Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 9 de 1954.


[EN]

AN tACHT RÁTHAÍOCHT STÁIT, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH RÁTHAIOCHT ÓN AIRE AIRGEADAIS I LEITH AIRGID A BHEAS FAIGHTE AR IASACHT AG COMHLUCHTA ÁIRITHE. [10ú Márta, 1954.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]ráthaíocht.

ciallaíonn an focal “ráthaíocht”, ach amháin in alt 2, ráthaíocht a tugadh nó a meastar a tugadh faoi fho-alt (1) d'alt 2;

[EN]an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

comhlucht sceidealta.

ciallaíonn an abairt “comhlucht sceidealta” comhlucht a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

Ráthaíocht i leith airgid a gheobhas comhlucht sceidealta ar iasacht.

2.—(1) Féadfaidh an tAire ráthaíocht a thabhairt, i pé foirm agus slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh comhlucht sceidealta go cuí príomhshuim aon airgid a bheas faighte ar iasacht, le toiliú an Aire, ag an gcomhlucht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim d'aisíoc agus fós an t-ús d'íoc.

[EN]

(2) Aon ráthaíocht a thug an tAire roimh thosach feidhme an Achta seo le haghaidh comhluchta sceidealta, measfar chun críocha an Achta seo gur faoi fho-alt (1) den alt seo a tugadh í.

[EN]

Tórainn le hiomlán na ráthaíochtaí le haghaidh comhluchta sceidealta.

3.—Ní dhéanfaidh an tAire, maidir le comhlucht sceidealta, na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht seo d'fheidhmiú i slí go mbeidh an méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífeas sé aon tráth áirithe d'aisíoc le haghaidh an chomhluchta de bhun aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí atá i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) atá íoctha cheana aige de bhun aon ráthaíochtaí le haghaidh an chomhluchta agus nár haisíocadh, níos mó ná an tsuim a sonraítear sa tríú colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo i leith an chomhluchta.

[EN]

Urrús ar aisíoc airgid a híocadh faoi ráthaíocht.

4.—I gcás ráthaíocht a bheith tugtha le haghaidh comhluchta sceidealta, bhéarfaidh an comhlucht don Aire, má éilíonn an tAire é, pé urrús (lena n-áirítear bintiúirí más cuideachta an comhlucht) a sonrófar san éileamh d'fhonn go n-áiritheofar don Aire aisíoc aon airgid a dhlífeas sé d'íoc nó d'íoc sé faoin ráthaíocht.

[EN]

Airgead is gá d'íoc faoi ráthaíocht d'airleacan as an bPríomh-Chiste.

5.—Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis airgead is gá don Aire d'íoc faoi ráthaíocht.

[EN]

Aisíoc airgid a híocadh faoi ráthaíocht.

6.—(1) Déanfaidh an comhlucht sceidealta airgead a íocfas an tAire faoi ráthaíocht le haghaidh an chomhluchta d'aisíoc leis an Aire (maraon le hús air do réir pé rátaí a cheapfas an tAire) laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain.

[EN]

(2) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a hairleacadh faoi alt 5 den Acht seo gan aisíoc leis an Aire do réir fo-ailt (1) den alt seo, déanfar an tsuim a bheas gan aisíoc amhlaidh d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

(3) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (2) den alt seo chun suim d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an comhlucht sceidealta áirithe de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an comhlucht sceidealta an tsuim sin (maraon le hús uirthi do réir pé rátaí a cheapfas an tAire) leis an Aire pé trátha agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire agus, mura ndéantar aisíoc mar adúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthuithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(4) Déanfar airgead a aisíocfas comhlucht sceidealta leis an Aire, nó a ghnóthós an tAire ó chomhlucht sceidealta, faoin alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste.

[EN]

Ráiteas bliantúil maidir le ráthaíochtaí.

7.—Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar, maidir le gach ráthaíocht a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

[EN]

(a) sonraí na ráthaíochta,

[EN]

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a haisíocadh leis an Aire de bhun na híocaíochta,

[EN]

(c) an méid a mbeadh an tAire, dá gcuirtí an ráthaíocht i bhfeidhm díreach ar an mbliain sin a bheith caite, faoi dhliteanas ina leith mar phríomhaí faoin ráthaíocht.

[EN]

Achomaireacht ar chuntais chomhluchta sceidealta.

8.—(1) Déanfaidh comhlucht sceidealta, laistigh den chéad sé mhí tar éis deireadh gach ceann de thréimhsí cuntasaíochta an chomhluchta—

[EN]

(a) achomaireacht ar chuntais an chomhluchta in aghaidh na tréimhse sin d'ullmhú i pé foirm a ordós an tAire ó am go ham, agus

[EN]

(b) an achomaireacht a chur chun an Aire maraon le tuarascáil uirthi ó iniúchóirí an chomhluchta.

[EN]

(2) A luaithe is féidir tar éis dó achomaireacht ar chuntais agus tuarascáil uirthi d'fháil a cuireadh chuige de bhun an ailt seo, leagfaidh an tAire cóipeanna díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

An Sceideal a leasú le hordú.

9.—(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, an Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú—

[EN]

(a) trí shuim a sonraítear sa tríú colún a scrios agus suim is mó nó is lú ná sin a chur ina hionad,

[EN]

(b) trí chomhlucht a sonraítear sa dara colún a bhaint as, nó

[EN]

(c) trí chomhlucht a chur isteach leis na comhluchta a sonraítear sa dara colún agus suim i leith an chomhluchta a cuirfear isteach amhlaidh a chur sa tríú colún.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfadh ordú a beartófar a dhéanamh faoin alt seo suim a sonraítear sa tríú colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a scrios agus suim is mó ná sin a chur ina hionad nó comhlucht a chur isteach leis na comhluchta a sonraítear sa dara colún den Sceideal sin, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní déanfar an t-ordú nó go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh ordú faoin alt seo dochar ná difir d'aon ráthaíocht a bheas i bhfeidhm nuair a déanfar an t-ordú.

[EN]

An tAire d'fháil airgid ar iasacht.

10.—(1) Chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin Acht seo, féadfaidh an tAire aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhas sé ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin alt seo agus na gcaiteachas faoina raghfar maidir le heisiúint na n-urrús sin.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

11.—(1) Féadfar an tAcht Ráthaíocht Stáit, 1954, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

[EN]

an sceideal.

Uimh. Thag.

An Comhlucht

An tsuim uasta is féidir a ráthú

(1)

(2)

(3)

1

Allmhuireoirí Breosla (Éire), Tta.

£4,000,000

2

Allmhuireoirí Gráin (Éire), Tta.

£8,000,000

3

Allmhuireoirí Tae, Tta.

£6,000,000

4

Gabháltais Chruaí na hÉireann, Tta.

£300,000

5

Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt.

£200,000

6

Cuideachta Mharguithe Prátaí na hÉireann, Tta.

£150,000

[GA]

harp.jpg


Number 9 of 1954.


[GA]

STATE GUARANTEES ACT, 1954.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Guarantee in respect of moneys borrowed by scheduled body.

3.

Restriction on total of guarantees for scheduled body.

4.

Security for repayment of moneys paid under guarantee.

5.

Advance out of Central Fund of moneys required to be paid under guarantee.

6.

Repayment of moneys paid under guarantee.

7.

Annual statement as to guarantees.

8.

Abstract of accounts of scheduled body.

9.

Amendment by order of Schedule.

10.

Borrowing by the Minister.

11.

Short title and commencement.

SCHEDULE.

harp.jpg


Number 9 of 1954.


STATE GUARANTEES ACT, 1954.


AN ACT TO PROVIDE FOR GUARANTEES BY THE MINISTER FOR FINANCE IN RESPECT OF MONEYS BORROWED BY CERTAIN BODIES. [10th March, 1954.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the word “guarantee” means, except in section 2, a guarantee given or deemed to have been given under subsection (1) of section 2;

[GA]

the expression “the Minister” means the Minister for Finance;

[GA]

the expression “scheduled body” means a body specified in the Schedule to this Act.

[GA]

Guarantee in respect of moneys borrowed by scheduled body.

2.—(1) The Minister may guarantee, in such form and manner and on such terms and conditions as he thinks fit, the due repayment by a scheduled body of the principal of any moneys borrowed, with the consent of the Minister, by the body or the payment of interest on such moneys or both the repayment of the principal and the payment of the interest.

[GA]

(2) A guarantee given by the Minister before the commencement of this Act for a scheduled body shall be deemed for the purposes of this Act to have been given under subsection (1) of this section.

[GA]

Restriction on total of guarantees for scheduled body.

3.—The Minister shall not, as respects a scheduled body, so exercise the powers conferred by subsection (1) of section 2 of this Act that the amount, or the aggregate amount, of principal, which he may at any one time be liable to repay for the body on foot of any guarantee or guarantees for the time being in force, together with the amount of principal (if any) which he has previously paid on foot of any guarantees for the body and has not been repaid, exceeds the amount specified in the third column of the Schedule to this Act in respect of the body.

[GA]

Security for repayment of moneys paid under guarantee.

4.—Where a guarantee has been given for a scheduled body, the body shall, if the Minister so requires, give to him such security (including, if the body is a company, debentures) as may be specified in the requisition for the purpose of securing to the Minister the repayment of any moneys which he may be liable to pay or has paid under the guarantee.

[GA]

Advance out of Central Fund of moneys required to be paid under guarantee.

5.—Moneys required to be paid by the Minister under a guarantee shall be advanced out of the Central Fund or the growing produce thereof.

[GA]

Repayment of moneys paid under guarantee.

6.—(1) Moneys paid by the Minister under a guarantee for a scheduled body shall be repaid to the Minister (with interest thereon at such rates as the Minister appoints) by the body within twelve months from the date of the advance.

[GA]

(2) Where the whole or any part of moneys advanced under section 5 of this Act has not been repaid to the Minister in accordance with subsection (1) of this section, the amount so remaining outstanding shall be repaid to the Central Fund out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA]

(3) Notwithstanding the provision of moneys under subsection (2) of this section to repay an amount to the Central Fund, the scheduled body concerned shall remain liable to the Minister in respect of that amount and that amount (with interest thereon at such rates as the Minister appoints) shall be repaid to the Minister by the scheduled body at such times and in such instalments as the Minister appoints and, in default of repayment as aforesaid and without prejudice to any other method of recovery, shall be recoverable as a simple contract debt in any court of competent jurisdiction.

[GA]

(4) Moneys repaid by a scheduled body to the Minister, or recovered from a scheduled body by the Minister, under this section shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer.

[GA]

Annual statement as to guarantees.

7.—The Minister shall, as soon as may be after the expiration of every financial year, lay before each House of the Oireachtas a statement setting out as respects each guarantee given during such year or given at any time before, and in force at, the commencement of such year—

[GA]

(a) particulars of the guarantee,

[GA]

(b) in case any payment has been made by the Minister under the guarantee before the end of such year, the amount of the payment and the amount (if any) repaid to the Minister on foot of the payment,

[GA]

(c) the amount for which the Minister would, if the guarantee were enforced immediately upon the expiration of such year, be liable as principal under the guarantee.

[GA]

Abstract of accounts of scheduled body.

8.—(1) A scheduled body shall, within the next six months after the end of each of the accounting periods of the body—

[GA]

(a) prepare an abstract of the accounts of the body in respect of that period in such form as the Minister directs from time to time, and

[GA]

(b) send the abstract to the Minister together with a report thereon by the auditors of the body.

[GA]

(2) As soon as may be after receiving an abstract of accounts and a report thereon sent pursuant to this section, the Minister shall lay copies thereof before each House of the Oireachtas.

[GA]

Amendment by order of Schedule.

9.—(1) The Government may by order amend the Schedule to this Act—

[GA]

(a) by deleting an amount specified in the third column and substituting a greater or less amount,

[GA]

(b) by deleting a body specified in the second column, or

[GA]

(c) by adding a body to the bodies specified in the second column and inserting in the third column an amount in respect of the body added.

[GA]

(2) Where an order proposed to be made under this section will delete an amount specified in the third column of the Schedule to this Act and substitute a greater amount or will add a body to the bodies specified in the second column of that Schedule, a draft of the order shall be laid before each House of the Oireachtas and the order shall not be made until a resolution approving of the draft has been passed by each such House.

[GA]

(3) An order under this section shall not prejudice or affect any guarantee in force when the order is made.

[GA]

Borrowing by the Minister.

10.—(1) For the purpose of providing for advances out of the Central Fund under this Act, the Minister may borrow from any person any sum or sums, and for the purpose of such borrowing he may create and issue securities bearing such rate of interest and subject to such conditions as to repayment, redemption or any other matter as he thinks fit, and shall pay the moneys so borrowed into the Exchequer.

[GA]

(2) The principal of and interest on any securities issued under this section and the expenses incurred in connection with the issue of such securities shall be charged on and payable out of the Central Fund or the growing produce thereof.

[GA]

Short title and commencement.

11.—(1) This Act may be cited as the State Guarantees Act, 1954.

[GA]

(2) This Act shall come into operation on such day as the Minister appoints by order.

[GA][GA]

SCHEDULE.

Ref. No.

Body

Maximum amount that may be guaranteed

(1)

(2)

(3)

1

Fuel Importers (Eire), Ltd.

£4,000,000

2

Grain Importers (Eire), Ltd.

£8,000,000

3

Tea Importers, Ltd.

£6,000,000

4

Irish Steel Holdings, Ltd.

£300,000

5

Great Northern Railway Board.

£200,000

6

Irish Potato Marketing Co. Ltd.

£150,000