Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Number 32 of 1947.
LIVE STOCK (ARTIFICIAL INSEMINATION) ACT, 1947.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Number 32 of 1947.
LIVE STOCK (ARTIFICIAL INSEMINATION) ACT, 1947.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “authorised officer” means a person appointed by the Minister to be an for the purposes of this Act;
the word “licence” means a licence under section 7 of this Act;
the expression “the Minister” means the Minister for Agriculture.
Animals to which this Act applies.
2.—This Act applies to cattle, sheep, goats, swine and horses.
Regulations for control of artificial insemination.
3.—(1) The Minister may make regulations for controlling the practice of artificial insemination of animals to which this Act applies and, in particular, for prohibiting the distribution and sale of the semen of animals to which this Act applies except under and in accordance with a licence.
(2) Regulations under this section may be made to apply to all or any of the animals to which this Act applies.
Export of semen.
4.—No person shall export the semen of an animal to which this Act applies except under and in accordance with a licence.
Import of semen.
5.—No person shall import the semen of an animal to which this Act applies except under and in accordance with a licence.
Exemption for semen imported in transit.
6.—Sections 4 and 5 of this Act do not apply to semen imported for the purpose only of transit and consequent exportation.
Licences.
7.—(1) The Minister may issue licences for the purposes of this Act.
(2) The Minister may attach such conditions as he thinks fit to a licence.
(3) The Minister may at any time revoke a licence.
Powers of authorised officers.
8.—(1) An authorised officer may enter at all reasonable times—
(a) premises occupied by the holder of a licence and used for or in connection with any of the purposes authorised by the licence,
(b) premises at which artificial insemination of animals to which this Act applies is practised,
(c) premises on which, or in connection with which, he has reasonable grounds for suspecting that a contravention of this Act is being or has been committed.
(2) An authorised officer may inspect premises to which sub section (1) of this section relates and animals and articles thereon and carry out such tests or other investigations as he thinks fit in order to ascertain if this Act and the regulations under it, and the conditions of any licence, are being complied with, and may, for the purposes of any such test or investigation, require the occupier of the premises to give such facilities, assistance and information as it is in his power to give.
(3) The holder of a licence shall, at the request of an authorised officer, produce his licence for inspection by that officer.
Offences.
9.—If any person contravenes or fails to comply with any provision of this Act or of regulations made under it or with any condition subject to which a licence is issued, or obstructs any person in the exercise of the powers conferred on him by this Act or refuses to give to any such person any facilities, assistance or information which he is required to give, he shall, in addition to any other penalty to which he may be liable, be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding one hundred pounds and, in the case of a second or subsequent offence, to imprisonment for a term not exceeding three months either in lieu of or in addition to such fine.
Laying of regulations before Oireachtas.
10.—Every regulation made under this Act shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made and, if a resolution is passed by either House within the next twenty-one days on which that House has sat after the regulation is laid before it annulling the regulation, the regulation shall be annulled accordingly but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
Expenses.
11.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Short title.
12.—This Act may be cited as the Live Stock (Artificial Insemination) Act, 1947.
Uimhir 32 de 1947.
AN tACHT BEODHÍLE (INTSEAMHNÚ SAORGA), 1947.
[An tiontó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ag an Aire ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;
ciallaíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas faoi alt 7 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.
Ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo.
2.—Baineann an tAcht seo le heallach, caoirigh, gabhair, muca agus capaill.
Rialacháin chun intseamhnú saorga a rialú.
3.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun hintseamhnú saorga ar ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo a rialú agus, go háirithe, chun toirmeasc a chur le himdháil agus díol seamhna ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais.
(2) Féadfar feidhm a thabhairt do rialacháin faoin alt seo maidir leis na hainmhithe go léir lena mbaineann an tAcht seo nó maidir le cuid acu.
Onnmhuiriú seamhna.
4.—Ní onnmhuireoidh duine ar bith seamhan ainmhí lena mbaineann an tAcht seo ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais.
Allmhuiriú seamhna.
5.—Ní allmhuireoidh duine ar bith seamhan ainmhí lena mbaineann an tAcht seo ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais.
Seamhan a hallmhuireofar ar eadarthuras d'eisceadh.
6.—Ní bhaineann ailt 4 agus 5 den Acht seo le seamhan ná hallmhuireofar ach ar eadarthuras chun a honnmhuirithe dá chionn sin.
Ceadúnais.
7.—(1) Féadfaidh an tAire ceadúnais d'eisiúint chun críocha an Achta seo.
(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur le ceadúnas.
(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas a chúlghairm tráth ar bith.
Cumhachta oifigeach údaraithe
8.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach gach tráth réasúnach—
(a) in áitreabh a bheas á áitiú ag sealbhóir ceadúnais agus a bheas á úsáid chun nó i leith aon chríche dá mbeidh údaraithe leis an gceadúnas,
(b) in áitreabh ina ndéantar intseamhnú saorga ar ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo,
(c) in áitreabh a mbeidh cúis réasúnach amhrais aige go bhfuil nó go raibh an tAcht seo á shárú ann nó i ndáil leis.
(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe iniúchadh a dhéanamh ar áitreabh lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo agus ar ainmhithe agus earraí ann agus pé tástála nó fiosruithe eile a dhéanamh is cuí leis chun a fháil amach an bhfuil an tAcht seo agus na rialacháin faoi agus coinníollacha aon cheadúnais á gcomhlíonadh, agus féadfaidh, chun críocha aon tástála nó fiosruithe don tsórt sin, a cheangal ar áititheoir an áitribh pé saoráidí, cabhair agus eolas a thabhairt a bheas ar a chumas.
(3) Ar oifigeach údaraithe dá iarraidh sin, bhéarfaidh sealbhóir ceadúnais a cheadúnas ar aird chun a iniúchta ag an oifigeach sin.
Cionta.
9.—Má sháraíonn duine ar bith nó mura gcomhlíonfaidh sé aon fhoráil den Acht seo nó de rialacháin faoi nó aon choinníoll ar faoina réir a heisíodh ceadúnas, nó má bhacann sé duine ar bith agus an duine sin ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó leis an Acht seo nó má dhiúltaíonn sé aon tsaoráidí, cabhair no eolas a thabhairt d'aon duine den tsórt sin a ceanglófar air a thabhairt, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile is inchurtha air, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí in ionad nó i dteannta na fíneála sin.
Rialacháin a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.
10.—Gach rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh, den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a chur faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Costais.
11.—Na costais faoine raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
Gearrtheideal.
12.—Féadfar an tAcht Beodhíle (Intseamhnú Saorga), 1947, a ghairm den Acht seo.