[EN]

Uimhir 10 de 1948.


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHAR-SHOCRAÍOCHTA), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUMASÚ COMHAR-SHOCRAÍOCHTA NÓ SOCRAÍOCHTA EILE A DHÉANAMH LE TÍORTHA EILE MAIDIR LE NITHE A BHAINEAS LE hÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, ÁRACHAS DÍFHOSTAÍOCHTA, ÁRACHAS PINSEAN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE AGUS CÚITEAMH DO LUCHT OIBRE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [2ú Iúil, 1948.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Cumann” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte.

[EN]

Comharshocraíochta le tíortha eile maidir le seirbhísí leasa shóisialaigh áirthe.

2.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comharshocraíochta nó socraíochta eile a dhéanamh, le húdarás cuí aon tíre eile, maidir le nithe a bhaineas le—

[EN]

(a) Arachas Sláinte Náisiúnta,

[EN]

(b) Arachas Dífhostaíochta,

[EN]

(c) Arachas Pinsean do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe,

[EN]

(c) cúiteamh nó sochar is iníoctha i leith díobhála a tharlas de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta duine agus i leith galar nó díobhála de dheasca nádúr fostaíochta duine.

[EN]

Cumhacht chun orduithe a dhéanamh.

3.—(1) Féadfaidh an tAire pé orduithe a dhéanamh is gá chun aon tsocraíocht a déanfar faoi alt 2 den Acht seo a chur i gcrích, agus féadfaidh le haon ordú den tsórt sin pé oiriúnuithe agus modhnuithe is dóigh leis is gá a dhéanamh ar aon achtachán a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hábhar na socraíochta.

[EN]

(2) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

[EN]

Leasú ar alt 7 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1947.

4.—An tagairt atá i bhfo-alt (5) d'alt 7 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1947 (Uimh. 8 de 1947), do chomhar-shocraíochta, léireofar í mar thagairt a fholaíos tagairt d'aon tsocraíocht a déanfar faoi alt 2 den Acht seo maidir le nithe a bhaineas le hArachas Pinsean do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe.

[EN]

Cumhacht an Chumainn chun rialacha d'athrú.

5.—Chun éifeacht a thabhairt d'aon tsocraíocht a déanfar faoi alt 2 den Acht seo maidir le nithe a bhaineas le hArachas Sláinte Náisiúnta, féadfaidh Coiste Bainistí an Chumainn, le toiliú an Aire, cur le haon riail de rialacha an Chumainn nó í d'athrú.

[EN]

Costais.

6.—Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal.

7.—Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhar-Shocraíochta), 1948, a ghairm den Acht seo.