Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 5 de 1937.


[EN]

ACHT GÁRDA SÍOCHÁNA, 1937.


ACHT CHUN DLEATHACHTA DO THABHAIRT DO GHLACADH ISTEACH DAOINE ÁIRITHE BHÍ NO ATÁ INA mBAILL DEN GHÁRDA SÍOCHÁNA AGUS DO RINNE GO CUIBHE AN DEARBHÚ DÍLSE BA GHÁ DO RÉIR DLÍ DE THURUS NA hUAIRE DO SNA BAILL SIN DO DHÉANAMH. [26adh Feabhra, 1937.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Abairtí áirithe do léiriú.

1.—(1) San Acht so ní fholuíonn an abairt “ball den Ghárda Síochána” oifigeach den Ghárda Síochána.

[EN]

(2) Déanfar tagairtí san Acht so do dhuine do ghlacadh isteach mar bhall den Ghárda Síochána do léiriú mar thagairtí chialluíonn é liostáil agus é cheapadh mar bhall den Ghárda Síochána.

[EN]

E bheith dleathach baill den Ghárda Síochána do ghlacadh isteach.

2.—(1) I gcás duine d'fhónuigh mar bhall den Ghárda Síochána tráth ar bith roimh an Acht so do rith (pe'ca tá sé ag fónamh amhlaidh le linn an Achta so do rith no ná fuil)—

[EN]

(a) do ghlacadh isteach no a thuisgint é do ghlacadh isteach mar bhall den tsórt san sara ndearnadh aon rialacháin fé alt 18 d'Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 37 de 1923), i dtaobh daoine do ghlacadh isteach, do cheapadh agus do liostáil mar bhaill den Ghárda Síochána no roimh aon rialacháin den tsórt san do rinneadh fén alt san do theacht i bhfeidhm, agus

[EN]

(b) do dhéanamh agus do shighniú go cuibhe, do réir ailt 6 den Acht san, an dearbhuithe luaidhtear san alt san,

[EN]

ní bheidh glacadh isteach no glacadh isteach tuigthe an duine sin chun bheith ina bhall den Ghárda Síochána nea-dhleathach ná ionchonspóide ar an aon scór amháin ná raibh aon rialacháin den tsórt san déanta amhlaidh no ná rabhdar tagtha i bhfeidhm amhlaidh nuair a glacadh an duine sin isteach amhlaidh no a tuigeadh amhlaidh é ghlacadh isteach.

[EN]

(2) I gcás duine d'fhónuigh mar bhall den Ghárda Síochána tráth ar bith roimh an Acht so do rith (pe'ca tá sé ag fónamh amhlaidh le linn an Achta so do rith no ná fuil)—

[EN]

(a) do dhéanamh agus do shighniú, do réir ailt 6 d'Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 37 de 1923), an dearbhuithe luaidhtear san alt san, no

[EN]

(b) do dhéanamh agus do shighniú, do réir ailt 5 d'Acht an Ghárda Síochána. 1924 (Uimh. 25 de 1924), an dearbhuithe luaidhtear san alt san, no

[EN]

(c) do dhéanamh agus do shighniú, do réir ailt 11 d'Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925), an dearbhuithe luaidhtear san alt san,

[EN]

agus san roimh dháta an Achta so do rith, ní bheidh glacadh isteach no glacadh isteach tuigthe an duine sin, chun bheith ina bhall den Ghárda Síochána, nea-dhleathach ná ionchonspóide ar an aon scór amháin ná raibh ag an duine sin, le linn a ghlactha isteach no a ghlactha isteach tuigthe, na cáilíochta chun duine do ghlacadh isteach mar bhall den Ghárda Síochána a horduíodh leis na rialacháin oiriúnacha, i dtaobh daoine do ghlacadh isteach agus do cheapadh agus do liostáil mar bhaill den Ghárda Síochána, do rinneadh fé Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923, adubhradh, no do rinneadh no do buanuíodh fé Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1924, adubhradh, agus Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925, adubhradh, no fé cheachtar de sna hAchtanna san, no go raibh a ghlacadh isteach amhlaidh contrárdha do sna rialacháin sin ar shlí eile.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

3.—(1) Féadfar an tAcht Gárda Síochána, 1937, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Gárda Síochána, 1923 go 1937, do ghairm d'Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 37 de 1923), d'Acht an Ghárda Síochána, 1924 (Uimh. 25 de 1924), d'Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925), agus den Acht so le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 5 of 1937.


[GA]

GARDA SIOCHANA ACT, 1937.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Construction of certain expressions.

2.

Validity of admission of members of the Gárda Síochána.

3.

Short title and citation.


Acts Referred to

Gárda Síochána (Temporary Provisions) Act, 1923

No. 37 of 1923

Gárda Síochána Act, 1924

No. 25 of 1924

Police Forces Amalgamation Act, 1925

No. 7 of 1925

harp.jpg


Number 5 of 1937.


GARDA SIOCHANA ACT, 1937.


AN ACT TO ESTABLISH THE VALIDITY OF THE ADMISSION OF CERTAIN PAST AND PRESENT MEMBERS OF THE GARDA SIOCHANA WHO DULY MADE THE DECLARATION OF FIDELITY FOR THE TIME BEING REQUIRED BY LAW TO BE MADE BY SUCH MEMBERS. [26th February, 1937.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTAT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Construction of certain expressions.

1.—(1) In this Act the expression “member of the Gárda Síochána” does not include an officer of the Gárda Síochána.

[GA]

(2) References in this Act to admission to membership of the Gárda Síochána shall be construed as meaning enrolment and appointment as a member of the Gárda Síochána.

[GA]

Validity of admission of members of the Gárda Síochána.

2.—(1) Where a person who served as a member of the Gárda Síochána at any time before the passing of this Act (whether he is or is not so serving at the passing of this Act),—

[GA]

(a) was admitted or purported to be admitted as such member before any regulations in relation to the admission, appointment, and enrolment of members of the Gárda Síochána had been made under section 18 of the Gárda Síochána (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 37 of 1923), or before any such regulations made under that section had come into force, and

[GA]

(b) duly made and subscribed in accordance with section 6 of the said Act the declaration mentioned in that section,

[GA]

the admission or purported admission of such person to be a member of the Gárda Síochána shall not be invalid or be questioned merely on the ground that no such regulations had been so made or had so come into force when such person was so admitted or purported to be admitted.

[GA]

(2) Where a person who served as a member of the Gárda Síochána at any time before the passing of this Act (whether he is or is not so serving at the passing of this Act) has, before the date of such passing, either—

[GA]

(a) made and subscribed, in accordance with section 6 of the Gárda Síochána (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 37 of 1923), the declaration mentioned in that section, or

[GA]

(b) made and subscribed, in accordance with section 5 of the Gárda Síochána Act, 1924 (No. 25 of 1924), the declaration mentioned in that section, or

[GA]

(c) made and subscribed, in accordance with section 11 of the Police Forces Amalgamation Act, 1925 (No. 7 of 1925), the declaration mentioned in that section,

[GA]

the admission or purported admission of such person to be a member of the Gárda Síochána shall not be invalid or be questioned merely on the ground that such person, at the time of his said admission or purported admission, did not possess the qualifications for admission to membership of the Gárda Síochána prescribed by the relevant regulations in relation to the admission, appointment, and enrolment of members of the Gárda Síochána made under the said Gárda Síochána (Temporary Provisions) Act, 1923, or made or continued under the said Gárda Síochána Act, 1924, and the said Police Forces Amalgamation Act, 1925, or either of those Acts, or that his said admission was otherwise contrary to such regulations.

[GA]

Short title and citation.

3.—(1) This Act may be cited as the Gárda Síochána Act, 1937.

[GA]

(2) The Gárda Síochána (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 37 of 1923), the Gárda Síochána Act, 1924 (No. 25 of 1924), the Police Forces Amalgamation Act, 1925 (No. 7 of 1925), and this Act may be cited together as the Gárda Síochana Acts, 1923 to 1937.