Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 28 de 1933.
ACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS ABHAR LEASUITHE, 1933.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “earraí” síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin, fé mar is gá sa chás;
ní chialluíonn an focal “síolta” ach amháin síolta eornan, síolta coirce agus prátaí síl;
déanfar tagairtí do chomhairle do dhíol earraí agus d'earraí do cheannach o chomhairle do léiriú mar thagairtí fholuíonn eadarghníomhartha ina ndeineann no ina ndearna comhairle socrú le deighleálaí carraí ina ndeighleálann so do chur ar fáil do dhuine go n-údarás ón gcomhairle sin chun na n-earraí sin d'fháil.
Comhacht do chomhairle chontal chun, síolta agus abhar leasuithe do chur ar fáil.
2.—(1) Beidh sé dleathach do chomhairle chontae aon uair roimh an 31adh lá d'Iúl, 1933, síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin do chur ar fáil chun iad do roinnt sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi, agus aon chuid de sna síolta agus de sna habhair leasuithe no de sna síolt no de sna habhair leasuithe (do réir mar bheidh) a cuirfear ar fáil amhlaidh do dhíol le haon tsealbhaire no saothruitheoir tailimh sa chontae sin no sa chuid áirithe sin di.
(2) Má rinne comhairle chontae an 1adh lá de Mhárta, 1933, no dá éis sin, agus roimh an Acht so do rith, síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin do chur ar fáil chun iad do roinnt sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi, beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh dleathach don chomhairle sin aon chuid de sna síolta agus de sna habhair leasuithe no de sna síolta no de sna habhair leasuithe (do réir mar bheidh) do cuireadh ar fáil amhlaidh do dhíol le haon tsealbhaire no saothruitheoir tailimh sa chontae sin no sa chuid áirithe sin di, agus gach cur ar fáil no díol den tsórt san do rinneadh roimh an Acht so do rith tuigfear chun crícheanna an Achta so gur fén Acht so do rinneadh é agus déanfar tagairtí san Acht so do chomhairle chontae do chur earraí ar fáil no do dhíol earraí agus d'earraí do cheannach o chomhairle chontae do léiriú dá réir sin.
(3) Pé uair a dhéanfaidh no do rinne comhairle chontae aon earraí do dhíol fén Acht so le duine ar bith, beidh ag gabháil leis an suim a bheidh iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin alos an díola san ús do réir an ráta san per cent. per annum a shocróidh an chomhairle sin chuige sin, d'ainneoin gan aon chó-aontú do dhéanamh, am an díola san, chun úis d'íoc.
(4) Pé uair a dhéanfaidh comhairle chontae síolta agus abhair leasuithe no ceachtar acu do chur ar fáil no do rinneadar an céanna do chur ar fáil agus do dhíol fén Acht so, féadfaidh an chomhairle sin a fháil amach cadé méid iomlán na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (lasmuich den phraghas d'íoc an chomhairle sin ar na síolta agus na habhair leasuithe sin no ar na síolta no ar na habhair leasuithe sin, pe'ca aca é) fé n-a ndeachaidh an chomhairle sin alos na n-earraí sin do chur ar fáil agus alos díol na n-earraí uile do díoladh agus féadfaidh an méid sin do roinnt idir na daoine uile agus fé seach le n-ar díoladh amhlaidh na hearraí sin, agus leis sin déanfar an tsuim a bheidh roinnte amhlaidh i gcoinnibh aon duine den tsaghas san do chur leis an suim agus beidh sí ina cuid agus tuigfear go raibh sí riamh ina cuid den tsuim a bheidh ag dul don chomhairle sin ón duine sin alos an díola do rinneadh amhlaidh leis an duine sin agus féadfar í do bhaint amach fén Acht so dá réir sin, d'ainneoin gan aon chó-aontú do dhéanamh, am an díola san, chun na suime sin d'íoc.
(5) Aon tsuim a bheidh ag dul do chomhairle chontae alos aon earraí do dhíol fén Acht so (le n-a n-áirmhítear an t-ús agus an cion de sna costaisí agus de sna caiteachaisí is iníoctha de bhuadh an ailt seo) íocfar í leis an gcomhairle sin san am agus sa tslí ar ar có-aontuíodh am an díola san no, más rogha leis an gcomhairle sin é, ina dhá tráth-chuid chó-ionannacha a bheidh iníoctha ar na dátaí fé seach a cheapfaidh an chomhairle sin chuige sin, agus i gceachtar cás acu féadfar an tsuim sin do bhailiú agus do bhaint amach sa tslí a húdaruítear leis an Acht so.
Suimeanna is iníoctha le comhairlí contae fén Acht so do bhaint amach.
3.—I dteanta aon mhodha eile agus gan dochar d'aon mhodh eile chun suime ar bith do bhaint amach is iníoctha le comhairle chontae alos no i dtaobh na comhairle sin do dhíol earraí fén Acht so, féadfar gach suim den tsórt san ná beidh íoctha leis an gcomhairle sin ná bainte amach ag an gcomhairle sin roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934—
(a) féadfar, má bhíonn an té go mbeidh an tsuim sin iníoctha aige rátuithe i gcóir an ráta dealbhais sa chontae sin, í do bhaint amach tríd an gcomhairle sin do ghearradh ráta speisialta a cuirfear leis an ráta dealbhais agus a baileofar in éineacht leis an ráta dealbhais a bheidh measta ar an tionóntachán gur ina thaobh a bheidh an duine sin rátuithe amhlaidh, no
(b) féadfar, mara mbíonn an té go mbeidh an tsuim sin iníoctha aige rátuithe i gcóir an ráta dealbhais sa chontae sin, í do bhaint amach tré ráta speisialta a ghearrfaidh an chomhairle sin chun crícheanna an ailt seo agus 'na ndéanfar an duine sin do rátú ina chóir agus a baileofar agus a féadfar a bhaint amach ar an gcuma gcéanna agus sa tslí chéanna in ar féidir don chomhairle sin ráta dealbhais do bhailiú agus do bhaint amach.
An Stát do dhéanamh cúitimh i gcailteanas.
4.—(1) Fé réir na teorann a forchuirtear tríd an gcéad fho-alt eile den alt so, déanfaidh an tAire Airgid, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cúiteamh le haon chomhairle chontae i leath gach suime—
(a) is iníoctha ag duine ar bith leis an gcomhairle sin alos no i dtaobh na comhairle sin do dhíol earraí leis an duine sin fén Acht so, agus
(b) go mbeidh dhá urra le n-a mbeidh an chomhairle sin sásta, agus nách neach ceannuithe earraí ón gcomhairle sin fén Acht so ceachtar acu, tar éis dul in urrús air i scríbhinn go n-íocfaidh an duine sin í leis an gcomhairle sin, agus
(c) go ndeimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí nách féidir don chomhairle sin í do bhaint den duine sin ná de sna hurraí sin.
(2) An méid iomlán íocfaidh an tAire Airgid fén alt so le comhairle aon chontae ní ragha sé thar an suim a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme na contae sin sa chéad cholún den Sceideal san.
Comhacht chun iasacht d'fháil.
5.—(1) Féadfaidh comhairle chontae pé airgead d'fháil ar iasacht is gá chun síolta agus abhar leasuithe no síolta amháin no abhar leasuithe amháin do chur ar fáil fén Acht so.
(2) Déanfar gach suim do gheobhfar ar iasacht fén alt so d'aisíoc an 31adh lá de Mhárta, 1935, no roimhe sin, maraon le hús do réir an ráta ar ar có-aontuíodh.
(3) Tuigfear gach suim do gheobhfar ar iasacht fén alt so maraon leis an ús uirthi do bheith ina muirear, ón dáta ar a bhfuighfear an tsuim sin ar iasacht, ar an ráta dealbhais is inghearrtha i gcontae na comhairle do gheobhaidh an céanna ar iasacht.
Geallúintí agus urraíochtaí nea-stampálta do bheith ionghlactha.
6.—I gcás duine ar bith (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) do bheith tar éis earraí ar bith do cheannach fén Acht so o chomhairle chontae agus an duine sin do bheith, roimh an gceannach san no mar choinníoll do ghaibh le n-a cheadú dho an ceannach san do dhéanamh, tar éis geallúna (i dteanta no d'éamais urraíochta o urraí) do thabhairt fé n-a láimh go ndéanfaidh praghas na n-earraí do ceannuíodh amhlaidh d'íoc leis an gcomhairle sin no tar éis teacht ar aon tslí eile de dhruim geallúna den tsórt san chun bheith freagarthach san íoc san, féadfar an gheallúint sin agus an urraíocht (más ann di) ghabhann léi do thairisgint mar fhianaise, agus (ar a chruthú gur tugadh í go cuibhe) glacfar í mar fhianaise, in imeachta in aon Chúirt chun an phraghais sin do bhaint den duine sin no d'aon urra den tsórt san, d'ainneoin ná beifear tar éis forálacha an Stamp Act, 1891, mar a leasuítear no mar a hoiriúnuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, do chólíonadh.
Saoirse o dhí-cháilíocht.
7.—Má rinne duine ar bith no má chó-aontuigh sé carraí ar bith, ar n-a gcur ar fáil agus ar n-a ndíol ag comhairle chontae fén Acht so, do cheannach ón gcomhairle sin, ní bheidh sé fé dhícháilíocht dá dheascaibh sin maidir le hé do thoghadh, do rogha no do bheith mar bhall de chomhairle chontae no cheanntair, no de bhord choimisinéirí baile.
Dleathacht do thabhairt d'orduithe, do rialacháin, etc., áirithe.
8.—Gach ordú agus rialachán a rinne an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, gach cead do thug sé uaidh, agus gach rud a rinne sé roimh an Acht so do rith i dtaobh comhairlí contaethe do chur earraí ar fáil agus do dhíol earraí fén Acht so beid agus tuigfear go rabhadar riamh dleathach agus éifeachtúil chun gach críche.
Gearr-theideal.
9.—Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Abhar Leasuithe, 1933, do ghairm den Acht so.
SCEIDEAL.
Ainm na Contae. | Cúiteamh Maximum. | |||
Ceatharlach | ... | ... | ... | £326 |
An Cabhán | ... | ... | ... | £913 |
An Clár | ... | ... | ... | £1,029 |
Corcaigh | ... | ... | ... | £2,976 |
Dún na nGall | ... | ... | ... | £1,749 |
Baile Atha Cliath | ... | ... | ... | £732 |
An Ghaillimh | ... | ... | ... | £1,788 |
Ciarraighe | ... | ... | ... | £1,556 |
Cill Dara | ... | ... | ... | £610 |
Cill Choinnigh | ... | ... | ... | £727 |
Laoighis | ... | ... | ... | £615 |
Liathdruim | ... | ... | ... | £667 |
Luimneach | ... | ... | ... | £1,204 |
Longphort | ... | ... | ... | £416 |
Lughbhaidh | ... | ... | ... | £430 |
Muigheo | ... | ... | ... | £1,910 |
An Mhidhe | ... | ... | ... | £666 |
Muineachán | ... | ... | ... | £651 |
Uí bhFáilghe | ... | ... | ... | £528 |
Roscomán | ... | ... | ... | £997 |
Sligeach | ... | ... | ... | £715 |
Tiobraid Arann, an Trian Thuaidh | ... | £574 | ||
Tiobraid Arann, an Trian Theas | ... | £706 | ||
Portláirge | ... | ... | ... | £557 |
An Iar-Mhidhe | ... | ... | ... | £558 |
Loch Garman | ... | ... | ... | £876 |
Cill Mantán | ... | ... | ... | £494 |
Number 28 of 1933.
SEEDS AND FERTILISERS SUPPLY ACT, 1933.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Number 28 of 1933.
SEEDS AND FERTILISERS SUPPLY ACT, 1933.
Definitions.
1.—In this Act—
the word “goods” means seeds and fertilisers or seeds only or fertilisers only, as the case may require;
the word “seeds” means only barley seeds, oat seeds, and seed potatoes;
references to the sale of goods by or to the purchase of goods from a council shall be construed as including transactions in which a council arranges or has arranged for the supply of goods by a dealer in those goods to a person authorised by such council to receive such supply.
Power of county council to provide seeds and fertilisers.
2.—(1) It shall be lawful for the council of a county at any time before the 31st day of July, 1933, to provide a supply of seeds and fertilisers or of seeds only or of fertilisers only for distribution in such county or in any particular portion thereof and to sell any of the seeds and fertilisers or seeds or fertilisers (as the case may be) so provided to any occupier or cultivator of land in such county or such particular portion thereof.
(2) Where the council of a county has, on or after the 1st day of March, 1933, and before the passing of this Act, provided a supply of seeds and fertilisers or of seeds only or of fertilisers only for distribution in such county or in any particular portion thereof, it shall be and be deemed always to have been lawful for such council to sell any of the seeds and fertilisers or seeds or fertilisers (as the case may be) so provided to any occupier or cultivator of land in such county or such particular portion thereof, and every such provision or sale made before the passing of this Act shall be deemed for the purposes of this Act to have been made under this Act and references in this Act to the provision or to the sale of goods by the council of a county and to the purchase of goods from the council of a county shall be construed accordingly.
(3) Whenever the council of a county sells or has sold under this Act any goods to any person, the sum payable by such person to such council in respect of such sale shall carry interest at such rate per cent. per annum as may be fixed in that behalf by such council, notwithstanding that no agreement to pay interest was made at the time of such sale.
(4) Whenever the council of a county provides or has provided and sold under this Act seeds and fertilisers or either of them, such council may ascertain the total amount of the costs and expenses (other than the price paid by such council for such seeds and fertilisers or seeds or fertilisers, as the case may be) incurred by such council in respect of the provision and all sales of such goods and may apportion such amount amongst the several persons to whom such goods were so sold and thereupon the sum so apportioned to any such person shall be added to and form and be deemed always to have formed part of the sum owing to such council by such person in respect of the sale so made to such person and shall be recoverable under this Act accordingly, notwithstanding that no agreement for the payment of such sum was made at the time of such sale.
(5) Any sum owing to the council of a county in respect of any sale under this Act of any goods (including the interest and proportion of costs and expenses payable by virtue of this section) shall be paid to such council, at the option of such council, either at the time and in the manner agreed on at the time of such sale or by two equal instalments payable on the respective dates appointed for the purpose by such council, and in either case may be collected and recovered in the manner authorised by this Act.
Recovery of sums payable to county councils under this Act.
3.—In addition and without prejudice to any other method of recovering any sum payable to the council of a county in respect or on account of a sale of goods by such council under this Act, every such sum which is not paid to or recovered by such council before the 1st day of January, 1934, may—
(a) if the person by whom the same is payable is rated to the poor rate in such county, be recovered by the levying by such council of a special rate to be added to and collected with the poor rate assessed on the tenement in respect of which such person is so rated, or
(b) if the person by whom the same is payable is not rated to the poor rate in such county, be recovered by means of a special rate to be made by such council for the purposes of this section to which such person shall be rated and which shall be collected and may be recovered in the same manner and by the same means as poor rate may be collected and recovered by such council.
Recoupment of losses by the State.
4.—(1) Subject to the limitation imposed by the next sub-section of this section, the Minister for Finance shall, out of moneys provided by the Oireachtas, recoup to any council of a county one-half of every sum—
(a) which is payable by any person to such council in respect of or on account of a sale of goods under this Act by such council to such person, and
(b) the payment whereof to such council by such person is guaranteed in writing by two sureties approved of by such council, neither of whom is a purchaser of goods from such council under this Act, and
(c) which is certified by the Minister for Local Government and Public Health to be irrecoverable by such council from such person and such sureties.
(2) The total amount paid by the Minister for Finance under this section to the council of any county shall not exceed the sum stated in the second column of the Schedule to this Act opposite the name of such county in the first column of the said Schedule.
Borrowing power.
5.—(1) The council of a county may borrow such moneys as may be necessary for the purpose of the provision under this Act of supplies of seeds and fertilisers or of seeds only or of fertilisers only.
(2) Every sum borrowed under this section shall be repaid on or before the 31st day of March, 1935, with interest at the rate agreed upon.
(3) Every sum borrowed under this section and the interest thereon shall be deemed to be charged, as from the date on which such sum is borrowed, on the poor rate leviable in the county of the council by which the same is so borrowed.
Admissibility of unstamped undertakings and guarantees.
6.—Whenever (whether before or after the passing of this Act) any person has purchased under this Act any goods from the council of a county and such person has, prior to such purchase or as a condition of being permitted to make such purchase, signed or otherwise become liable on an undertaking (whether with or without a guarantee by sureties) to pay to such council the price of the goods so purchased, such undertaking and the guarantee (if any) included therein may be tendered and shall (on proof of due execution) be received in evidence in proceedings in any Court to recover such price from such person or from any such surety, notwithstanding that the provisions of the Stamp Act, 1891, as amended or adapted by subsequent enactments have not been complied with.
Exemption from disqualification.
7.—No person shall be disqualified for being elected, chosen, or being a member of the council of a county or district, or of the board of commissioners of a town by reason of his having purchased or agreed to purchase from the council of a county any goods provided and sold by such council under this Act.
Validation of certain orders, regulations, etc,
8.—All orders and regulations made, sanctions given, and things done by the Minister for Local Government and Public Health before the passing of this Act in relation to the provision and sale of goods under this Act by the councils of counties shall be and be deemed always to have been legal and valid for all purposes.
Short title.
9.—This Act may be cited as the Seeds and Fertilisers Supply Act, 1933.
SCHEDULE.
Name of County. | Maximum Recoupment. |
Carlow | £326 |
Cavan | £913 |
Clare | £1,029 |
Cork | £2,976 |
Donegal | £1,749 |
Dublin | £732 |
Galway | £1,788 |
Kerry | £1,556 |
Kildare | £610 |
Kilkenny | £727 |
Laoighis | £615 |
Leitrim | £667 |
Limerick | £1,204 |
Longford | £416 |
Louth | £430 |
Mayo | £1,910 |
Meath | £666 |
Monaghan | £651 |
Offaly | £528 |
Roscommon | £997 |
Sligo | £715 |
Tipperary North Riding | £574 |
Tipperary South Riding | £706 |
Waterford | £557 |
Westmeath | £558 |
Wexford | £876 |
Wicklow | £494 |