[EN]

Uimhir 10 de 1927.


[EN]

ACHT UM ATHCHOMHAIRC CHÚIRTE CUARDA, 1927.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN COIMISINÉIRÍ A CEAPFAR CHUIGE SIN D'ÉISTEACHT AGUS DO BHREITHIÚNÚ ATHCHOMHARC SIBHIALTA AR FEITHEAMH A DINEADH I gCOINNIBH BREITHEANNA CÚIRTE CUARDA. [30adh Márta, 1927.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Coimisinéirí do cheapa.

1.—(1) Ag gníomhú dho ar chomhairle na hArd-Chomhairle féadfidh an Seanascal, aon uair laistigh de dhá mhí dhéag tar éis rithte an Achta so, pé Coimisinéirí agus pé méid Coimisinéirí is dó leis is ceart do réir na comhairle roimhráite do cheapa chun críche an Achta so.

[EN]

(2) Ní ceapfar éinne chun bheith ina Choimisinéir chun crícheanna an Achta so maran rud é, le linn a cheaptha, gur duine é a féadfí, fé alt 16 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), a cheapa chun bheith ina Bhreitheamh den Ard-Chúirt.

[EN]

(3) Gach duine a ceapfar chun bheith ina Choimisinéir chun crícheanna an Achta so, beidh sé, faid a mhairfidh a oifig, i seilbh a oifige do réir na sealbhaíochta céanna go mbíonn Breitheamh den Ard-Chúirt i seilbh a oifige dá réir agus beidh an ceart céanna aige chun eirghe as a oifig.

[EN]

(4) Beidh deire le hoifig Choimisineura chun crícheanna an Achta so nuair a bheidh crícheanna an Achta so cólíonta go hiomlán.

[EN]

(5) Gach duine a ceapfar chun bheith ina Choimisinéir chun crícheanna an Achta so íocfar leis, faid a bheidh sé i seilbh na hoifige sin, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas pé luach saothair agus liúntaisí a shocróidh an tAire Dlí agus Cirt le cead an Aire Airgid.

[EN]

Coimisinéirí d'éisteacht Athchomharc i gcoinnibh breitheanna Cúirte Cuarda.

2.—(1) Gach athchomharc a dineadh chun na hArd-Chúirte i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda fé alt 61 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) agus atá ar feitheamh le linn rithte an Achta-so, féadfidh beirt Choimisinéirí chun crícheanna an Achta so é d'éisteacht agus do bhreithiúnú in ionad beirt Bhreithiún den Ard-Chúirt á éisteacht agus á bhreithiúnú fén alt san 61.

[EN]

(2) Ag éisteacht agus ag breithiúnú athchomharc fén Acht so dhóibh beidh ag Coimisinéirí chun crícheanna an Achta so gach comhacht, údarás, agus príbhléid atá ag Breithimh den Ard-Chúirt.

[EN]

(3) Bainfidh ailt 61 agus 62 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, agus gach riail ionbhainte chúirte le héisteacht agus le breithiúnú athchomharc fén Acht so ag Coimisinéirí chun crícheanna an Achta so ach tagairt do sna Coimisinéirí sin do bheith in ionad gach tagartha sna hailt agus sna rialacha san do Bhreithimh den Ard-Chúirt, agus dá réir sin beidh ag gach ordú a dhéanfidh beirt Choimisinéirí den tsórt san fén Acht so an fheidhm agus an éifeacht chéanna a bheadh ag ordú den tsórt chéanna a dhéanfadh beirt Bhreithiún den Ard-Chúirt agus beidh sé ionchurtha i bhfeidhm sa tslí chéanna.

[EN]

Aiteanna agus amannta suidheanna na gCoimisinéirí.

3.—(1) Suidhfidh na Coimisinéirí chun crícheanna an Achta so, chun athchomhairc d'éisteacht agus do bhreithiúnú fén Acht so, i pé áit no áiteanna i gCathair Bhaile Atha Cliath a ordóidh an tAire Dlí agus Cirt o am go ham.

[EN]

(2) Féadfidh na Coimisinéirí chun crícheanna an Achta so a shocrú cadiad na hamannta a shuidhfid chun athchomhairc d'éisteacht agus do bhreithiúnú fén Acht so agus cé hiad na Coimisinéirí áirithe a éistfidh agus a bhreithiúnóidh aon athchomharc áirithe.

[EN]

Gearr-theideal.

4.—Féadfar an tAcht um Athchomhairc Chúirte Cuarda, 1927, do ghairm den Acht so.