Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 7 de 1941.
ACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS ABHAR LEASUITHE, 1941.
[An tionntódh oifigeamhail.]
An Príomh-Acht.
1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Soláthair Shíolta agus Abhar Leasuithe, 1940 (Uimh. 6 de 1940).
(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus dá réir sin tá, san Acht so, le gach abairt agus le gach focal is abairt no focal dá dtugtar brí áirithe le halt 1 den Phríomh-Acht chun crícheanna an Achta san, an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.
An Príomh-Acht do bhaint leis an mbliain 1941.
2.—Beidh feidhm ag na forálacha uile agus fé seach den Phríomh-Acht maidir le comhairle chontae do chur síolta agus abhar leasuithe, no síolta amháin, no abhar leasuithe amháin, ar fáil an 1adh lá d'Eanar, 1941, no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl, 1941, chun iad do dháiliú sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi agus, chun críche na feidhme sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfar na tagairtí atá sa Phríomh-Acht don Acht san do rith do léiriú mar thagairtí don Acht so do rith;
(b) fé réir na míre sin roimhe seo den alt so, déanfar, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, an abairt “an tAcht so” do léiriú, i ngach áit ina bhfuil sí sa Phríomh-Acht, mar abairt a fholuíonn an tAcht so féin.
Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.
3.—(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht tré sna focail agus na figiúirí “no ar an 1adh lá d'Eanar, 1941, no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl, 1941,” do chur ann díreach i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “an 31adh lá d'Iúl, 1940,”.
(2) Déanfar an abairt “an ailt seo” do léiriú, san áit ina bhfuil sí i bhfo-alt (5) d'alt 2 den Phríomh-Acht, mar abairt a fholuíonn an t-alt so féin agus beidh éifeacht aici dá réir sin.
(3) Pé uair a bheidh comhairle chontae tar éis síolta agus abhair leasuithe, no síolta, no abhair leasuithe do chur ar fáil agus do dhíol, sa bhliain 1941, fén bPríomh-Acht ar n-a leathnú agus ar n-a leasú leis an Acht so, féadfaidh an chomhairle sin a fháil amach cadé méid iomlán na gcostas agus na gcaiteachas (gan an praghas do thug an chomhairle sin ar na síolta agus na habhair leasuithe sin, no ar na síolta san, no ar na habhair leasuithe sin, do réir mar a bhí, d'áireamh) fé n-a ndeachaidh an chomhairle sin alos na hearraí sin do chur ar fáil agus do dhíol, agus is dleathach dóibh an méid sin do chionroinnt ar na daoine uile agus fé seach le n-ar díoladh na hearraí sin amhlaidh agus, ar an gcionroinnt sin do dhéanamh, déanfar an cion áirithe den mhéid sin a bheidh curtha i leith aon duine aca san do chur leis an suim a bheidh ag dul don chomhairle sin ón duine sin alos ar díoladh leis amhlaidh, agus beidh an cion san agus is tuigthe é bheith riamh ina chuid den tsuim sin, agus beidh sé ionbhainte amach fén bPríomh-Acht, ar n-a leathnú agus ar n-a leasú leis an Acht so, d'ainneoin gan aon chó-aontú do dhéanamh, le linn an díola san, chun an cion san d'íoc.
Alt 3 den Phríomh-Acht do leasú.
4.—(1) Leasuítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tré sna focail agus na figiúirí “no ná beidh, i gcás earraí díolfar sa bhliain 1941, íoctha ná bainte amach amhlaidh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1942,” do chur ann díreach i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “an 1adh lá d'Eanar, 1941,”.
(2) Déanfar an abairt “an ailt seo” do léiriú, san áit ina bhfuil sí i mír (b) d'alt 3 den Phríomh-Acht, mar abairt a fholuíonn an t-alt san 3 ar n-a leasú leis an alt so agus beidh éifeacht aici dá réir sin.
Comhairlí contae do thabhairt urraíocht.
5.—(1) Is dleathach agus is tuigthe gur dhleathach riamh do chomhairle chontae scéim do dhéanamh agus do thabhairt chun críche á ghabháil le n-a n-ais a urrú d'aon cheannaidhe síolta cheaduithe go n-íocfar go cuibhe leis an gceannaidhe sin iomlán an phraghais, no cion áirithe den phraghas, is iníoctha ag sealbhaire no saothruitheoir tailimh ceaduithe sa chontae sin as síolta agus abhair leasuithe, no as síolta amháin, no as abhair leasuithe amháin, ar n-a soláthar ag an gceannaidhe sin don tsealbhaire cheaduithe no don tsaothruitheoir cheaduithe sin i rith na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl, 1941.
(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht maidir le hurraíocht ar n-a tabhairt de bhun scéime ar n-a húdarú leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le hurraíochta ar n-a dtabhairt de bhun scéime ar n-a húdarú leis an alt san 4, ach san fé réir an atharuithe ghenerálta deintear leis an Acht so ar an abairt “fén Acht so”.
(3) San alt so cialluíonn an focal “ceaduithe” ceaduithe ag an gcomhairle bheidh i gceist.
Airgead do gheobhfar ar iasacht d'aisíoc.
6.—Gach suim do gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht fé alt 5 den Phríomh-Acht (ar n-a leathnú leis an Acht so) chun síolta agus abhair leasuithe, no síolta amháin, no abhair leasuithe amháin, do chur ar fáil fén bPríomh-Acht (ar n-a leathnú amhlaidh) sa bhliain 1941, aisíocfar í, maraon le hús do réir an ráta ar a mbeidh có-aontuithe, an 31adh lá de Mhárta, 1943, no roimhe sin.
Gearr-theideal agus có-luadh.
7.—(1) Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Abhar Leasuithe, 1941, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Soláthair Shíolta agus Abhar Leasuithe, 1940 agus 1941, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.
Number 7 of 1941.
SEEDS AND FERTILISERS SUPPLY ACT, 1941.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Act Referred to | |
No. 6 of 1940 |
Number 7 of 1941.
SEEDS AND FERTILISERS SUPPLY ACT, 1941.
The Principal Act.
1.—(1) In this Act the expression “the Principal Act” means the Seeds and Fertilisers Supply Act, 1940 (No. 6 of 1940).
(2) This Act shall be construed as one with the Principal Act and accordingly every expression and every word to which a particular meaning is assigned by section 1 of the Principal Act for the purposes of that Act has, in this Act, the meaning so assigned to it.
Extension of the Principal Act to the year 1941.
2.—The several provisions of the Principal Act shall extend and apply to the provision by the council of a county on or after the 1st day of January, 1941, and before the 31st day of July, 1941, of a supply of seeds and fertilisers or of seeds only or of fertilisers only for distribution in such county or in any particular portion thereof, and for the purpose of that extension and application the following provisions shall have effect, that is to say:—
(a) references in the Principal Act to the passing of that Act shall be construed as referring to the passing of this present Act;
(b) subject to the foregoing paragraph of this section, the expression “this Act” wherever it occurs in the Principal Act shall, unless the context otherwise requires, be construed as including this present Act.
Amendment of section 2 of the Principal Act.
3.—(1) Sub-section (1) of section 2 of the Principal Act is hereby amended by the insertion therein of the words and figures “or on or after the 1st day of January, 1941, and before the 31st day of July, 1941,” immediately after the words and figures “July, 1940,”.
(2) The expression “this section” where it occurs in sub-section (5) of section 2 of the Principal Act shall be construed as including this present section and shall have effect accordingly.
(3) Whenever the council of a county has, in the year 1941, provided and sold under the Principal Act as extended, applied, and amended by this Act seeds and fertilisers or either of them, such council may ascertain the total amount of the costs and expenses (other than the price paid by such council for such seeds and fertilisers or seeds or fertilisers, as the case may be) incurred by such council in respect of the provision and all sales of such goods and may apportion such amount amongst the several persons to whom such goods were so sold, and thereupon the sum so apportioned to any such person shall be added to and form and be deemed always to have formed part of the sum owing to such council by such person in respect of the sale so made to such person and shall be recoverable under the Principal Act as extended, applied, and amended by this Act, notwithstanding that no agreement for the payment of such sum was made at the time of such sale.
Amendment of section 3 of the Principal Act.
4.—(1) Section 3 of the Principal Act is hereby amended by the insertion therein of the words and figures “or, in the case of a sale in the year 1941, before the 1st day of January, 1942,” immediately after the words and figures “January, 1941,”.
(2) The expression “this section” where it occurs in paragraph (b) of section 3 of the Principal Act shall be construed as including the said section 3 as amended by this section and shall have effect accordingly.
Guarantees by county councils.
5.—(1) It shall be and be deemed always to have been lawful for the council of a county to make and carry out a scheme whereby such council undertakes to guarantee to any approved seed merchant the due payment to such merchant of the whole or a specified proportion of the price payable by an approved occupier or cultivator of land in such county for seeds and fertilisers or seeds only or fertilisers only supplied by such merchant to such approved occupier or cultivator during the period beginning on the 1st day of January, 1941, and ending on the 31st day of July, 1941.
(2) Sub-section (3) of section 4 of the Principal Act shall apply and have effect in relation to a guarantee given in pursuance of a scheme authorised by the foregoing sub-section of this section in like manner as it applies and has effect in relation to guarantees given in pursuance of a scheme authorised by the said section 4, but subject to the general modification effected by this Act of the expression “this Act”.
(3) In this section the word “approved” means approved of by the council concerned.
Repayment of borrowed moneys.
6.—Every sum borrowed by the council of a county under section 5 of the Principal Act (as extended and applied by this Act) for the purpose of the provision under the Principal Act (as so extended and applied) of seeds and fertilisers or of seeds only or of fertilisers only in the year 1941 shall be repaid on or before the 31st day of March, 1943, with interest at the rate agreed upon.
Short title and collective citation.
7.—(1) This Act may be cited as the Seeds and Fertilisers Supply Act, 1941.
(2) The Principal Act and this Act may be cited together as the Seeds and Fertilisers Supply Acts, 1940 and 1941.