Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 1 de 1927.
ACHT CORÓINÉIRÍ (LEASÚ), 1927.
E de dhualgas ar choróinéir coiste do dhéanamh.
1.—I ngach cás ina gcuirfar in úil do choróinéir, go bhfuil corp marbh duine ina luighe laistigh dá cheanntar agus go bhfuil cúis réasúnta le hamhrus gur anabhás no bás mí-nádúrtha a fuair an duine sin no gur bás obann nách fios cad ba thrúig leis a fuair sé no gur i bpríosún a fuair sé bás no ina leithéid sin d'áit no de shlí nár mhór coiste do dhéanamh fé aon Acht seachas an Coroners (Ireland) Act, 1846, beidh sé de dhualgas ar an gcoróinéir sin, fé réir forálacha alt 10 den Acht so, coiste do dhéanamh ar chorp an duine sin do réir forálacha an Coroners (Ireland) Act, 1846, no an Achta so.
Comhacht chun coiste do dhéanamh i gcásanna airithe.
2.—(1) In aon chás (lasmuich de sna cásanna dá bhforáltar le halt 1 den Acht so) ina gcuirfar in úil don choróinéir go bhfuil duine tar éis bháis laistigh dá cheanntar ná raibh dochtúir leighis a bhí cáilithe go cuibhe ag freastal air ar feadh tréimhse a bhreoiteachta deiridh no go bhfuil deimhniú dochtúra ar thrúig bháis éinne gan bheith le fáil, féadfa sé fiosrú do dhéanamh ar ar bhain le bás an duine sin, agus maran féidir do trúig an bháis sin d'fháil amach féadfa sé más oiriúnach leis é coiste do dhéanamh chun a fháil amach cad ba thrúig don bhás san. Aon uair tar éis bás éinne den tsórt san do bheith curtha in úil do agus faid a beifear ag feitheamh le haon fhiosrú den tsórt san, féadfidh an coróinéir ordú a dhéanamh chun corp éinne den tsórt san d'adhlaca.
(2) Má thagann sé in colas don Cheannphort áitiúil no d'oifigeach eile don Ghárda Síochána go bhfuil tar éis bháis laistigh de cheanntar choróineura éinne ná raibh dochtúir leighis a bhí cáilithe go cuibhe ag freastal air ar feadh tréimhse a bhreoiteachta deiridh no 'na bhfuil deimhniú dochtúra ar thrúig a bháis gan bheith le fáil, beidh sé de dhualgas ar an gCeannphort no ar an oifigeach san an bás san do chur in úil don choróinéir.
Comhacht chun coiste do dhéanamh gan giúiré i gcásanna áirithe.
3.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, aon choróinéir go mbeidh corp marbh duine ina luighe laistigh dá cheanntar, féadfa sé, in ionad giúiré do ghairm sa tslí a héilítear le halt 23 den Coroners (Ireland) Act, 1846, chun fiosrú do dhéanamh ar bhás an duine sin, coiste do dhéanamh ar an gcorp gan giúiré.
(2) Más léir don choróinéir, sara gcroma sé ar choiste do dhéanamh no le linn coiste a tosnuíodh gan giúiré, go bhfuil cúis le hamhrus—
(a) gur dúnmharbha, duineabhacht no leanbhmharbha an bás a tháinig ar an duine a fuair bás; no
(b) gur i bpríosún a fuair an duine bás no ina leithéid sin d'áit no de shlí nár mhór coiste do dhéanamh fé aon Acht seachas an Coroners (Ireland) Act, 1846; no
(c) gurb é ba thrúig bháis don duine ná tionóisc no nimh no galar nách mór fógra ina thaobh do thabhairt do roinn rialtais no d'aon chigire no oifigeach eile do roinn rialtais fé aon Acht no dá réir; no
(d) gurb é ba thrúig bháis don duine ná tionóisc a tháinig as feithicil d'úsáid ar shráid no ar bhóthar phuiblí; no
(e) go bhfuair an duine bás i slí go ndéanfadh a leanúint no baol a hath-theachta dochar do shláinte no do shábháltacht na puiblíochta no aon roinne den phuiblíocht;
cromfa sé ar ghiúiré do ghairm sa tslí a héilítear leis an Coroners (Ireland) Act, 1846, agus in aon chás eile más léir do, sara gcroma sé ar choiste do dhéanamh no le linn coiste a tosnuíodh gan giúiré, go bhfuil aon réasún chun giúiré do ghairm, féadfa sé croma ar ghiúiré do ghairm sa tslí roimhráite.
(3) Na forálacha d'aon achtachán i dtaobh an nós-imeachta a bhaineann le coiste beidh acu, maidir le coiste no le haon chuid de choiste a déanfar gan giúiré, éifeacht fé réir pé atharuithe is gá a dhéanamh ar an nos-imeachta de deascaibh gan giúiré do bheith ann agus, má dintar coiste iomlán gan giúiré, is fé láimh an choróineura ina aonar a bheidh an fiosrú.
(4) Más gan giúiré a déanfar coiste no aon chuid de choiste, beidh éinní a dhéanfidh an coróinéir ina aonar no a déanfar i láthair an choróineura ina aonar ag an gcoiste no ag an gcuid sin den choiste beidh sé déanta chó dleathach is bheadh dá mb'iad an coróinéir agus giúiré a dhéanfadh é no dá mba ina láthairsean a déanfí é.
(5) Más gan giúiré a déanfar coiste no aon chuid de choiste agus gur léir don choróinéir nár míníodh an trúig bháis go sásúil le fianaise aon dochtúra leighis do ghairm sé mar fhúmé do réir alt 33 den Coroners (Ireland) Act, 1846, beidh sé dleathach don choróinéir a ghairm do thabhairt amach chun dochtúir no dochtúirí éigin eile leighis a bheidh cáilithe do réir dlí do theacht i láthair.
Líon an ghiúiré.
4.—Más i dteanta giúiré a dhéanfidh coróinéir coiste, beidh an giúiré sin có-dhéanta de sheisear ar a luighead agus de dháréag ar a mhéid.
E bheith indlite fónamh ar ghiúiré ag coiste.
5.—Gach éinne bheidh ina chomhnaí laistigh de cheanntar choróineura beidh sé indlite air fónamh ar an ngiúiré ag aon choiste a déanfar sa cheanntar san pe'ca is ceann teaghlaigh é no nách ea agus pe'ca bheidh sé fé ráta fóirithin na mbocht no ná beidh, sé sin, gach éinne ach amháin na daoine sin a bheidh, de thurus na huaire, ar réasún éigin eile seachas easba cáilíochtaí ionrátuithe, gan a bheith indlite ortha fónamh ar ghiúirithe sna Cúirteanna Breithiúnais, no nea-cháilithe chuige no saortha uaidh.
Féachaint ar an gcorp agus ordú adhlacain.
6.—(1) Ag céad shuidhe coiste ar chorp no roimhe sin féachfidh an coróinéir ar an gcorp agus más rud é, ag aon chéim den choiste roimh adhlaca an chuirp, go n-ordóidh an coróinéir amhlaidh no gur mian le móráireamh den ghiúiré é, féachfidh an giúiré ar an gcorp, leis:
Ach má tosnuíodh coiste ar an gcorp cheana agus nár críochnuíodh é ní bheidh sé d'oblagáid ar an gcoróinéir a bheidh ag déanamh coiste ar an gcorp ina dhiaidh sin féachaint ar an gcorp.
(2) Aon uair tar éis do féachaint ar chorp ar a socruíonn sé coiste do dhéanamh, feadfidh coróinéir, le hordú fé n-a láimh, a údarú go n-adhlacfar an corp, agus tabharfa sé an t-ordú don ghaol no don duine eile go n-éilítear do réir an Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, é thabhairt do amhlaidh.
Mara mbeidh giúiré ar aon intinn.
7.—(1) Mara ndinidh giúiré, ag coiste coróineura, aontú le n-a chéile i dtaobh breith-fhocail agus nách mó ná beirt an mionáireamh, féadfidh an coróinéir glaca le breith-fhocal an mhóráirimh agus sa chás san cuirfe siad-san a n-ainmneacha le deimhniú an bhreith-fhocail a tugadh de bharr an choiste sin.
(2) In aon chás eile ina mbeidh neamh-aontú scuirfidh an coróinéir an giúiré agus tabharfa sé amach a phrécheapt chun giúiré eile do ghairm agus leis sin raghaidh an coiste ar aghaidh ar gach slí díreach fé is ná beadh na himeachta san ann gurbh é an neamh-aontú san ba dheire dhóibh, ach amháin ná beidh sé d'oblagáid ar an gcoróinéir féachaint ar an gcorp arís.
Coistí i gcásanna ina dtáinig an bás ar roinnt daoine de dheascaibh na haon tionóisce amháin.
8.—I gcás cuirp bheirt no níos mó daoine, a fuair bás do réir deabhraimh de dheascaibh na haon tionóisce no tárluithe amháin, do bheith ina luighe laistigh de liomatáiste údaráis coróinéirí difriúla, féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, más dó léis gurb é leas na puiblíochta é, ordú do thabhairt go ndéanfar aon cheann de sna cuirp d'aistriú isteach i pé ceanntar a shocróidh sé agus ina bhfuil údarás ag duine de sna coróinéirí, agus féadfa sé, leis, ordú do thabhairt go ndéanfar ina dhiaidh sin aon chorp d'aistriú go haon áit laistigh den líomatáiste údaráis as ar haistríodh é, agus go gcothromófar costaisí agus fo-chostaisí na gcoistí a dineadh ar na cuirp do haistríodh, agus is do réir na n-orduithe sin a déanfar na coistí agus a haistreofar na cuirp agus a híocfar na costaisí.
Coiste i gcás ina mbeidh an corp díthithe no gan bheith le fáil.
9.—Má bhíonn réasún ag coróinéir chun a chreidiúint go bhfuair duine bás ina cheanntar no in aice a cheanntair ina leithéid sin de shlí gur cheart coiste do dhéanamh agus nách féidir coiste do dhéanamh ach de bhua forálacha an ailt seo toisc an corp bheith díthithe le teine no ar aon tslí eile no toisc é bheith ina luighe in áit nách féidir é fháil as, féadfa sé na dátáin do thuairisciú don Aire Dlí agus Cirt, agus féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, más dó leis gur mhaith an rud é dhéanamh, a ordú go ndéanfar coiste ar bhás an duine sin agus, an coróinéir a thug an tuairisc uaidh no pé coróinéir eile a ordóidh an tAire Dlí agus Cirt, déanfa sé coiste dá réir sin agus bainfidh an dlí i dtaobh coróinéirí agus coistí coróinéirí leis an gcoiste sin ach atharuithe do dhéanamh ar an nós-imeachta fé mar a bheidh riachtanach de dheascaibh an coiste bheith á dhéanamh ar shlí eile seachas le linn no tar éis féachaint ar chorp ina luighe laistigh de cheanntar an choróineura.
Leasuithe i dtaobh coistí i gcásanna dúnmharbha, duineabhacht no leanbhmharbha.
10.—(1) Más rud é, le linn coiste ar bhás duine, go gcuirfar in úil don choróinéir, sara mbeidh a mbreith-fhocal tabhartha ag an ngiúiré, go bhfuiltar tar éis duine éigin do chúiseamh i láthair Breithimh Dhúithche i ndúnmharbha, i nduineabhacht no i leanbhmharbha d'imirt ar an té a fuair bás, déanfa sé, mara mbeidh réasún ann chun gan a dhéanamh, an coiste do chur ar athló go dtí go mbeidh na himeachta coiriúla críochnuithe agus más oiriúnach leis é féadfa sé an giúiré do scur.
(2) Nuair a bheidh na himeachta coiriúla críochnuithe féadfidh an coróinéir, fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo anso, athchroma ar an gcoiste do cuireadh ar athló más dó leis go bhfuil leor-chúis ann chun san do dhéanamh:
Ach má cúisíodh éinne ar dhíotáil i gcúrsa na n-imeacht gcoiriúil, ansan, nuair a bheidh an coiste ar a n-ath-chromtar á dhéanamh ní déanfar le haon deimhniú ar bhreith-fhocal an duine sin do chúiseamh i gcionta ina bhféadfí é chiontú ar an díotáil ná ní bheidh ann aon bhreith-thora a bheidh buiniscionn leis an socrú ar éinní de thora na n-imeacht san.
(3) Má ath-chromann coróinéir ar choiste do cuireadh ar athló do réir a n-éilítear leis an alt so agus go mbeidh an giúiré scurtha raghaidh an coróinéir ar aghaidh ar gach slí díreach fé is ná tosnófí an coiste roimhe sin, agus bainfidh forálacha an Achta so leis an gcás dá réir sin fé is dá mba choiste nua an coiste ar a n-ath-chromtar ach amháin ná beidh sé d'oblagáid ar an gcoróinéir féachaint ar an gcorp.
(4) Más rud é, ag cuimheamh do ar thora na n-imeacht gcoiriúil, go socróidh an coróinéir ar gan ath-chroma ar an gcoiste, tabharfa sé don chlárathóir bhásanna deimhniú ina mbeidh tora na n-imeacht gcoiriúil agus na mion-innste is gá chun bás an duine do chlárú sa mhéid go bhfuarthas amach ag an gcoiste iad, agus iontrálfidh an clárathóir bás an duine agus na mion-innste sa bhfuirm agus sa tslí a horduítear leis an Registration of Births and Deaths (Ireland), Act, 1863, agus leis an Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880.
(5) Beidh sé de dhualgas ar an gcléireach no ar oifigeach cheart eile don Bhreitheamh Dhúithche 'na gcúiseofar duine ina láthair i ndúnmharbha, i nduineabhacht no i leanbhmharbha a chur in úil don choróinéir atá freagarthach i gcoiste do dhéanamh ar an gcorp gur dineadh an cúiseamh agus gur dineadh an duine cúisithe do choimiteáil chun a thrialta, no é do leigint saor, pe'ca aca é, agus beidh sé de dhualgas ar an gcléireach no ar oifigeach cheart eile d'aon chúirt chun a gcoimiteálfar chun a thrialta éinne a cúiseofar i ndúnmharbha, i nduineabhacht no i leanbhmharbha, agus fós ar an gclárathóir no ar oifigeach cheart eile don chúirt go n-éistfar ina láthair aon athchomharc i gcoinnibh ciontú i ndúnmharbha, i nduineabhacht no i leanbhmharbha, tora na n-imeacht do chur in úil don choróinéir.
(6) Chun crícheanna an ailt seo, cialluíonn an focal “na himeachta coiriúla” na himeachta i láthair Breithimh Dhúithche, agus i láthair aon chúirte chun a gcoimiteálfar an duine cúisithe chun a thrialta no go n-éistfar ina láthair athchomharc i gcoinnibh ciontú an duine sin, agus ní tuigfar imeachta coiriúla do bheith críochnuithe go dtí nách féidir aon athchomharc eile do dhéanamh i gcúrsa na n-imeacht san gan an Chúirt Athchomhairc Choiriúla do dheona tuille aimsire chuige.
Scrúdú postmortem gan coiste.
11.—(1) I gcás ina gcuirfar in úil do choróinéir go bhfuil corp marbh duine ina luighe laistigh dá cheanntar agus ina mbeidh cúis réasúnta le hamhrus go bhfuair an duine bás obann nách fios cad ba thrúig do, más dó leis an gcoróinéir go mb'fhéidir go gcruthóidh scrúdú post-mortem nách gá coiste, féadfa sé a chur fé ndeár scrúdú den tsórt san do dhéanamh agus a thora do thuairisciú dho, agus chun crícheanna an scrúduithe beidh ag an gcoróinéir agus ag éinne dá n-údaróidh sé an scrúdú do stiúrú na comhachta, na húdaráis agus na saoirsí céanna do bheadh acu dá mba scrúdú d'ordódh an coróinéir ag coiste ar chorp an duine mhairbh an scrúdú.
(2) Más rud é, de bharr scrúdú den tsórt san roimhráite, go bhfuil an coróinéir sásta nách gá coiste, cuirfe sé chun an chlárathóra bhásanna dar dualgas bás an duine do chlárú deimhniú fé n-a láimh á rá cad ba thrúig bháis don duine fé mar a bheidh san ráite sa tuairisc, agus déanfidh an clárathóir iontráil sa chlár dá réir sin.
(3) Ní léireofar éinní san alt so fé mar a bheadh sé á údarú don choróinéir déanamh in éamais coiste in aon chás ina mbeidh cúis réasúnta le hamhrus gur anabhás no bás mí-nádúrtha a fuair an duine marbh no gur i bpríosún a fuair sé bás no ina leithéid sin d'áit no de shlí nár mhór coiste do dhéanamh do réir a n-éilítear le haon Acht seachas an Coroners (Ireland) Act, 1846.
Scrúduithe postmortem agus scrúduithe speisialta.
12.—(1) Gan dochar do chomhacht choróineura, agus é ag déanamh coiste, chun a ordú do dhochtúir is féidir do a ghairm mar fihínné fé alt 33 den Coroners (Ireland) Act, 1846, scrúdú post-mortem do dhéanamh ar chorp an duine mhairbh, féadfidh an coróinéir, aon uair tar éis do socrú ar choiste do dhéanamh, a chur in úil don Aire Dlí agus Cirt i scríbhinn fé n-a láimh gurb é a thuairim gur mhaith an rud—
(a) scrúdú post-mortem do chur á dhéanamh ar chorp an duine mharbh; no
(b) scrúdú speisialta do chur á dhéanamh, eadhon, mionscrúdú, tástáil no scrúdú eile ar choda den chorp no ar rudaí sa chorp no ar shubstaintí no ar rudaí eile, pé cinn is ceart do réir tuairim an choróineura a chur fé mhion-scrúdúithe, fé thástála no fé scrúdú speisialta eile chun a fháil amach conus a tháinig an bás ar an duine marbh;
no an dá scrúdú san do chur á ndéanamh, á rá san am gcéanna cadiad na réasúin atá aige leis an tuairim sin; agus leis sin féadfidh an tAire Dlí agus Cirt dochtúir leighis a bheidh cáilithe do réir dlí do cheapa chun an scrúdú post-mortem no an scrúdú speisialta san do dhéanamh, no féadfa sé éinne eile, gur dó leis cáilíochtaí speisialta do bheith aige chun scrúdú speisialta den tsórt san roimhráite do dhéanamh do cheapa chun an scrúdú speisialta do dheanamh.
(2) Má ghairmeann an coróinéir mar fhínné éinne a bheidh tar éis scrúdú post-mortem no scrúdú speisialta den tsórt san roimhráite do dhéanamh, féadfar a iarraidh air fianaise do thabhairt i dtaobh a thuairime ar éinní d'eirigh as an scrúdú agus i dtaobh conus is dó leis a tháinig an bás ar an duine marbh.
(3) Sí táille a bheidh iníoctha ar aon scrúdú post-mortem no speisialta den tsórt san ná suim nách mó ná deich nginí, no pé suim os a chionn san a shocróidh an coróinéir le haontú an Aire Dlí agus Cirt, agus má dhineann an coróinéir an té a dhin an scrúdú post-mortem no speisialta san do ghairm mar fhínné chun teacht i láthair ag coiste tabharfar don duine sin pé liúntas eile a shocróidh an coróinéir le haontú an Aire Dlí agus Cirt.
Táillí agus costaisí d'fhínnithe.
13.—(1) Na táillí is iníoctha le dochtúir leighis atá cáilithe do réir dlí agus a bheidh tar éis aon scrúdú post-mortem do dhéanamh le hordú no ar iarratas coróineura no a bheidh tar éis teacht i láthair ag coiste mar fhreagra ar ghairm o choróinéir fen Coroners (Ireland) Act, 1846, no fén Acht so, beid (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir san Acht so) mar leanas, sé sin le rá:—
(a) ar son teacht i láthair chun fianaise do thabhairt ag aon choiste nár dhin an dochtúir leighis aon scrúdú postmortem aige, dhá ghiní ar a mhéid;
(b) ar son scrúdú post-mortem do dhéanamh ar chorp an duine mhairbh agus a thora do thuairisciú don choróineir gan teacht i láthair chun fianaise do thabhairt ag coiste, trí ghiní ar a mhéid; agus
(c) ar son scrúdú post-mortem do dhéanamh ar chorp an duine mhairbh (maraon le tuairisc, má b'ann di, ar thora an scrúduithe sin do thabhairt don choróinéir) agus ar son teacht i láthair chun fianaise do thabhairt ag coiste ar an gcorp, ceithre ghiní ar a mhéid:
Ach ní híocfar aon táille ná luach saothair le dochtúir leighis ar son scrúdú post-mortem a dineadh gan an coróinéir á ordú no á iarraidh roimh ré.
(2) I gcás aon fhínné eile a thagann i láthair chun fianaise do thabhairt ag coiste, má dheimhníonn an coróinéir go bhfuil nithe fé leith ag baint leis an gcás lomhálfa sé mar chostaisí pé suim is dó leis a bheith réasúnta ach gan a dhul thar suim chúig bpunt in aon chás aonair.
Comhacht chun corp d'aistriú chun scrúdú post-mortem no scrúdú speisialta do dhéanamh air.
14.—(1) Má bhíonn scrúdú post-mortem no scrúdú speisialta le déanamh ar chorp de bharr ordú no ar iarratas coróineura, féadfidh an coróinéir, fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo anso, a ordú go n-aistreofar an corp go dtí aon áit a bheidh soláthruithe chuige sin laistigh dá líomatáiste údaráis no laistigh d'aon cheanntar teoranta leis ina mbeidh údarás ag coróinéir eile:
Ach ní ordóidh an coróinéir fén alt so an corp d'aistriú go dtí aon áit seachas áit laistigh dá líomatáiste údaráis a bheidh soláthruithe ag údarás sláintíochta ach amháin le toil an té no an údaráis a sholáthruíonn an áit.
(2) Má orduíonn coróinéir fén alt so corp d'aistriú go dtí aon áit lasmuich dá líomatáiste údaráis, féadfa sé a údarú go n-adhlacfar an corp tar éis a scrúduithe, d'ainneoin é bheith lasmuich dá líomatáiste údaráis, agus mara ndine sé amhlaidh ordóidh sé an corp d'aistriú go dtí áit laistigh dá líomatáiste údaráis tar éis a scrúduithe.
(3) Má dintar, do réir ordú a dhin coróinéir fén alt so, corp d'aistriú go dtí aon áit lasmuich dá líomatáiste údaráis, ní dhéanfidh san difir do sna comhachta agus do sna dualgaisí a bheidh aige maidir leis an gcorp no leis an gcoiste ar an gcorp, ná ní bhronnfidh ná ní fhorchuirfe sé aon chirt, comhachta ná dualgaisí ar aon choróinéir eile.
Corp do thógaint as an uaigh.
15.—In aon chás ina mbeidh Ceannphort don Ghárda Síochána tar éis a chur in úil do choróinéir go bhfuil cúis chun a chreidiúint gur anabhás no bás mí-nádúrtha a fuair duine atá adhlactha cheana féin ina cheanntar féadfidh an coróinéir ordú d'iarraidh ar an Aire Dlí agus Cirt á ordú don Ghárda Síochána a chur fé ndeár corp an duine sin do thógaint as an uaigh; agus féadfidh an tAire an t-ordú san do dhéanamh dá réir sin más oiriúnach leis é agus leis sin beidh ag an gcoróinéir, maidir leis an gcorp san, gach comhacht agus dualgas do bheadh aige dá mba laistigh dá cheanntar do gheobhadh an duine sin bás agus go bhfuigheadh sé eolas ar bhás an duine sin sara n-adhlacfí an corp.
Coróinéirí do cheapa agus do chur as oifig.
16.—(1) Tuigfar, maidir leis an oifig choróineura, gur oifig í le n-a mbaineann Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926), agus bainfidh an tAcht san leis an oifig sin dá réir sin ach amháin go gciallóidh an focal “an tAire” san Acht san an tAire Dlí agus Cirt chó fada is théigheann an oifig sin.
(2) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, más oiriúnach leis é, aon choróinéir do chur as a oifig mar gheall ar mhí-iompar no más deimhin leis nách féidir do, toisc laige chuirp no aigne, a dhualgaisí do chólíona go cuibhe.
Beidh Trian Thuaidh Thiobrad Arann agus Trian Theas Thiobrad Arann ina dhá gcontae fé leith chun crícheanna coróineura.
17.—D'ainneoin éinní atá sa Local Government (Ireland) Act, 1898, ná in aon achtachán eile, stadfidh contaethe riaracháin Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh, agus Thiobrad Arann, an Trian Theas, de bheith ina n-aon chontae amháin chun gach críche a bhaineann le coróinéirí agus beidh gach contae fé leith acu san ina haon chontae amháin chun na gcrícheanna san.
Tuarastail.
18.—(1) Gach comhairle 'na bhfuil comhacht aici chun coróinéir do cheapa déanfa sí, laistigh de bhliain o dháta rithte an Achta so agus fé réir aontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, na tuarastail is iníoctha leis an gcoróinéir no leis na coróinéirí a bheidh ceaptha aici do bhreithniú agus, más léir gur mhaith an rud é dhéanamh, na tuarastail sin d'atharú: ach ní luigheadófar in aon chás an tuarastal is iníoctha le coróinéir atá i seilbh oifige ar dháta rithte an Achta so.
(2) Má ghoilleann sé ar choróinéir gur leig comhairle i bhfaillí no gur eitigh sí a thuarastal do scrúdú do réir fo-alt (1) den alt so no má ghoilleann tora an scrúduithe sin air, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus leis sin déanfa seisean, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, an tuarastal do shocrú do réir pé ráta is dó leis is ceart agus an tuarastal a socrófar amhlaidh tiocfa sé i bhfeidhm o pé dáta a chinnfe sé.
(3) Nuair a beifear ag socrú an ráta tuarastail is iníoctha le coróinéir fén alt so tabharfar aire do shaghas agus do mhéid a dhualgas agus do gach ní a bhaineann leis an gcás.
Comhacht chun ceanntair do chur le chéile.
19.—(1) Ar fháil bháis no ar eirghe as a oifig do choróinéir, in ionad comharba do cheapa féadfidh an chomhairle do cheap é agus, má éilíonn an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí uirthi é, déanfa sí scéim do chur fé bhráid an Aire Rialtais Áitiúla agus Slainte Puiblí chun a cheanntar no cuid dá cheanntar do chur le ceanntar no le ceanntracha aon choróineura no coróinéirí eile do cheap an chomhairle sin; agus má dhineann an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, tar éis do dul gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, aontú leis an scéim sin tiocfa sí i bhfeidhm ar pé dáta a chinnfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.
(2) Sa scéim sin féadfar a fhoráil go ndéanfar ath-scrúdú ar thuarastal aon choróineura go meastar a cheanntar do leathnú léi agus bainfidh fo-ailt (2) agus (3) d'alt 18 den Acht so leis an gcás má dintar an t-ath-scrúdú san.
Tuigfar gur tar éis rithte an Achta so a thárla folúntaisí atá ann.
20.—Chun na gcrícheanna a bhaineann le coróinéir do cheapa no le ceanntracha coróinéirí do chur le chéile, tuigfar gur díreach tar éis rithte an Achta so a thárla aon fholúntas atá san oifig choróineura le linn rithte an Achta so.
Comhacht chun rialacha do dhéanamh.
21.—Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt rialacha do dhéanamh chun an cleachta agus an nós-imeachta ag coistí agus ag scrúduithe post-mortem no maidir leo do regleáil agus go háirithe (gan dochar do gheneráltacht na forála san roimhe seo) féadfar socrú leis na rialacha san—
(a) i dtaobh an nós-imeachta ag coistí a déanfar gan giúiré;
(b) i dtaobh coróinéirí do thabhairt amach orduithe ag údarú adhlactha;
(c) chun comhacht do thabhairt do choróinéir no dá fhear ionaid an dáta d'atharú a bheidh ceaptha chun coiste do cuireadh ar athló do dhéanamh laistigh de líomatáiste údaráis an choróineura;
(d) i dtaobh an nós-imeachta a leanfar i gcás coróinéir do shocrú ar gan ath-chroma ar choiste do cuireadh ar athló; agus
(e) i dtaobh na bhfógraí a tabharfar agus i dtaobh aon bhannaí in ar chuaidh lucht giúiré no fínnithe d'atharú no do chur ar nea-mbrí i gcás an dáta a bheidh ceaptha i gcóir coiste do cuireadh ar athló d'atharú no coróinéir do shocrú ar gan ath-chroma ar choiste do cuireadh ar athló.
Fuirmeacha d'ordú.
22.—Beidh mar chuid den chomhacht a bheidh ag an Aire Dlí agus Cirt fén Acht so chun rialacha do dhéanamh maidir le héinní comhacht chun a ordú leis na rialacha san cadiad na fuirmeacha a húsáidfar maidir leis an ní sin agus chun aon fhuirmeacha do cheiliúra no do leasú go n-orduítear no go n-údaruítear le haon reacht no fé iad d'úsáid maidir leis an ní sin agus chun fuirmeacha nua do chur in ionad aon fhuirmeacha acu san.
Cuntaisí coróinéirí.
23.—(1) Ar an gcéad lá d'Fheabhra no roimhe sin i ngach bliain déanfidh gach coróinéir agus cuirfe sé chun an Aire Dlí agus Cirt cuntas i scríbhinn, a bheidh i pé fuirm agus ina mbeidh pé mion-innste a orduíonn an tAire o am go ham, ar gach cás inar dhin sé féin no a fhear ionaid coiste i rith na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhí na Nodlag díreach roimhe sin.
(2) I dteanta na gcuntaisí bliantúla a tabharfar fén bhfo-alt san roimhe seo, déanfidh gach coróinéir, fé mar éileoidh agus nuair éileoidh an tAire Dlí agus Cirt é, cuntaisí a bheidh i pé fuirm agus ina mbeidh pé mion-innste a ordóidh an tAire do thabhairt don Aire i dtaobh coistí a dhin sé agus i dtaobh básanna ar ar dhin sé fiosrú.
An ciste as a n-íocfar costaisí.
24.—Aon táillí no costaisí is iníoctha fén Acht so no fé n-a raghfar i bhfeidhmiú an Achta so, isé ciste as a n-íocfar iad ná an ciste céanna as a n-íoctí costaisí coróineura le linn rithte an Achta so.
Gearr-theideal.
25.—Féadfar an tAcht Coróinéirí (Leasú), 1927, do ghairm den Acht so.
Number 1 of 1927.
CORONERS (AMENDMENT) ACT, 1927.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Act Referred to | |
No. 39 of 1926 |
Number 1 of 1927.
CORONERS (AMENDMENT) ACT, 1927.
Duty of coroner to hold an inquest.
1.—Subject to the provisions of section 10 of this Act it shall be the duty of a coroner in every case in which he is informed that the dead body of a person is lying within his district, and there is reasonable cause to suspect that such person has died either a violent or unnatural death or has died a sudden death of which the cause is unknown or that such person has died in prison or in such place or in such circumstances as to require an inquest under any Act other than the Coroners (Ireland) Act, 1846, to hold an inquest upon the body of such person in accordance with the provisions of the Coroners (Ireland) Act, 1846 or of this Act.
Power to hold inquest in certain cases.
2.—(1) In any case (other than those provided for by section 1 of this Act) in which the coroner is informed of the death within his district of a person who was not attended throughout his last illness by a duly qualified medical practitioner or that a medical certificate of the cause of death of any person is not procurable, he may inquire into the circumstances of the death of such person, and if he is unable to ascertain the cause of such death he may if he shall think fit hold an inquest for the purpose of ascertaining the cause of such death. The coroner may, at any time after he is informed of the death of any such person and pending any such inquiry, make an order for the burial of the body of any such person.
(2) It shall be the duty of the local Superintendent or other officer of the Gárda Síochána, in case he becomes aware of the death within the district of a coroner of any person who was not attended throughout his last illness by a duly qualified medical practitioner, or in whose case a medical certificate of the cause of death is not procurable, to inform the coroner of such death.
Power to hold inquest without a jury in certain cases.
3.—(1) Subject to the provisions of this section a coroner within whose district the dead body of a person is lying may, in lieu of summoning a jury in the manner required by section 23 of the Coroners (Ireland) Act, 1846, for the purpose of inquiring into the death of that person, hold an inquest on the body without a jury.
(2) If it appears to the coroner either before he proceeds to hold an inquest or in the course of an inquest begun without a jury, that there is reason to suspect—
(a) that the deceased came by his death by murder, manslaughter or infanticide; or
(b) that the death occurred in prison or in such place or in such circumstances as to require an inquest under any Act other than the Coroners (Ireland) Act, 1846; or
(c) that the death was caused by an accident, poisoning or disease notice of which is required to be given to a government department or to any inspector or other officer of a government department, under or in pursuance of any Act; or
(d) that the death was caused by an accident arising out of the use of a vehicle in a street or public highway; or
(e) that the death occurred in circumstances the continuance or possible recurrence of which is prejudicial to the health or safety of the public or any section of the public;
he shall proceed to summon a jury in the manner required by the Coroners (Ireland) Act, 1846, and in any other case if it appears to him, either before he proceeds to hold an inquest or in the course of an inquest begun without a jury, that there is any reason for summoning a jury, he may proceed to summon a jury in the manner aforesaid.
(3) The provisions of any enactment relating to the procedure in connection with an inquest shall, as respects an inquest or any part of an inquest which is held without a jury, have effect subject to such modifications in the procedure as are rendered necessary by the absence of a jury, and where the whole of an inquest is held without a jury the inquisition shall be under the hand of the coroner alone.
(4) Where an inquest or any part of an inquest is held without a jury, anything done at the inquest, or at that part of the inquest, by or before the coroner alone shall be as validly done as if it had been done by or before the coroner and a jury.
(5) Where an inquest or any part of an inquest is held without a jury and it shall appear to the coroner that the cause of death has not been satisfactorily explained by the evidence of any medical practitioner summoned by him as a witness pursuant to section 33 of the Coroners (Ireland) Act, 1846, it shall be lawful for the coroner to issue his summons for the attendance of some other legally qualified medical practitioner or practitioners.
Number of jury.
4.—In the case of an inquest held by a coroner with a jury, such jury shall consist of not less than six and not more than twelve persons.
Liability to service on jury at inquest.
5.—Every person residing within a coroner's district shall be liable to serve on the jury at any inquest held in that district whether he is or is not a householder, and whether he is or is not rated to the relief of the poor, save only such persons as are for the time being, for some reason other than lack of rateable qualifications, not liable to, or disqualified for, or exempted from service on juries in the Courts of Justice.
View of the body and burial order.
6.—(1) At or before the first sitting of an inquest on a body the coroner shall view the body, and if at any stage of the inquest before the body has been buried the coroner so directs, or a majority of the jury so desires, the body shall be viewed by the jury also:
Provided that where a previous inquest on the body has been begun but not completed it shall not be obligatory upon the coroner holding a subsequent inquest to view the body.
(2) A coroner may at any time after he has viewed a body upon which he decides to hold an inquest by order under his hand authorise the burial of the body, and shall give the order to the relative or other person to whom it is required by the Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880 to be so given.
Failure of jury to agree.
7.—(1) If a jury at a coroner's inquest fail to agree on a verdict and the minority consists of not more than two, the coroner may accept the verdict of the majority, who shall in that case subscribe their names to the inquisition found upon such inquest.
(2) In any other case of disagreement the coroner shall discharge the jury and issue his precept for summoning another jury, and thereupon the inquest shall proceed in all respects as if the proceedings which terminated in the disagreement had not taken place, except that it shall not be obligatory on the coroner to view the body again.
Inquests where several deaths arise from one accident.
8.—Where the bodies of two or more persons whose deaths appear to have been caused by the same accident or occurrence are lying within the jurisdiction of different coroners, the Minister for Justice may, if in his opinion it is in the public interest so to do, give directions for the removal of any of the bodies into such district as he may determine in which one of the coroners has jurisdiction, and may also give directions for the subsequent removal of any body to any place within the jurisdiction from which it was removed, and for the adjustment of the expenses of and in connection with the inquests on the bodies removed, and the inquests shall be held and the bodies shall be removed and the expenses shall be defrayed in accordance with those directions.
Inquest where body destroyed or irrecoverable.
9.—Where a coroner has reason to believe that a death has occurred in or near his district in such circumstances that an inquest ought to be held, and that, owing to the destruction of the body by fire or otherwise or to the fact that the body is lying in a place from which it cannot be recovered, an inquest cannot be held except by virtue of the provisions of this section, he may report the facts to the Minister for Justice, and the Minister for Justice may, if he considers it desirable so to do, direct an inquest to be held touching the death, and an inquest shall be held accordingly by the coroner making the report or such other coroner as the Minister for Justice may direct, and the law relating to coroners and coroners' inquests shall apply with such modifications in the procedure as may be necessary in consequence of the inquest being held otherwise than on or after view of a body lying within the coroner's district.
Amendments with respect to inquests in cases of murder, manslaughter or infanticide.
10.—(1) If on an inquest touching a death the coroner is informed before the jury have given their verdict that some person has been charged before a District Justice with the murder, manslaughter or infanticide of the deceased, he shall, in the absence of reason to the contrary, adjourn the inquest until after the conclusion of the criminal proceedings and may if he thinks fit discharge the jury.
(2) After the conclusion of the criminal proceedings the coroner may, subject as hereinafter provided, resume the adjourned inquest if he is of opinion that there is sufficient cause so to do:
Provided that, if in the course of the criminal proceedings any person has been charged on indictment, then upon the resumed inquest no inquisition shall charge that person with an offence of which he could have been convicted on the indictment or contain any finding which is inconsistent with the determination of any matter by the result of those proceedings.
(3) Where a coroner resumes an inquest which has been adjourned in accordance with the requirements of this section and the jury has been discharged, the coroner shall proceed in all respects as if the inquest had not previously been begun, and the provisions of this Act shall apply accordingly as if the resumed inquest were a fresh inquest except that it shall not be obligatory on the coroner to view the body.
(4) If, having regard to the result of the criminal proceedings, the coroner decides not to resume the inquest he shall furnish the registrar of deaths with a certificate stating the result of the criminal proceedings and the particulars necessary for the registration of the death so far as they have been ascertained at the inquest, and the registrar shall enter the death and particulars in the form and manner prescribed by the Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863 and the Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880.
(5) It shall be the duty of the clerk to or other proper officer of the District Justice before whom a person is charged with murder, manslaughter or infanticide to inform the coroner who is responsible for holding an inquest upon the body of the making of the charge, and of the committal for trial or discharge, as the case may be, of the person charged, and it shall be the duty of the clerk or other proper officer of any court to which a person charged with murder, manslaughter or infanticide is committed for trial, and of the registrar or other proper officer of the court before which any appeal from a conviction of murder, manslaughter or infanticide is heard, to inform the coroner of the result of the proceedings.
(6) For the purposes of this section, the expression “the criminal proceedings” means the proceedings before a District Justice and before any court to which the accused person is committed for trial or before which an appeal from the conviction of that person is heard, and criminal proceedings shall not be deemed to be concluded until no further appeal can, without an extension of time being granted by the Court of Criminal Appeal, be made in the course thereof.
Post-mortem examination without inquest.
11.—(1) Where a coroner is informed that the dead body of a person is lying within his district and there is reasonable cause to suspect that the person has died a sudden death of which the cause is unknown, if the coroner is of opinion that a post-mortem examination may prove an inquest to be unnecessary, he may cause such an examination to be made and the result to be reported to him, and for the purposes of the examination the coroner and any person authorised by him to conduct the examination shall have the like powers, authorities and immunities as if the examination were an examination directed by the coroner at an inquest upon the body of the deceased.
(2) If as a result of such an examination as aforesaid the coroner is satisfied that an inquest is unnecessary, he shall send to the registrar of deaths whose duty it is to register the death a certificate under his hand stating the cause of death as disclosed by the report, and the registrar shall make an entry in the register accordingly.
(3) Nothing in this section shall be construed as authorising the coroner to dispense with an inquest in any case where there is reasonable cause to suspect that the deceased has died either a violent or an unnatural death, or has died in prison or in such place or in such circumstances as to necessitate the holding of an inquest in accordance with the requirements of any Act other than the Coroners (Ireland) Act, 1846.
Post-mortem and special examinations.
12.—(1) Without prejudice to the power of a coroner holding an inquest to direct a medical witness whom he may summon under section 33 of the Coroners (Ireland) Act, 1846, to make a post-mortem examination of the body of the deceased, the coroner may, at any time after he has decided to hold an inquest, inform the Minister for Justice by writing under his hand that it is in his opinion desirable to have made—
(a) a post-mortem examination of the body of the deceased; or
(b) a special examination by way of analysis, test or otherwise of such parts or contents of the body or such other substances or things as ought in the opinion of the coroner to be submitted to analyses, tests or other special examination with a view to ascertaining how the deceased came by his death;
or to have both such examinations made, at the same time stating his reasons for such opinion; and the Minister for Justice may thereupon appoint a legally qualified medical practitioner to make such post-mortem examination or special examination or may appoint any other person whom he considers to possess special qualifications for making such a special examination as aforesaid to make the special examination.
(2) If any person who has made such a post-mortem or special examination as aforesaid is summoned by the coroner as a witness he may be asked to give evidence as to his opinion upon any matter arising out of the examination, and as to how in his opinion the deceased came by his death.
(3) The fee payable in respect of any such post-mortem or special examination shall be a sum not exceeding ten guineas, or such larger sum as the coroner shall with the approval of the Minister for Justice determine, and if the person making such post-mortem or special examination is summoned by the coroner as a witness to attend an inquest he shall be given such further allowance as the coroner with the approval of the Minister for Justice shall determine.
Fees and expenses to witnesses.
13.—(1) The fees payable to a legally qualified medical practitioner who has made any post-mortem examination by the direction or at the request of a coroner, or who has attended an inquest in obedience to a summons of a coroner under the Coroners (Ireland) Act, 1846 or this Act, shall (save as in this Act otherwise expressly provided) be as follows, that is to say:—
(a) for attending to give evidence at any inquest whereat no post-mortem examination has been made by the practitioner, not exceeding two guineas;
(b) for making a post-mortem examination of the body of the deceased and reporting the result thereof to the coroner without attending to give evidence at an inquest, not exceeding three guineas; and
(c) for making a post-mortem examination of the body of the deceased (including the making of a report, if any, of the result thereof to the coroner) and for attending to give evidence at an inquest on the body, not exceeding four guineas:
Provided that no fee or remuneration shall be paid to a medical practitioner for the purpose of a post-mortem examination instituted without the previous direction or request of the coroner.
(2) In the case of any other witness attending to give evidence at an inquest, if the coroner shall certify that special circumstances exist he shall allow such sum for expenses as he shall consider reasonable, not exceeding in any one case the sum of five pounds.
Power of removal of body for post-mortem or special examination.
14.—(1) Where by the direction or at the request of a coroner a post-mortem or special examination of a body is to be made, the coroner may, subject as hereinafter provided, order the removal of the body to any place which may be provided for the purpose either within his jurisdiction or within any adjoining district in which another coroner has jurisdiction:
Provided that the coroner shall not under this section order the removal of the body to any place other than a place within his jurisdiction provided by a sanitary authority except with the consent of the person or authority by whom the place is provided.
(2) Where a coroner orders under this section the removal of a body to any place outside his jurisdiction, he may authorise the burial of the body after examination, notwithstanding that it is outside his jurisdiction, and if he does not do so he shall order the removal of the body after examination to a place within his jurisdiction.
(3) The removal of a body in pursuance of an order made by a coroner under this section to any place outside his jurisdiction shall not affect his powers and duties in relation to the body or the inquest thereon, nor shall it confer or impose any rights, powers or duties upon any other coroner.
Exhumation.
15.—In any case where a coroner has been informed by a Superintendent of the Gárda Síochána that there is reason to believe that a person who has been already buried in his district has died either a violent or an unnatural death, he may apply to the Minister for Justice for an order directing the Gárda Síochána to have the body of such person exhumed; and the Minister, if he shall see fit, may make such order accordingly and thereupon the coroner shall have all the powers and duties in regard to such body as he would have had if such person had died within his district and he had become aware of the death before the burial of the body.
Appointment and removal of coroners.
16.—(1) The office of coroner shall be deemed to be an office to which the Local Authorities (Officers and Employees) Act, 1926. (No. 39 of 1926) applies, and that Act shall apply accordingly with the modification that in relation to that office the expression “the Minister” in that Act shall mean the Minister for Justice.
(2) The Minister for Justice may, if he thinks fit, remove any coroner from his office for misconduct or if satisfied that, by reason of physical or mental infirmity, he is incapable of the due discharge of his duties.
Tipperary North Riding and Tipperary South Riding to be separate counties for coroner purposes.
17.—Notwithstanding anything contained in the Local Government (Ireland) Act, 1898, or in any other enactment, the administrative counties of Tipperary North Riding and Tipperary South Riding shall cease to be one county for all purposes relating to coroners and each of the said counties shall be one county for such purposes.
Salaries.
18.—(1) Within twelve months from the date of the passing of this Act every council having power to appoint a coroner shall subject to the approval of the Minister for Local Government and Public Health consider and, where it seems desirable to do so, shall alter the salaries payable to the coroner or coroners appointed by such council: provided that the salary payable to a coroner holding office at the date of the passing of this Act shall in no case be diminished.
(2) If a coroner is aggrieved by the neglect or refusal of a council to examine his salary pursuant to sub-section (1) of this section or by the result of such examination, he may appeal to the Minister for Local Government and Public Health, who shall thereupon after consultation with the Minister for Justice fix the salary at such rate as he thinks proper, and the salary so fixed shall come into force as from such date as he may determine.
(3) In fixing the rate of salary payable to a coroner under this section regard shall be had to the nature and extent of his duties and to all the circumstances of the case.
Power to amalgamate districts.
19.—(1) Upon the death or resignation of a coroner the council by whom he was appointed in lieu of appointing a successor may, and if required by the Minister for Local Government and Public Health shall, submit to the Minister for Local Government and Public Health a scheme for the amalgamation of his district or part of his district with the district or districts of any other coroner or coroners appointed by such council; and such scheme, if approved by the Minister for Local Government and Public Health after consultation with the Minister for Justice, shall come into force upon such date as the Minister for Local Government and Public Health shall determine.
(2) Such scheme may provide for a revision of the salary of any coroner whose district it is proposed to extend thereby and sub-sections (2) and (3) of section 18 of this Act shall apply in the case of such revision.
Existing vacancies to be deemed to have occurred after passing of this Act.
20.—For the purposes of the appointment of a coroner or of the amalgamation of coroners' districts, any vacancy in the office of coroner existing at the time of the passing of this Act shall be deemed to have occurred immediately after the passing of this Act.
Power to make rules.
21.—The Minister for Justice may make rules for regulating the practice and procedure at or in connection with inquests and post-mortem examinations and, in particular (without prejudice to the generality of the foregoing provision), such rules may provide—
(a) as to the procedure at inquests held without a jury;
(b) as to the issue by coroners of orders authorising burials;
(c) for empowering a coroner or his deputy to alter the date fixed for the holding of an adjourned inquest within the jurisdiction of the coroner;
(d) as to the procedure to be followed where a coroner decides not to resume an adjourned inquest; and
(e) as to the notices to be given and as to the variation or discharge of any recognizances entered into by jurymen or witnesses where the date fixed for an adjourned inquest is altered or where a coroner decides not to resume an adjourned inquest.
Prescription of forms.
22.—The power of the Minister for Justice under this Act to make rules with respect to any matter shall include power to prescribe by such rules the forms to be used in connection with that matter and to revoke or amend any forms which are directed or authorised by or under any statute to be used in connection with that matter and to substitute new forms for any of such forms.
Coroners' returns.
23.—(1) Every coroner shall on or before the first day of February in each year make and transmit to the Minister for Justice a return in writing, in such form and containing such particulars as the Minister from time to time directs, of all cases in which an inquest has been held by him, or by his deputy, during the year ended on the thirty-first day of December immediately preceding.
(2) In addition to the yearly returns to be furnished under the foregoing sub-section, every coroner shall, as and when required by the Minister for Justice, furnish to the Minister returns in relation to inquests held and deaths inquired into by him in such form and containing such particulars as the Minister may direct.
Source out of which expenses are to be defrayed.
24.—Any fees or expenses payable under, or incurred in the execution of this Act shall be defrayed out of the like source as that out of which the expenses of a coroner were defrayed at the time of the passing of this Act.
Short title.
25.—This Act may be cited as the Coroners (Amendment) Act, 1927.