Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 38 de 1956.


[EN]

AN tACHT AOISLIÚNTAS, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT AOISLIÚNTAS, 1834 GO 1954. [27 Samhain, 1956.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a ceapfar faoi alt 2 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “cleithiúnaí” maidir le duine, duine de theaghlach an duine sin a bheas, an tráth a chuirfeas an duine sin in iúl don Aire gur mian leis cuid de liúntas a thabhairt suas faoin Acht seo, i gcleithiúnas, go hiomlán nó go páirteach, ar thuilleamh an duine sin;

[EN]

ciallaíonn “duine den teaghlach” athair, máthair, leasathair, leas-mháthair, mac, iníon, ua, ban-ua, leas-mhac, leas-iníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leas-ghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, uncal, aintín, nia, neacht, cliamhain nó banchliamhain;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

[EN]

ciallaíonn “stát-sheirbhíseach bunaithe” stát-sheirbhíseach ar seirbhís i gcáil ar féidir aoisliúntas a dheonadh ina leith a sheirbhís.

[EN]

(2) Chun críocha an mhínithe ar “duine den teaghlach” atá i bhfo-alt (1) den alt seo, measfar gur mac nó iníon leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó nó di nó dóibh de phósadh dleathach, agus nach mac ná iníon le haon duine eile, duine a huchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952).

[EN]

Ceapadh an lae cheaptha.

2.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

[EN]

Cuid d'aoisliúntas bliantúil a thabhairt suas.

3.—(1) Aon stát-sheirbhíseach bunaithe fireannach a scoirfeas an lá ceaptha nó dá éis ar chúis seachas ar bhonn easláinte, féadfaidh sé, maidir le haon aoisliúntas bliantúil nó liúntas cúitimh nó liúntas scoir a dheonfas an tAire dhó, cuid den liúntas sin a thabhairt suas amhail ó thosach a fheidhme i gcomaoin an tAire do dheonadh pinsin faoin Acht seo do bhanchéile an stát-sheirbhísigh nó do chleithiúnaí amháin leis a shonrós sé.

[EN]

(2) Aon stát-sheirbhíseach bunaithe baineannach a scoirfeas an lá ceaptha nó dá éis ar chúis seachas ar bhonn easláinte, féadfaidh sí, maidir le haon aoisliúntas bliantúil nó liúntas cúitimh nó liúntas scoir a dheonfas an tAire dhi, cuid den liúntas sin a thabhairt suas amhail ó thosach a fheidhme i gcomaoin an tAire do dheonadh pinsin faoin Acht seo do chleithiúnaí amháin leis an stát-sheirbhíseach a shonrós sí.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag na forála sin roimhe seo den alt seo faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den Acht seo agus forál rialachán a dhéanfas an tAire.

[EN]

(4) Féadfar, go sonrach, leis na rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

[EN]

(a) más mian le duine cuid de liúntas a thabhairt suas faoin Acht seo, féadfar fógra á rá sin a thaisceadh tráth nach déanaí ná tráth sonraithe roimh an dáta scoir,

[EN]

(b) ní bheidh duine i dteideal cuid de liúntas a thabhairt suas faoin Acht seo mura gcinne an tAire go bhfuil sláinte mhaith ag an duine sin,

[EN]

(c) an tAire do cheangal ar dhuine lenar mian cuid de liúntas a thabhairt suas faoin Acht seo pé cruthúnais a thabhairt ar aird is riachtanach leis an Aire (lena n-áirítear, go sonrach, dearbhú reachtúil a thabhairt ar aird gur cleithiúnaí maidir leis an duine sin an deontaí atá beartaithe (nach banchéile an duine sin)),

[EN]

(d) mura gcealaítear nó mura leasaítear é go cuí, leanfaidh tabhairt suas coda de liúntas de bheith bailí fiú má tharlaíonn, de thoradh athruithe ina dhiaidh sin ar mhéid an aoisliúntais nó an liúntais chúitimh nó an liúntais scoir nó, ar a mhéid measta, nach mbeidh an méid atá le tabhairt suas den liúntas idir na tóranta a foráltar san Acht seo,

[EN]

(e) beidh fógra faoi thabhairt suas ar neamhní má tharlaíonn, lá a bheas an duine ar mian leis cuid de liúntas a thabhairt suas faoin Acht seo ina stát-sheirbhíseach bunaithe, go n-éagfaidh an duine sin nó an deontaí atá beartaithe don phinsean faoin Acht seo,

[EN]

(f) má ceanglaítear faoi na rialacháin ar dhuine dul faoi scrúdú dochtúra, beidh ar an duine sin an táille i leith an scrúduithe d'íoc.

[EN]

(5) I gcás—

[EN]

(a) cuid de liúntas a bheith tugtha suas ag duine faoin Acht seo,

[EN]

(b) pinsean faoin Acht seo a bheith deonta, maidir leis an tabhairt suas, do dheontaí seachas banchéile an duine sin, agus

[EN]

(c) an duine sin a bheith tar éis dearbhú reachtúil a chur chun an Aire de bhun rialachán faoin alt seo gur cleithiúnaí, maidir leis an duine sin, an deontaí.

[EN]

má fhionnann an tAire aon uair tar éis an pinsean a dheonadh nár chleithiúnaí maidir leis an duine sin an deontaí, measfar an tabhairt suas agus an pinsean a bheith bailí ach, mura bhfuil tosaithe ar an bpinsean d'íoc, forghéillfidh deontaí an phinsin an pinsean, agus má tosaíodh ar an bpinsean d'íoc forghéillfidh sé pé méid de a bheas gan íoc.

[EN]

Luach pinsin faoin Acht seo.

4.—Deonfar pinsean faoin Acht seo i gcaoi go mbeidh a luach, amhail ar an dáta scoir, comhionann do réir áirimh achtúireachta (do réir pé táiblí a bheas, ar an dáta scoir, arna gceadú ag an Aire chun críocha an ailt seo) leis an méid a tugadh suas.

[EN]

Ré phinsin faoin Acht seo.

5.—(1) Beidh pinsean faoin Acht seo a deonfar do bhanchéile duine iníoctha, do réir mar roghnós an duine sin nuair a dhéanfas sé an tabhairt suas faoin Acht seo—

[EN]

(a) ar feadh na tréimhse a mhairfeas (má mhaireann) an bhanchéile i ndiaidh an duine sin, nó

[EN]

(b) ar feadh tréimhse comhshaoil an duine sin agus a bhanchéile tar éis scor don duine sin agus na tréimhse a mhairfeas (má mhaireann) an bhanchéile i ndiaidh an duine sin.

[EN]

(2) Beidh pinsean faoin Acht seo a deonfar do chleithiúnaí duine iníoctha ar feadh na tréimhse a mhairfeas an cleithiúnaí (má mhaireann) i ndiaidh an duine sin.

[EN]

Ráta éagsúil pinsin i gcásanna áirithe.

6.—I gcás pinsin faoin Acht seo a bheas iníoctha ar feadh na dtréimhsí a sonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht seo, beidh ráta an phinsin don dara tréimhse a dhá oiread chomh mór le ráta an phinsin don chéad tréimhse.

[EN]

Blianacht in ionad pinsin.

7.—(1) I gcás—

[EN]

(a) pinsean a deonadh faoin Acht seo do chleithiúnaí duine a bheith iníoctha, agus

[EN]

(b) gan bliain agus fiche d'aois a bheith slán ag an gcleithiúnaí,

[EN]

féadfaidh an tAire an pinsean (gan aird a thabhairt ar aon íocaíochtaí a rinneadh cheana) a mhalartú ar bhlianacht—

[EN]

(I) a bheas iníoctha ar feadh pé tréimhse acu seo a leanas is giorra:

[EN]

(i) an tréimhse dar tosach dáta an mhalartuithe agus dar críoch dáta báis an chleithiúnaí,

[EN]

(ii) an tréimhse dar tosach dáta an mhalartuithe agus dar críoch pé dáta, nach luaithe ná cúig bliana tar éis dáta an mhalartuithe, a chinnfeas an tAire, agus

[EN]

(II) a mbeidh a luach, ar dháta an mhalartuithe, comhionann do réir áirimh achtúireachta (do réir pé taiblí a bheas, ar dháta an mhalartuithe, arna gceadú ag an Aire chun críocha an ailt seo) leis an bpinsean (gan aird a thabhairt ar aon íocaíochtaí a rinneadh cheana).

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas chun críocha malartuithe faoi fho-alt (1) den alt seo:

[EN]

(a) ní déanfar malartú ach ar iarratas tuismitheora nó caomhnóra an chleithiúnaí,

[EN]

(b) ní déanfar malartú mura gcinne an tAire go bhfuil sláinte mhaith ag an gcleithiúnaí,

[EN]

(c) chun go bhféadfar sláinte an chleithiúnaí a chinneadh, féadfaidh an tAire a cheangal ar an gcleithiúnaí dul faoi scrúdú dochtúra agus beidh ar thuismitheoir nó caomhnóir an chleithiúnaí táille an scrúduithe d'íoc,

[EN]

(d) faoi réir na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo, is mar is rogha leis an Aire a déanfar malartú.

[EN]

Iocaíocht i gcás gan bliain agus fiche a bheith slán ag an deontaí.

8.—I gcás—

[EN]

(a) pinsean nó blianacht a deonadh faoin Acht seo a bheith iníoctha, agus

[EN]

(b) gan bliain agus fiche a bheith slán ag an deontaí,

[EN]

íocfar an pinsean nó an bhlianacht, go dtí go slánóidh an deontaí bliain agus fiche d'aois, le tuismitheoir nó caomhnóir an deontaí.

[EN]

Srianta leis an méid a féadfar a thabhairt suas.

9.—Nuair a bhéarfas duine suas faoin Acht seo cuid de liúntas—

[EN]

(a) ní thabharfaidh sé suas méid is lú ná pé cion den liúntas a sholáthródh pinsean faoin Acht seo tar éis a bháis dob ionann agus an ceathrú cuid den mhéid den liúntas a bheas fágtha tar éis an tabhairt suas,

[EN]

(b) ní thabharfaidh sé suas méid is mó ná—

[EN]

(i) trian an liúntais, nó

[EN]

(ii) pé cion den liúntas a sholáthródh pinsean faoin Acht seo tar éis a bháis dob ionann agus an méid den liúntas a bheas fágtha tar éis an tabhairt suas,

[EN]

pé acu is lú, agus

[EN]

(c) ní thabharfaidh sé suas méid den liúntas nach slán-uimhir punt.

[EN]

An éifeacht a bheas ag an tabhairt suas ar liúntas faoi alt 20 den Superannuation Act, 1834.

10.—Nuair a thabharfas duine suas faoin Acht seo cuid de liúntas, ansin, chun go gcinnfear cad é an tsuim atá iníoctha leis, má tá aon tsuim iníoctha leis, faoi alt 20 den Superannuation Act, 1834, faoi ghné an liúntais i leith aon tréimhse a thug sé, tar éis scoir dó, ar fostú i roinn phoiblí, measfar brabúis na hoifige ónar scoir sé a bheith arna laghdú an méid a thug sé suas mar adúradh.

[EN]

An éifeacht a bheas ag an tabhairt suas ar aisce faoi alt 2 (2) den Superannuation Act, 1909.

11.—Nuair a thabharfas duine suas cuid de liúntas faoin Acht seo, ansin, chun go ríomhfar méid aon aisce a féadfar a dheonadh dá ionadaí dlíthiúil pearsanta faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Superannuation Act, 1909, measfar gurb ionann na suimeanna a bhí faighte aige iarbhír tráth a bháis ar chuntas an liúntais agus na suimeanna a bheadh faighte amhlaidh mura mbeadh an tabhairt suas.

[EN]

Iocaíochtaí agus caiteachais an Aire agus suimeanna a gheofar i leith scrúduithe dochtúra.

12.—(1) Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas na híocaíochtaí a dhéanfas, agus na caiteachais faoina raghaidh, an tAire ag tabhairt éifeachta don Acht seo agus á riaradh.

[EN]

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste mar ordós an tAire na suimeanna a gheobhas an tAire i leith scrúduithe dochtúra chun críocha an Achta seo.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

13.—(1) Féadfar an tAcht Aoisliúntas, 1956, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1956, a ghairm de na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1954, agus den Acht seo le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 38 of 1956.


[GA]

SUPERANNUATION ACT, 1956.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Appointment of appointed day.

3.

Surrender of part of annual superannuation allowance.

4.

Value of pension under this Act.

5.

Duration of pension under this Act.

6.

Varying rate of pension in certain cases.

7.

Substitution of annuity for pension.

8.

Payment where grantee has not attained age of twenty-one years.

9.

Restrictions as respects amount surrendered.

10.

Effect of surrender on allowance under section 20 of Superannuation Act, 1834.

11.

Effect of surrender on gratuity under section 2(2) of Superannuation Act, 1909.

12.

Payments and expenses of Minister and sums received in respect of medical examinations.

13.

Short title and collective citation.


Act Referred to

Adoption Act, 1952

No. 25 of 1952

harp.jpg


Number 38 of 1956.


SUPERANNUATION ACT, 1956.


AN ACT TO AMEND AND EXTEND THE SUPERANNUATION ACTS, 1834 TO 1954. [27th November, 1956.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the appointed day” means the day appointed under section 2 of this Act;

[GA]

dependant” means, in relation to a person, a member of the family of such person who, at the time when such person notifies the Minister of his wish to make a surrender under this Act, is wholly or in part dependent on the earnings of such person;

[GA]

member of the family” means father, mother, step-father, step-mother, son, daughter, grandson, grand-daughter, step-son, step-daughter, brother, sister, half-brother, half-sister, uncle, aunt, nephew, niece, son-in-law or daughter-in-law;

[GA]

the Minister” means the Minister for Finance;

[GA]

established civil servant” means a civil servant whose service is in a capacity in respect of which a superannuation allowance may be granted.

[GA]

(2) For the purposes of the definition of “member of the family” contained in subsection (1) of this section, a person adopted under the Adoption Act, 1952 (No. 25 of 1952), shall be considered as the son or daughter of the adopter or adopters born to him, her or them in lawful wedlock and not to be the son or daughter of any other person.

[GA]

Appointment of appointed day.

2.—The Minister may by order appoint a day to be the appointed day for the purposes of this Act.

[GA]

Surrender of part of annual superannuation allowance.

3.—(1) A male established civil servant retiring on or after the appointed day otherwise than on the ground of ill-health may, with respect to any annual superannuation allowance, compensation allowance or retiring allowance that may be granted to him by the Minister, surrender part of that allowance as from its commencement in return for the grant by the Minister under this Act of a pension to the wife or one dependant of the civil servant specified by him.

[GA]

(2) A female established civil servant retiring on or after the appointed day otherwise than on the ground of ill-health may, with respect to any annual superannuation allowance, compensation allowance or retiring allowance that may be granted to her by the Minister, surrender part of that allowance as from its commencement in return for the grant by the Minister under this Act of a pension to one dependant of the civil servant specified by her.

[GA]

(3) The foregoing provisions of this section shall have effect subject to the subsequent provisions of this Act and the provisions of regulations made by the Minister.

[GA]

(4) The regulations under subsection (3) of this section may, in particular, make provision with respect to all or any of the following matters:

[GA]

(a) notification by a person of the person's wish to make a surrender under this Act may be lodged not later than a specified time before the date of retirement,

[GA]

(b) a person shall not be entitled to make a surrender under this Act unless the Minister decides that the person is of sound health,

[GA]

(c) requirement by the Minister of production by a person wishing to make a surrender under this Act of any proofs which the Minister may consider necessary (including, in particular, production of a statutory declaration that the proposed grantee (not being the wife of the person) is, in relation to the person, a dependant),

[GA]

(d) a surrender shall remain valid, unless duly cancelled or amended, notwithstanding that as the result of a subsequent alteration of the amount, or estimated amount, of the superannuation allowance, compensation allowance or retiring allowance, the amount of allowance to be surrendered is not within the limits provided for in this Act,

[GA]

(e) notice of a surrender shall become null and void if, on a day on which the person wishing to make a surrender under this Act is an established civil servant, either that person or the proposed grantee of the pension under this Act dies,

[GA]

(f) where a person is required to undergo medical examination under the regulations, the person shall be responsible for payment of the fee for the examination.

[GA]

(5) Where—

[GA]

(a) a person has made a surrender under this Act,

[GA]

(b) a pension under this Act has been granted in relation to the surrender to a grantee other than the wife of the person, and

[GA]

(c) the person has submitted to the Minister, pursuant to regulations under this section, a statutory declaration that the grantee is, in relation to the person, a dependant,

[GA]

if the Minister ascertains at any time after the grant of the pension that the grantee was, in relation to the person, not a dependant, the surrender and pension shall be deemed valid, but the grantee of the pension, in case payment of the pension has not commenced, shall forfeit the pension and, in case payment of the pension has commenced, shall forfeit so much thereof as remains unpaid.

[GA]

Value of pension under this Act.

4.—A pension under this Act shall be granted so as to be of such value as, on the date of retirement, is actuarially equivalent (in accordance with such tables as, on the date of the retirement, stand approved of by the Minister for the purposes of this section) to what is surrendered.

[GA]

Duration of pension under this Act.

5.—(1) A pension under this Act granted to the wife of a person shall be payable either, as the person may elect when he makes the surrender under this Act—

[GA]

(a) during the period (if any) for which the wife survives the person, or

[GA]

(b) during both the period of the joint lives of the person and the wife subsequent to the retirement of the person and the period (if any) for which the wife survives the person.

[GA]

(2) A pension under this Act granted to a dependant of a person shall be payable during the period (if any) for which the dependant survives the person.

[GA]

Varying rate of pension in certain cases.

6.—In the case of a pension under this Act which is payable during the periods specified in paragraph (b) of subsection (1) of section 5 of this Act, the rate of the pension for the second period shall be double the rate thereof for the first period.

[GA]

Substitution of annuity for pension.

7.—(1) Where—

[GA]

(a) a pension granted under this Act to a dependant of a person is payable, and

[GA]

(b) the dependant has not attained the age of twenty-one years,

[GA]

the Minister may substitute for the pension (disregarding any payments already made) an annuity which—

[GA]

(I) is payable for whichever of the following periods is the shorter:

[GA]

(i) the period beginning on the date of the substitution and ending on the date of the death of the dependant,

[GA]

(ii) the period beginning on the date of the substitution and ending on such date, not earlier than five years after the date of the substitution, as may be determined by the Minister, and

[GA]

(II) is of such value as, on the date of the substitution, is actuarially equivalent (in accordance with such tables as, on the date of the substitution, stand approved of by the Minister for the purposes of this section) to the pension (disregarding any payments already made).

[GA]

(2) The following provisions shall have effect for the purposes of substitutions under subsection (1) of this section:

[GA]

(a) a substitution shall not be made save on the request of the parent or guardian of the dependant,

[GA]

(b) a substitution shall not be made unless the Minister decides that the dependant is in good health,

[GA]

(c) for the purpose of deciding as to the health of the dependant, the Minister may require the dependant to undergo medical examination and the parent or guardian of the dependant shall be responsible for payment of the fee for the examination,

[GA]

(d) subject to the foregoing paragraphs of this subsection, the making of a substitution shall be at the discretion of the Minister.

[GA]

Payment where grantee has not attained age of twenty-one years.

8.—Where—

[GA]

(a) a pension or annuity granted under this Act is payable, and

[GA]

(b) the grantee has not attained the age of twenty-one years,

[GA]

payments of the pension or annuity shall, until the grantee attains the age of twenty-one years, be made to the parent or guardian of the grantee.

[GA]

Restrictions as respects amount surrendered.

9.—Where a person surrenders under this Act part of an allowance—

[GA]

(a) he shall not surrender less than such portion of the allowance as would provide a pension under this Act after his death equal to one-fourth of the amount of the allowance remaining after the surrender,

[GA]

(b) he shall not surrender more than—

[GA]

(i) one-third of the allowance, or

[GA]

(ii) such portion of the allowance as would provide a pension under this Act after his death equal to the amount of the allowance remaining after the surrender,

[GA]

whichever is the less, and

[GA]

(c) he shall not surrender an amount of the allowance which is not an exact number of pounds.

[GA]

Effect of surrender on allowance under section 20 of Superannuation Act, 1834.

10.—Where a person surrenders under this Act part of an allowance, then, for the purpose of determining whether any, and, if so, what, amount may be paid to him under section 20 of the Superannuation Act, 1834, by way of the allowance in respect of any period during which, after retiring, he is employed in a public department, the profits of the office from which he retired shall be treated as reduced by the amount surrendered by him as aforesaid.

[GA]

Effect of surrender on gratuity under section 2(2) of Superannuation Act, 1909.

11.—Where a person surrenders under this Act part of an allowance, then, for the purpose of calculating the amount of any gratuity which may be granted to his legal personal representative under subsection (2) of section 2 of the Superannuation Act, 1909, the sums actually received by him at the time of his death on account of the allowance shall be deemed to be the sums which would have been so received but for the surrender.

[GA]

Payments and expenses of Minister and sums received in respect of medical examinations.

12.—(1) The payments made and expenses incurred by the Minister in giving effect to this Act and in the administration thereof shall be paid out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA]

(2) The sums received by the Minister in respect of medical examinations for the purposes of this Act shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer in such manner as the Minister may direct.

[GA]

Short title and collective citation.

13.—(1) This Act may be cited as the Superannuation Act, 1956.

[GA]

(2) The Superannuation Acts, 1834 to 1954, and this Act may be cited together as the Superannuation Acts, 1834 to 1956.