Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 2 de 1937.


[EN]

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1937.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS CÓLUCHTAÍ AR A bhFUIL SÉ DE CHÚRAM FÓIRITHIN NA mBOCHT DO RIARADH CONGNAMH DO THABHAIRT DO SHAGHSANNA ÁIRITHE CUMANN A DHEINEANN FÓIRITHIN AR DHAOINE BOCHTA, AGUS CHUN DLEATHACHTA DO THABHAIRT DO CHONGNAMH DO THUG CÓLUCHTAÍ DEN tSÓRT SAN AMHLAIDH ROIMH AN ACHT SO DO RITH, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [26adh Feabhra, 1937].

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

[EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

[EN]

cialluíonn an abairt “údarás conganta puiblí” cólucht ar a bhfuil sé de chúram, do réir dlí, fóirithin na mbocht do riaradh;

[EN]

cialluíonn an abairt “cumann chun fóirithin ar dhaoine bochta” cólucht daoine, ionchorpruithe no neamh-ionchorpruithe, gurb é a gcuspóir no ceann dá gcuspóirí fóirithin do thabhairt do dhaoine bochta.

[EN]

Congnamh do chumainn chun fóirithin ar dhaoine bochta.

2.—Pé uair is deimhin le húdarás conganta puiblí go ndeineann cumann chun fóirithin ar dhaoine bochta, no go bhfuil beartuithe acu, fóirithin do thabhairt do dhaoine bochta tré bhiadh agus lóistín do chur ar fáil do dhaoine den tsórt san in áitreabh fé chúram an chumainn sin i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis chonganta phuiblí sin agus go dtugann no go dtabharfaidh an cumann san, tré dhéanamh amhlaidh, cabhair úsáideach uatha chun fóirithin na mbocht do riaradh sa líomatáiste feidhmiúcháin sin, féadfaidh an t-údarás conganta puiblí sin, le toiliú an Aire agus fé réir na dteorann agus na gcoinníoll san a fhorchuirfidh an tAire, congnamh do thabhairt don chumann san in aon tslí no slite acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré chabhair airgid do thabhairt chun íoctha na gcostas fé n-a dtéigheann no fé n-a raghaidh an cumann san chun fóirithin do thabhairt do dhaoine bochta sa tslí roimhráite, no

[EN]

(b) tré abhar teine, abhar solais, biadh, uisce no earra eile do thabhairt don chumann san chun an chumainn sin á úsáid chun fóirithin do thabhairt amhlaidh do dhaoine bochta, no

[EN]

(c) tré n-a cheadú don chumann san úsáid do dhéanamh, chun fóirithin do thabhairt amhlaidh do dhaoine bochta, d'áitreabh i seilbh an údaráis chonganta phuiblí sin agus, i gcás inar gá san, tré atharú agus deisiú do dhéanamh ar an áitreabh san agus tré throscán agus feistisí dhó do chur ar fáil chun é dhéanamh oiriúnach chun é d'úsáid chun na críche sin, no

[EN]

(d) tré áitreabh do chur ar fáil (maraon leis an dtroscán agus leis na feistisí uile is gá) chun an chumainn sin á úsáid chun fóirithin do thabhairt amhlaidh do dhaoine bochta.

[EN]

Congnamh do tugadh go dtí so do dhleathú.

3.—Más rud é—

[EN]

(a) go ndearna údarás conganta puiblí, tráth ar bith laistigh de dheich mbliana roimh an Acht so do rith, aon chongnamh do thabhairt do chumann chun fóirithin ar dhaoine bochta a fhéadfadh an t-údarás conganta puiblí sin, le toiliú an Aire, do thabhairt go dleathach don chumann san dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an uair sin, agus

[EN]

(b) go ndeimhneoidh an tAire, laistigh de shé mhí tar éis an Achta so do rith, go raibh sé réasúnta agus chun leasa na puiblíochta an congnamh san do thabhairt,

[EN]

beidh tabhairt an chonganta san do thug an t-údarás conganta puiblí sin don chumann san agus an t-íoc do rinne an t-údarás san sa chostas do bhain leis an gcongnamh san do thabhairt amhlaidh (le n-a n-áirmhítear an t-údarás san d'fháil aon airgid ar iasacht chun an íoca san do dhéanamh) beid san agus tuigfear go rabhadar riamh chó dlíthiúil agus chó dleathach agus do bheidís dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an uair sin agus gur le toiliú an Aire do bhéarfaí an congnamh san amhlaidh agus do gheobhfaí an t-airgead san ar iasacht (má fuarthas).

[EN]

Costaisí údarás conganta puiblí.

4.—Déanfar na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás conganta puiblí fén Acht so do chruinniú agus d'íoc mar chuid de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás san chun fóirithin na mbocht do riaradh.

[EN]

Údaráis chonganta phuiblí d'fháil airgid ar iasacht.

5.—Féadfaidh údarás conganta puiblí, le toiliú an Aire, airgead d'fháil ar iasacht chun gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh fén Acht so, sé sin le rá, áitreabhacha do chur ar fáil, atharú no deisiú do dhéanamh ar áitreabhacha no troscán agus feistisí do sholáthar no do chur ar fáil d'áitreabhacha.

[EN]

Gearr-theideal agus léiriú.

6.—(1) Féadfar an tAcht um Chongnamh Phuiblí, 1937, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Poor Relief (Ireland) Acts, 1838 to 1914.

[GA]

harp.jpg


Number 2 of 1937.


[GA]

PUBLIC ASSISTANCE ACT, 1937.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Assistance of societies for relieving poor persons.

3.

Validation of assistance heretofore given.

4.

Expenses of public assistance authorities.

5.

Borrowing by public assistance authorities.

6.

Short title and construction.

harp.jpg


Number 2 of 1937.


PUBLIC ASSISTANCE ACT, 1937.


AN ACT TO ENABLE BODIES CHARGED WITH THE ADMINISTRATION OF THE RELIEF OF THE POOR TO GIVE ASSISTANCE TO CERTAIN CLASSES OF SOCIETIES ENGAGED IN RELIEVING POOR PERSONS, AND TO VALIDATE ASSISTANCE SO GIVEN BY SUCH BODIES BEFORE THE PASSING OF THIS ACT, AND TO PROVIDE FOR MATTERS INCIDENTAL TO OR CONNECTED WITH THE MATTERS AFORESAID. [26th February, 1937.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the expression “the Minister” means the Minister for Local Government and Public Health;

[GA]

the expression “public assistance authority” means a body charged by law with the administration of the relief of the poor;

[GA]

the expression “society for relieving poor persons” means a body of persons, incorporated or unincorporated, which has as its object or one of its objects the giving of relief to poor persons.

[GA]

Assistance of societies for relieving poor persons.

2.—Whenever a public assistance authority is satisfied that a society for relieving poor persons affords or proposes to afford relief to poor persons by providing food and lodging for such persons in premises under the control of such society in the functional area of such public assistance authority and that such society by so doing renders or will render useful aid in the administration of the relief of the poor in such functional area, such public assistance authority may, with the consent of the Minister and subject to such limitations and conditions as he shall impose, give assistance to such society in any one or more of the following ways, that is to say:—

[GA]

(a) by contributing to the expenses incurred by such society in affording relief to poor persons in the manner aforesaid, or

[GA]

(b) by supplying to such society fuel, light, food, water, or other commodity for use by such society in so affording relief to poor persons, or

[GA]

(c) by permitting the use by such society, for the purpose of so affording relief to poor persons, of premises in the occupation of such public assistance authority and, where requisite, executing alterations and repairs to and supplying furniture and fittings for such premises in order to make them suitable for use for such purpose, or

[GA]

(d) by providing premises (with all requisite furniture and fittings) for use by such society for the purpose of so affording relief to poor persons.

[GA]

Validation of assistance heretofore given.

3.—Where—

[GA]

(a) a public assistance authority has, at any time within ten years before the passing of this Act, given to a society for relieving poor persons any assistance which such public assistance authority could, with the consent of the Minister, have lawfully given to such society if this Act had then been in force, and

[GA]

(b) the Minister, within six months after the passing of this Act, certifies that the giving of such assistance was reasonable and in the public interest,

[GA]

the giving of such assistance by such public assistance authority to such society and the defrayal by such authority of the expense of so giving such assistance (including any borrowing by such authority for the purposes of such defrayal) shall be and be deemed always to have been as lawful and valid as the same would have been if this Act had then been in force and such assistance had been so given and such borrowing (if any) had been made with the consent of the Minister.

[GA]

Expenses of public assistance authorities.

4.—All expenses incurred by a public assistance authority under this Act shall be raised and defrayed as part of the expenses incurred by such authority in the administration of the relief of the poor.

[GA]

Borrowing by public assistance authorities.

5.—A public assistance authority may, with the consent of the Minister, borrow for the purpose of doing under this Act all or any of the following things, that is to say, providing premises, executing alterations or repairs to premises, or supplying or providing furniture and fittings for premises.

[GA]

Short title and construction.

6.—(1) This Act may be cited as the Public Assistance Act, 1937.

[GA]

(2) This Act shall be construed as one with the Poor Relief (Ireland) Acts, 1838 to 1914.