Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 1 de 1924.
ACHT SEALADACH CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA (COMHACHTA GABHÁLA AGUS COINNÉALA), 1924.
Féadfidh Aire Feidhmiúcháin gabháil agus coinneáil do chur ar dhaoine áirithe.
1.—Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúcháin a chur fé ndeár go ngabhfar agus, fé réir forálacha an Achta so, a ordú go gcoinneofar i gcimeád in aon áit i Saorstát Éireann éinne go ndeimhneoidh an tAire sin i scríbhinn ina thaobh gur deimhin leis go bhfuil cúis réasúnta le hamhras go bhfuil no go raibh an duine sin ag déanamh no páirteach i ndéanamh aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
Féadfidh oifigeach freagarthach daoine áirithe do ghabháil.
2.—(1) Beidh sé dleathach d'oifigeach freagarthach gabháil agus coinneáil i gcimeád ar feadh aon tréimhse nách sia ná seachtain do dhéanamh ar éinne a gheobhfar ag déanamh aon chionta dá luaidhtear sa sceideal a ghabhann leis an Acht so no ag tabhairt fé no ar éinne go bhfuil amhras ag an oifigeach san go bhfuil sé tar éis a leithéid a dhéanamh, agus chun aon ghabháil den tsórt san do dhéanamh beidh sé dleathach do dul isteach agus cuardach do dhéanamh in aon áitreabh gurb eol an duine sin a bheith ann no go bhfuil cúis réasúnta chun a chreidiúint go bhfuil sé ann.
(2) Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúcháin, fé réir forálacha an Achta so, a ordú go gcoinneofar i gcimeád in aon áit i Saorstát Éireann éinne a gabhfar fén alt so agus go ndeimhneoidh an tAire sin i scríbhinn ina thaobh gur deimhin leis go bhfuil cúis réasúnta le hamhras go bhfuil no go raibh an duine sin ag déanamh no páirteach i ndéanamh aon chionta dá luaidhtear sa sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(3) I gcás éinne do ghabháil fén alt so, mara ndinidh Aire Feidhmiúcháin ordú fén alt so chun é do choinneáil déanfar, ar dháta nách déanaí ná seachtain tar éis a ghabhála, an duine sin do leigint saor, no é do chúiseamh i gcionta no i gciontaí dhíobh san a luaidhtear sa sceideal a ghabhann leis an Acht so no i gcionta no i gciontaí eile agus deighleáil leis do réir dlí, agus chuige sin, más i gcimeád mileata dho, cuirfar i gcimeád síbhialta é.
Dul isteach i dtigh comhnaithe chun gabháil do dhéanamh.
3.—In aon chás ina mbeidh cúis réasúnta ag Oifigeach freagarthach d'Fhórsaí Mileata Shaorstáit Éireann chun a cheapa go mbeidh sé riachtanach dul isteach i dtigh comhnaithe chun go ndéanfa sé gabháil a bheidh aige le déanamh fén Acht so, beidh sé de dhualgas ar an Oifigeach san, má luíon sé le réasún gur féidir é a shocrú go mbeidh Oifigeach de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána i láthair agus an dulisteach san á dhéanamh agus déanfaidh an tAire Cosanta agus an tAire um Ghnóthaí Dúithche pé socruithe is gá no is maith chun na críche sin.
Coinneáil daoine atá anois i gcimeád mileata.
4.—Gach éinne atá anois á choinneáil i gcimeád mileata no á chimeád mar phríosúnach no mar chime mhileata agus ná beidh daortha, roimh rith an Achta so, chun téarma príosúntachta no piantseirbhíse ag aon bhínse a bhunuigh na húdaráis mhileata, féadfar é do choinneáil i gcimeád fén Acht so fé ordú o Aire Feidhmiúcháin más dó leis an Aire sin gur chontabhairt don phuiblíocht an duine sin do leigint saor.
Comhairlí Athchomhairc.
5.—(1) Gach Comhairle Athchomhairc atá ann fé láthair agus a bunuíodh fé alt 4 den Acht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923 (Uimh. 28 de 1923), cimeádfar ar bun chun crícheanna an ailt seo iad, agus bunóidh Aire Feidhmiúcháin pé Comhairlí Athchomhairc sa bhreis a bheidh riachtanach chun na gcrícheanna san.
(2) Gach Comhairle Athchomhairc a cimeádfar ar bun no a bunófar fén alt so beidh sí có-dhéanta de thriúr ball ar a luíod agus beidh ortha san, abhcóide no atúrnae atá ag cleachta a ghairme agus seasamh cúig mblian ar a luíod aige, no duine atá no a bhí ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach Údaráis in Éirinn, no ina Bhreacthóir no ina Bhreitheamh Cúirte Contae in Éirinn, no ina Bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Dála mar a mínítear í in Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 (Uimh. 36 de 1923), no ina bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda.
(3) Féadfar pé táillí no luach saothair a cheapfidh an tAire Airgid d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le haon bhall de Chomhairle Athchomhairc ná faghann luach saothair as cistí puiblí.
(4) Einne a coinneofar i gcimeád fén Acht so, pe'ca fé ordú a dhin Aire Feidhmiúcháin é no fé ordú a dhin na húdaráis mhileata, féadfa sé, ar an gcuma orduithe, a iarraidh go ndéanfidh Comhairle Athchomhairc fiosrú i dtaobh abhar a choinneála, agus leis sin déanfidh an Chomhairle sin chó luath agus is féidir é fiosrú ar an gcuma orduithe i gcás an duine sin agus tabharfid tuairisc don Aire Feidhmiúcháin sin sa bhfuirm orduithe ar thora an fhiosruithe sin.
(5) Nuair a bheidh fiosrú á dhéanamh fén alt so tabharfar don Chomhairle Athchomhairc na tuairiscí no na deimhnithe go bhfuiltar, dá mbua, ag coinneáil an duine go bhfuil fiosrú á dhéanamh ar a chás.
(6) Nuair a gheobhaidh a leithéid sin d'Aire Feidhmiúcháin o Chomhairle Athchomhairc tuairisc adeir ná fuil aon chúis réasúnta le hamhras gur dhin an duine atá i gcoinneáil aon chionta dá luaidhtear sa sceideal a ghabhann leis an Acht so ná le hamhras go raibh sé á dhéanamh no páirteach ina dhéanamh, déanfa sé, laistigh de cheithre lá déag tar éis do an tuairisc d'fháil, a ordú go leigfar saor é maran rud é—
(a) go gcuirfe sé an tuairisc thar n-ais chun na Comhairle Athchomhairc chun tuille fianaise do bhreithniú, no
(b) go gcúiseofar an duine in aon chionta is inphionósuithe le príosúntacht.
(7) Einne a bheidh ag fulang breith príosúntachta no piantseirbhíse, a cuireadh air ag bínse a bhunuigh na húdaráis mhileata, ní bheidh teideal aige chun athchomhairc chun Comhairle Athchomhairc fén alt so.
(8) Déanfidh Aire Feidhmiúcháin rialacháin i gcóir Comhairlí Athchomhairc d'fheidhmiú na bhfeidhmeanna a cuirtar ortha leis an alt so, agus chuige sin féadfa sé, le hordú, aon rialacháin a bheidh ann agus a dineadh fé alt 4 den Acht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha). 1923, do chimeád i bhfeidhm.
(9) Ná rialacháin uile a déanfar no a cimeádfar i bhfeidhm fén alt so leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus má dhineann aon Tigh de dhá Thigh an Oireachtais rún do rith chun na rialacháin do chur ar nea-mbrí beidh na rialacháin gan brí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a bheidh déanta fútha cheana féin.
(10) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dineadh no a cimeádadh i bhfeidhm fén alt so.
Féadfar bannaí a ghlaca o dhaoine a leigfar saor.
6.—(1) Aon uair a bheidh Aire Feidhmiúcháin ar aigne éinne a gabhadh no atá á choinneáil fén Acht so do leigint saor féadfidh an tAire coiníoll do chur leis an leigint-saor san go raghaidh an duine sin agus beirt uraí fiach-acfuinneacha ina theanta i mbannaí i láthair Giúistís Dúithche i pé suim a mholfidh an tAire agus isé coiníoll a bheidh sna bannaí sin ná an duine roimhráite do bheith dea-iompartha agus síochánta ar feadh pé tréimhse, nách sia ná trí bliana, a cheapfidh an tAire roimhráite.
(2) Na hachtacháin sin uile le n-a ndintar regleáil ar dhul i mbannaí i láthair Máistreora Roinne do Chathair Bhaile Atha Cliath ar bheith dea-iompartha agus síochánta agus regleáil ar an bhfuirm agus ar an modh chun na bannaí sin do chur i bhfeidhm agus d'estréatáil, bainfid le gach banna ina raghfar fén alt so i láthair Máistreora Roinne den tsórt roimh-ráite, agus na forálacha a bhaineann le bannaí chun bheith dea-iompartha agus síochánta agus atá in alt 34 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, agus in alt 10 den Fines Act (Ireland), 1851, fé mar atáid leasuithe leis an Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1918, bainfid le gach banna ina raghfar fen alt so i láthair Giúistís Dúithche lasmuich de Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath.
Féadfidh Aire Feidhmiúcháin rialacháin do dhéanamh.
7.—(1) Féadfidh Aire Feidhmiúcháin rialacháin do dhéanamh—
(a) ag luadh na bpríosún, na gcampaí príosúin agus na n-áiteanna eile ina bhféadfar daoine i gcimeád fén Acht so do choinneáil;
(b) chun na príosúin, na campaí agus na háiteanna eile sin do bhainistí, do chimeád sláintiúil, do stiúra agus do ghárdáil go héifeachtúil;
(c) chun smacht do chur i bhfeidhm agus do chimeád imeasc na ndaoine i gcoinneáil amhlaidh;
(d) chun aire liaigiúil, mháinliaigiúil agus bhanaltrais do thabhairt do sna daoine i gcoinneáil amhlaidh;
(e) chun na príosúin, na campaí agus na háiteanna eile sin d'iniúcha agus chun na daoine a bheidh á gcoinneáil ionta do bheith á bhfiosrú ag daoine freagarthacha a ceapfar ag an Aire agus a chó-líonfidh na feidhmeanna san gan luach saothair d'fháil;
(f) chun aon daoine den tsórt san do chosc ar éaló agus chun údarás do thabhairt chun gach cuardach agus fiosrú do dhéanamh a bheidh riachtanach do réir réasúin chun na críche sin;
(g) ag ordú no ag socrú i dtaobh aon ruda no éinní eile a bhaineann le coinneáil na ndaoine sin fén Acht so do dhéanamh éifeachtúil.
(2) Na rialacháin uile atá ann fé láthair agus a dineadh fé alt 13 den Acht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923 (Uimh. 28 de 1923), sa mhéid ná fuilid bunoscionn leis na comhachta a bronntar leis an bhfo-alt san roimhe seo leanfid i bhfeidhm sa mhéid go leanfaidís agus leis an éifeacht a bheadh acu dá mba fén Acht so a déanfí iad.
Chun chomhachta na bhforsaí mileata do chimeád slán.
8.—Ní tuigfar éinní san Acht so do bheith ag déanamh athghairm, nea-mbríochaint, luíodú ná dochar ar ná don bhfeidhmiú a dhéanfidh fórsaí mileata Shaorstáit Éireann ar aon cheann de sna comhachta no na húdaráis is infheidhmithe acu de bhua riachtanais mhileata a eireoidh agus iad ag có-líona an dualgais a bheidh ortha chun rebeliúntacht do chur fé chois.
Minithe.
9.—San Acht so,
cialluíonn an focal “oifigeach freagarthach” oifigeach nách ísle céim ná ceannphort agus atá i bhfórsa póilíneachta a bunuíodh ag an Aire um Ghnóthaí Dúithche no atá fé n-a smacht, no aon bhall d'fhórsa póilíneachta a gheobhaidh údarás fé leith ón oifigeach san, no oifigeach d'fhórsaí mileata Shaorstáit Éireann nách ísle céim ná ceanncatha agus dá dtabharfidh an tAire Cosanta in aon chás áirithe comhachta fé leith chun a chomhachta fén Acht so do thabhairt d'aon bhall d'fhórsaí mileata Shaorstáit Éireann, nách ísle céim ná sáirsint, ach amháin i gcás ina ndéanfar le hórdú o dhuine go bhfuil an chomhacht san aige, fórsa mileata do chur chun aon duine no daoine do ghabháil, agus sa chás san tuigfar na comhachta a deontar leis an Acht so do bheith ag gach ball den bhfórsa san:
foluíonn an focal “Giúistís Dúithche” Máistreoir Roinne do Chathair Bhaile Atha Cliath;
cialluíonn an focal “Aire Feidhmiúcháin” Aire atá ina bhall den Ard-Chomhairle.
Gearr-theideal, tosach feidhme agus buaine.
10.—(1) Féadfar an tAcht Sealadach chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Gabhála agus Coinneála), 1924, do ghairm den Acht so.
(2) Tiocfidh an tAcht so i bhfeidhm an 1adh lá d'Fheabhra, 1924, agus leanfidh sé i bhfeidhm go ceann bliana ón dáta san agus ragha sé in éag ansan.
SCEIDEAL.
1. Daoine do ghríosú chun tabhairt fé fhuirm bhunuithe Rialtas Shaorstáit Éireann do bhrise le fóiréigean no aon iarracht den tsórt san d'ullamhú no, ar aon tslí eile, cabhair no misneach do thabhairt dá leithéid d'iarracht.
2. Aon oifigeach do Rialtas Shaorstáit Éireann do mhealla, no tabhairt fé n-a mhealla, go nea-dhleathach, chun có-líona a dhualgais mar oifigeach den tsórt san do dhiúlta no chun é leigint i bhfuaire no i bhfaillí.
3. Seilbh gan údarás dleathach ar
(a) aon arm teine marathach no arm d'aon tsaghas eile as a bhféadfaí aon urchar, pileur no teilgeán eile do chaitheamh; no
(b) aon amuinisean d'aon arm teine no arm eile den tsaghas san; no
(c) aon ghranád, búmba no teilgeán eile den tsórt san, pe'ca is féidir é d'úsáid le haon arm teine no arm eile den tsaghas san no nách féidir; no
(d) aon phléascán talmhan no inneal pléascach eile den tsaghas san; no
(e) aon dynamite, gelignite no substaint phléascach eile; no
(f) éinní a théigheann chun aon earra no substaint den tsórt san roimhráite do dhéanamh suas no a cuirtar isteach ann.
4. Seilbh gan údarás dleathach ar aon bhall éadaigh, treallaimh no feistis no ar aon airm no amuinisean is le haon bhall no a tugadh amach d'aon bhall d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann.
5. Duine do chur no do ghabháil éide no aon chuid d'éide aon bhrainse d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann uime gan údarás dleathach.
6. Duine do thabhairt ainm, teideal no comharthaí aon chéime, no aon bhaill, d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann air féin chun aon ghníomh do dhéanamh no d'fháil déanta ná beadh an té a thug air féin an ainm, an teideal no na comharthaí sin i dteideal do réir dlí chun é dhéanamh ná chun é d'fháil déanta as a údarás féin.
7. Dul isteach agus seilbh do chimeád go héagcórach ar thalamh gan dath ná deabhramh teidil ná údaráis.
8. Robáil fé arm; sé sin le rá, duine do dhéanamh robála no iarracht ar robáil agus é armtha le héinní atá no a dheabhruíonn a bheith ina arm no ina inneal troda.
9. Dógha; sé sin le rá, teine do thabhairt no iarracht ar theine do thabhairt, go nea-dhleathach, d'aon tigh, monarcha, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no d'aon mhaoin talamhaíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no d'aon mhaoin d'aon tsórt no saghas so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás.
10. Díobháil no scrios, no iarracht ar dhíobháil no scrios, do dhéanamh go nea-dhleathach ar aon tigh, monarca, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no ar aon mhaoin talamhaíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no ar aon mhaoin d'aon tsórt no saghas, so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás.
11. Cuir-isteach no cosc do dhéanamh, go nea-dhleathach, ar aon talamh no áitreabh do shealbhú no d'úsáid go dleathach no ar thairfe do bhaint as go dleathach.
12. Bac do chur, no iarracht ar bhac do chur, ar riara cirt.
13. Cabhrú le héinne, é ghríosú, cuidiú leis no é mhisniú, no cogar do dhéanamh, chun aon chionta dá luaidhtear sa sceideal so do dhéanamh, no cabhrú chun éinne atá ciontach in aon chionta den tsórt san do chur i bhfolach no chun é do dhul saor, agus san go feasach.
Number 1 of 1924.
PUBLIC SAFETY (POWERS OF ARREST AND DETENTION) TEMPORARY ACT, 1924.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Executive Minister may cause arrest and detention of certain persons. | |
Acts Referred to | |
No. 28 of 1923 | |
No. 36 of 1923 |
Number 1 of 1924.
PUBLIC SAFETY (POWERS OF ARREST AND DETENTION) TEMPORARY ACT, 1924.
Executive Minister may cause arrest and detention of certain persons.
1.—It shall be lawful for an Executive Minister to cause the arrest and, subject to the provisions of this Act, to order the detention in custody in any place in Saorstát Eireann of any person in respect of whom such Minister shall certify in writing that he is satisfied that there is reasonable ground for suspecting such person of being or having been engaged or concerned in the commission of any of the offences mentioned in the schedule to this Act.
Responsible officer may arrest certain persons.
2.—(1) It shall be lawful for a responsible officer to arrest and to detain in custody for any period not exceeding one week any person found committing or attempting to commit or whom such officer suspects of having committed any of the offences mentioned in the schedule to this Act, and for the purpose of effecting any such arrest to enter on and search any premises in which any such person is known or reasonably believed to be.
(2) It shall be lawful for an Executive Minister subject to the provisions of this Act to order the detention in custody in any place in Saorstát Eireann of any person arrested under this section in respect of whom such Minister certifies in writing that he is satisfied that there is reasonable ground for suspecting such person of being or having been engaged or concerned in the commission of any of the offences mentioned in the schedule to this Act.
(3) Whenever any person is arrested under this section such person shall, not later than one week after his arrest unless an order for his detention is made by an Executive Minister under this section, either be released, or be charged with one or more of the offences mentioned in the schedule to this Act or with any other offence or offences and dealt with according to law, and shall for that purpose, if in military custody, be delivered into civil custody.
Entry of dwelling house to make arrest.
3.—In any case where a responsible officer of the Military Forces of Saorstát Eireann has reasonable ground for anticipating that it will be necessary to enter a dwelling-house for the purpose of effecting an arrest, to be made by him under this Act, it shall be the duty of such officer, wherever reasonably practicable, to arrange that an officer of the Dublin Metropolitan Police or the Gárda Síochána is present at such entry, and the Minister for Defence and the Minister for Home Affairs shall make such arrangements as may be necessary or desirable for this purpose.
Detention of persons now in military custody.
4.—Every person who is now detained in military custody or held as a military prisoner or captive and has not before the passing of this Act been sentenced to a term of imprisonment or penal servitude by any tribunal established by the military authorities, may be detained in custody under this Act under an order of an Executive Minister if such Minister is of opinion that the public safety would be endangered by such person being set at liberty.
Appeal Councils.
5.—(1) All existing Appeal Councils established under section 4 of the Public Safety (Emergency Powers) Act, 1923 (No. 28 of 1923) shall be continued for the purposes of this section, and such additional Appeal Councils as shall be necessary for the said purposes shall be established by an Executive Minister.
(2) Every Appeal Council continued or established under this section shall consist of not less than three members of whom one shall be a practising barrister or solicitor of not less than five years' standing or shall be or have been a judge of the Supreme Court of Judicature in Ireland, or a Recorder or County Court judge in Ireland, or a judge of the Dáil Supreme Court as defined in the Dáil Eireann Courts (Winding-Up) Act, 1923 (No. 36 of 1923), or a judge of the Supreme Court, High Court or Circuit Court.
(3) There may be paid out of moneys to be provided by the Oireachtas, to any member of an Appeal Council who is not in receipt of remuneration out of public funds such fees or remuneration as the Minister for Finance may determine.
(4) Any person detained in custody under this Act, whether under an order of an Executive Minister or by the military authorities, may in the prescribed manner request that an enquiry into the matter of his detention be made by an Appeal Council, and such Council shall thereupon with all convenient speed inquire in the prescribed manner into the case of such person and shall report in the prescribed form to such Executive Minister the result of such inquiry.
(5) At any inquiry under this section the Appeal Council shall be furnished with the reports or certificates in virtue of which the person whose case is being inquired into is being detained.
(6) When such an Executive Minister shall receive a report from an Appeal Council that there are no reasonable grounds for suspecting the person interned of having committed or being engaged or concerned in the commission of any of the offences mentioned in the schedule to this Act he shall, within fourteen days from the receipt of the report, order his release unless—
(a) he shall refer back the report to the Appeal Council for the consideration of further evidence, or
(b) the person be charged with any offence punishable by imprisonment.
(7) No person serving a sentence of imprisonment or penal servitude imposed by a tribunal established by the military authorities shall be entitled to appeal to an Appeal Council under this section,
(8) An Executive Minister shall make regulations for the execution by Appeal Councils of the functions imposed on them by this section, and may for that purpose by order continue in force any existing regulations made under section 4 of the Public Safety (Emergency Powers) Act, 1923.
(9) All regulations made or continued under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after they are made, and if either House of the Oireachtas shall pass a resolution annulling the regulations the regulations shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything already done under them.
(10) In this section the word “prescribed” means prescribed by regulations made or continued under this section.
Recognizances may be taken from persons released.
6.—(1) Whenever an Executive Minister shall propose to release any person arrested or detained under this Act the Minister may require as a condition of such release that such person should enter into a recognizance with two solvent sureties before a District Justice in such amount as may be approved by the Minister, the condition of such recognizance being that the person aforesaid shall be of good behaviour and keep the peace for such period not exceeding three years as shall be fixed by the Minister aforesaid.
(2) The several enactments regulating the taking before a Divisional Magistrate of the City of Dublin of recognizances to be of good behaviour and to keep the peace and regulating the form and the mode of enforcing and estreating such recognizances shall apply to every recognizance entered into under this section before a Divisional Magistrate aforesaid and the provisions of section 34 of the Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, and section 10 of the Fines Act (Ireland), 1851, as amended by the Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1918, in relation to recognizances to be of good behaviour and to keep the peace shall apply to every recognizance entered into under this section before a District Justice outside the Police District of the Dublin Metropolis.
Executive Minister may make regulations.
7.—(1) An Executive Minister may make regulations—
(a) prescribing the prisons, internment camps and other places in which persons detained in custody under this Act may be detained;
(b) providing for the efficient management, sanitation, control and guarding of such prisons, camps and other places;
(c) providing for the enforcement and preservation of discipline amongst the persons so detained;
(d) providing for the medical, surgical, and nursing care of the persons so detained;
(e) providing for the inspection of such prisons, camps and other places and the visiting of persons detained therein by responsible persons to be appointed by the Minister who shall discharge the functions aforesaid without remuneration;
(f) providing for the prevention of the escape of any such persons and authorizing the making of all searches and inquiries reasonably necessary for that purpose;
(g) prescribing or providing for any other matter or thing relating to the efficient detention of such persons under this Act.
(2) All existing regulations made under section 13 of the Public Safety (Emergency Powers) Act, 1923 (No. 28 of 1923), shall, in so far as they are not inconsistent with the powers conferred by the foregoing sub-section, continue in force to the same extent and with the same effect as if they had been made under this Act.
Preservation of powers of the military forces.
8.—Nothing in this Act shall be deemed to revoke, annul, derogate from or prejudice the exercise by the military forces of Saorstát Eireann of any of the powers or authorities exercisable by them by virtue of military necessity arising in the course of the performance of their duty to suppress rebellion.
Definitions.
9.—In this Act,
the expression “responsible officer” means an officer of a police force established by or under the control of the Minister for Home Affairs not below the rank of superintendent or any member of a police force particularly authorised by him or an officer of the military forces of Saorstát Eireann not being below the rank of commandant who may be specifically empowered in any particular case by the Minister for Defence to delegate his powers under this Act to any member of the military forces of Saorstát Eireann not below the rank of sergeant save and except in such cases where a military force has been detailed by the order of a person so empowered to arrest any person or persons in which case every member of such force shall be deemed to possess the powers granted by this Act;
the expression “District Justice” includes a Divisional Magistrate of the City of Dublin;
the expression “Executive Minister” means a Minister who is a member of the Executive Council.
Short title, commencement and duration.
10.—(1) This Act may be cited as the Public Safety (Powers of Arrest and Detention) Temporary Act, 1924.
(2) This Act shall come into force on the 1st day of February, 1924, and shall continue in force for one year from that date and shall then expire.
SCHEDULE.
1. Inciting persons to engage in an attempt to overthrow by violence the established form of Government of Saorstát Eireann or organising or otherwise assisting or encouraging any such attempt.
2. Unlawfully inducing or attempting to induce any officer of the Government of Saorstát Eireann to refuse, neglect or omit to discharge his duty as such officer.
3. Having possession without lawful authority of—
(a) any lethal firearm or other weapon of any description from which any shot, bullet or other missile can be discharged; or
(b) any ammunition for any such firearm or weapon; or
(c) any grenade, bomb or other similar missile, whether capable of being used with any such firearm or weapon or not; or
(d) any land mine or other similar explosive machine; or
(e) any dynamite, gelignite or other explosive substance; or
(f) any component part or ingredient of any such article or substance aforesaid.
4. Having possession without lawful authority of any article of clothing, equipment or accoutrement or any arms or ammunition belonging or issued to any member of the military or police forces of Saorstát Eireann.
5. Putting on or assuming without authority the uniform or any part of the uniform of any branch of the military or police forces of Saorstát Eireann.
6. Assuming the name, designation or description of any rank, or of any member, of the military or police forces of Saorstát Eireann for the purpose of doing or procuring to be done any act which the person assuming such name, designation or description would not by law be entitled to do or procure to be done of his own authority.
7. Wrongful entry on and retention of possession of land without colour or pretence of title or authority.
8. Robbery under arms; that is to say, robbing or attempting to rob while armed with any offensive or apparently offensive weapon or instrument.
9. Arson; that is to say, unlawfully setting fire or attempting to set fire to any house, factory, barn, haggard, workshop, or other building, or any agricultural property, food supplies for man or beast, or any other property of any nature or kind, movable or immovable, public or private, including standing trees and crops.
10. Unlawfully injuring or destroying or attempting to injure or destroy any house, factory, barn, haggard, workshop, or other building, or any agricultural property, food supplies for man or beast, or any other property of any nature or kind, movable or immovable, public or private, including standing trees and crops.
11. Unlawfully interfering with or preventing the lawful occupation, use or enjoyment of any land or premises.
12. Obstructing or attempting to obstruct the administration of justice.
13. Knowingly aiding, abetting, assisting in, or encouraging the commission of, or conspiring to commit, any of the offences mentioned in this schedule, or helping in the concealment or escape of any person guilty of any such offence.