Uimhir 10 de 1941.
ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (LEASÚ), 1941.
[An tionntódh oifigeamhail.]
[3adh Meitheamh, 1941.]
Mínithe.
1.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924);
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;
cialluíonn an abairt “cólucht údaruithe” príomh-chó-eagras margaíochta agus iad ag oibriú fé rialacha ar n-a gceadú, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, ag an Aire fén Acht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935 (Uimh. 21 de 1935);
cialluíonn rud do bheith “orduithe”, ach amháin in alt 5, é bheith orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.
(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt so, isé brí bheidh san Acht so le gach focal agus abairt dá gceapann an Príomh-Acht brí áirithe chun crícheanna an Achta san ná an bhrí ceaptar dó amhlaidh.
Bainisteoirí stáisiún ina ndeighiltear uachtar.
2.—(1) Ní foláir gach ní bhaineann le huachtar do dheighilt in áitreabh ar n-a chlárú sa chlár de stáisiúin ina ndeighiltear uachtar do bheith fé stiúradh bhainisteora chuibhe-cháilithe, agus ní foláir na mion-innste orduithe i dtaobh ceapadh gach bainisteora den tsórt san do chur in úil don Aire sa tslí orduithe.
(2) Chun crícheanna an ailt seo ní tuigthe duine do bheith cuibhecháilithe chun puist mar bhainisteoir ach i gcás—
(a) é dá chur ina luighe ar an Aire é bheith cáilithe chun an phuist sin, no
(b) deimhniú, ar n-a thabhairt amach ag an Aire á dheimhniú é bheith cáilithe i gcoitinne chun an phuist sin, do bheith aige.
(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, clárú aon áitreibh áirithe a bheidh cláruithe sa chlár de stáisiúin ina ndeighiltear uachtar do chealú más deimhin leis ceanglaisí an ailt seo do bheith gan cólíonadh maidir leis an áitreabh san.
(4) Sara ndeinidh an tAire clárú aon áitreibh áirithe do chealú fén alt so, bhéarfaidh fógra coicíse ar a laighead i scríbhinn don dílseánach chláruithe i dtaobh é bheith ar intinn an clárú san do chealú, agus breithneoidh aon chúis a phléfidh an dílseánach san leis roimh dháta an fhógra san do dhul in éag, agus féadfaidh, más oiriúnach leis é, fiosrúchán do chur á dhéanamh i dtaobh an scéil.
Saoirse ón oblagáid a forchuirtear le halt 9 den Phríomh-Acht.
3.—(1) Léireofar alt 9 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá saoradh sé gach cólucht údaruithe ón oblagáid a forchuirtear le fo-alt (1) den alt san á fhoráil gan im d'easportáil ach amháin ón áitreabh a luaidhtear sa bhfo-alt san (1).
(2) Beidh éifeacht ag an alt so, agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige, amhail ar an 1adh lá de Dheíreadh Fómhair, 1939, agus ón lá san amach.
Ailt 9, 10 agus 11 den Phríomh-Acht agus orduithe agus rialacháin áirithe do leathnú.
4.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “na forálacha maidir le him d'easportáil” ailt 9, 10, agus 11 den Phríomh-Acht maraon le gach ordú agus rialachán ar n-a dhéanamh, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, chun crícheanna ailt 9 no ailt 11 den Phríomh-Acht.
(2) Na forálacha maidir le him d'easportáil bainfid le him a cuirfear, no bheidh beartuithe a chur, o áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár d'uachtarlanna, ar n-a dhíol, chun cóluchta údaruithe fé mar a bhainfid le him a heasportálfar, no bheidh beartuithe a easportáil, ón áitreabh san.
Alt 16 den Phríomh-Acht do leasú.
5.—Leasuítear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht tríd an mír seo leanas do chur i ndeireadh fo-ailt (1) den alt san, sé sin le rá:—
“(k) pé uair tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1941, a ceapfar duine ar bith chun puist mar bhainisteoir chonganta ar an áitreabh no chun puist, pé teideal (más aon teideal é) a bheidh air, a bhféadfaí, toise na ndualgaisí ghabhann leis, féachaint ar an té ag á mbeidh sé mar bhainisteoir chonganta ar an áitreabh, ní foláir an duine sin do bheith cuibhe-cháilithe chun an phuist sin, agus ní foláir na mion-innste orduithe i dtaobh é cheapadh do chur in úil don Aire sa tslí orduithe.”
Táillí ar im a táirgfear in áitreabh cláruithe no a heasportálfar as.
6.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “bliain le n-a mbaineann an t-alt so” an bhliain 1940 no aon bhliain ina dhiaidh sin.
(2) Déanfaidh dílseánach cláruithe gach áitreibh a bheidh cláruithe sa chlár d'uachtarlanna no sa chlár d'easportálaithe déantóireachta táille de leath-phingin d'íoc leis an Aire in aghaidh gach bliana le n-a mbaineann an t-alt so ar gach ocht bpúint fichead iomlán den chaindíocht ime, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, a táirgeadh san áitreabh san i rith na bliana san.
(3) Déanfaidh dílseánach cláruithe gach áitreibh a bheidh cláruithe sa chlár de mhonarchana ime táille de phingin d'íoc leis an Aire in aghaidh gach bliana le n-a mbaineann an t-alt so ar gach ocht bpúint fichead iomlán den chaindíocht ime, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, a heasportáladh as an áitreabh san i rith na bliana san.
(4) Déanfaidh dílseánach cláruithe gach áitreibh a bheidh cláruithe sa chlár d'easportálaithe nach déantóirí táille de phingin d'íoc leis an Aire in aghaidh gach bliana le n-a mbaineann an t-alt so ar gach ocht bpúint fichead iomlán den chaindíocht ime (seachas im uachtarlainne), ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, a heasportáladh as an áitreabh san i rith na bliana san.
(5) An chuid de bhliain, is bliain ina gcríochnófar clárú aon áitreibh chláruithe áirithe den chéad uair, a thiocfaidh i ndiaidh dáta an chríochnuithe sin áirmheofar í mar bhliain maidir leis an alt so do bhaint leis an áitreabh san.
(6) Tiocfaidh gach táille fén alt so chun bheith dlite an 1adh lá d'Eanar agus ní foláir í d'íoc roimh an 17adh lá de Mhárta sa bhliain díreach i ndiaidh na bliana gur ina haghaidh is iníoctha dhi.
(7) Déanfaidh gach dílseánach cláruithe áitreibh a bheidh cláruithe sa chlár d'uachtarlanna, no sa chlár d'easportálaithe déantóireachta, no sa chlár de mhonarchana ime, no sa chlár d'easportálaithe nach déantóirí, na breacacháin sin do thabhairt uaidh, chun crícheanna an ailt seo, do sna daoine sin agus ag na tráthanna san agus sna fuirmeacha san a bheidh orduithe.
(8) Má theipeann ar aon dílseánach cláruithe, ag á mbeidh táille fén alt so iníoctha, an táille sin d'íoc roimh an 17adh lá de Mhárta sa bhliain díreach i ndiaidh na bliana gur ina haghaidh is iníoctha dhi, beidh clárú an áitreibh chláruithe iomchuibhe cealuithe de bhuadh an ailt seo amhail ar an 17adh lá san de Mhárta agus ón lá san amach.
(9) I gcás clárú aon áitreibh chláruithe do chealú de bhuadh an ailt seo agus an táille, gur de dhruim gan í d'íoc do thárla an cealú san, d'íoc laistigh de thrí mhí tar éis dáta an chealuithe sin féadfaidh an tAire an t-áitreabh san do chur thar n-ais ar an gclár amhail ar an dáta agus ón dáta ar a n-íocfar an táille sin.
(10) I gcás táillí is iníoctha fén alt so in aghaidh na bliana 1940, déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (6) den alt so don 1adh lá d'Eanar do léiriú mar thagairt don 1adh lá de Mheitheamh agus déanfar gach tagairt fé leith atá sa bhfo-alt san agus i bhfo-alt (8) den alt so don 17adh lá de Mhárta do léiriú mar thagairt don 30adh lá de Mheitheamh.
(11) Déanfar na táillí go léir is iníoctha fén alt so do bhailiú agus do ghlacadh sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no iad do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir mar ordóidh an tAire sin.
(12) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táille is iníoctha fén alt so.
(13) Ní bhainfidh fo-ailt (2) go (10) d'alt 34 den Phríomh-Acht ná an dara iontráil ná an tríú iontráil atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht le haon bhliain le n-a mbaineann an t-alt so.
Alt 34 den Phríomh-Acht agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do bhaint leis an mbliain 1939.
7.—Chun alt 34 den Phríomh-Acht agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san do bhaint leis an mbliain 1939, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) an t-im go léir do cheannuigh cólucht údaruithe idir an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1939, agus an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, agus d'easportáil an cólucht san is tuigthe gur im é do heasportáladh as an áitreabh o n-ar cuireadh é, ar n-a dhíol, chun an chóluchta san, agus
(b) aon deifríocht a bheidh idir méid aon táille bliantúla do híocadh roimh an Acht so do rith in aghaidh na bliana 1939 agus méid na táille sin mar is ceart í d'íoc ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo, íocfar í leis an Aire roimh an 30adh lá de Mheitheamh, 1941, agus, mara n-íoctar amhlaidh í, beidh sí ion-bhainte amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.
Rialacháin.
8.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.
Gearr-theideal agus luadh.
9.—Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1941, do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1941, do ghairm de sna hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1937, agus den Acht so le chéile.