, pileur, no teilgeán eile do chaitheamh, no aon chuid de, agus cialluíonn an focal “amuinisean” amuinisean d'aon arm teine den tsórt san, agus foluíonn sé gránádaí, búmbaí, agus teilgeáin eile den tsórt san, pe'ca is féidir iad úsáid le harm teine no nách féidir, agus éinní a cuirtar isteach ina leithéidí no a théigheann chun iad do dhéanamh suas;

[EN]

cialluíonn “ceadúnas airm teine” ceadúnas a tugadh amach do dhuine ainmnithe do réir rialachán a dineadh no a buanuíodh fén Acht so agus le n-ar hudaruíodh don duine sin arm teine áirithe agus roinnt áirithe amuinisin ina chóir do bheith ar seilbh aige, d'úsáid agus d'iompar;

[EN]

cialluíonn an focal “deighleálaí arm teine” duine a dhineann, a dheisíonn, a fhromhann, a thástálann, no a dhíolann airm teine no amuinisean, no a dheighleálann sa chéanna, mar thrádáil no mar ghnó;

[EN]

cialluíonn an focal “deighleálaí cláruithe arm teine” deighleálaí arm teine a cláruíodh mar dhuine den tsórt san do réir rialachán a dineadh no a buanuíodh fén Acht so.

[EN]

Féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche rialacháin do dhéanamh.

2.—Féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche le rialacháin a deanfar fén Acht so—

[EN]

(a) socrú a dhéanamh chun ceadúnaisí arm teine do thabhairt amach agus a leaga amach cé hiad na daoine no cadiad na haicmí daoine go bhféadfar ceadúnaisí arm teine do thabhairt amach dóibh;

[EN]

(b) a údarú do dhaoine áirithe no d'aicmí áirithe daoine aon arm teine no amuinisean no aon tsaghas áirithe airm teine no amuinisin do bheith ar seilbh acu, d'úsáid, no d'iompar, mar ní generálta no chun crícheanna áirithe no fé choiníollacha áirithe, agus san gan ceadúnas airm teine do bheith acu;

[EN]

(c) a leaga amach cé hiad na daoine a thabharfidh ceadúnaisí arm teine amach agus cadiad na téarmaí agus na cásanna ar a ndéanfar agus ina ndéanfar iad do thabhairt amach agus fuirm agus buaine na gceadúnaisí sin do cheapa;

[EN]

(d) a ordú go ndéanfar gach arm teine go dtabharfar amach ceadúnas airm teine ina chóir do mharcáil le huimhir no le marc eile céannachta, agus a ordú go n-iontrálfar an uimhir no an marc san ar an gceadúnas airm teine agus ar chlár na gceadúnaisí arm teine;

[EN]

(e) socrú a dhéanamh chun clár de cheadúnaisí arm teine do bhunú agus do chimeád ar siúl;

[EN]

(f) socrú a dhéanamh chun clár do dheighleálaithe arm teine do bhunú agus do chimeád ar siúl agus a leaga amach cadiad na téarmaí agus na cásanna ar a bhféadfar agus ina bhféadfar duine do chlárú ar an gclár san agus ar a bhféadfar agus ina bhféadfar an clárú san do scrios amach no diúltú don chlárú san do dhéanamh;

[EN]

(g) teoranta do chur le díolachán arm teine agus amuinisin agus cosc do chur le hairm teine do chur i ngeall;

[EN]

(h) teoranta do chur le hairm teine agus amuinisean d'easportáil, d'iomportáil no d'aistriú o áit go háit eile;

[EN]

(i) comhacht do thabhairt do bhaill d'aon fhórsa póilíneachta i Saorstát Éireann chun a éileamh go dtaisbeánfí ceadúnaisí airm teine dhóibh agus chun a leithéidí d'iniúcha, agus gan barántas acu chuige, chun gabháil do dhéanamh ar dhaoine go bhfuiltar in amhrus gur dhineadar ciontaí i gcoinnibh na rialachán agus chun áiteanna do chuardach go bhfuiltar in amhrus go bhfuil na ciontaí sin á ndéanamh ionta;

[EN]

(j) comhachta do bhronna ar oifigigh Custum agus Máil agus ar oifigigh Post-Oifige, maidir le hairm teine agus amuinisean, díreach mar iad súd atá ag na hoifigigh sin fé seach do réir dlí maidir le hearraí eile go bhfuil cosc no teora curtha le hiad d'easportáil no d'iomportáil;

[EN]

(k) an pionós a féadfar a chur ar dhuine a ciontuíodh i mbrise aon rialacháin a dineadh no a buanuíodh fén Acht so do leaga amach, ach san i dtreo nách mó aon phionós den tsórt san ná an pionós a húdaruítear leis an Acht so a chur ar dhuine a ciontófar i mbrise aon rialacháin den tsórt san;

[EN]

(l) foráil do dhéanamh go gcaillfar aon arm teine no amuinisean gur briseadh ina thaobh rialachán a dineadh no a buanuíodh fén Acht so.

[EN]

(2) Leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach gach rialachán a déanfar fén alt so, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga an rialacháin fé n-a bhráid, rún do rith chun an rialachán do chur ar nea-mbrí, beidh an rialachán ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Cosc le seilbh airm teine gan ceadúnas.

3.—(1) Faid a fhanfidh an tAcht so i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach d'éinne arm teine ná aon amuinisean do bheith ar seilbh aige, d'úsáid ná d'iompar ach sa mhéid go n-údarófar an tseilbh, an úsáid no an t-iompar san le rialacháin a déanfar fén Acht so no sa mhéid go n-údarófar san le ceadúnas airm teine no le ceadúnas eile a tabharfar amach fé sna rialacháin sin.

[EN]

(2) Gach duine go mbeidh ar seilbh aige, no a úsáidfidh no a iompróidh arm teine no aon amuinisean contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus féadfar é phionósú dá réir sin.

[EN]

Cosc ar gach éinne, ach ar dheighleáluithe cláruithe arm teine, airm teine ná amuinisean do dhéanamh, etc.

4.—(1) Faid a fhanfidh an tAcht so i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach d'éinne, nách deighleálaí cláruithe arm teine, aon arm teine ná amuinisean do dhéanamh, do dheisiú, do thástáil, do fhromha, ná do dhíol, ná do bheith ar seilbh aige, ná do thaisbeáint chun é dhíol.

[EN]

(2) Gach éinne a dhéanfidh, a dheiseoidh, a thástálfidh, a fhromhfidh, no a dhíolfidh, no go mbeidh ar seilbh aige, no a thaisbeánfidh chun é dhíol, aon arm teine no amuinisean contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus féadfar é phionósú dá réir sin.

[EN]

Cosc le hiomportáil, etc., arm chun fliúcháin díobhálacha, etc., do chaitheamh.

5.—(1) Le linn rithte an Achta so agus dá éis sin, ní bheidh sé dleathach, gan údarás ón Aire Cosanta, go n-iomportálfadh, go ndéanfadh, go ndíolfadh, go gceannódh, ná go n-iompródh éinne ná go mbeadh ar seilbh aige aon tsaghas airm in aon chor a ceapadh chun aon fhliuchán, gas no rud eile díobhálach do chaitheamh, ná aon amuinisean ina bhfuil aon rud díobhálach den tsórt san no a ceapadh no atá oiriúnach i gcóir a leithéide.

[EN]

(2) Má théigheann éinne i gcoinnibh forálacha an ailt seo beidh sé ciontach i mí-iompar, agus ar a chiontú tar éis a dhíotála féadfar é chur fé phian-tseirbhís ar feadh téarma nách sia ná cúig bliana, no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain.

[EN]

(3) Beidh ag oifigigh Custum agus Máil agus ag oifigigh Post-Oifige, i dtaobh na n-arm agus an amuinisin a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, comhachta díreach mar iad súd atá ag na hoifigigh sin fé seach do réir dlí i dtaobh earraí eile go bhfuil cosc no teora curtha le hiad d'iomportáil.

[EN]

Pionóisí.

6.—Einne a dhéanfidh cionta fén Acht so no a dhéanfidh brise ar aon rialachán a déanfar fén Acht so agus ná beidh aon phionós leagtha amach ina thaobh sa rialachán san, féadfar i dtaobh gach cionta no brise den tsórt san—

[EN]

(a) ar a chiontú ann ar an slí achmair é dhaora chun príosúntacht d'fhulang i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná sé mhí agus ina theanta san féadfar é dhaora chun fíneáil nách mó ná fiche punt d'íoc agus, mara n-íoctar an fhíneáil sin laistigh de mhí tar éis an chiontuithe sin, chun príosúntacht gan daor-obair d'fhulang ar feadh téarma eile nách sia ná dhá mhí agus a cuirfar leis an téarma a céadluaidhtear agus a thosnóidh ar bheith caithte don téarma san; no

[EN]

(b) ar a fháil ciontach ann tar éis a dhíotála é dhaora chun príosúntacht d'fhulang i dteanta no d'éamais daoroibre ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain agus féadfar ina theanta san é dhaora chun fíneáil nách mó ná céad punt d'íoc agus, mara n-íoctar an fhíneáil sin laistigh de mhí tar éis an daora san, chun príosúntacht gan daor-obair d'fhulang ar feadh téarma eile nách sia ná sé mhí agus a cuirfar leis an téarma a céad-luaidhtear agus a thosnóidh ar bheith caithte don téarma san.

[EN]

Eisceachtaí do shaighdiúirí agus do phóilíní agus i dtaobh arm ársa agus i dtaobh achtachán a bhaineann le pléascáin.

7.—(1) Ní bhainfidh éinní san Acht so, ná in aon rialachán a déanfar fén Acht so, le haon arm teine ná amuinisean is le ball d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no d'fhórsa póilíneachta i Saorstát Éireann, no a tugadh amach do no atá ar seilbh aige, mar chuid dá chuid arm no dá threallamh mar bhall den tsórt san, ná ní bhainfe sé le haon arm teine ná amuinisean do bheith ar seilbh, in úsáid ná ar iompar ag aon bhall den tsórt san agus é ag déanamh a dhualgais mar bhall den tsórt san.

[EN]

(2) Ní bhainfidh éinní san Acht so i dtaobh arm teine le harm teine ársa a díolfar, a ceannófar, a hiomprófar no a bheidh ar seilbh ag duine mar rud cuirialta no mar órnáid.

[EN]

(3) Na forálacha den Acht so a bhaineann le hamuinisean is mar mhéadú agus ní mar luíodú a bheid ar aon achtachán a bhaineann le cimeád agus díol pleascán.

[EN]

Gearr-theideal agus buaine.

8.—(1) Féadfar Acht na nArm Teine (Forálacha Sealadacha), 1924, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann bliana tar éis é bheith rithte agus ragha sé in éag ansan.

[GA]

harp.jpg


Number 9 of 1924.


[GA]

FIREARMS (TEMPORARY PROVISIONS) ACT, 1924.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Minister for Home Affairs may make regulations.

3.

Prohibition of possession of firearm without licence.

4.

Prohibition of manufacture, etc., of firearms or ammunition save by registered firearm dealers.

5.

Prohibition of import, etc., of weapons for discharge of noxious liquids, etc.

6.

Punishments.

7.

Savings for military and police and for antique weapons, and for enactments relating to explosives.

8.

Short title and duration.

harp.jpg


Number 9 of 1924.


FIREARMS (TEMPORARY PROVISIONS) ACT, 1924.


AN ACT TO MAKE PROVISION DURING A LIMITED PERIOD FOR THE PLACING OF RESTRICTIONS ON THE IMPORT, MANUFACTURE, AND POSSESSION OF, AND DEALING IN, FIREARMS AND OTHER WEAPONS AND AMMUNITION, AND FOR OTHER PURPOSES IN RELATION TO FIREARMS AND AMMUNITION. [5th April, 1924.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the expression “firearm” means any lethal firearm or other weapon of any description, from which any shot, bullet, or other missile can be discharged, or any part thereof, and the expression “ammunition” means ammunition for any such firearm, and includes grenades, bombs, and other similar missiles, whether such missiles are capable of use with a firearm or not, and ingredients and components thereof;

[GA]

the expression “firearm licence” means a licence issued to a named person pursuant to regulations made or continued under this Act authorising that person to have possession of, use, and carry a specified firearm and a specified quantity of ammunition therefor;

[GA]

the expression “firearms dealer” means a person who manufactures, repairs, proves, tests, sells, or otherwise deals in firearms or ammunition by way of trade or business;

[GA]

the expression “registered firearms dealer” means a firearms dealer who is registered as such pursuant to regulations made or continued under this Act.

[GA]

Minister for Home Affairs may make regulations.

2.—(1) The Minister for Home Affairs may by regulations made under this Act—

[GA]

(a) provide for the issue of firearm licences and prescribe the persons or classes of persons to whom firearm licences may be issued;

[GA]

(b) authorise specified persons or classes of persons to have in their possession, use, or carry, either generally or for particular purposes or subject to particular conditions, any firearm or ammunition or any particular class of firearm or ammunition without having a firearm licence;

[GA]

(c) prescribe the persons by whom and the terms and circumstances on and in which firearm licences may be issued, and the form and duration of such licences;

[GA]

(d) require every firearm in respect of which a firearm licence is issued to be marked with a number or other identification mark, and require such number or mark to be entered in the firearm licence and in the register of firearm licences;

[GA]

(e) provide for the establishment and maintenance of a register of firearm licences;

[GA]

(f) provide for the establishment and maintenance of a register of firearms dealers and prescribe the terms and circumstances on and in which a person may be registered in such register and on and in which such registration may be cancelled or refused;

[GA]

(g) place restrictions on the sale of firearms and ammunition, and prohibit the pawning of firearms;

[GA]

(h) place restrictions on the export, import, or removal from one place to another, of firearms and ammunition;

[GA]

(i) empower members of any police force in Saorstát Eireann to demand the production of and to inspect firearm licences, and, without warrant, to arrest persons suspected of committing offences against the regulations and to search places in which it is suspected that such offences are being committed;

[GA]

(j) confer on officers of Customs and Excise and officers of the Post Office the like powers in relation to firearms and ammunition as such officers respectively have by law in relation to other articles the export or import of which is prohibited or restricted;

[GA]

(k) prescribe the punishment which may be imposed on a person convicted of having committed a breach of any regulation made or continued under this Act, but so that no such punishment shall exceed the punishment authorised by this Act to be imposed on a person convicted of having committed a breach of any such regulation;

[GA]

(l) provide for the forfeiture of any firearm or ammunition in respect of which a breach of a regulation made or continued under this Act is committed.

[GA]

(2) Every regulation made under this section shall be forthwith laid before each House of the Oireachtas, and if either House shall, within twenty-one days on which such House has sat next after the regulation is laid before it, pass a resolution annulling the regulation, the regulation shall be annulled accordingly but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.

[GA]

Prohibition of possession of firearm without licence.

3.—(1) So long as this Act remains in force it shall not be lawful for any person to have in his possession, use, or carry a firearm or any ammunition save in so far as such possession, user, or carriage is authorised by regulations made under this Act or is authorised by a firearm or other licence issued under such regulations.

[GA]

(2) Every person who shall have in his possession, use, or carry a firearm or any ammunition in contravention of this section shall be guilty of an offence under this Act and be punishable accordingly.

[GA]

Prohibition of manufacture, etc., of firearms or ammunition save by registered firearms dealers.

4.—(1) So long as this Act remains in force it shall not be lawful for any person who is not a registered firearms dealer to manufacture, repair, test, prove, or sell, or to have in his possession or expose for sale, any firearm or ammunition.

[GA]

(2) Every person who shall manufacture, repair, test, prove, or sell, or have in his possession or expose for sale, any firearm or ammunition in contravention of this section shall be guilty of an offence under this Act and be punishable accordingly.

[GA]

Prohibition of import, etc., of weapons for discharge of noxious liquids, etc.

5.—(1) On and after the passing of this Act it shall not be lawful for any person, without the authority of the Minister for Defence, to import, manufacture, sell, purchase, carry, or have in his possession, any weapon of whatever description, designed for the discharge of any noxious liquid, gas, or other thing, or any ammunition containing or designed or adapted to contain any such noxious thing.

[GA]

(2) If any person contravenes the provisions of this section he shall be guilty of a misdemeanour, and be liable on conviction on indictment to suffer penal servitude for a term not exceeding five years or imprisonment with or without hard labour for a term not exceeding two years.

[GA]

(3) Officers of Customs and Excise and officers of the Post Office shall have the like powers in relation to weapons and ammunition mentioned in sub-section (1) of this section as such officers respectively have by law in relation to other articles the import of which is prohibited or restricted.

[GA]

Punishments.

6.—Any person who commits an offence under this Act or commits a breach of any regulation made under this Act and in respect of which no punishment is prescribed by any such regulation shall be liable in respect of each such offence or breach—

[GA]

(a) on summary conviction thereof to be sentenced to suffer imprisonment with or without hard labour for a term not exceeding six months and may in addition be sentenced to pay a fine not exceeding twenty pounds and, in default of payment of such fine within one month after conviction, to suffer imprisonment without hard labour for a further term not exceeding two months to be added to and commence on the expiration of the first mentioned term of imprisonment; or

[GA]

(b) on being found guilty thereof on indictment to be sentenced to suffer imprisonment with or without hard labour for a term not exceeding two years and may in addition be sentenced to pay a fine not exceeding one hundred pounds, and in default of payment of such fine within one month after sentence, to suffer imprisonment without hard labour for a further term not exceeding six months to be added to and commence on the expiration of the first-mentioned term of imprisonment.

[GA]

Savings for military and police and for antique weapons, and for enactments relating to explosives.

7.—(1) Nothing in this Act or in any regulation made under this Act shall apply to any firearm or ammunition belonging to or issued to, or in the possession of, a member of the Defence Forces of Saorstát Eireann or of a police force in Saorstát Eireann as part of his arms or equipment as such member, or to the possession, user, or carriage of any firearm or ammunition by any such member in the performance of his duty as such.

[GA]

(2) Nothing in this Act relating to firearms shall apply to an antique firearm which is sold, bought, carried, or possessed as a curiosity or ornament.

[GA]

(3) The provisions of this Act relating to ammunition shall be in addition to and not in derogation of any enactment relating to the keeping and sale of explosives.

[GA]

Short title and duration.

8.—(1) This Act may be cited as the Firearms (Temporary Provisions) Act, 1924.

[GA]

(2) This Act shall continue in force for one year after the passing thereof, and shall then expire.