Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 32 de 1933.


[EN]

ACHT AN GHÁRDA SÍOCHÁNA (PINSIN), 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN PINSEAN DO DHEONADH DO CHOIMISINÉIRÍ DON GHÁRDA SÍOCHÁNA DO CUIREADH NO CUIRFEAR AS OIFIG AR CHÚIS SEACHAS MÍ-CHUMAS NO MÍ-IOMPAR. [29adh Meán Fhómhair, 1933.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Pinsin do dheonadh fén Acht so.

1.—(1) I gcás Coimisinéir don Ghárda Síochána do chur as an nGárda Síochána (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) agus an tUachtarán dá dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh, laistigh de pé tréimhse acu so leanas is déanaí bheidh caithte, sé sin le rá, mí tar éis an Achta so do rith no sé mhí tar éis an chur-as-oifig sin, gur ar chúis seachas mí-chumas no mí-iompar do cuireadh an Coimisinéir sin as oifig amhlaidh, féadfaidh an tAire Airgid, ar mholadh an Aire Dlí agus Cirt, pinsean de mhéid a déanfar amach do réir an ailt seo, agus a thosnóidh ar phágh an Choimisinéara san do scur, do dheonadh don Choimisinéir sin agus d'íoc leis le n-a bheo.

[EN]

(2) Déanfar gach pinsean a deonfar fén Acht so d'áireamh do réir seascadú den phágh bhliantúil, do bhí ag an té dá ndeonfar an pinsean san á fháil mar Chomisínéir don Ghárda Síochána díreach roimh é do chur as an nGárda Síochána, in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís inphinsin (ar n-a áireamh do réir an ailt seo) agus ina theanta san, má mhair an tseirbhís inphinsin sin bliain is fiche de bhlianta iomlána no níos sia ná san, seascadú breise den phágh bhliantúil sin in aghaidh an aonú bliana is fiche iomláine agus gach bliana iomláine ina dhiaidh sin den tseirbhís inphinsin sin, ach san i dtreo ná raghaidh aon phinsean den tsórt san thar dhá dtrian den phágh bhliantúil sin.

[EN]

(3) Tuigfear gurb é is seirbhís inphinsin duine ar bith chun crícheanna an Achta so ná an méid blian iomlán do thug ar seirbhís sa Ghárda Síochána agus, ina theanta san—

[EN]

(a) más lugha ná deich mbliana an méid sin blian iomlán, breis (fé mar ordóidh an tAire Airgid) de pé méid blian a mhéadóidh an méid sin blian iomlán go dtí deich mbliana no de mhéid blian is có-ionann leis an méid sin blian iomlán, no

[EN]

(b) más deich mbliana no más mó ná san an méid sin blian iomlán, breis de pé méid blian, nách mó ná dhá bhliain déag, ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

(4) Chun crícheanna an ailt so áirmheofar mar sheirbhís sa Ghárda Síochána seirbhís sa bhfórsa póilíneachta do bhí i Saorstát Éireann fén ainm “The Civic Guard” roimh Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 37 de 1923), do rith, agus seirbhís sa bhfórsa póilíneachta do bhí á choinneáil suas i Saorstát Éireann fén ainm “An Gárda Síochána” roimh thosach feidhme Achta Co-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925), agus seirbhís i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath roimh thosach feidhme an Achta dheiridh sin a luaidhtear.

[EN]

Forálacha generálta i dtaobh pinsean fén Acht so.

2.—(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach pinsean a deonfar fén Acht so.

[EN]

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon uair, le hordú, pinsean ar bith a deonfar fén Acht so do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi go ceann pé aimsire is dóich leo is ceart mar gheall ar réasúin a déarfar san ordú san, ach ní déanfar aon phinsean den tsórt san do cheiliúradh ná do chur ar fiunraoi amhlaidh mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar réasúin an cheiliúrtha bheartuithe sin do chur in úil i scríbhinn don té bheidh ag fáil an phinsin agus caoi réasúnta do thabhairt don duine sin ar pé míniú, freagra no cás eile is dóich leis is ceart, i dtaobh an cheiliúrtha bheartuithe sin no i dtaobh na réasún a bheidh leis, do chur fé bhráid na hArd-Chomhairle, agus gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

[EN]

(3) Na forálacha, i dtaobh na nithe seo leanas, atá sna horduithe atá i bhfeidhm de thurus na huaire ag rialáil pinsean do dheonadh do bhaill den Ghárda Síochána agus d'íoc leo, sé sin le rá:—

[EN]

(a) srian leis na pinsin sin do shannadh, agus

[EN]

(b) na pinsin sin do gheallbhruideadh, agus

[EN]

(c) na pinsin sin do chur ar fiunraoi, agus

[EN]

(d) an tslí ina n-íocfar na pinsin sin, agus

[EN]

(e) pionóisí mar gheall ar chalaois maidir leis na pinsin sin do dheonadh,

[EN]

bainfid le gach pinsean a deonfar fén Acht so fé mar a bhainid le pinsin a deontar fé sna horduithe sin.

[EN]

Gearr-theideal.

3.—Féadfar Acht an Ghárda Síochána (Pinsin), 1933, do ghairm den Acht so.

[GA]

harp.jpg


Number 32 of 1933.


[GA]

GARDA SIOCHANA (PENSIONS) ACT, 1933.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Grant of pensions under this Act.

2.

General provisions in respect of pensions under this Act.

3.

Short title.


Acts Referred to

Gárda Síochána (Temporary Provisions) Act, 1923

No. 37 of 1923

Police Forces Amalgamation Act, 1925

No. 7 of 1925

harp.jpg


Number 32 of 1933.


GARDA SIOCHANA (PENSIONS) ACT, 1933.


AN ACT TO PROVIDE FOR THE GRANTING OF PENSIONS TO COMMISSIONERS OF THE GÁRDA SÍOCHÁNA WHO HAVE BEEN OR SHALL BE REMOVED FROM OFFICE OTHERWISE THAN FOR INCAPACITY OR MISCONDUCT. [29th September, 1933.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Grant of pensions under this Act.

1.—(1) Where a Commissioner of the Gárda Síochána has been removed (whether before or after the passing of this Act) from the Gárda Síochána and, within whichever of the following periods later expires, that is to say, one month after the passing of this Act or six months after such removal, the President certifies in writing under his hand that such Commissioner was so removed for a reason other than incapacity or misconduct, the Minister for Finance may, on the recommendation of the Minister for Justice, grant and pay to such Commissioner a pension for his life of an amount calculated in accordance with this section and commencing on the cessation of the pay of such Commissioner.

[GA]

(2) Every pension granted under this Act shall be calculated at the rate of one-sixtieth of the annual pay of which the person to whom such pension is granted was in receipt as Commissioner of the Gárda Síochána immediately before his removal therefrom for every completed year of his pensionable service (calculated in accordance with this section), together with, where such pensionable service amounts to or exceeds twenty-one completed years, an additional one-sixtieth of such annual pay for the twenty-first and every subsequent completed year of such pensionable service, but so that no such pension shall exceed two-thirds of such annual pay.

[GA]

(3) The pensionable service of any person for the purposes of this Act shall be taken to be the number of completed years actually served by him in the Gárda Síochána together with—

[GA]

(a) where the said number of completed years is less than ten, the addition of either (as the Minister for Finance shall direct) such number of years as will bring the said number of completed years up to ten or a number of years equal to the said number of completed years, or

[GA]

(b) where the said number of completed years amounts to or exceeds ten, the addition of such number of years, not exceeding twelve, as the Minister for Finance shall direct.

[GA]

(4) For the purposes of this section, service in the police force which existed in Saorstát Eireann under the name of “The Civic Guard” before the passing of the Gárda Síochána (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 37 of 1923), and service in the police force maintained in Saorstát Eireann under the name of “The Gárda Síochána” before the commencement of the Police Forces Amalgamation Act, 1925 (No. 7 of 1925), and service in the Dublin Metropolitan Police before the commencement of the last-mentioned Act shall be reckoned as service in the Gárda Síochána.

[GA]

General provisions in respect of pensions under this Act.

2.—(1) Every pension granted under this Act shall be paid out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA]

(2) The Executive Council may at any time by order revoke or suspend for such time as they think proper for reasons stated in such order any pension granted under this Act, but no such pension shall be so revoked or suspended unless and until the reasons for such proposed revocation have been communicated in writing to the person in receipt of the pension and such person has been given a reasonable opportunity of making to the Executive Council such explanation, answer or other case as he may think proper in relation to such proposed revocation or the reasons therefor, and every order made by the Executive Council under this section shall be published in the Iris Oifigiúil as soon as may be after it is made.

[GA]

(3) The provisions in relation to the following matters contained in the orders for the time being in force regulating the grant and payment of pensions to members of the Gárda Síochána, that is to say:—

[GA]

(a) restrictions on assignment of such pensions, and

[GA]

(b) forfeiture of such pensions, and

[GA]

(c) suspension of such pensions, and

[GA]

(d) mode of payment of such pensions, and

[GA]

(e) penalties for fraud in relation to the grant of such pensions,

[GA]

shall apply to every pension granted under this Act in like manner as they apply to pensions granted under the said orders.

[GA]

Short title.

3.—This Act may be cited as the Gárda Síochána (Pensions) Act, 1933.