Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 8 de 1961.


[EN]

ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ AN SCÉIM A RINNEADH DE BHUN MHÍR (C) D'FHO-ALT (1) D'ALT 33 D'ACHT AN BHAINC CHEANNAIS, 1942, A LEASÚ. [30 Márta, 1961.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Scéim.

1942, Uimh. 22.

1.—San Acht seo ciallaíonn “An Scéim” an scéim a rinneadh de bhun mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 33 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942.

[EN]

Cumhacht ghinearálta chun an Scéim a leasú.

2.—(1) Féadfar an Scéim a leasú ó am go ham.

[EN]

(2) Déanfar gach leasú den sórt sin trí scéim leasaitheach a údaraítear leis seo do Bhord Stiúrthóirí Bhanc Ceannais na hÉireann a dhéanamh faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(3) Gach scéim a dhéanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

[EN]

Srian maidir le seirbhís sa Státseirbhís.

1956, Uimh. 8.

1936, Uimh. 39.

3.—(1) Ní dhéanfar leasú faoin Acht seo ar an Scéim maidir le haon tréimhse seirbhíse sa Státseirbhís ach amháin go bhféadfar, i gcás Gobharnóir ag a raibh tréimhse nó tréimhsí seirbhíse sa Státseirbhís agus a bhí ag fónamh i bpost bunaithe sa Státseirbhís díreach roimh é a theacht chun bheith ina Ghobharnóir, an Scéim a leasú ionas go bhféadfar an tréimhse nó na tréimhsí sin (maraon le haon tréimhse a bheidh, de bhun aon achtacháin, le cur leis sin le haghaidh aoisliúntais), chun críocha dámhachtana dó nó maidir leis faoin Scéim arna leasú leis an scéim leasaitheach, a chomhshuimiú lena sheirbhís mar Ghobharnóir.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfar leasú faoin Acht seo ar an Scéim de bhua na heisceachta atá i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(a) déarfar go mbeidh éifeacht ag an leasú, agus beidh éifeacht aige, amhail ón lú lá de Nollaig, 1960,

[EN]

(b) forálfar sa leasú, maidir le dámhachtain faoin Scéim arna leasú leis an scéim leasaitheach—

[EN]

(i) go ndéanfar í a chinneadh amhail mar a chinntear dámhachtain faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, agus

[EN]

(ii) go mbeidh sí faoi réir na bhforálacha a fhreagraíonn dóibh sin ag a bhfuil feidhm de bhun an Achta Aoisliúntas, 1956, i gcás státseirbhíseach bunaithe,

[EN]

(c) ní dhéanfar aon íocaíocht ar mhodh aoisliúntais, aisce nó sochair eile faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, le haon duine ná maidir le haon duine a thiocfaidh chun bheith ina Ghobharnóir tar éis an lú lá de Nollaig, 1960, más duine é a mbeidh éifeacht ag an leasú maidir leis,

[EN]

(d) i gcás duine a mbeidh éifeacht ag an leasú maidir leis agus a bheidh ina Ghobharnóir an lú lá de Nollaig, 1960—

[EN]

(i) ní dhéanfar aon íocaíocht ar mhodh aoisliúntais, aisce nó sochair eile faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, leis ná maidir leis lá déanta na scéime leasaithí nó dá éis, agus

[EN]

(ii) aon íocaíochtaí a dhéanfar leis nó maidir leis faoi dhámhachtain faoin Scéim arna leasú leis an scéim leasaitheach laghdófar iad méid iomlán aon íocaíochtaí faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956 (nó faoi aon cheann de na hAchtanna sin) a rinneadh leis nó maidir leis roimh lá déanta na scéime leasaithí.

[EN]

(3) San alt seo—

[EN]

folaíonn “Státseirbhís”, i dteannta Státseirbhís an Rialtais agus Státseirbhís an Stáit, na státseirbhísí a luaitear i míreanna (a), (b), (c), (e) agus (f) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Aoisliúntas, 1936;

[EN]

tá le “Gobharnóir” an bhrí chéanna atá leis in Acht an Bhainc Cheannais, 1942.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlus.

4.—(1) Féadfar Acht an Bhainc Ceannais, 1961, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1961, a ghairm d'Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Cheannais, 1927 go 1942, agus den Acht seo le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 8 of 1961.


[GA]

CENTRAL BANK ACT, 1961.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

The Scheme.

2.

General power to amend the Scheme.

3.

Restriction with respect to service in the Civil Service.

4.

Short title and collective citation.


Acts Referred to

Central Bank Act, 1942

1942, No. 22

Superannuation Act, 1956

1956, No. 8

Superannuation Act, 1936

1936, No. 89

harp.jpg


Number 8 of 1961.


CENTRAL BANK ACT, 1961.


AN ACT TO ENABLE THE SCHEME MADE PURSUANT TO PARAGRAPH (C) OF SUBSECTION (1) OF SECTION 33 OF THE CENTRAL BANK ACT, 1942, TO BE AMENDED. [30th March, 1961.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

The Scheme.

1.—In this Act “the Scheme” means the scheme made pursuant to paragraph (c) of subsection (1) of section 33 of the Central Bank Act, 1942.

[GA]

General power to amend the Scheme.

2.—(1) The Scheme may be amended from time to time.

[GA]

(2) Every such amendment shall be effected by means of an amending scheme which the Board of Directors of the Central Bank of Ireland is hereby authorised to make subject to the consent of the Minister for Finance.

[GA]

(3) Every scheme under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made and if either House, within the next twenty-one days on which that House has sat after the scheme is laid before it, passes a resolution annulling the scheme, the scheme shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.

[GA]

Restriction with respect to service in the Civil Service.

3.—(1) An amendment under this Act of the Scheme shall not be made in relation to any period of service in the Civil Service except that, in the case of a Governor who has had a period or periods of service in the Civil Service and who was serving in an established position in the Civil Service immediately before becoming Governor, the Scheme may be amended so that the said period or periods (together with any period which, pursuant to any enactment, is to be added thereto for superannuation purposes) may, for the purposes of an award to or in relation to him under the Scheme as amended by the amending scheme, be aggregated with his service as a Governor.

[GA]

(2) Where an amendment under this Act of the Scheme is made by virtue of the exception contained in subsection (1) of this section, the following provisions shall have effect:

[GA]

(a) the amendment shall be stated to have effect, and shall have effect, as from the 1st day of December, 1960,

[GA]

(b) the amendment shall provide that an award under the Scheme as amended by the amending scheme—

[GA]

(i) shall be determined in like manner as an award under the Superannuation Acts, 1834 to 1956, and

[GA]

(ii) shall be subject to provisions corresponding to those applying pursuant to the Superannuation Act, 1956, in the case of established civil servants,

[GA]

(c) no payment by way of superannuation allowance, gratuity or other benefit under the Superannuation Acts, 1834 to 1956, shall be made to or in relation to any person becoming Governor after the 1st day of December, 1960, if he is a person in relation to whom the amendment has effect,

[GA]

(d) in the case of a person in relation to whom the amendment has effect and who was Governor on the 1st day of December, 1960—

[GA]

(i) no payment by way of superannuation allowance, gratuity or other benefit under the Superannuation Acts, 1834 to 1956, shall be made to or in relation to him on or after the day of the making of the amending scheme, and

[GA]

(ii) any payments made to or in relation to him under an award made under the Scheme as amended by the amending scheme shall be reduced by the total amount of any payments under the Superannuation Acts, 1834 to 1956 (or under any of those Acts) which were made to or in relation to him before the day of the making of the amending scheme.

[GA]

(3) In this section—

[GA]

Civil Service” includes, in addition to the Civil Service of the Government and the Civil Service of the State, the civil services mentioned in paragraphs (a), (b), (c), (e) and (f) of subsection (1) of section 2 of the Superannuation Act, 1936;

[GA]

Governor” has the same meaning as in the Central Bank Act, 1942.

[GA]

Short title and collective citation.

4.—(1) This Act may be cited as the Central Bank Act, 1961.

[GA]

(2) The Currency and Central Bank Acts, 1927 to 1942, and this Act may be cited together as the Currency and Central Bank Acts, 1927 to 1961.