[EN]

Uimhir 10 de 1940.


[EN]

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1939, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [23adh Bealtaine, 1940.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, do leasú.

1.—(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932), do leasú sna slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar an tagairt don ladh lá d'Abrán, 1935, atá i ngach ceann de sna míreanna (c), (d), (e), (f), (g), agus (h) den fho-alt san (1) do léiriú mar thagairt don ladh lá d'Abrán, 1941;

[EN]

(b) déanfar gach tagairt fé leith don ladh lá d'Abrán, 1940, atá i mír (j) den fho-alt san (1) (eadhon, an mhír do cuireadh isteach tré mhír (c) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1939 (Uimh. 3 de 1939)), do léiriú mar thagairt don ladh lá d'Abrán, 1941.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo mír (a) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1939 (Uimh. 3 de 1939).

[EN]

(3) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige, agus is tuigthe éifeacht do bheith aige, ar an ladh lá d'Abrán, 1940, agus ón lá san amach.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

2.—(1) Féadfar Ach na dTithe (Leasú), 1940, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1940, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1939, agus den Acht so le chéile.