Uimhir 10 de 1955.
AN tACHT MONARCHAN, 1955.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Monarchan, 1955, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.
(3) D'ainneoin fo-ailt (2) den alt seo, má taispeántar chun sástachta an Aire, maidir le haon cheanglas áirithe dá bhfuil i gCuid III den Acht seo, gur chóir, toisc caiteachas mór a ghabháil lena bheith riachtanach forgnimh nó gléasra nua a sholáthar, nó foirgnimh nó gléasra atá ann d'athrú, nó toisc deacrachtaí speisialta eile, nach dtiocfadh an ceanglas sin i ngníomh an lá a bheas ceaptha faoi fho-alt (2) den alt seo, i gcás monarchan i gcoitinne nó i gcás aon chineáil nó sóirt mhonarchan, féadfaidh sé, le hordú, an dáta a thiocfadh an ceanglas sin i ngníomh d'iarchur i gcás monarchan i gcoitinne, nó i gcás an chineáil nó an tsóirt sin mhonarchan, go dtí pé dáta is oiriúnach leis ach nach déanaí ná an dá bhliain tar éis an lae a bheas ceaptha faoi fho-alt (2) den alt seo, agus féadfaidh aon ordú den tsórt sin a ordú gur ag na forála comhréire sin d'aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo a sonrófar san ordú a bheas feidhm in ionad an cheanglais iarchurtha den Acht seo.
(4) D'ainneoin fo-ailt (2) den alt seo, tiocfaidh alt 127 den Acht seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.
Léiriú i gcoitinne.
2.—(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “bacús” aon áit ina ndéantar arán, brioscaí nó milseoga a bhácáil i modh trádála nó chun sochair;
folaíonn “díobháil choirp” díobháil don tsláinte;
ciallaíonn “oibríocht fhoirgníochta” foirgneamh a thógáil, d'athrú ina dhéanmhas, a dheisiú nó a chothabháil (lena n-áirítear an déanmhas d'athphointeáil, d'athmhaisiú agus é a ghlanadh ar an taobh amuigh), foirgneamh a scartáil agus an t-ullmhúchán a dhéanamh, agus an fotha a chur síos, le haghaidh foirgnimh atá beartaithe, ach ní fholaíonn sé aon oibríocht arb obair innealltóireachta í do réir bhrí an Achta seo;
ciallaíonn “dochtúir deimhníochta” lia-chleachtóir cláraithe a ceapfar faoi alt 96 den Acht seo ina dhochtúir deimhníochta chun aon cheann de chríocha an Achta seo;
folaíonn “cineál nó sórt”, maidir le monarchana, grúpa monarchan a tuairiscítear do réir áite;
folaíonn an briathar “sárú”, maidir le haon fhoráil, diúltú nó mainniú um dhéanamh do réir na forála sin;
ciallaíonn “gráid” gráid Fahrenheit;
folaíonn “crios tiomána” aon strapa nó rópa tiomána;
folaíonn “múch” gás nó galán;
ciallaíonn “clár ginearálta” an clár a bheas á choimeád do réir ceanglas ailt 122 den Acht seo;
tá le “cuan” an bhrí atá le “harbour” sa Merchant Shipping Act, 1894;
ciallaíonn “monarcha taislithe” monarcha ina ndéantar aerthaisliú go saorga trí ghailiú nó ar shlí eile;
ciallaíonn “cigire” oifigeach don Aire a bheas údaraithe faoi alt 93 den Acht seo chun gníomhú mar chigire chun críocha an Achta seo;
folaíonn “inneallra” aon chrios tiomána;
ciallaíonn an briathar “cothabháil” cothabháil i staid éifeachtúil, in ord éifeachtúil chun oibre, agus i ndea-dheis;
tá le “dochtúir oifigiúil sláinte” an brí atá leis san Acht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947), ach folaíonn sé freisin dochtúir oifigiúil ceantair faoi alt 52 den Acht Sláinte, 1953 (Uimh. 26 de 1953);
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ciallaíonn “ilmhonarcha” aon áitreabh ina ndéantar cumhacht mheicniúil ó aon phríomh-ghluaisneoir laistigh de chlós nó de chúirtealáiste an áitribh d'imdháil lena húsáid i bpróiseanna monaraíochta chun coda éagsúla den áitreabh céanna atá á n-áitiú ag daoine éagsúla ar chuma gur monarchana ar leithligh do réir dlí na coda sin;
ciallaíonn “únaer” an duine atá de thuras na huaire ag fáil cíosa fhorláin an áitribh ar i ndáil leis a húsáidtear an focal, pé acu ar a chuntas féin nó mar ghníomhaire nó iontaobhaí d'aon duine eile é, nó a gheobhadh an cíos forlán dá mbeadh an t-áitreabh ligthe ar chíos forlán;
ciallaíonn “tuismitheoir” tuismitheoir nó caomhnóir ógánaigh, nó duine ag a bhfuil coimeád dlíthiúil, nó urlámhas, ógánaigh, agus folaíonn sé freisin, maidir le haon ógánach, aon duine a gheibheas tairbhe dhíreach as a pháigh;
ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin ón Aire faoin Acht seo;
ciallaíonn “príomh-ghluaisneoir” gach inneall, mótar nó fearas cile a sholáthraíos fuinneamh meicniúil a thig ó ghail, uisce, gaoth, leictreachas, dóchán breosla nó bunadh eile;
folaíonn “próis” úsáid aon ghluaisteora;
ciallaíonn “iarnród” aon iarnród a húsáidtear le haghaidh tráchta phoiblí, pé acu trácht paisnéirí nó earraí nó eile é, agus folaíonn sé aon oibreacha de chuid an chomhluchta chorpraithe a bhainistíos agus a rialaíos an t-iarnród arb oibreacha iad a ghabhas leis an iarnród;
ciallaíonn “údarás sláintíochta” údarás sláintíochta do réir bhrí na nAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952;
folaíonn “áiseanna sláintíochta” múnlanna, clóiséid uisce, clóiséid chré, losáin, poill luaithrigh agus aon áis dá samhail sin;
tá le “long” an bhrí atá le “ship” sa Merchant Shipping Act, 1894;
ciallaíonn “trambhealach” trambhealach atá údaraithe le reacht nó faoi reacht agus a húsáidtear le haghaidh tráchta phoiblí;
ciallaíonn “inneallra tiomarnaíochta” gach fearsaid, roth, druma, ulóg, córas d'ulóga daingeana agus scaoilte, cúpláil, crág, crios tiomána nó feiste eile trína dtiomarnaítear chun aon innill nó fearais, nó trína nglacann aon inneall nó fearas, gluaiseacht phríomh-ghluaisneora;
tá le “soitheach” an bhrí atá le “vessel” sa Merchant Shipping Act, 1894;
ciallaíonn “rialacháin leasa” rialacháin speisialta faoi alt 57 den Acht seo;
ciallaíonn “bean” bean nach lú ná ocht mbliana déag a haois;
ciallaíonn “obair innealltóireachta” aon líne iarnróid nó taobhlach a dhéanamh seachas ar iarnród atá ann cheana, agus aon duga, cuan, uiscebhealach intíre, tollán, droichead, tarbhealach, oibreacha uisce, taisciomar, píop-líne, uiscrian, séarach, oibreacha séarachta nó gás-choimeádán a dhéanamh, d'athrú ina dhéanmhas nó a dheisiú (lena n-áirítear athphointeáil agus athphéinteáil) nó a scartáil, ach amháin i gcás an obair sin a dhéanamh ar iarnród nó ar thrambhealach, agus folóidh sé pé oibreacha eile a forordófar;
ciallaíonn “ógánach” duine faoi bhun ocht mbliana déag agus os cionn ceithre bliana déag d'aois.
(2) Chun críocha an Achta seo, measfar inneallra nó gléasra a bheith déanta nó athdhéanta roimh dháta rite an Achta seo nó roimh rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo, agus measfar monarcha nó foirgneamh a bheith déanta, athdhéanta, leathnaithe, méadaithe nó athraithe lena úsáid mar mhonarcha roimh dháta rite nó thosach feidhme an Achta seo, má tosnaíodh ar é a dhéanamh, d'athdhéanamh, a leathnú, a mhéadú nó d'athrú roimh dháta rite nó thosach feidhme an Achta seo nó roimh rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo, pé acu é.
(3) Chun críocha an Achta seo, ní measfar monarcha a bheith ina monarcha ina n-úsáidtear cumhacht mheicniúil de bhrí amháin go n-úsáidtear cumhacht mheicniúil chun na seomraí oibre nó coda eile den mhonarcha a théamh, d'acrú nó a shoilsiú.
(4) Chun críocha an Achta seo measfar príntíseach a bheith ina dhuine atá fostaithe.
(5) Forléireofar aon tagairt san Acht seo don Chúirt Dúiche mar thagairt don Bhreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil an mhonarcha atá i gceist.
(6) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.
Léiriú ar “monarcha”.
3.—(1) Faoi réir forál an ailt seo, ciallaíonn “monarcha”, san Acht seo, aon áitreabh a bhfostaítear daoine ann, nó laistigh dá chlós nó dá chúirtealáiste nó dá mhaighin, ar shaothar láimhe in aon phróis chun nó i leith aon chríche acu seo a leanas:
(a) déanamh aon earra nó coda d'aon earra,
(b) athrú, deisiú, ornáidiú, críochnú, glanadh nó níochán, nó briseadh nó scartáil, aon earra,
(c) oiriúnú aon earra chun a díolta,
agus arb áitreabh é a mbíonn an obair ar siúl ann, nó laistigh dá chlós nó dá chúirtealáiste nó dá mhaighin, i modh trádála nó chun sochair agus a bhfuil ceart isteach ann nó urlámhas air ag fostóir na ndaoine a fostaítear ann;
Agus (pé acu is monarchana iad nó nach ea de chionn an mhínithe sin roimhe seo) san Acht seo folaíonn “monarcha” freisin na háitribh seo a leanas ina bhfostaítear daoine ar shaothar láimhe:
(i) aon longlann nó duga tirm (lena n-áirítear a maighin) a ndéantar, a n-athdhéantar, a ndeisítear, a n-athfheistítear, a gcríochnaítear nó a mbristear longa nó soithigh ann,
(ii) aon áitreabh a mbíonn sórtáil aon earraí ar siúl ann mar ghnó ar leithligh, agus gur réamhshaothar é le haghaidh na hoibre a bhíos ar siúl in aon mhonarcha nó i leith críocha aon mhonarchan,
(iii) aon áitreabh a mbíonn níochán nó líonadh buidéal nó coimeádán nó pacáil earraí ar siúl ann mar ghnó ar leithligh nó i leith críocha aon mhonarchan,
(iv) aon áitreabh a mbíonn crúcadh, pléatadh, crupadh, déanamh suas nó pacáil abhrais nó éadaigh ar siúl ann mar ghnó.
(v) aon neachtlann a seoltar i dtaca le gnó eile, nó i leith críocha aon fhorais phoiblí,
(vi) aon áitreabh a mbíonn déanamh, athdhéanamh nó deisiú gluaisteoirí, feithiclí nó gléasra eile lena n-úsáid le haghaidh iompair ar siúl ann i dtaca le gnóthas iompair nó le gnóthas eile tionscail nó tráchtála, agus nach áitreabh é a húsáidtear mar thigh do ghluaisteoirí nó feithiclí agus nach mbíonn ar siúl ann ach glanadh, níochán, deisiúchán reatha nó mionchoigeartú agus nach bhfostaítear daoine ann go lán-aimsireach ar an nglanadh, an níochán, an deisiúchán agus an coigeartú sin,
(vii) aon áitreabh a mbíonn clóbhualadh le litir-chló, liaghrafacht, fótaghrábháil nó próis eile dá samhail sin, nó leabharcheangal, ar siúl ann i modh trádála nó chun sochair nó i leith gnótha eile a bhíos ar siúl amhlaidh,
(viii) aon áitreabh a mbíonn déanamh, oiriúnú nó deisiú éadaí, radharcanna nó feistis ar siúl ann i leith le léiriú nó taispeáint scannán cineamatagrafach nó taibhithe amharclainne i modh trádála nó chun sochair, agus nach stáitse nó seomra cóiriúcháin amharclainne nach ndéantar ann ach corr-oiriúnú nó corrdheisiúchán,
(ix) aon áitreabh a mbíonn déanamh nó deisiú eangacha ar siúl ann mar ghnó i leith le tionscal an iascaigh,
(x) aon áitreabh a mbíonn cumhacht mheicniúil á húsáid ann i ndáil le déanamh nó deisiú earraí miotail nó adhmaid i leith le haon ghnó a bhíos ar siúl i modh trádála nó chun sochair,
(xi) aon áitreabh a mbíonn táirgeadh scannán cineamatagrafach ar siúl ann i modh trádála nó chun sochair, i dtreo, áfach, nach measfar gur fostaíocht i monarcha fostaíocht taibheoirí amharclainne agus freastalaithe ar thaibheoirí amharclainne in aon áitreabh den tsaghas sin,
(xii) aon áitreabh a mbíonn earraí á ndéanamh nó á n-ullmhú ann i leith le hoibríochtaí foirgníochta nó le oibreacha innealltóireachta, agus nach áitreabh a mbíonn na hoibríochtaí nó na hoibreacha sin ar siúl ann,
(xiii) aon áitreabh a húsáidtear chun gás a stóráil i ngás-choimeádán de luchtmhaireacht nach lú ná cúig mhíle troigh ciúbach,
(xiv) aon áitreabh a mbíonn scuitseáil lín ar siúl ann mar ghnó,
(xv) aon áitreabh a mbíonn piocadh éanlaithe ar siúl ann mar ghnó,
(xvi) aon áitreabh a mbíonn tástáil, grádáil nó pacáil ubh ar siúl ann mar ghnó,
(xvii) aon áitreabh ina maraítear muca le haghaidh monarchan bagúin,
(xviii) aon áitreabh ina maraítear bólacht nó caoire le haghaidh pacála.
(2) Aon líne nó taobhlach (nach cuid d'iarnród ná de thrambhealach) a húsáidtear i ndáil le monarcha agus lena haghaidh, measfar, chun críocha an Achta seo, gur cuid den mhonarcha é, ach má húsáidtear aon líne nó taobhlach den tsaghas sin i ndáil le níos mó ná aon mhonarcha amháin le háititheoirí éagsúla, measfar gur monarcha ar leithligh an líne nó an taobhlach.
(3) Féadfar, le ceadú i scríbhinn ón Aire, cuid de mhonarcha d'áireamh mar mhonarcha ar leithligh, agus féadfar, le ceadú i scríbhinn ón Aire, dhá mhonarcha nó níos mó d'áireamh mar aon mhonarcha amháin.
(4) Aon láthair oibre ina mbíonn, le cead ón únaer nó ón áititheoir nó faoi chomhaontú leis, beirt nó níos mó ag gabháil d'aon obair a dhéanfadh monarcha den láthair oibre dá mba ag an únaer nó ag an áititheoir a bhí an lucht oibre ann ar fostú, measfar chun críocha an Achta seo gur monarcha é agus, i gcás aon láthair oibre den tsórt sin nach ilmhonarcha ná cuid d'ilmhonarcha, beidh feidhm ag an Acht seo amhail is dá mb'é únaer nó áititheoir an láthair oibre áititheoir na monarchan agus amhail is dá mba dhaoine a bhí ar fostú sa mhonarcha an lucht oibre sa láthair oibre sin.
(5) Measfar chun críocha an Achta seo nach monarcha áitreabh atá i gcairéal nó i mianach nó atá in aice le, agus ag baint le, cairéal nó mianach agus ar áitreabh é arb í an t-aon phróis a bhíos ar siúl ann próis i dtaca le mianraí a bhaint, a chóiriú nó d'ullmhú lena ndíol.
(6) I gcás áit laistigh den chlós, den chúirtealáiste nó den mhaighin a chomhdhéanas monarcha a bheith á úsáid go haon rach chun críche eigin seachas na próiseanna a bhíos ar siúl sa mhonarcha, measfar chun críocha an Achta seo nach cuid den mhonarcha an áit sin, ach dá mba mhonarcha é mura mbeadh sin measfar gur monarcha ar leithligh é.
(7) Ní heiscfear áitreabh ó réim an mhínithe a bheirtear chun críocha an Achta seo ar mhonarcha de bhíthin amháin gurb áitreabh faoin aer é.
(8) Má ordaíonn an tAire amhlaidh le rialacháin maidir le gach ceann nó aon cheann nó de chríocha an Achta seo, measfar gur monarchana ar leithligh brainsí nó ranna éagsúla oibre a seoltar sa mhonarcha chéanna.
(9) Ní measfar nach monarcha chun críocha an Achta seo áitreabh is de chuid, nó atá in áitíocht, an Stáit nó aon údaráis áitiúil nó údaráis phoiblí eile, agus ní heiscfear ó oibriú an Achta seo oibríochtaí foirgníochta ná oibreacha innealltóireachta a ghabhfas an Stát nó aon údarás den tsaghas sin de láimh, nó a gabhfar de láimh thar a gceann, de bhíthin amháin nach obair i modh trádála ná chun sochair an obair a bheas ar siúl ann.
Feidhm an Achta maidir le hógánaigh a fostaítear i monarchana ar obair áirithe.
4.—Aon ógánach a bhíos ag obair i monarcha, pé acu ar pháigh é nó nach ea, ag bailiú, ag iompar nó ag seachadadh earraí, ag tabhairt teachtaireachtaí nó ag dul ar theachtaireachtaí, measfar chun críocha an Achta seo nó aon imeacht faoin Acht seo é a bheith ar fostú sa mhonarcha.
Caiteachais an Aire.
5.—Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Rialacháin maidir le nithe forordaithe.
6.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.
Athghairm.
7.—Déantar leis seo na hAchta a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
Orduithe, etc., airithe d'fhanúint i bhfeidhm.
8.—Aon ordú, rialachán, fo-dhlí, ceanglas, ceapachán (seachas ceapachán faoi alt 118 den Factory and Workshop Act, 1901) nó aon chomhaontú a rinneadh nó aon deimhniú (seachas deimhniú faoi alt 14 den Factory and Workshop Act, 1901) nó fógra a tugadh faoi aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, fanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a tugadh é agus, sa mhéid gurbh fhéidir é a dhéanamh nó a thabhairt faoi fhoráil áirithe den Acht seo, measfar gur faoin bhforáil sin a rinneadh nó a tugadh é, agus aon ordú nó rialachán den tsaghas sin a rinneadh faoi chumhacht is infheidhmithe faoi fhoráil chomhréire den Acht seo le hionstraim de chineál eile, measfar gur ionstraim den chine l sin é, i dtreo, áfach, go bhféadfar aon ordú nó rialachán den tsaghas sin a fhanfas i bhfeidhm de bhuaidh an ailt seo d'athrú nó a chúlghairm le hordú nó le rialacháin ón Aire faoin Acht seo, sa mhéid gur gá é a thabhairt i gcomhréir leis an Acht seo.
Forléiriú tagairt í áirithe.
9.—(1) Forléireofar mar thagairtí do rialacháin faoin Acht seo tagairtí in aon achtachán d'ordú speisialta faoi alt 126 den Factory and Workshop Act, 1901.
(2) Forléireofar mar thagairtí do mhonarcha do réir bhrí an Achta seo tagairtí in aon achtachán do mhonarcha nó ceardlann do réir bhrí na Factory and Workshop Acts, 1901 to 1920, nó aon cheann de na hAchta sin.
(3) Ní dhéanfaidh lua nithe áirithe i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo dochar ná difir d'fheidhm ghinearálta alt 20 agus 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937).
CUID II.
Sláinte (Forála Ginearálta).
Glaineacht.
10.—(1) Coimeádfar gach monarcha i riocht ghlan agus saor ó bhréantas a thiocfadh ó aon tsilteán, áis sláintíochta nó núis agus, gan dochar don fhoráil sin roimhe seo—
(a) déanfar salachar, cosamar, dramh agus iarmhar ceirde a bhaint gach lá, ar mhodh oiriúnach, d'urláir agus de bhinsí seomraí oibre, agus de na staighrí agus na pasáistí,
(b) déanfar urlár gach seomra oibre a ghlanadh uair amháin ar a laghad sa tseachtain trína ní, nó más éifeachtach agus más oiriúnach é, trína scuabadh nó ar chuma eile,
(c) i gcás gach balla agus pairtín laistigh, agus gach síleáil nó barr seomra, agus gach balla, taobh agus barr pasáiste agus staighre—
(i) más foraghaidh mhín neamhshúiteach atá orthu, déanfar, uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de cheithre mhí dhéag, iad a ní le huisce te agus gallúnach nó glantach oiriúnach eile, nó iad a ghlanadh ar pé cuma eile a cheadós cigire,
(ii) má coimeádtar péinteáilte le híle-phéint nó má coimeádtar líomhnaithe iad, déanfar athphéinteáil nó athlíomhnadh orthu uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de sheacht mbliana agus, uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de cheithre mhí dhéag, iad a ní le huisce te agus gallúnach nó glantach oiriúnach eile, nó iad a ghlanadh ar pé cuma eile a cheadós cigire,
(iii) i gcásanna eile coimeádfar aolnite nó dathnite iad agus déanfar an t-aolní nó an dath-ní uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de cheithre mhí dhéag.
(2) Nuair a beifear, tráth a bheas obair ar siúl, ag comhlíonadh ceanglas míre (a) nó míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo, úsáidfear, a mhéid is féidir sin go réasúnach, modhanna nach n-ardóidh deannach.
(3) Ach amháin in aon chás áirithe ina gceanglóidh an tAire a mhalairt, ní bheidh feidhm ag forála míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le haon mhonarcha nach n-úsáidtear cumhacht mheicniúil inti agus ar lú ná deichniúr an líon daoine a fostaítear inti.
(4) Más dóigh leis an Aire, i gcás monarchan, nó coda de mhonarcha, d'aon chineál nó sórt, nach gá aon fhorála d'fho-alt (1) den alt seo chun an mhonarcha a choimeád i riocht ghlan nó, mar gheall ar imthosca speisialta, nach iomchuí nó nach leor iad chuige sin, féadfaidh sé, más oiriúnach leis é, le hordú a dhéanfas sé tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, a ordú nach mbeidh feidhm ag na forála sin maidir le monarchana, nó coda de mhonarchana, den aicme nó den tsórt sin, nó go mbeidh feidhm acu arna n-athrú leis an ordú.
Plódu.
11.—(1) Ní bheidh monarcha, le linn obair a bheith ar siúl, chomh plódaithe sin gur baol dá dheasca díobháil a bhaint do shláinte na ndaoine a fostaítear inti.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) den alt seo, measfar monarcha a bheith chomh plódaithe sin gur baol dá dheasca díobháil a bhaint do shláinte daoine a fostaítear inti má bhíonn an líon daoine a bheas ar fostú san aon-am in aon tseomra oibre chomh mór sin gur lú ná ceithre chéad troigh ciúbach an spás ciúbach in aghaidh gach duine a fostaítear sa tseomra.
(3) Más deimhin leis an Aire, mar gheall ar na coinníollacha speisialta faoina bhfuil an obair ar siúl in aon tseomra oibre ina monaraítear nó ina láimhsítear ábhair phléascacha, nárbh iomchuí nó nár ghá feidhm a bheith ag fo-alt (2) den alt seo maidir leis an seomra oibre, féadfaidh sé, le deimhniú, an seomra oibre d'eisceadh ón bhfo-alt sin, faoi réir aon choinníollacha a sonrófar sa deimhniú.
(4) Maidir le haon tseomra a bheas á úsáid mar sheomra oibre ar dháta thosach feidhme an Achta seo, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo go ceann na tréimhse de thrí bliana i ndiaidh an dáta sin agus, má cuirtear ar fáil sa tseomra, roimh dheireadh na tréimhse sin, aerúchán meicniúil a bheas éifeachtach agus oiriúnach, beidh éifeacht aige, go ceann tréimhse breise de chúig bhliana, amhail is dá gcuirtí tagairt do dhá chéad go leith troigh chiúbach in ionad na tagairte do cheithre chéad troigh chiúbach atá sa bhfo-alt sin.
(5) Scoirfidh fo-alt (4) den alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir le seomra—
(a) má thagann an seomra in áitíocht aon duine seachas an duine arbh é a áititheoir é ar dháta an Achta seo a rith nó comharba an áititheora sin sa ghnó céanna,
(b) más rud é, sa chéad tréimhse de na tréimhsí dá dtagartar sa bhfo-alt, go gceanglóidh an tAire aerúchán meicniúil a bheas éifeachtúil agus oiriúnach a chur ar fáil sa tseomra agus go mainneofar an ceanglas a chomhlíonadh,
(c) más rud é, sa dara tréimhse de na tréimhsí sin, go scoirfear de chothabháil an aerúcháin mheicniúil éifeachtúil oiriúnaigh a cuireadh ar fáil sa tseomra, nó
(d) i gcás aerúchán meicniúil éifeachtúil oiriúnach a bheith curtha ar fáil de bhun ceanglais ón Aire, más rud é, i gceachtar de na tréimhsí sin, go scoirfear de chothabháil an aerúcháin sin.
(6) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh i gcás monarchan, nó coda de mhonarcha d'aon chineál no sórt nó i gcás aon phróise, ag cur leis an méid troigh ciúbach nach foláir faoin alt seo a bheith ann in aghaidh gach duine a fostaítear i seomra oibre.
(7) Nuair a beifear, chun críocha an ailt seo, ag ríomh spás ciúbach aon tseomra, ní cuirfear i gcuntas aon spás is mó ná ceithre troigh déag ón urlár agus, má tá áiléar i seomra, déanfar chun críocha an ailt seo an t-áiléar d'áireamh amhail is dá mbeadh sé deighilte ón gcuid eile den tseomra agus gur sheomra ar leithligh é.
(8) Coimeádfar crochta suas i ngach seomra oibre fógra a shonrós an líon daoine a féadfar d'fhostú, ag féachaint don alt seo, sa tseomra oibre.
Teocht.
12.—(1) Déanfar socrú éifeachtúil chun go mbeidh, agus chun go gcothabhálfar, teocht réasúnach i ngach seomra oibre, ach ní húsáidfear aon mhodh a bhéarfas go n-éalóidh isteach in aer aon tseomra oibre an oiread sin agus an saghas sin múiche gur dócha go ndéanfadh sí díobháil do dhaoine a fostaítear ann nó go mba chol leo í.
(2) I ngach seomra oibre ina ndéanann an lucht oibre cion substainteach den obair ina suí dhóibh agus nach mbaineann saothar mór coirp leis an obair, ní measfar teocht is lú ná seasca grád a bheith, tar éis an chéad uair a chloig, ina teocht réasúnach le linn obair a bheith ar siúl, agus cuirfear ar fáil agus cothabhálfar teomhéadar amháin ar a laghad in ionad oiriúnach i ngach seomra oibre den tsaghas sin.
(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán teochta réasúnaí d'fhorordú (a fhéadfas athrú a dhéanamh ar an gcaighdeán a forordaítear le fo-alt (2) den alt seo i leith oibre ar suí) do mhonarchana nó d'aon chineál nó sórt monarchan nó do choda dhíobh sin, agus toirmeasc a chur ar úsáid aon mhodhanna chun teocht réasúnach a chothabháil is dóigh leis a dhéanfadh díobháil do na daoine ar fostú, agus féadfaidh a ordú go gcuirfear ar fáil agus go gcothabhálfar teomhéadair i pé áiteanna agus ionaid a sonrófar.
Aerú.
13.—(1) Déanfar socrú éifeachtúil oiriúnach chun gach seomra oibre a leor-aerú agus a choimeád á leor-aerú trí aer úr a chur ag gluaiseacht ann, agus chun an dochar a bhaint, chomh fada agus is féidir sin, as múcha, deannach, agus eisíonachtaí eile de gach saghas d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh don tsláinte agus a gíntear i gcúrsa aon phróise nó oibre a bhíos ar siúl sa mhonarcha.
(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán leor-aerúcháin d'fhorordú do mhonarchana nó d'aon chineál nó sórt monarchan nó do choda díobh sin.
Soilsiú.
14.—(1) Déanfar socrú éifeachtúil chun go mbeidh, agus chun go gcothabhálfar, leor-sholas oiriúnach, aiceanta nó saorga, i ngach cuid de mhonarcha a mbíonn daoine ag obair ann nó ag gabháil tríd.
(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán leor-shoilsiúcháin oiriúnaigh d'fhorordú do mhonarchana, nó d'aon chineál nó sórt monarchan, nó do choda díobh sin, nó d'aon phróis.
(3) Déanfar, chomh fada agus is féidir sin, gach fuinneog agus forléas gloine lena soilsítear seomraí oibre a choimeád glan laistigh agus lasmuigh agus saor ó bhacainn.
(4) Ní dhéanfaidh fo-alt (3) den alt seo difir d'aolní, ná do scáthadh, fuinneog agus forléas d'fhonn teas nó dianloinnir a mhaolú.
Urláir a sbiltean.
15.—I gcás aon phróis a bheith ar siúl a bheir don urlár bheith chomh fliuch sin gur féidir an fliuchán a shileadh dhe, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar cóir éifeachtúil chun an fliuchán a shileadh dhe.
Urláir shleamhaine.
16.—I gcás aon phróis a bheith ar siúl a chuireas an t-urlár sa riocht gur baol do dhaoine a fostaítear sleamhnú, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar cóir éifeachtúil chun na daoine a fostaítear a chosaint ar shleamhnú.
Aiseanna sláintíochta.
17.—(1) Déanfar áiseanna sláintíochta a bheas leordhóthaineach agus oiriúnach do na daoine a fostaítear i monarcha a chur ar fáil, a chothabháil agus a choimeád glan agus—
(a) i gcás píob-sholáthar uisce a bheith sa mhonarcha, is é a bheas i ngach ceann de na háiseanna sláintíochta clóiséad uisce inscarduithe, ach amháin múnlanna agus beidh scard-chóracha oiriúnacha ann dóibh sin,
(b) ní bheidh bealach ó áiseanna sláintíochta go dtí aon tseomra oibre ach amháin faoi bhéal an aeir nó trí eadarspás aeraithe,
(c) déanfar socrú éifeachtúil chun na háiseanna sláintíochta a shoilsiú, agus
(d) má tá idir fhireann agus baineann ar fostú nó le fostú (ach amháin i gcás aon mhonarchan nach bhfostaítear inti ach daoine den aon-teaghlach a bhfuil a gcónaí inti), beidh cóiríocht ar leithligh sna háiseanna sláintíochta d'fhireannaigh agus do bhaineannaigh.
(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh a chinnfeas do mhonarchana nó d'aon chineál nó sórt monarchan cad atá leordhóthaineach agus oiriúnach chun críocha an ailt seo.
(3) Is é an t-údarás sláintíochta a chuirfeas an t-alt seo i bhfeidhm.
Cumhachta cigire maidir le lochta sláintíochta is inleighis ag údarás sláintíochta.
18.—(1) Má fhionnann cigire aon ghníomh nó mainneachtaint, maidir le haon tsilteán, áis sláintíochta, soláthar uisce, núis, nó ní eile i monarcha a ndlífidh an t-údarás sláintíochta déileáil leis faoin gCuid seo den Acht seo nó faoin dlí a bhaineas le sláinte phoiblí, bhéarfaidh sé fógra i scríbhinn ina thaobh sin don údarás sláintíochta, agus is é dualgas an údaráis sláintíochta pé fiosrú a dhéanamh faoi ábhar an fhógra, agus pé beart a dhéanamh ina leith, is cuí leo chun an dlí a chur i bhfeidhm, agus na himeachta a tionscnadh de dhroim an fhógra a chur in iúl don chigire.
(2) Má fhionnann cigire aon ghníomh nó mainneachtaint den tsaghas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé dochtúir oifigiúil sláinte, cigire sláinte nó oifigeach don údarás sláintíochta a thabhairt leis isteach sa mhonarcha.
(3) Mura ndéantar, laistigh de mhí tar éis do chigire fógra i dtaobh gnímh nó mainneachtana a thabhairt faoin alt seo d'údarás sláintíochta, imeachta a thionscnamh chun an gníomh nó an mhainneachtaint a phionósú nó a leigheas, féadfaidh an tAire pé imeachta a thionscnamh chun é a phionósú nó a leigheas d'fhéadfadh an t-údarás sláintíochta a thionscnamh, agus beidh teideal aige chun go ngnóthóidh sé ón údarás sláintíochta mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla na caiteachais uile faoina ndeachaigh sé sna himeachta agus ina leith agus nár gnóthaíodh ó aon duine eile agus nach caiteachais a ndeachthas fúthu in aon imeachta dlí neamhghnóiteacha ná ina leith.
Cumhachta i gcás mainneachtana ag údarás sláintíochta.
19.—(1) Más deimhin leis an Aire gur mhainnigh aon údarás sláintíochta aon cheann d'fhorála ailt 17 den Acht seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh sé, trí údarás i scríbhinn agus tar éis dó fógra a thabhairt don údarás sláintíochta, a údarú do chigire pé bearta a dhéanamh, le linn pé tréimhse a luafar san údarás, a dhealraíos a bheith riachtanach nó ceart chun na forála sin a chur i bhfeidhm.
(2) Má tugtar údarás faoin alt seo do chigire—
(a) beidh aige, chun críche a dhualgas faoin údarás, na cumhachta céanna chun na forála a sonrófar san údarás a chur i bhfeidhm a bheas aige chun forála an Achta seo i gcoitinne a chur i bhfeidhm,
(b) féadfaidh sé, chun críche a dhualgas faoin údarás, pé imeachta a thionscnamh chun na forála a sonrófar amhlaidh a chur i bhfeidhm, nó chun aon ghníomh nó mainneachtaint a phionósú nó a leigheas, d'fhéadfadh an t-údarás sláintíochta a thionscnamh,
(c) beidh teideal aige chun go ngnóthóidh sé ón údarás sláintíochta mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla na caiteachais uile faoina ndeachaigh sé in aon imeachta den tsaghas sin agus ina leith agus nár gnóthaíodh ó aon duine eile agus nach caiteachais a ndeachthas fúthu in aon imeachta dlí neamhghnóiteacha ná ina leith.
Cumhacht chun liacht-mhaoirsiú d'iarraidn.
20.—(1) Más dóigh leis an Aire i gcás aon mhonarchan nó aon chineáil nó sóirt mhonarchan—
(a) gur tharla cásanna breoiteachta a bhfuil cúis aige a chreidiúint go bhféadfadh nádúir phróise nó coinníollacha eile oibre a bheith mar bhun leo,
(b) go bhféadfadh baol díobhála do shláinte daoine a fostaítear teacht—
(i) ó aon tsubstaint nó ábhar a tugtar isteach le húsáid nó le láimhsiú, nó
(ii) ó aon athrú ar na coinníollacha oibre nó ar choinníollacha eile,
(c) de dheasca athruithe in aon phróis nó sna substaintí a húsáidtear in aon phróis, nó de dheasca aon phróis nua a thabhairt isteach nó aon tsubstaint nua a thabhairt isteach lena húsáid i bpróis, go bhféadfadh baol díobhála a bheith ann do shláinte daoine a fostaítear ar an bpróis sin, nó
(d) go bhfuil daoine ar fostú nó ar tí a bhfostuithe ar obair a bhféadfadh baol díobhála dá sláinte teacht di,
féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte rialacháin speisialta a dhéanamh á cheangal go ndéanfar pé socruithe réasúnacha a sonrófar sna rialacháin le haghaidh liacht-mhaoirsiú (gan liacht chóireáil seachas cóireáil chéadchabhrach agus liacht-chóireáil urchoscach d'áireamh) ar na daoine, nó ar aon aicme de na daoine, a fostaítear sa mhonarcha sin nó sa chineál nó sa sórt sin monarchan.
(2) Má bheartaíonn an tAire a chumhachta faoin alt seo d'fheidhmiú i gcás monarchan áirithe agus ar feadh tréimhse tóranta, féadfaidh sé na cumhachta sin d'fheidhmiú le hordú in ionad iad d'fheidhmiú le rialacháin speisialta.
(3) Scoirfidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo d'éifeacht a bheith aige i ndeireadh pé tréimhse, nach sia ná sé mhí ó dháta a theachta i ngníomh, a sonrófar san ordú, ach—
(a) féadfaidh an tAire le hordú nó orduithe ina dhiaidh sin an tréimhse sin d'fhaidiú,
(b) má chuireann áititheoir na monarchan, trí fhógra i scríbhinn chun an Aire, i gcoinne aon fhaidithe den tsórt sin, scoirfidh an t-ordú bunaidh d'éifeacht a bheith aige amhail ó dháta a bheas mí i ndiaidh seirbheáil an fhógra, gan dochar do rialacháin speisialta a dhéanamh maidir leis an monarcha.
CUID III.
Sábháltacht (Forála Ginearálta).
Príomhghluaisneoirí.
21.—(1) Déanfar gach roth codroime a bheas i gceangal díreach le haon phríomh-ghluaisneoir agus gach páirt ghluaisteach d'aon phríomh-ghluaisneoir, ach amháin príomh-ghluaisneoirí den tsaghas a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, d'fhálú go daingean, pé acu i dteach innill nó nach ea atá an roth codroime nó an príomh-ghluaisneoir.
(2) Déanfar rás cinn agus rás cúil gach rotha uisce agus gach tuirbín uisce d'fhálú go daingean.
(3) Déanfar gach páirt de ghineadóirí, mótair agus claochladáin roithleánacha leictreachais, agus gach roth codroime a bheas i gceangal díreach leo, d'fhálú go daingean, mura bhfuil sí in ionad nó mura de dhéanamh í a bheir go bhfuil sí chomh sábháilte do gach duine a fostaítear nó a oibríos san áitreabh agus dá mbeadh sí fálaithe go daingean.
Inneallra tiomarnaíochta.
22.—(1) Déanfar gach páirt den inneallra tiomarnaíochta d'fhálú go daingean, mura bhfuil sí in ionad nó mura de dhéanamh í a bheir go bhfuil sí chomh sábháilte do gach duine a fostaítear nó a oibríos san áitreabh agus dá mbeadh sí fálaithe go daingean.
(2) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar i ngach seomra nó áit ina mbíonn obair ar siúl feisteanna nó fearais éifeachtúla lena bhféadfar an chumhacht a scor go grod ón inneallra tiomarnaíochta sa tseomra nó san áit sin.
(3) Nuair nach mbeidh sé á úsáid ní fágfar aon chrios tiomána ina luí ná ag marcaíocht ar fhearsaid roithleánach is páirt den inneallra tiomarnaíochta.
(4) Déanfar gléas comhghabhála a bheas oiriúnach nó fearais mheicniúla eile a bheas éifeachtúil a chur ar fáil agus a chothabháil agus d'úsáid chun criosanna tiomána d'aistriú chun ulóga daingeana agus scaoilte, is páirt den inneallra tiomarnaíochta, agus uathu, agus beidh aon ghléasa nó fearais den tsórt sin de dhéanamh, agus suífear agus cothabhálfar iad ar chuma, nach ligfidh don chrios tiomána sní ar ais ar an ulóg dhaingean.
(5) Más deimhin leis an Aire nach gá nó nach féidir de dheasca imthosca speisialta aon cheann de cheanglais fho-alt (2), (3) agus (4) den alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh sé ordú a dhéanamh á ordú nach mbeidh feidhm ag an gceanglas sin sna himthosca sin.
Inneallra seachas príomhghluaisneoirí agus inneallra tiomarnaíochta.
23.—(1) Déanfar gach páirt chontúirteach d'aon inneallra, seachas príomh-ghluaisneoirí agus inneallra tiomarnaíochta, d'fhálú go daingean mura bhfuil sí in ionad nó mura de dhéanamh í a bheir go bhfuil sí comh sábháilte do gach duine a fostaítear nó a oibríos san áitreabh agus dá mbeadh sí fálaithe go daingean.
(2) Sa mhéid nach féidir páirt chontúirteach d'aon inneallra a dhéanamh sábháilte le cumhdach tuinithe mar gheall ar chineál na hoibríochta, measfar ceanglais fho-ailt (1) den alt seo a bheith comhlíonta má cuirtear feiste ar fáil a choiscfeas go huathoibreach an t-oibritheoir ó theacht i dteagmháil leis an bpáirt sin.
(3) Déanfar aon pháirt de stoc-bharra a bheas ag gobadh amach thar cheann-stoc deile d'fhálú go daingean mura bhfuil sí in ionad a bheir go bhfuil sí chomh sábháilte do gach duine a fostaítear nó a oibríos san áitreabh agus dá mbeadh sí fálaithe go daingean.
Feisteanna sábhála.
24.—(1) Más deimhin leis an Aire go bhfuil ar fáil, agus í oiriúnach lena húsáid i ndáil le hinneallra d'aon chineál, feiste shábhála d'aon chineál nó d'aon tsórt—
(a) a bheir rabhadh faoi dhúiseacht innill,
(b) a choisceas páirt chontúirteach d'inneallra ó theacht ar fhis le linn gluaiseachta, nó
(c) a stopas inneall láithreach i gcás contúirte,
féadfaidh sé rialacháin a dhéanamh á ordú go gcuirfear an cineál nó an sórt sin feiste ar fáil lena húsáid i ndáil le pé cineál inneallra a sonrófar sna rialacháin.
(2) In aon imeachta maidir le sárú ar rialacháin faoin alt seo, is leor mar chosaint a chruthú go raibh feiste shábhála á húsáid i ndáil leis an inneallra a ndearnadh an sárú ina leith a bhí ar a laghad chomh héifeachtúil leis an bhfeiste ba ghá do réir na rialachán.
Abhair nó earraí d'fhálú.
25.—Féadfaidh an tAire, maidir le haon inneall nó le haon phróis ina n-úsáidtear inneall, rialacháin a dhéanamh á cheangal go bhfálófar ábhair nó earraí atá contúirteach le linn dóibh bheith ar gluaiseacht san inneall.
Forála i dtaobh inneallra neamhfhálaithe.
26.—(1) Nuair a beifear á chinneadh, chun críocha ailt 21, 22, nó 23 den Acht seo, an bhfuil aon pháirt d'inneallra in ionad nó de dhéanamh go bhfuil sí chomh sábháilte do gach duine a fostaítear nó a oibríos san áitreabh agus dá mbeadh sí fálaithe go daingean—
(a) ní tabharfar aon aird ar aon duine a bheas, le linn an pháirt den inneallra a bheith ar gluaiseacht, ag scrúdú na páirte nó ag déanamh aon bhealuithe nó coigeartuithe a thaispeáin an scrúdú sin a bheith ag teastáil láithreach, más scrúdú, bealú nó coigeartú é is gá a dhéanamh le linn an pháirt den inneallra a bheith ar gluaiseacht,
(b) i gcás aon pháirte d'inneallra tiomarnaíochta a húsáidfear in aon phróis a sonrófar i rialacháin ón Aire, más próis í a gcuirfeadh stopadh na páirte sin isteach go mór uirthi toisc gur próis leanúnach í, ní tabharfar aon aird ar aon duine a bheas ar na modhanna agus sna imthosca a sonrófar sna rialacháin, ag déanamh aon bhealuithe nó aon ghléasta nó feistithe ar chriosanna.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo más amhlaidh a bheas an scrúdú, an bealú nó an oibríocht eile á dhéanamh ag pé daoine, is daoine fireannacha ag a mbeidh ocht mbliana d'éag d'aois slán, a sonrófar i rialacháin ón Aire, agus má comhlíontar na coinníollacha eile go léir a sonrófar amhlaidh.
Fálta a dhéanamh agus a chothabháil.
27.—Beidh déanamh taithiceach ar gach fál nó cosaint eile a cuirfear ar fáil de bhun ailt 21, 22 nó 23 nó de bhun rialachán faoi alt 24 nó 25 den Acht seo, agus cothabhálfar agus coimeádfar ina ionad é i gcónaí le linn na páirteanna is gá d'fhálú nó a chosaint a bheith ar gluaiseacht nó in úsáid, ach amháin nuair is gá aon pháirteanna den tsórt sin a bheith ar fhis chun iad a sorúdú agus chun aon bhealú nó coigeartú a dhéanamh a thaispeáin an scrúdú sin a bheith ag teastáil láithreach, agus a comhlíonfar gach coinníoll a sonrófar i rialacháin ón Aire.
Déanamh inneallra.
28.—I gcás aon innill i monarcha is inneall atá le tiomáint le cumhacht mheicniúil—
(a) déanfar gach docht-scriú, bolta nó eochair, ar aon fhearsaid, sníomhaire, roth nó piniún a rothlaíos, a bháitheadh, a chásáil, nó a chumhdach go héifeachtúil ar chuma eile ionas nach ngabhfaidh contúirt leis,
(b) déanfar gach spor-ghléas agus gach gléas eile, fiaclach nó cuimilteach, nach gá a choigeartú go minic le linn dó bheith ag gluaiseacht, a chásáil go hiomlán mura bhfuil sé in ionad a bheir go bhfuil sé chomh sábháilte agus dá mbeadh sé cásáilte go hiomlán.
Soithigh ina mbeidh leachta contúirteacha.
29.—(1) Déanfar gach soitheach tuinithe, déanmhas, sloc nó poll a bhfuil a fhóir níos lú ná trí troithe os cionn na talún nó na leibhinne atá ag tadhall leis, má bhíonn aon leacht scóltach, creimneach nó nimhiúil ann, a chlúdach go daingean nó é d'fhálú go daingean i gcomhairde leis sin ar a laghad, nó mura féidir mar gheall ar an gcineál oibre é a chlúdach go daingean ná é d'fhálú go daingean go dtí an airde sin, déanfar gach beart is féidir, trína chlúdach, trína fhálú nó eile, chun daoine a chosc ó thitim isteach sa soitheach, sa déanmhas, sa sloc, nó sa pholl.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon chineál soithigh, déanmhais, sloic nó poill a dhíolmhadh ó cheanglais an ailt seo más deimhin leis na ceanglais a bheith neamhriachtanach nó neamhchuí.
Innill féinghníomhacha.
30.—(1) Ní ligfear d'aon pháirt toirimeachta d'aon inneall féin-ghníomhach ná d'aon ábhar a hiomprófar uirthi rith níos gaire, ar a toirimeacht isteach ná amach, ná ocht n-orlach déag d'aon déanmhas tuinithe nach páirt den inneall, más spás a bhféadfadh duine bheith ag gabháil thairis, pé acu i gcúrsa a fhostaíochta é nó nach ea, an spás ar a ritheann sí.
(2) Ní thabharfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo nach bhféadfar ligint d'aon chuid de charráiste toirimeachta aon mhiúlach sníomhacháin féin-ghníomhaí rith go dtí pointe dhá orlach dhéag ó aon pháirt de cheann-stoc innill eile den tsórt céanna.
(3) Déanfar gach beart is féidir, trí threoracha don duine i bhfeighil an innill agus ar mhodhanna eile, chun a chinntiú nach mbeidh aon fhostaí sa spás idir aon pháirt toirimeachta de mhiúil shníomhacháin féin-ghníomhach agus aon pháirt tuinithe den inneall chun a ngluaiseann an pháirt toirimeachta ag rith isteach di, ach amháin nuair a stopfar an t-inneall le linn an pháirt toirimeachta a bheith ag rith amach.
Glanadh inneallra ag mná agus ógánaigh.
31.—Ní ghlanfaidh bean ná ógánach aon pháirt de phríomhghluaisneoir ná d'aon inneallra tiomarnaíochta le linn an príomhghluaisneoir nó an t-inneallra tiomarnaíochta a bheith ag gluaiseacht ná ní ghlanfaidh aon pháirt d'aon inneall dá gcuireadh an glanadh sin an bhean nó an t-ógánach i mbaol díobhála ó aon pháirt ghluaisteach den inneall sin nó d'aon inneallra ina aice.
Oiliúint agus maoirsiú daoine a bhíos ag obair ag innill chontúirteacha.
32.—(1) Ní oibreoidh duine ag aon inneall lena mbaineann an fo-alt seo mura rud é go bhfuair sé lán-teagasc ar na contúirtí a bhaineas leis agus ar an gcúram nach foláir a ghlacadh, agus—
(a) go bhfuair sé leor-oiliúint ar obair ag an inneall, nó
(b) go bhfuil sé faoi leor-mhaoirseacht ag duine a bhfuil eolas agus cleachtadh barainneach aige ar an inneall.
(2) Baineann fo-alt (1) den alt seo le pé innill a sonrófar i rialacháin ón Aire agus is innill is dóigh leis a bheith chomh contúirteach sin nach cóir do dhaoine bheith ag obair acu mura gcomhlíontar ceanglais fho-ailt (1) den alt seo.
(3) San alt seo—
folaíonn “inneall” aon choire ghaile, glacadán gaile nó glacadán aeir;
déanfar aon tagairt d'obair ag inneall d'fhorléiriú—
(a) i gcás coire gaile, mar thagairt a fholaíos tagairt d'obair i ndáil le gail a ghint ón gcoire sin,
(b) i gcás glacadáin ghaile, mar thagairt a fholaíos tagairt d'obair i ndáil le húsáid ghaile sa ghlacadán sin, agus
(c) i gcás glacadáin aeir, mar thagairt a fholaíos tagairt d'obair i ndáil le húsáid aeir chomhfháiscthe sa ghlacadán sin.
Ardaitheoirí.
33.—(1) Beidh déanamh maith meicniúil ar gach ardaitheoir, agus ábhar fónta agus leor-neart ann, agus cothabhálfar i gceart é.
(2) Scrúdóidh duine inniúil gach ardaitheoir go barainneach uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse shé mhí, agus i gcás gach scrúduithe den tsórt sin síneoidh an duine a dhéanfas an scrúdú tuarascáil sa bhfoirm fhorordaithe ina mbeidh na sonraí forordaithe ar thoradh an scúduithe agus, laistigh de cheithre lá déag, taifeadfar an tuarascáil sa chlár ginearálta nó greamófar de í.
(3) Déanfar gach bealach ardaitheora a chosaint go héifeachtúil le hiamhlann taitheacach ar a mbeidh geataí, agus a bheas de shaghas a choiscfeas, le linn na geataí a bheith dúnta, aon duine ó thitim síos an bealach ardaitheora nó ó theacht i dtadhall le aon pháirt ghluaisteach den ardaitheoir.
(4) Cuirfear ar aon gheata den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (3) den alt seo feisteanna éifeachtúla idirghlasála nó eile chun nach féidir an geata d'oscailt ach amháin nuair a bheas an carbad nó an t-urlár ag an laindín agus nach féidir an carbad nó an t-urlár a ghluaiseacht ón laindín go dtí go mbeidh an geata dúnta, ach, i gcás ardaitheora a rinneadh nó a hathrinneadh roimh an Acht seo a rith agus nach féidir go réasúnach feisteanna den tsórt adúradh a chur air, is leor go mbeadh ar an ngeata córacha a dhéanfas na feidhmeanna adúradh, a mhéid is féidir sin go réasúnach, agus in aon chás go gcoimeádfar dúnta daingnithe é ach amháin le linn an carbad nó an t-urlár a bheith ar stad ar an laindín.
(5) Beidh gach ardaitheoir agus gach iamhlann den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (3) den alt seo déanta ar chuma nach bhféadfaidh aon chuid d'aon duine ná d'aon earraí a hiomprófar san ardaitheoir dul in achrann idir aon pháirt den ardaitheoir agus aon déanmhas tuinithe nó idir an frithmheáchan agus aon pháirt ghluaisteach eile den ardaitheoir.
(6) Marcálfar go feiceálach ar gach ardaitheoir an t-ualach oibre uasta is féidir leis d'iompar go sábháilte agus ní hiomprófar ar aon ardaitheoir aon ualach is mó ná sin.
(7) Bainfidh na ceanglais bhreise seo a leanas le hardaitheoirí a húsáidfear chun daoine d'iompar, pé acu i dteannta earraí é nó nach ea:—
(a) cuirfear ar fáil agus cothabhálfar feisteanna uathoibreacha éifeachtúla chun an carbad nó an t-urlár a chosc ó ghabháil thar a sprioc,
(b) ar gach uile charbad beidh geata ar gach taobh óna mbeidh rochtain chun laindín, agus i ndáil le gach geata den tsórt sin cuirfear feisteanna éifeachtúla ar fáil ionas nach bhféadfar, le linn daoine nó earraí a bheith sa charbad, an carbad d'ardú ná d'ísliú gan an geata a bheith dúnta, agus go stadfaidh sé nuair a hosclófar an geata, ach, i gcás ardaitheora a rinneadh nó a hathrinneadh roimh dháta an Achta seo a rith agus nach féidir go réasúnach na feisteanna adúradh a chur ar fáil i ndáil leis, is leor má cuirtear córacha ar fáil a dhéanfas na feidhmeanna adúradh, a mhéid is féidir sin go réasúnach, agus in aon chás go gcoimeádfar an geata dúnta daingnithe ach amháin le linn an carbad a bheith ar stad nó folamh,
(c) i gcás ardaitheora a déanfar nó a hathdhéanfar tar éis an tAcht seo a rith, má bhíonn an t-urlár nó an carbad ar crochadh as rópa nó slabhra, beidh ar a laghad dhá rópa nó dhá shlabhra i gceangal ar leithligh leis an urlár nó leis an gcarbad, agus beidh gach rópa nó slabhra ar leithligh díobh gona ghabhálais acmhainneach ar mheáchan iomlán an urláir nó an charbaid agus a ualaigh oibre uasta d'iompar, agus cuirfear ar fáil agus cothabhálfar feisteanna éifeachtúla a fhulaingeos an t-urlár nó an carbad gona ualach oibre uasta i gcás na rópaí nó na slabhraí nó aon cheann dá ngabhálais a bhriseadh.
(8) I gcás ardaitheora chomhleanúnaigh ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3) go (7) den alt seo agus i gcás ardaitheora nach bhfuil i gceangal le cumhacht mheicniúil ní bheidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (7) den alt seo, agus sa dá chás réamhráite, cuirfear tagairt do dhá mhí dhéag i bhfo-alt (2) den alt seo in ionad na tagairte do shé mhí atá sa bhfo-alt sin.
(9) Más gá do réir fo-ailt (3) den alt seo bealach ardaitheora a bheith cosanta le hiamhlann ar a mbeidh geataí ach, toisc gan an t-ardaitheoir a bheith i gceangal le cumhacht mheicniúil, nach bhfuil feidhm ag fo-alt (4) den alt seo, coimeádfar aon gheata den tsórt sin dúnta daingnithe ach amháin le linn an carbad nó an t-urlár a bheith ar stad ag an laindín.
(10) I gcás ardaitheora nach gcomhlíonann na ceanglais a sonraítear i bhfo-alt (7) den alt seo (nach ardaitheoir comhleanúnach ná ardaitheoir nach bhfuil i gceangal le cumhacht mheicniúil), marcálfar go feiceálach ar an ardaitheoir nach cead é d'úsáid chun daoine d'iompar.
(11) Chun críocha an ailt seo measfar nach ardaitheoir é inneall nó fearas tógála mura bhfuil urlár nó carbad air a bhfuil treorán nó treoráin ag srianadh treo a ghluaiseachta.
(12) Fálófar go daingean gach aon bhéal téacla nó doras dá shamhail a húsáidfear chun earraí nó ábhair d'ardú nó d'ísliú, pé acu le cumhacht mheicniúil é nó nach ea, agus cuirfear lámhghreim dhaingean ar gach taobh den bhéal nó den doras. Cothabhálfar an fál i gceart agus, ach amháin le linn earraí nó ábhar d'ardú nó d'ísliú ag an mbéal nó ag an doras, coimeádfar ina ionad é.
(13) Má taispeántar chun sástachta an Aire go mbeadh sé míréasúnach in imthosca speisialta an cháis aon cheanglas áirithe san alt seo a chur i bhfeidhm maidir le haon chineál nó sórt ardaitheora, bealaigh ardaitheora, nó béil théacla nó dorais dá shamhail, féadfaidh sé, le hordú, a ordú nach mbeidh feidhm ag an gceanglas sin maidir leis an gcineál nó an sórt sin.
Slabhraí, rópaí, agus tácla tógála.
34.—(1) Comhlíonfar na forála seo a leanas maidir le gach slabhra, rópa nó tácla tógála a húsáidfear chun daoine, earraí nó ábhair d'ardú nó d'ísliú:
(a) ní húsáidfear slabhra, rópa ná tácla tógála mura bhfuil déanamh maith air, ábhar fónta agus leor-neart ann, agus é glan ó locht follas;
(b) déanfar táible a thaispeánfas ualaí oibre sábháilte gach cineáil agus gach tuise slabhra, rópa nó tácla tógála a húsáidtear agus, i gcás ilirise, ualach oibre sábháilte na mbrionglán ag uilleanna éagsúla, a choimeád crochta suas sa stór ina gcoimeádtar na slabhraí, na rópaí nó an tácla tógála agus in ionaid fheiceálacha san áitreabh, agus ní húsáidfear aon tslabhra, rópa ná tácla tógála nach beidh luaite sa táible, i dtreo, áfach, nach mbeidh feidhm ag na forála roimhe seo den mhír seo maidir le haon tácla tógála má tá a ualach oibre sábháilte nó, i gcás ilirise, ualach oibre sábháilte na mbrionglán ag uilleanna éagsúla, marcáilte go soiléir air;
(c) ní húsáidfear aon tslabhra, rópa ná tácla tógála le haghaidh aon ualaigh is mó ná an t-ualach oibre sábháilte a bheas sonraithe ina leith sa táible adúradh nó a bheas marcáilte air mar adúradh;
(d) déanfaidh duine inniúil gach slabhra, rópa agus tácla tógála a bheas á úsáid a scrúdú go barrainneach uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse shé mhí nó i gceann pé trátha is sia ná sin a fhorordós an tAire;
(e) ní cuirfear chun úsáide in aon mhonarcha den chéad uair sa mhonarcha sin aon tslabhra, rópa ná tácla tógála ach amháin rópa snáithrigh nó iris rópa shnáithrigh, mura bhfuil sé tástáilte agus scrúdaithe go barainneach ag duine inniúil agus mura bhfuarthas, agus go bhfuil á choimeád ar fáil chun a iniúchta, deimhniú ar thástáil agus scrúdú den tsaghas sin a shonraíos an t-ualach oibre sábháilte agus a shínigh an duine a rinne an tástáil agus an scrúdú;
(f) déanfar mallfhuaradh uair amháin ar a laghad i ngach ceithre mhí dhéag ar gach slabhra agus tácla tógála, ach amháin iris rópa, mura de chineál nó de shórt é a díolmhadh le deimhniú ón Aire ar an bhforas gur d'ábhar nó de dhéanamh é a bheir nach féidir é a chur faoi chóireáil teasa gan baol damáiste nó gur cuireadh faoi chóireáil teasa de shaghas éigin é (seachas mallfhuaradh) a cheadaigh an tAire, nó, i gcás slabhraí nó irisí de thinne leathorlaigh nó níos lú nó slabhraí a húsáidtear i ndáil le miotal leaighte nó le sal miotail leaighte, uair amháin ar a laghad i ngach sé mhí, i dtreo, áfach, nach gá mallfhuaradh a dhéanamh ach amháin nuair is riachtanach sin ar shlabhraí agus tácla tógála nach mbíonn in úsáid go rialta;
(g) coimeádfar clár ina mbeidh na sonraí forordaithe maidir le gach slabhra, rópa nó tácla tógála den tsaghas sin, ach amháin irisí rópa shnáithrigh.
(2) Mura mbeidh an tAire sásta i dtaobh inniúlacht an duine a fostaíodh chun aon scrúdú faoin alt seo a dhéanamh, nó i dtaobh barrainneacht an scrúduithe, féadfaidh sé a cheangal go ndéanfaidh duine a ainmneos sé athscrúdú, agus bhéarfaidh an t-áititheoir na saoráidí is gá le haghaidh an athscrúduithe sin.
(3) San alt seo ciallaíonn “tácla tógála” irisí slabhra, irisí rópa, fáinní, crúcaí, lúbáin agus sclóinte.
Cruinn tógála agus innill tógála eile.
35.—(1) Beidh déanamh maith ar gach páirt agus gach gléas oibre, tuinithe nó so-ghluaiste, lena n-áirítear na fearais chun ancairithe agus tuinithe, de gach inneall tógála, agus beidh ábhar fónta agus leor-neart iontu, agus beid glan ó locht follas agus cothabhálfar i gceart iad.
(2) Déanfaidh duine inniúil gach páirt agus gléas den tsaghas a sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a scrúdú go barrainneach uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse cheithre mhí dhéag agus coimeádfar clár ina mbeidh na sonraí forordaithe ar gach scrúdú den tsaghas sin.
(3) Beidh gach ráille ar a ngluaiseann crann tógála aistreach, agus gach rian ar a ngluaiseann carráiste iomparóra nó reathaire, den mhéid cheart, agus beidh leor-neart ann agus foraghaidh chomhréidh reatha air, agus cuirfear síos i gceart aon ráillí nó rianta den tsórt sin, agus bhéarfar leorthacaíocht nó crochadh leor-cheart dóibh agus cothabhálfar i gceart iad.
(4) Marcálfar go soiléir ar gach inneall tógála a ualach nó a ualaí oibre sábháilte, ach i gcás géag-chrann tógála a bheas déanta chun go bhféadfar an t-ualach oibre sábháilte d'athrú tríd an ngéag d'ardú nó d'ísliú, ceanglófar air taispeántóir uathoibreach a thaispeánfas na hualaí oibre sábháilte nó táible a thaispeánfas na hualaí oibre sábháilte ag claontais chomhréire na géige nó ag gathanna comhréire an ualaigh.
(5) Ní cuirfear ar inneall tógála, ach amháin le haghaidh tástála, ualach is mó ná an t-ualach oibre sábháilte do réir mar bheas marcáilte nó taispeánta faoi fho-alt (4) den alt seo.
(6) Ní cuirfear inneall tógála chun úsáide in aon mhonarcha den chéad uair sa mhonarcha sin mura bhfuil sé tástáilte agus gach páirt agus gléas oibre den inneall a sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo scrúdaithe go barrainneach ag duine inniúil agus mura bhfuarthas, agus go bhfuil á choimeád ar fáil chun a iniúchta, deimhniú ar thástáil agus scrúdú den tsaghas sin a shonraíos ualach nó ualaí oibre sábháilte an innill agus a shínigh an duine a rinne an tástáil agus an scrúdú.
(7) Má bhíonn aon duine ar fostú nó ag obair ar roth-rian, nó i ngar do roth-rian, crainn tógála aistrigh lasnairde in aon ionad inar bhaol dó an crann tógála dá bhualadh, déanfar bearta éifeachtúla trí rabhadh a thabhairt do thiománaí an chrainn tógála nó ar mhodh eile chun a chinntiú nach dtiocfaidh an crann tógála níos gaire ná fiche troigh don ionad sin.
(8) San alt seo ciallaíonn “inneall tógála” crann tógála, orúbán, crann tochrais, téacla, ulóg-bhloc, roth tógála, iomparóir nó reathaire.
Déanamh urlár, pasáistí agus staighrí, agus a gcothabháil.
36.—(1) Beidh déanamh fónta ar gach urlár, céim, staighre, pasáiste agus coisbhealach agus cothabhálfar i gceart iad.
(2) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar lámh-ráille taithiceach ar gach staighre atá i bhfoirgneamh nó a bheir slí amach as foirgneamh, agus má tá taobh oscailte ar an staighre is ar an taobh sin a bheas sé agus, i gcás staighre a bhfuil an dá thaobh oscailte air, nó staighre lena ngabhann baol speisialta tionóisce mar gheall ar an déanamh atá air nó an staid ina bhfuil uachtar na gcéimeanna nó imthosca speisialta eile, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar lámh-ráille den tsórt sin ar an dá thaobh. Ina theannta sin déanfar ráille íochtair nó cóir éifeachtúil eile a churmar chosaint ar aon taobh oscailte de staighre agus a chothabháil.
(3) Déanfar gach oscailt in urláir d'fhálú go daingean, ach amháin sa mhéid nach féidir an fálú sin a dhéanamh mar gheall ar chineál na hoibre.
(4) Beidh déanamh fónta ar gach dréimire agus cothabhálfar i gceart é.
Slí shábháilte rochtana agus áit shábháilte fostaíochta.
37.—(1) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar, a mhéid is féidir sin go réasúnach, slí shábháilte rochtana chun gach áite ina mbeidh ar dhuine ar bith obair a dhéanamh tráth ar bith.
(2) Nuair a bheas aon duine le bheith ag obair in áit a bhféadfadh sé titim síos de níos mó ná deich dtroithe, ansin, murab áit é ina bhfuil cos-ghreim dhaingean aige agus, más gá, lámhghreim dhaingean, déanfar, a mhéid is féidir sin go réasúnach, fál nó deis eile a chur ann chun a chinntiú nach baol dó.
Aireachas in áiteanna ina mbeadh múchanna contúirteacha.
38.—(1) Nuair a bheas obair le déanamh istigh in aon tseomra, dabhach, stanna, poll, píopa, múchán nó spás comhdhúnta dá samhail a bhféadfadh oiread sin múchanna contúirteacha a bheith ann gur bhaolach go gcloífidís duine—
(a) mura bhfuil leor-shlí eile amach as an spás comhdhúnta, cuirfear duine-pholl ann, a fhéadfas a bheith dronuilleogach, ubhchruthach nó cearclach ina chrot agus nach mbeidh níos lú ná ocht n-orlach déag ar fhaid agus sé órlach déag ar leithead nó (más cearclach dó) níos lú ná ocht n-orlach déag ar trastomhas, nó i gcás dabhach-bhaigíní agus gléasra gluaisteach eile níos lú ná sé orlach déag ar fhaid agus ceithre orlach déag ar leithead nó (más cearclach dó) níos lú ná sé orlach déag ar trastomhas,
(b) ní raghaidh aon duine isteach sa spás comhdhúnta chun críche ar bith mura gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas—
(i) déanfar gach beart is féidir chun aon mhúchanna a bheas ann a bhaint as agus chun aon mhúchanna a chosc ó dhul isteach ann agus, murar cinntíodh trí thástáil oiriúnach go bhfuil an spás glan ó mhúchanna contúirteacha, beidh á chaitheamh ag an duine a raghas isteach ann crios a mbeidh rópa i gceangal daingean leis agus a mbeidh duine lasmuigh ag coinneáil greim ar an gceann scortha de, nó
(ii) beidh goireas análuithe oiriúnach á chaitheamh ag an duine a raghas isteach ann,
(c) cuirfear ar fáil agus cothabhálfar, i dtreo go mbeidh teacht orthu go héasca, goireas análuithe oiriúnach agus goireas athbheochana oiriúnach agus criosanna agus rópaí oiriúnacha, agus scrúdóidh duine inniúil iad go barrainneach uair amháin ar a laghad sa mhí, nó i gceann pé trátha eile a forordófar,
(d) bhéarfar oiliúint agus cleachtadh ar úsáid ghoiris den tsórt sin agus ar athmhuscailt anála do leor-líon de na daoine a fostaítear,
(e) coimeádfar ar fáil chun a hiniúchta tuarascáil ar gach scrúdú faoi mhír (c) den fho-alt seo, arna síniú ag an duine a rinne an scrúdú.
(2) Gan dochar d'fho-alt (1) den alt seo, ní raghaidh duine isteach, ná ní fhanfaidh sé istigh, chun críche ar bith, in aon tseomra, dabhach, stanna, poll, píopa, múchán nó spás comhdhúnta dá samhail mura rud é—
(a) gur deimhin dó a dhóthain aeir a bheith aige chun análuithe agus chun aon mhúchanna a dhéanamh neamhdhíobhálach, nó
(b) go bhfuil goireas análuithe oiriúnach á chaitheamh aige.
(3) Féadfaidh an tAire, le deimhniú, díolúine a dheonadh, faoi réir aon choinníollacha a sonrófar sa deimhniú, ó chomhlíonadh aon cheann de cheanglais fho-ailt (1) den alt seo in aon chás inar deimhin leis nach gá nó nach féidir an ceanglas a chomhlíonadh.
(4) Ní ceadófar obair in aon choire-fhoirnéis nó coiremhúchán go dtí go mbeidh sé fuaraithe go leor, trí aerú nó eile, lena bheith sábháilte ag na daoine a fostaítear bheith ag obair ann.
Aireachas maidir le deannach, gás, galán nó substaint atá pléascach nó lasúil.
39.—(1) Má tharlann, i ndáil le haon mheilt, criathrú, nó próis eile as a dtagann deannach, go n-éalóidh isteach in aon tseomra oibre an oiread sin agus an saghas sin deannaigh gur baol go bpléascfaidh sé ar é d'adhaint, déanfar gach beart is féidir chun an pléascadh sin a chosc tríd an ngléasra a húsáidtear sa phróis d'iamh isteach agus tríd an deannach a thabhairt chun siúil nó gan ligint dó carnadh, agus trí ábhair adhainte a choimeád amach nó trína n-iamh isteach go héifeachtúil.
(2) Má bhíonn in aon ghléasra a húsáidfear in aon phróis den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo an oiread sin agus an saghas sin deannaigh gur baol go bpléascfaidh sé ar é d'adhaint, ansin, mura bhfuil an gléasra déanta ar chuma go bhfuil acmhainn aige ar an mbrú is dócha a thiocfadh d'aon phléascadh den tsórt sin, déanfar gach beart is féidir chun leathadh agus éifeacht aon phléasctha den tsaghas sin a laghdú trí thachtóirí, treo-chomhlaí agus poill éalóidh nó fearais eile chomh héifeachtúil céanna a chur ar fáil i ndáil leis an ngléasra.
(3) Má bhíonn in aon chuid de ghléasra aon ghás nó galán pléascach nó lasúil faoi bhrú is mó ná brú an atmaisféir, ní hosclófar an chuid sin, ach amháin do réir na bhforál seo a leanas—
(a) sara mbogtar ceangal aon tsiúnta ar aon phíopa a ghabhas leis an gcuid sin den ghléasra nó ceangal an chlúdaigh ar aon oscailt sa chuid sin, stopfar go héifeachtúil le cosc-chomhla nó eile sní aon gháis nó galáin den tsaghas sin isteach sa chuid sin nó isteach in aon phíopa den tsaghas sin,
(b) sara mbaintear as a ionad aon cheangal den tsaghas adúradh, déanfar gach beart is féidir chun brú an gháis nó an ghaláin sa phíopa nó sa chuid sin den ghléasra a laghdú go dtí brú an atmaisféir,
agus má bogtar nó má baintear as a ionad mar adúradh aon cheangal den tsaghas sin, ní ligfear aon ghás ná galán atá pléascach nó lasúil isteach sa phíopa nó sa chuid sin den ghléasra go dtí go mbeidh an ceangal daingnithe, nó, do réir mar bheas, curtha ar ais go daingean.
(4) Ní bhainfidh fo-alt (3) den alt seo le gléasra a feistíodh faoi bhéal an aeir.
(5) Ní déanfar aon táthú, prásáil ná lionntáthú, ná aon ghearradh a n-úsáidtear teas chuige, ar aon ghléasra, dabhach, ná soitheach ina bhfuil, nó ina raibh, aon tsubstaint phléascach nó lasúil go dtí go mbeidh gach beart is féidir déanta chun an tsubstaint agus aon mhúchanna aisti a thabhairt chun siúil, nó chun iad a dhéanamh neamhphléascach nó neamhlasúil, agus má rinneadh aon oibríocht mar adúradh ar aon ghléasra, dabhach nó soitheach, ní ligfear aon tsubstaint phléascach ná lasúil isteach sa ghléasra, sa dabhach ná sa soitheach go dtí go mbeidh an miotal chomh fuar sin nach bhfuil baol ar bith go n-adhanfar an tsubstaint.
(6) I bhfo-alt (5) den alt seo, folaíonn aon tagairt do ghearradh a n-úsáidtear teas chuige tagairt d'aon oibríocht ina n-úsáidtear teas chun an gléasra, an dabhach nó an soitheach nó aon chuid de a bhaint ó chéile nó a thabhairt chun siúil.
(7) Féadfaidh an tAire, le deimhniú, díolúine a dheonadh, faoi réir aon choinníollacha a sonrófar sa deimhniú, ó chomhlíonadh aon cheann de cheanglais fho-alt (3) agus (5) den alt seo in aon chás inar deimhin leis nach gá nó nach féidir an ceanglas a chomhlíonadh.
Coirí gaile.
40.—(1) I gcás gach coire ghaile, pé acu ar leithligh nó ina cheann de shreath dhó—
(a) beidh ag gabháil leis—
(i) comhla shábhála oiriúnach, ar leithligh ó aon chosc-chomhla, a coigeartófar i dtreo go gcuirfidh sí cosc leis an gcoire d'oibriú faoi bhrú is mó ná an t-uas-bhrú ceadmhach oibre agus a feisteofar go díreach ar an gcoirc féin nó chomh gar dó agus is féidir,
(ii) cosc-chomhla oiriúnach a cheanglós an coire leis an bpíopa gaile,
(iii) brúmhéadar beacht gaile a bheas i gceangal leis an spás gaile agus so-fheisce ag freastalaí an choire, agus a thaispeánfas brú na gaile sa choire, agus ar a mbeidh an t-uas-bhrú ceadmhach oibre marcáilte i ndath sainiúil,
(iv) uisce-mhéadar amháin ar a laghad d'ábhar tréimhdhearcach nó de chineál eile a bheas ceadaithe ag an Aire chun cothrom an uisce sa choire a thaispeáint agus, más méadar de chineál an fheadáin ghloine é agus gur gnáth an bru oibre sa choire a dhul thar dachad punt an t-orlach cearnach, cuirfear cumhdach éifeachtúil ar an méadar ach sin i dtreo nach bac é ar léamh an mhéadair.
(v) pláta ar a mbeidh uimhir shainiúil sofheicse,
(b) cuirfear deis air chun brúmhéadar tástála a ghreamú dhe,
(c) mura ón taobh amuigh a déantar tine d'fhreastal leis, beidh plocóid inleaighte oiriúnach air nó feiste rabhaidh éifeachtúil chun dísciú an uisce a chur in iúl.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-mhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le tíobhasóirí, agus ní bheidh feidhm ag fomhíreanna (iii), (iv) agus (v) de mhír (a), ná ag míreanna (b) agus (c), den fho-alt sin, maidir le tíobhasóirí ná forthéitheoirí.
(3) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, ní measfar luastarchomhla a bheith ina comhla shábhála oiriúnach mura bhfuil an meáchan daingnithe ina cheart-ionad ar an luastar.
(4) Ní cead do dhuine ar bith dul isteach, ná bheith istigh, in aon choire gaile is ceann de shreath dhá choire ghaile nó níos mó mura rud é—
(a) go mbeifear tar éis gach inraon a scaoileadh ó aon chuid eile den tsreath má d'fhéadfadh gal nó uisce te dul isteach tríd sa choire ón gcuid sin mura scaoiltí amhlaidh é, nó
(b) go mbeidh gach comhla nó buacaire a rialaíos an dul isteach sin dúnta agus glasáilte go daingean agus, i gcás an traoth-phíopa céanna a bheith ag an gcoire maraon le coire nó coirí eile nó é a bheith ag sileadh isteach sa soitheach traotha nó sa slocán céanna, go mbeidh an traoth-chomhla nó an traoth-bhuacaire ar gach coire den tsórt sin déanta ar chuma nach féidir é d'oscailt ach le heochair nach féidir a bhaint amach go dtí go mbeidh an chomhla nó an buacaire dúnta agus arb í an t-aon eochair í atá in úsáid don fhoireann sin traoth-chomhlaí nó traoth-bhuacairí.
(5) Beidh déanamh maith ar gach páirt de gach coire gaile, agus ábhar fónta agus leor-neart inti, agus beidh sí glan ó locht follas.
(6) Cothabhálfar i gceart gach coire gaile agus gach ní a bheas feistithe agus greamaithe air.
(7) Déanfaidh duine inniúil gach coire gaile agus gach ní a bheas feistithe agus greamaithe air a scrúdú go barrainneach uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de cheithre mhí dhéag agus freisin tar éis aon deisiúcháin mhóir.
Ach, i gcás aon tsreatha choirí a bheas á n-úsáid ar dháta an Achta seo a rith le haghaidh próise dá dteastaíonn soláthar leanúnach gaile má tá aon chosc-chomhla ar an sreath nach féidir a dheighilt ó ghail faoi bhrú ní gá í a scrúdú ach an méid is féidir sin gan í a dheighilt amhlaidh, ach scoirfidh an coinníoll seo d'éifeacht a bheith aige a luaithe a thiocfas caoi réasúnach chun feisteanna a chur isteach lena bhféadfaí an chomhla a dheighilt amhlaidh, agus in aon chás i gceann tréimhse trí mblian ó dháta an Achta seo a rith.
(8) In aon scrúdú do réir ceanglas fo-ailt (7) den alt seo déanfar, ar an gcéad ásc, scrúdú ar an gcoire le linn é a bheith fuar agus tar éis a ullmhuithe sa tslí fhorordaithe, laistigh agus lasmuigh, agus ar an dara ásc déanfar, ach amháin i gcás tíobhasóra nó forthéitheora, scrúdú ar an gcoire le linn é a bheith faoi ghnáthbhrú gaile, agus féadfaidh daoine ar leith an dá chuid den scrúdú a dhéanamh; déanfar an scrúdú faoi bhrú gaile an chéad uair a hardófar gail i ndiaidh an scrúduithe ar an gcoire le linn é a bheith fuar, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, agus féachfaidh an duine a bheas ag déanamh an scrúduithe chuige go bhfuil an chomhla shábhála coigeartaithe i dtreo nach bhféadfar an coire d'oibriú faoi bhrú is mó ná an t-uas-bhrú ceadmhach oibre.
(9) Déanfar tuarascáil sa bhfoirm fhorordaithe ina mbeidh na sonraí forordaithe (lena n-áirítear an t-uas-bhrú ceadmhach oibre) ar thoradh gach scrúduithe faoi fho-alt (7) den alt seo a thaifeadadh sa chlár ginearálta nó a ghreamú dhe a luaithe is féidir, agus in aon chás laistigh d'ocht lá fichead i ndiaidh an scrúduithe a chríochnú, agus síneoidh an duine a rinne an scrúdú an tuarascáil, agus más cigire do chuideachta nó comhlachas iniúchta coirí an duine sin comh-shíneoidh príomh-innealltóir na cuideachtan nó an chomhlachais í nó pé oifigeach freagarthach eile den chuideachta nó don chomhlachas a bheas údaraithe i scríbhinn chuige sin ag an bpríomh-innealltóir.
Chun críocha an fho-ailt seo agus na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo a bhaineas le tuarascála ar scrúduithe, áireofar mar scrúduithe ar leithligh an scrúdú ar choire le linn é a bheith fuar agus an scrúdú air le linn é a bheith faoi bhrú gaile.
(10) Ní déanfar aon choire gaile a bhí á úsáid cheana a chur chun úsáide in aon mhonarcha den chéad uair sa mhonarcha sin go dtí go mbeidh sé scrúdaithe agus tuarascáil tugtha air do réir fo-ailt (7), (8) agus (9) den alt seo.
(11) Ní cuirfear aon choire gaile nua chun úsáide in aon mhonarcha mura rud é go bhfuarthas ó mhonaróir an choire, nó ó chuideachta nó comhlachas iniúchta coirí, deimhniú a shonraíos a uas-bhrú ceadmhach oibre agus a luas an cineál tástála faoinar cuireadh an coire agus na feistis, agus go gcoimeádtar an deimhniú ar fáil chun a iniúchta, agus go bhfuil an coire marcáilte ar chuma go bhféadfar a aithint gurb é an coire é lena mbaineann an deimhniú.
(12) Má shonraíonn an tuarascáil ar aon scrúdú faoin alt seo coinníollacha chun a dheimhniú go n-oibreoidh coire gaile go sábháilte, ní húsáidfear an coire ach do réir na gcoinníollacha sin.
(13) Déanfaidh an duine a bhéarfas an tuarascáil ar aon scrúdú faoin alt seo nó, i gcás cuideachtan nó comhlachais iniúchta coirí, príomh-innealltóir na cuideachtan nó an chomhlachais sin, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an scrúduithe a chríochnú, cóip den tuarascáil a chur chun an Aire i ngach cás inar laghdaíodh an t-uas-bhrú ceadmhach oibre nó inar chruthaigh an scrúdú nach féidir leanúint go sábháilte den choire d'úsáid mura ndéantar deisiúchán áirithe láithreach nó laistigh de thréimhse shonraithe.
(14) Má mhainníonn an duine a fostaíodh chun aon scrúdú a dhéanamh faoin alt seo scrúdú barrainneach a dhéanamh mar ceanglaítear leis an alt seo nó má thugann sé tuarascáil a bheas bréagach nó easnamhach in aon tsonra ábhartha, nó má cheadaíonn príomh-innealltóir aon chuideachtan nó chomhlachais iniúchta coirí aon tuarascáil den tsórt sin a thabhairt, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus má mhainníonn aon duine nó príomh-innealltóir den tsórt sin cóip d'aon tuarascáil a chur chun an Aire mar ceanglaítear le fo-alt (13) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.
(15) Mura mbeidh an tAire sásta i dtaobh inniúlacht an duine a fostaíodh chun aon scrúdú a dhéanamh faoin alt seo nó i dtaobh barrainneacht an scrúduithe, féadfaidh sé a cheangal go gcuirfear an coire dá athscrúdú ag duine a ainmneos sé, agus bhéarfaidh an t-áititheoir na saoráidí is gá le haghaidh an athscrúduithe sin.
(16) Má dhealraíonn sé, de thoradh aon athscrúduithe faoi fho-alt (15) den alt seo, go raibh tuarascáil an scrúduithe neamhdhóthaineach nó neamhchruinn in aon tsonra ábhartha, féadfar costas an athscrúduithe a ghnóthú ón áititheoir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, agus beidh an tuarascáil ar an athscrúdú a airbheartós a bheith arna síniú ag an duine a thug í inghlactha mar fhianaise ar na fíorais a bheas luaite inti.
(17) Sa Chuid seo den Acht seo—
ciallaíonn “uas-bhrú ceadmhach oibre,” i gcás coire ghaile nua, an t-uas-bhrú den tsaghas sin a bheas sonraithe sa deimhniú dá dtagartar i bhfo-alt (11) den alt seo agus, i gcás coire ghaile a scrúdaíodh do réir an ailt seo, an t-uas-bhrú den tsaghas sin a bheas sonraithe sa tuarascáil ar an scrúdú deiridh;
ciallaíonn “coire gaile” aon tsoitheach iata ina ndéantar, chun aon chríche, gail a ghint faoi bhrú is mó ná brú an atmaisféir, agus folaíonn sé aon tíobhasóir a húsáitear ag téamh uisce a bhíos á chur chun aon tsoithigh den tsórt sin agus aon fhorthéitheoir a húsáidtear chun gal a théamh.
(18) Ní bhainfidh an t-alt seo le coire aon loinge nó aon ghluaisteora is le haon chomhlucht corpraithe atá ag bainistí agus ag rialú iarnróid, agus a úsáideas an comhlucht sin.
Glacadáin ghaile agus coimeádáin ghaile.
41.—(1) Beidh feistithe ar gach glacadán gaile nach mbeidh déanta agus á chothabháil i dtreo gurb acmhainn dó go sábháilte uas-bhrú ceadmhach oibre an choire nó an brú is mó is féidir d'fháil sa phíopa a cheanglaíos an glacadán le haon fhoinse sholáthair eile—
(a) comhla laghduithe oiriúnach nó fearas uathoibreach oiriúnach eile chun nach féidir dul thar an mbrú sábháilte oibre,
(b) comhla shábhála oiriúnach a bheas coigeartaithe i dtreo go ligfidh sí don ghail éaló a luaithe a téitear thar an mbrú sábháilte oibre, nó fearas oiriúnach chun an soláthar gaile a scor go huathoibreach a luaithe a téitear thar an mbrú sábháilte oibre,
(c) brúmhéadar beacht gaile a thaispeánfas brú na gaile sa ghlacadán,
(d) cosc-chomhla oiriúnach,
(e) ach amháin i gcás gan ach aon ghlacadán gaile amháin a bheith á úsáid, pláta ar a mbeidh uimhir shainiúil sofheicse.
Feisteofar an chomhla shábhála agus an brúmhéadar ar an nglacadán gaile nó ar an bpíopa soláthair idir an glacadán agus an chomhla laghduithe nó an fearas eile chun an brú a chosc ó dhul thar an mbrú sábháilte oibre.
(2) Chun críche forál fo-ailt (1) den alt seo, ach amháin mír (e), féadfar aon fhoireann ghlacadán a soláthraítear gal dóibh trí phíopa aonair, agus is cuid d'inneall aonair, d'áireamh mar aon ghlacadán amháin, agus chun críche na bhforál sin, ach amháin míreanna (d) agus (e), féadfar aon fhoireann eile ghlacadán a soláthraítear gal dóibh trí phíopa aonair d'áireamh mar aon ghlacadán amháin.
(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt seo le haon fhoireann ghlacadán a soláthraítear gal dóibh trí phíopa aonair mura bhfuil an chomhla laghduithe, nó an fearas eile chun an brú a chosc ó dhul thar an mbrú sábháilte oibre, feistithe ar an bpíopa aonair.
(4) Beidh déanamh maith ar gach páirt de gach glacadán gaile, agus beidh ábhar fónta agus leor-neart inti, agus beidh sí glan ó locht follas.
(5) Cothabhálfar i gceart gach glacadán gaile agus gach ní a bheas feistithe air, agus déanfaidh duine inniúil é a scrúdú go barrainneach, a mhéid a ligfeas déanamh an ghlacadáin é, uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de shé mhí fichead.
(6) Déanfar tuarascáil ina mbeidh na sonraí forordaithe (lena n-áirítear sonraí ar an mbrú sábháilte oibre) ar thoradh gach scrúduithe faoi fho-alt (5) den alt seo a thaifeadadh sa chlár ginearálta nó a ghreamú dhe.
(7) Déanfar gach coimeádán gaile a chothabháil i dtreo go gcoimeádfar an t-asraon oscailte agus saor ó bhacainn i gcónaí.
(8) Sa Chuid seo den Acht seo—
ciallaíonn “brú sábháilte oibre”, i gcás glacadáin ghaile nua, an brú den tsaghas sin a bheas sonraithe ag an déantóir, agus i gcás glacadáin ghaile a scrúdaíodh do réir forál an ailt seo, an brú den tsaghas sin a bheas sonraithe sa tuarascáil ar an scrúdú deirigh;
ciallaíonn “glacadán gaile” aon tsoitheach nó goireas (seachas coire gaile, coimeádán gaile, píopa nó tochardán gaile, nó páirt de phríomh-ghluaisneoir) a húsáidtear chun gal a choimeád faoi bhrú is mó ná brú an atmaisféir;
ciallaíonn “coimeádán gaile” aon tsoitheach (seachas píopa nó tochardán gaile) a mbeidh asraon buan as chun an atmaisféir nó chun spáis nach bhfuil an brú ann níos mó ná brú an atmaisféir agus trína gcuirtear gal, faoi bhrú an atmaisféir nó faoi bhrú i ngar dó sin, chun téamh, fiuchadh, tiormú, galú nó ní eile dá samhail sin a dhéanamh.
Glacadáin aeir.
42.—(1) I gcás gach glacadáin aeir—
(a) beidh an brú sábháilte oibre marcáilte go sofheicse air,
(b) más glacadán é atá i gceangal leis an ngléasra comhfháiscthe aeir, beidh sé déanta i dtreo gurb acmhainn dó go sábháilte an brú is mó is féidir d'fháil sa chomhfháscadán a sheasamh, nó beidh comhla laghduithe oiriúnach air nó fearas oiriúnach eile chun nach féidir dul thar brú sábháilte oibre an ghlacadáin,
(c) beidh comhla shábhála oiriúnach air a bheas coigeartaithe i dtreo go ligfidh sí don aer éaló a luaithe a téitear thar an mbrú sábháilte oibre,
(d) beidh brúmhéadar beacht air a thaispeánfas an brú sa ghlacadán,
(e) beidh fearas oiriúnach air leis an nglacadán a shiltean,
(f) beidh duine-pholl nó lámhpholl oiriúnach nó deis oiriúnach eile air chun gur féidir an taobh istigh a ghlanadh go barrainneach, agus
(g) má tá níos mó ná aon ghlacadán amháin á úsáid sa mhonarcha, beidh marc sainiúil sofheisce air.
(2) Ní bhainfidh ceanglas míre (e) d'fho-alt (1) den alt seo le haon tsoitheach den tsórt a luaitear i mír (c) nó i mír (d) d'fho-alt (8) den alt seo.
(3) Chun críche na bhforál d'fho-alt (1) den alt seo a bhaineas le comhlaí sábhála agus brúmhéadair, féadfar aon fhoireann ghlacadán aeir a soláthraítear aer dóibh trí phíopa aonair d'áireamh mar aon ghlacadán amháin.
(4) I gcás inar gá comhla laghduithe oiriúnach, nó fearas oiriúnach eile chun an brú a chosc ó dhul thar an mbrú sábháilte oibre, d'fheistiú ar fhoireann ghlacadán aeir a soláthraítear aer dóibh trí phíopa aonair, ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo mura bhfuil an chomhla nó an fearas feistithe ar an bpíopa aonair.
(5) Beidh déanamh fónta ar gach glacadán aeir agus ar gach ní a bheas feistithe air agus cothabhálfar i gceart iad.
(6) Déanfar gach glacadán aeir a ghlanadh agus a scrúdú go barrainneach uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de shé mhí fichead, ach i gcás glacadáin a múnlaíodh trína shlántharraingt—
(a) féadfaidh an duine a dhéanfas aon scrúdú den tsaghas sin tréimhse a shonrú i scríbhinn, a bheas níos mó ná sé mhí fichead ach nach mbeidh níos mó ná ceithre bliana, ina mbeidh an chéad scrúdú eile le déanamh, agus
(b) má tá sé déanta ar shlí nach féidir an fhoraghaidh laistigh a scrúdú go barrainneach, déanfar tástáil udrálach oiriúnach ar an nglacadán in ionad é a scrúdú laistigh.
(7) Is duine inniúil a dhéanfas gach scrúdú agus tástáil faoi fho-alt (6) den alt seo, agus déanfar tuarascáil ina mbeidh na sonraí forordaithe (lena n-áirítear sonraí ar an mbrú sábháilte oibre) ar thoradh gach scrúduithe agus tástála den tsórt sin a thaifeadadh sa chlár ginearálta nó a ghreamú dhe.
(8) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “glacadán aeir”—
(a) aon tsoitheach (seachas píopa nó tochardán, nó gabhálas, feisteas nó páirt de chomhfháscadán) chun aer comhfháiscithe a choimeád atá ceangailte leis an ngléasra comhfháiscithe aeir,
(b) aon tsoitheach tuinithe chun aer comhfháiscithe nó gása caite comhfháiscithe a choimeád a húsáidtear chun inneall dócháin inmheánaigh a dhúiseacht,
(c) aon tsoitheach tuinithe nó iniompair (nach páirt de phiostal spréála) a húsáidtear chun aon phéint, líomhnán, laicear nó ábhar dá samhail sin a spréáil le haer comhfháiscithe, nó
(d) aon tsoitheach ina stóráltar íle agus as a dtiomáintear í le haer comhfháiscthe.
Eisceachta maidir le coirí gaile, glacadáin agus coimeádáin ghaile agus glacadáin aeir.
43.—Féadfaidh an tAire, le deimhniú, aon chineál nó sórt coire ghaile, glacadáin ghaile, coimeádáin ghaile nó glacadáin aeir d'eisceadh ó aon cheann d'fhorála alt 40, 41 agus 42 den Acht seo más deimhin leis nach féidir do réir réasúin feidhm a thabhairt ina leith don fhoráil sin, agus féadfaidh aon eisceadh den tsórt sin bheith ina eisceadh neamhchoinníollach nó bheith faoi réir pé coinníollacha a bheas sa deimhniú.
Aireachas maidir le gás choimeádáin uisce-shéalaithe.
44.—(1) Beidh déanamh fónta ar gach cás-choimeádán agus cothabhálfar i gceart é.
(2) Serúdóidh duine inniúil gach gás-choimeádán go barrainneach ar an taobh amuigh uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de dhá bhliain, agus déanfar taifead ina mbeidh na sonraí forordaithe ar gach scrúdú den tsórt sin a chur sa chlár ginearálta nó a ghreamú dhe.
(3) I gcás gás-choimeádáin a bhfuil aon ardaitheoir a ghabhas leis in úsáid le breis agus fiche bliain, scrúdóidh duine inniúil an taobh istigh den leathánra uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse de dheich mbliana agus freisin, i gcás gás-choimeádáin a bheas á úsáid i dtosach feidhme an ailt seo, uair amháin ar a laghad sa tréimhse de dhá bhliain ón tosach feidhme sin, trí shamplaí a ghearradh de mhullach agus de thaobha an choimeádáin nó ar leor-chuma eile agus coimeádfar ar fáil chun a n-íniúchta gach sampla a gearrfar amhlaidh maraon le tuarascáil ar gach scrúdú den tsórt sin arna síniú ag an duine a rinne an scrúdú.
(4) Coimeádfar ar fáil chun a iniúchta taifead arna shíniú ag áititheoir na monarchan nó ag oifigeach freagrach a bheas údaraithe chuige sin ina luafar, chomh cruinn agus is féidir a fháil amach, an dáta a rinneadh an t-ardaitheor is sine i ngach gás-choimeádán sa mhonarcha.
(5) I gcás níos mó ná gás-choimeádán amháin a bheith sa mhonarcha, beidh gach gás-choimeádán marcáilte in áit fheiceálach le huimhir nó litir shainiúil.
(6) Ní déanfar deisiú ná scartáil ar ghás-choimeádán ach amháin faoi mhaoirseacht dhíreach dhuine atá inniúil ar an obair sin a mhaoirsiú de bharr a oiliúna, a thaithí agus a eolais ar an aireachas is gá in aghaidh baol pléasctha agus baol go gcloífí daoine ag an ngás.
(7) San alt seo, ciallaíonn “gás-choimeádán” gás-choimeádán uisce-shéalaithe de luchtmhaireacht nach lú ná cúig mhíle troigh ciúbach.
Slí ealuithe i gcás tine.
45.—(1) Beidh i bhfeidhm ag áititheoir monarchan lena mbaineann an t-alt seo deimhniú faoin alt seo (dá ngairmtear deimhniú feasta san alt seo) ón údarás sláintíochta á dheimhniú go bhfuil sa mhonarcha do na daoine a fostaítear inti na slite éaluithe sin i gcás tine is gá do réir réasúin in imthosca an cháis.
(2) Má déantar sárú ar fho-alt (1) den alt seo maidir le monarcha lena mbaineann an t-alt seo, beidh an t-áititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó má caoga punt a chur air, agus má leantar i ndiaidh é a chiontú den tsárú ar ciontaíodh ina leith amhlaidh é, beidh sé (faoi réir ailt 102 den Acht seo) ciontach i gcion eile faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanadh amhlaidh den chion.
(3) Beidh de dhualgas ar an údarás sláintíochta monarcha lena mbaineann an t-alt seo a scrúdú agus—
(a) deimhniú a thabhairt i leith na monarchan, más deimhin leo go bhfuil sa mhonarcha do na daoine a fostaítear inti na slite éaluithe sin i gcás tine is gá do réir réasúin in imthosca an cháis, nó
(b) deimhniú a dhiúltú i leith na monarchan, mura deimhin leo sin.
(4) Sonrófar go mionchruinn i ndeimhniú na slite éaluithe atá sa mhonarcha agus beidh sonraí ann i dtaobh an líon uasta daoine atá ar fostú nó le bheith ar fostú sa mhonarcha ar fad, agus, más oiriúnach leis an údarás sláintíochta é, in aon chuid shonrach di, agus i dtaobh aon ábhair phléascaigh nó shárlasúil a stóráltar nó a húsáidtear agus i dtaobh aon nithe eile a cuirfear i gcuntas nuair a bheas an deimhniú á dheonadh.
(5) Déanfaidh áititheoir na monarchan deimhniú a ghreamú den chlár ginearálta agus cuirfidh an t-údarás sláintíochta cóip de chun an Aire.
(6) Cothabhálfar i gceart agus coimeádfar saor ó bhacainn na slite éaluithe go léir a bheas sonraithe i ndeimhniú.
(7) Beidh teideal ag áititheoir monarchan—
(a) ar tugadh deimhniú ina leith de bhun fo-ailt (1) d'alt 14 den Factory and Workshop Act, 1901, nó
(b) ar comhlíonadh ina leith fógra a heisíodh de bhun fo-ailt (2) den alt sin, nó
(c) ar tugadh dámhachtain ina leith faoi fho-alt (3) den alt sin agus ar comhlíonadh an dámhachtain sin,
deimhniú d'fháil i leith na monarchan agus, go dtí go bhfaighidh sé an deimhniú sin, ní measfar aon chion a bheith déanta de dheasca gan deimhniú agus é i bhfeidhm a bheith ag an áititheoir.
(8) Bainfidh fo-alt (7) den alt seo le monarcha i gcás agus le linn na slite éaluithe inti a bheith á gcothabháil i gceart, agus sa chás sin agus lena linn sin amháin, agus ní bhainfidh le monarcha más rud é, ón tráth a tugadh an deimhniú nó a comhlíonadh an fógra nó an dámhachtain (pé acu é) faoi alt 14 den Factory and Workshop Act, 1901, go ndearnadh aon ghníomh ar ghá, dá mbeadh an t-alt seo i bhfeidhm agus deimhniú tugtha faoi, fógra a thabhairt ina thaobh don údarás sláintíochta.
(9) I gcás monarcha a rinneadh nó a hathraíodh chun a húsáidte mar mhonarcha roimh theacht i ngníomh don alt seo (nach monarcha lena mbaineann fo-alt (7) den alt seo), ní measfar aon chion a bheith déanta de dheasca gan deimhniú agus é i bhfeidhm a bheith ag an áititheoir i gcaitheamh aon tréimhse idir an tráth a thiocfas an t-alt seo i ngníomh agus an tráth a bhéarfas nó a dhiúltós an t-údarás sláintíochta deimhniú tar éis an mhonarcha a scrúdú faoin alt seo, agus má dhiúltaíonn an t-údarás sláintíochta deimhniú a thabhairt i leith na monarchan mura ndéantar athruithe, ní measfar aon chion den tsórt sin a bheith déanta le linn na hathruithe a bheith á ndéanamh do réir ceanglas an údaráis sláintíochta.
(10) Más rud é, tar éis deimhniú a thabhairt, go mbeartófar aon mhéadú mór ar áitreabh na monarchan nó aon athrú mór ar a dhéanmhas, nó méadú mór ar líon na daoine a fostaítear sa mhonarcha nó in aon chuid di a bheas sonraithe sa deimhniú, nó tosnú ar ábhar pléascach nó sár-lasúil a stóráil nó d'úsáid sa mhonarcha nó an stóráil nó an úsáid sin a mhéadú go mór, bhéarfaidh an t-áititheoir fógra i scríbhinn don údarás sláintíochta i dtaobh an ní atá beartaithe.
(11) Más dóigh leis an údarás sláintíochta, ar fhógra d'fháil faoi fho-alt (10) den alt seo maidir le monarcha, go ndéanfar difir do na cúrsaí a bhaineas le héaló i gcás tine, nó más deimhin leo aon tráth nach leor a thuilleadh na slite éaluithe atá ann mar gheall ar athrach cúrsaí, féadfaid, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an áititheoir pé athruithe a sonrófar sa bhfógra a dhéanamh laistigh de na tréimhsí a sonrófar ann.
(12) Má mheasann an tAire cúrsaí contúirteacha maidir le héaló i gcás tine a bheith in aon mhonarcha lena mbaineann an t-alt seo, féadfaidh sé fógra ina thaobh sin a thabhairt i scríbhinn don údarás sláintíochta, agus beidh de dhualgas ar an údarás sláintíochta an mhonarcha a scrúdú láithreach, agus féadfaid, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an áititheoir pé athruithe a sonrófar sa bhfógra a dhéanamh laistigh de pé tréimhse a sonrófar ann.
(13) Má cheanglaíonn fógra ón údarás sláintíochta faoin alt seo ar áititheoir monarchan athruithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe—
(a) déanfaidh an t-áititheoir na hathruithe laistigh den tréimhse sin,
(b) ar na hathruithe a bheith déanta, leasóidh an t-údarás sláintíochta an deimhniú nó eiseoid deimhniú nua, agus cuirfid cóip den deimhniú leasaithe nó den deimhniú nua chun an Aire,
(c) mura ndéantar na hathruithe amhlaidh, cealóidh an t-údarás sláintíochta an deimhniú gan dochar d'imeachta eile a thionscnamh.
(14) Má thugann an tAire fógra d'údarás sláintíochta faoi fho-alt (12) den alt seo, cuirfidh an t-údarás sláintíochta in iúl don Aire aon bheart a déanfar chun na cúrsaí contúirteachta a leigheas agus, mura ndéana an t-údarás sláintíochta aon bheart den tsórt sin laistigh de mhí tar éis dóibh an fógra d'fháil, féadfaidh an tAire an beart céanna a dhéanamh d'fhéadfadh an t-údarás sláintíochta a dhéanamh, agus beidh teideal aige chun go ngnóthóidh sé ón údarás sláintíochta mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla na caiteachais uile faoina ndeachaigh an tAire á dhéanamh sin agus nár gnóthaíodh ó aon duine eile nó nach caiteachais a ndeachthas fúthu in aon imeachta dlí neamhghnóiteacha ná ina leith.
(15) Más ábhar éagóra ag áititheoir monarchan an t-údarás sláintíochta dá dhiúltú deimhniú a thabhairt faoin alt seo nó an t-údarás sláintíochta nó an tAire dá cheangal air faoin alt seo aon athruithe a dhéanamh sa mhonarcha nó deimhniú dá chealú—
(a) féadfaidh an t-áititheoir achomharc a dhéanamh trí ghearán chun na Cúirte Dúiche, laistigh de cheithre lá déag ón lá a tugadh an diúltú, nó an fógra á cheangal athruithe a dhéanamh, nó a rinneadh an cealú,
(b) go dtí go gcinnfear go críochnaitheach an t-achomharc, ní measfar aon chion a bheith déanta faoin alt seo de dheasca gan deimhniú agus é i bhfeidhm a bheith ag an áititheoir i leith na monarchan,
(c) beidh an bhreith ar an achomharc ina ceangal ar an áititheoir agus ar an údarás sláintíochta nó an tAire.
(16) Má mheasann an tAire na cúrsaí maidir le héaló i gcás tine in aon mhonarcha lena mbaineann an t-alt seo a bheith chomh contúirteach sin nach cóir an mhonarcha nó aon chuid áirithe di d'úsáid, nó nach cóir í d'úsáid le haghaidh próise nó oibre áirithe, go dtí go ndéantar bearta chun an chontúirt a leigheas—
(a) féadfaidh an tAire, in ionad fógra a thabhairt faoi fho-alt (12) den alt seo, gearán a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche,
(b) féadfaidh an Chúirt le hordú, ar bheith deimhin di i dtaobh na nithe réamhráite, úsáid na monarchan nó aon choda áirithe dhi, nó a húsáid le haghaidh na próise nó na hoibre áirithe, a thoirmeasc go dtí go mbeidh pé oibreacha déanta is dóigh leis an gcúirt a bheith riachtanach chun an chontúirt a leigheas,
(c) nuair a bheas aon oibreacha déanta de bhun aon orduithe den tsaghas sin, bhéarfaidh an tAire fógra ina thaobh sin don údarás sláintíochta, agus leasóidh an t-údarás sin aon deimhniú a bheas i bhfeidhm i leith na monarchan, nó eiseoid deimhniú nua, do réir mar is gá sa chás.
(17) Aon scrúdú a bheas le déanamh ag údarás sláintíochta faoin alt seo, is oifigigh don údarás sláintíochta a mbeidh acu i scríbhinn údarás chun an scrúdú áirithe sin a dhéanamh nó údarás ginearálta chun scrúduithe faoin alt seo a dhéanamh, agus iad sin amháin, a dhéanfas é.
(18) Baineann an t-alt seo le gach monarcha acu seo a leanas:
(a) monarcha ina bhfostaítear breis agus fiche duine,
(b) monarcha a bheas á tógáil nó á hathrú lena húsáid mar mhonarcha ar dháta an Achta seo a rith, nó a tógfar nó a hathrófar amhlaidh tar éis an dáta sin, agus ina mbeidh breis agus cúigear ar fostú sa bhfoirgneamh céanna ar aon urlár os cionn bun-urláir an fhoirgnimh,
(c) monarcha a bheas tógtha roimh dháta an Achta seo a rith agus ina mbeidh breis agus cúigear ar fostú sa bhfoirgneamh céanna os cionn céad urláir an fhoirgnimh nó níos mó ná fiche troigh os cionn cothrom talún,
(d) monarcha a stóráltar nó a n-úsáidtear ábhair phléascacha nó sár-lasúla inti nó fúithi.
(e) monarcha a bhfuil a háitreabh monarchan ina chuid d'áitreabh a n-úsáidtear cuid eile de mar theaghas.
(19) Chun críocha fo-ailt (18) den alt seo—
(a) áireofar gurb é an líon daoine a fostaítear i monarcha nó sa bhfoirgneamh céanna ar aon urlár os cionn bunurláir an fhoirgnimh, nó breis agus fiche troigh os cionn cothrom talún, an líon is mó daoine a fostaítear amhlaidh aon tráth áirithe,
(b) más ina sealanna a fostaítear na daoine, is do réir an lín is mó a bheas ag obair aon tráth áirithe a ríomhfar an líon daoine a fostaítear.
Rialacháin agus fo-dhlithe maidir le slite éaluithe i gcás tine.
46.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis na slite éaluithe i gcás tine a bheas le cur ar fáil i monarchana nó in aon chineál nó sórt monarchan.
(2) Beidh de dhualgas ar an údarás sláintíochta rialacháin faoin alt seo a chur i bhfeidhm, agus beidh feidhm ag alt 19 den Acht seo i gcás ina mainneofar na rialacháin sin a chur i bhfeidhm amhail mar atá feidhm aige i gcás ina mainnítear alt 17 den Acht seo a chur i bhfeidhm.
(3) Má heisíodh deimhniú faoi alt 45 den Acht seo maidir le monarcha nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacháin faoin alt seo, ceanglóidh an t-údarás sláintíochta, trí fhógra i scríbhinn, ar an áititheoir pé athruithe a dhéanamh, laistigh de thréimhse shonraithe, is dóigh leo is riachtanach chun an mhonarcha a chur i gcomhréir leis na rialacháin, agus beidh feidhm maidir le haon fhógra den tsórt sin ag forála ailt 45 den Acht seo amhail mar atá feidhm acu maidir le fógra ón údarás sláintíochta faoin alt sin.
(4) I dteannta aon chumhacht atá ag an údarás sláintíochta maidir le tine a chosc, beidh acu freisin cumhacht chun fo-dhlithe a dhéanamh maidir leis na slite éaluithe i gcás tine a bheas le cur ar fáil i monarchana nó in aon chineál nó sórt monarchan, ach beidh na fo-dhlithe sin ar neamhní sa mhéid go mbeidh aon fhoráil iontu ar neamhréir le haon rialacháin ón Aire faoin alt seo.
(5) Beidh feidhm ag forála alt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, maidir le fo-dhlithe faoin alt seo.
Forála sábháltachta i gcás tine.
47.—(1) Le linn d'aon duine bheith istigh i monarcha le haghaidh fostaíochta nó béilí, ní déanfar doirse na monarchan, ná doirse aon tseomra inti a mbeidh an duine ann, ná aon doirse a bheir slí amach do dhaoine a fostaítear sa mhonarcha ó aon fhoirgneamh nó ó aon iamhlann ina bhfuil an mhonarcha, a ghlasáil ná a cheangal ar chuma nach féidir iad d'oscailt láithreach go héasca ón taobh istigh.
(2) Ach amháin doirse sleamhnáin, is ar chuma go n-osclóidh siad amach a déanfar aon doirse chun aon staighre nó pasáiste as aon tseomra ina bhfostaítear breis agus deichniúr agus, i gcás aon mhonarchan a tógfar nó a hathrófar lena húsáid mar mhonarcha tar éis teacht i ngníomh don alt seo, gach doras eile a bheir slí amach ón monarcha do dhaoine a fostaítear inti.
(3) In aon mhonarcha a bheas tógtha nó athraithe lena húsáid mar mhonarcha roimh theacht i ngníomh don alt seo agus ina mbeidh breis agus deichniúr ar fostú sa bhfoirgneamh céanna os cionn an bhun-urláir, is ar chuma go n-osclóidh sé amach a déanfar aon doras, ach amháin doirse sleamhnáin, ag bun staighre a bheir slí amach ón bhfoirgneamh.
(4) Gach bealach ardaitheora laistigh d'fhoirgneamh a déanfar tar éis teacht i ngníomh don alt seo, comhdhúnfar go hiomlán é le hábhair neamh-dhóiteacha, agus cuirfear doirse d'ábhair neamh-dhóiteacha ar gach slí isteach san ardaitheoir, ach comhdhúnfar, ar a bharr amháin, aon bhealach ardaitheora den tsaghas sin, le hábhar éigin a bheas so-bhriste ag tine, nó cuirfear oscailt ina bharr.
(5) Féadfaidh an tAire, le deimhniú, díolúine a dheonadh, faoi réir aon choinníollacha a sonrófar sa deimhniú, ó chomhlíonadh aon cheann de cheanglais fho-ailt (4) den alt seo in aon chás inar deimhin leis nach bhfuil sé oiriúnach nó inmhianuithe na ceanglais sin a chomhlíonadh.
(6) Marcálfar go sainiúil agus go feiceálach le fógra clóbhuailte i litreacha dearga leormhóra gach fuinneog, doras nó bealach amach eile, a bheir slí éaluithe i gcás tine nó a bheir rochtain ar shlí éaluithe i gcás tine (seachas na bealaigh amach a bhíonn i ngnáth-úsáid).
(7) Más rud é, in aon mhonarcha, go mbeidh breis agus fiche duine ar fostú sa bhfoirgneamh céanna, nó go mbeidh ábhair phléascacha nó sár-lasúla á stóráil nó á n-úsáid in aon fhoirgneamh ina bhfostaítear daoine, déanfar socrú éifeachtúil chun rabhadh a bheas so-chloiste ar fud an fhoirgnimh a thabhairt i gcás tine.
(8) Chun críocha fo-ailt (7) den alt seo—
(a) áireofar gurb é an líon daoine a fostaítear sa bhfoirgneamh céanna an líon is mó daoine a fostaítear ann aon tráth áirithe,
(b) más ina sealanna a fostaítear na daoine, is do réir an lín is mó a bheas ag obair aon tráth áirithe a ríomhfar an líon daoine a fostaítear.
(9) Déanfar na rithe a bheas in aon tseomra ina bhfostaítear daoine a shocrú nó a chóiriú ar chuma go mbeidh saor-bhealach chun slí éaluithe i gcás tine ag gach duine a fostaítear sa tseomra.
Teagasc maidir le húsáid slite éaluithe i gcás tine.
48.—(1) Más rud é, in aon mhonarcha, go bhfostaítear breis agus fiche duine sa bhfoirgneamh céanna os cionn an chéad urláir nó níos mó ná fiche troigh os cionn cothrom talún, nó go mbeidh ábhair phléascacha nó sár-lasúla á stóráil nó á n-úsáid in aon fhoirgneamh ina bhfostaítear daoine, déanfar bearta éifeachtúla chun a chinntiú go mbeidh na daoine go léir a fostaítear fíor-eolach ar na slite éaluithe i gcás tine agus ar a n-úsáid agus ar an ngnáthamh is inleanta i gcás tine.
(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo—
(a) áireofar gurb é an líon daoine a fostaítear sa bhfoirgneamh céanna os cionn an chéad urláir, nó níos mó ná fiche troigh os cionn cothrom talún, an líon is mó daoine fostaítear amhlaidh aon tráth áirithe,
(b) más ina sealanna a fostaítear na daoine, is do réir an lín is mó a bheas ag obair aon tráth áirithe a ríomhfar an líon daoine a fostaítear.
(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis na bearta a déanfar chun na gcríocha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo sna monarchana a luaitear sa bhfo-alt sin nó in aon chineál nó sórt monarchan díobh sin.
Cumhacht an Aire chun a cheangal go ndéanfar socruithe speisialta sábháltachta chun tionóiscí a chosc.
49.—Más dóigh leis an Aire, mar gheall ar an méid agus an saghas tionóiscí a tharlaíos in aon mhonarcha nó in chineál nó sórt monarchan, gur cóir socrú speisialta a dhéanamh, sa mhonarcha sin nó i monarchana den chineál nó den tsórt sin chun sábháltacht daoine a fostaítear ansin a chinntiú, féadfaidh sé rialacháin speisialta a dhéanamh á cheangal ar an áititheoir pé réiteach réasúnach a dhéanamh, trí shocruithe le haghaidh maoirseachta speisialta maidir le sábháltacht, fiosrú imthosca agus fátha tionóiscí, agus eile, a sonrófar sna rialacháin.
Cumhacht na Cúirte Dúiche chun orduithe a dhéanamh maidir le coinníollacha agus cleachtais chontúirteacha.
50.—(1) Más rud é, ar ghearán ón Aire, gur deimhin leis an gCúirt Dúiche—
(a) go bhfuil aon chuid de na bealaigh, de na hoibreacha, den inneallra nó den ghléasra a húsáidtear i monarcha sa riocht, nó déanta nó suite sa chuma, nach féidir í d'úsáid gan baol díobhála coirp, nó
(b) go bhfuil aon phróis nó obair á seoladh nó aon rud á dhéanamh nó déanta i monarcha ar chuma gur baol díobháil choirp a theacht de,
déanfaidh an Chúirt, do réir mar is gá sa chás, le hordú—
(i) toirmeasc a chur le húsáid na coda sin de na bealaigh, de na hoibreacha, den inneallra nó den ghléasra nó, más féidir í a dheisiú nó í d'athrú, toirmeasc a chur lena húsáid go dtí go mbeidh sí deisithe nó athraithe go cuí, nó
(ii) a cheangal ar an áititheoir pé bearta a dhéanamh a sonrófar san ordú chun an chontúirt a gearánadh a leigheas.
(2) I gcás gearán a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haon chuid de na bealaigh, de na hoibreacha, den inneallra nó den ghléasra a húsáidtear i monarcha nó maidir le haon phróis nó obair a seoltar nó aon rud a déantar nó a rinneadh i monarcha, féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas ex parte ón Aire agus ar fhianaise d'fháil di go ngabhann gar-bhaol mór-dhíobhála coirp le húsáid na coda sin nó, do réir mar bheas, le seoladh na próise nó na hoibre sin nó déanamh an ruda sin, ordú eatramhach a dhéanamh ag cur toirmisc, go hiomlán nó faoi réir coinníollacha, le húsáid na coda sin, le seoladh na próise nó na hoibre sin nó le déanamh an ruda sin go dtí an tráth is túisce a bheas caoi ann chun an gearán d'éisteacht agus a chinneadh.
Cumhacht na Cúirte Dúiche chun orduithe a dhéanamh maidir le monarcha chontúirteach.
51.—(1) Féadfaidh an Chúirt Dúiche le hordú, ar ghearán ón Aire, agus ar bheith deimhin di go bhfuil aon mhonarcha nó aon chuid de mhonarcha sa riocht, nó déanta nó suite sa chuma, nach féidir aon phróis nó obair a seoltar inti a sheoladh amhlaidh maille le haird chuí ar shábháltacht, sláinte, agus leas na ndaoine a fostaítear, toirmeasc a chur lena húsáid le haghaidh na próise nó na hoibre sin.
(2) Féadfar, le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo, seoladh aon phróise nó oibre a thoirmeasc ar feadh tréimhse éiginnte nó go dtí go ndéanfar pé bearta a sonrófar san ordú chun go bhféadfar an phróis nó an obair a sheoladh maille le haird chuí ar shábháltacht, sláinte agus leas na ndaoine a fostaítear nó gan sárú den tsaghas adúradh, do réir mar bheas; ach féadfar aon ordú den tsaghas sin a chúlghairm nó d'athrú ar iarratas i modh gearáin ó áititheoir nó únaer na monarchan nó an áitribh.
(3) Ar aon iarratas á iarraidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm nó d'athrú, beidh an tAire i dteideal éisteacht d'fháil.
CUID IV.
Leas (Forála Ginearálta).
Soláthar d'uisce óil.
52.—(1) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar, ag ionaid oiriúnacha a bheas so-rochtana ag gach duine a fostaítear, leor-sholáthar d'uisce óil folláin as príomh-phíopa poiblí nó as foinse éigin eile a bheas ceadaithe i scríbhinn ag an údarás sláintíochta, ceadú nach ndiúltófar ach amháin ar an bhforas go bhfuil an t-uisce mí-fholláin.
(2) Déanfar soláthar d'uisce óil nach bhfuil ligthe isteach a choimeád i soithigh oiriúnacha, agus cuirfear soláthar úr uisce iontu in aghaidh an lae, ar an gcuid is lú dhe, agus déanfar gach beart is féidir chun an t-uisce agus na soithigh a chosaint ar thruailliú.
(3) I bhfo-alt (2) den alt seo ní fholaíonn “soithigh oiriúnacha” bairillí, buicéid, dabhaigh ná coimeádáin oscailte eile a gcaitear an t-uisce d'fháil astu trí thomadh nó scardadh, pé acu atá clúdaigh orthu nó nach bhfuil.
(4) Beidh “Uisce Óil” marcáilte go soiléir ar sholáthar d'uisce óil (pé acu a bheas sé ligthe isteach nó nach mbeidh).
(5) Ach amháin i gcás an t-uisce a theacht trí bhuinne aníos ar féidir leis na daoine a fostaítear ól uaidh go háisiúil, cuirfear cupán nó soitheach amháin, nó níos mó a bheas oiriúnach chun óil, ar fáil ag gach ionad soláthair maraon le saoráidí chun iad a shruthlú in uisce óil.
Saoráidí níocháin.
53.—(1) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar chun úsáide daoine a fostaítear leor-shaoráidí oiriúnacha le haghaidh níocháin, agus ar na saoráidí sin beidh gallúnach agus tuáillí glana nó córacha oiriúnacha eile le glanadh nó tirmiú a dhéanamh, agus beidh na saoráidí so-rochtana agus coimeádfar glan ordúil iad.
(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán do leor-shaoráidí oiriúnacha níocháin d'fhorordú, go ginearálta nó maidir le haon chineál nó sórt monarchan nó maidir leis na daoine a fostaítear ar aon phróis.
(3) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin, go ndéanfar monarchana a dhíolmhadh ó aon cheann de cheanglais an ailt seo i gcásanna inar dóigh leis go mbeadh sé míréasúnach feidhm a thabhairt don cheanglas toisc a dheacracht a bheadh sé leorsholáthar uisce d'fháil, nó toisc cóiríocht a bheith gann agus leor-shaoráidí oiriúnacha níocháin a bheith ar fáil go háisiúil ar chuma eile, nó de bhíthin pé imthosca speisialta eile a sonrófar sna rialacháin.
Cóiríocht le haghaidh éadaí.
54.—(1) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar chun úsáide daoine a fostaítear leor-chóiríocht oiriúnach le haghaidh éadaí nach gcaitear le linn uaireanta oibre, agus déanfar pé socruithe is féidir do réir réasúin nó, i gcás caighdeán a bheith forordaithe, pé socruithe a bheas sonraithe sna rialacháin iomchuí, chun an t-éadach sin a thirmiú.
(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán do leor-chóiríocht oiriúnach d'fhorordú, go ginearálta nó maidir le haon chineál nó sórt monarchan, le haghaidh éadaí le daoine fostaithe nach gcaitear le linn uaireanta oibre, agus do shocruithe chun na héadaí sin a thirmiú.
(3) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go ndéanfar monarchana a dhíolmhadh ó aon cheann de cheanglais an ailt seo i gcásanna inar dóigh leis go mbeadh sé míréasúnach, de bhíthin pé imthosca speisialta a sonrófar sna rialacháin, feidhm a thabhairt don cheanglas.
Saoráidí chun suí síos.
55.—(1) Má bhíonn ag aon daoine fostaithe caoi réasúnach, i gcúrsa a bhfostaíochta, chun suí síos gan dochar dá gcuid oibre, nó más féidir le daoine fostaithe cion maith d'aon obair a bhíos ar siúl acu a dhéanamh go cuí ina suí dhóibh, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar dóibh saoráidí oiriúnacha chun suite.
(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, caighdeán do shaoráidí oiriúnacha chun suite d'fhorordú do mhonarchana nó d'aon chineál nó sórt monarchan, nó do choda díobh, nó d'aon phróis.
Céad-chabhair.
56.—(1) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar i dtreo go mbeidh teacht go réidh air bosca nó cupard céad-chabhrach de pé caighdeán a forordófar tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus, má fostaítear níos mó ná céad agus caoga duine, bosca nó cupard sa bhreis in aghaidh gach céad agus caoga duine sa bhreis.
(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo—
(a) áireofar gurb é an líon daoine a fostaítear i monarcha an líon is mó daoine a fostaítear inti aon tráth áirithe, agus áireofar mar chéad agus caoga aon chodán de chéad agus caoga,
(b) más ina sealanna a fostaítear na daoine, is do réir an lín is mó a bheas ag obair aon tráth áirithe a ríomhfar an líon daoine a fostaítear.
(3) Ní coimeádfar i mbosca nó i gcupard céad-chabhrach ach amháin fearais nó riachtanais i gcóir céad-chabhrach.
(4) Cuirfear gach bosca nó cupard céad-chabhrach faoi chúram duine fhreagarthaigh agus, i gcás monarchan a bhfostaítear níos mó ná caoga duine inti, beidh an duine sin oilte ar chóireáil chéad-chabhrach, agus beidh sé ar fáil go réidh i gcónaí le linn uaireanta oibre.
(5) Coimeádfar crochta suas i ngach seomra oibre fógra a inseos ainm an duine a bhfuil an bosca nó an cupard céadchabhrach le haghaidh an tseomra sin faoina chúram.
(6) Má tá othar-sheomra sa mhonarcha agus má tá réiteach déanta chun cóireáil a thabhairt láithreach ann do gach duine dá mbainfidh díobháil sa mhonarcha, féadfaidh an tAire, le deimhniú, an mhonarcha a dhíolmhadh ó cheanglais an ailt seo a mhéid, agus faoi réir pé coinníollacha, a shonrós sé sa deimhniú.
Rialacháin leasa.
57.—(1) Más dóigh leis an Aire gur gá socrú a dhéanamh maidir le haon cheann de na nithe lena mbaineann an t-alt seo ar mhaithe le leas na ndaoine a fostaítear nó aon aicme dhíobh, féadfaidh sé rialacháin speisialta (dá ngairmtear rialacháin leasa san Acht seo) a dhéanamh á cheangal pé bearta réasúnacha, a sonrófar sna rialacháin, a dhéanamh i ndáil leis sin, i dteannta nó in ionad, nó trí leathnú nó athrú, aon fhorála acu sin roimhe seo den Chuid seo den Acht seo.
(2) Baineann an t-alt seo leis na nithe seo a leanas:—
(a) na nithe a bhforáltar ina leith sna forála roimhe seo den Chuid seo den Acht seo,
(b) socruithe chun béilí d'ullmhú nó a théamh, agus chun iad a chaitheamh,
(c) soláthar éadaigh chosanta,
(d) socruithe chun daoine a fostaítear a chosaint i gcás iad a bheith faoi theocht ró-ard nó ró-íseal,
(e) socruithe le haghaidh othar-chúraim agus céad-chabhrach,
(f) soláthar agus úsáid suíochán i seomraí oibre,
(g) seomraí scíthe,
(h) socruithe chun daoine a fostaítear a mhaoirsiú.
(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon mhonarcha nach bhfuil d'fhostaithe inti ach daoine den aon-teaghlach a chónaíos inti.
(4) I gcás rialachán leasa—
(a) féadfar iad a dhéanamh do mhonarcha áirithe nó d'aon chineál nó sórt monarchan,
(b) féadfar iad a dhéanamh ar an gcoinníoll nach foláir maidir le ceanglais áirithe líon nó cion sonraithe de na daoine fostaithe a bheas i gceist dá n-iarraidh, agus féadfaid an modh ar a bhfaighfear tuairimí na ndaoine fostaithe d'fhorordú,
(c) féadfaid foráil a dhéanamh i dtaobh na ndaoine fostaithe a bheas i gceist a bheith páirteach i mbainistí na socraíochtaí, na cóiríochta nó na saoráidí eile dá ndéantar socrú, in aon chás ina ndéanann na daoine fostaithe ranníoc i leith an chostais; ach ní ceanglófar ar na daoine a fostaítear in aon mhonarcha aon ranníoc a dhéanamh, ach amháin chun sochair bhreise nó speisialta a chur ar fáil ar dóigh leis an Aire nach bhféadfaí go réasúnach a cheangal ar an bhfostóir féin amháin iad a chur ar fáil, agus mura dtoilí dhá dtrian ar a laghad de na fostaithe lena mbaineann sa mhonarcha sin, ar a dtuairimí d'fháil ar an modh forordaithe.
(5) Féadfaidh rialacháin leasa dualgais a chur ar únaerí agus, chomh fada is bhainfeas le húsáid aon tsaoráidí a cuirfear ar fáil, ar dhaoine fostaithe.
(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na hábhair lena mbaineann an t-alt seo a leathnú chun go n-áireofar orthu ábhair eile a bhaineas le leas daoine fostaithe nó aon aicme dhíobh.
CUID V.
Sláinte, Sábháltacht agus Leas (Forála agus Rialacháin Speisialta).
Deannach nó múchanna a thabhairt chun siúil.
58.—(1) I ngach monarcha ina mbeidh á chur amach, i ndáil le haon phróis a bheas ar siúl, an oiread sin agus an saghas sin deannaigh nó múiche nó eisíonachta de shórt eile gur dócha go ndéanfadh sé díobháil do na daoine a fostaítear nó go mba chol leo é, nó aon mhéid mór deannaigh d'aon chineál, déanfar gach beart is féidir chun na daoine a fostaítear a chosaint ar an deannach nó an múch nó an eisíonacht eile a análú isteach agus chun é a chosc ó charnadh in aon tseomra oibre, agus go háirithe, más próis í inar féidir sin, déanfar scéidh-fhearais a chur ar fáil agus a chothabháil chomh comhgarach agus is féidir do láthair tuismithe an deannaigh, na múiche nó na heisíonachta eile, ionas nach ligfear san aer é in aon tseomra oibre.
(2) Ní húsáidfear aon inneall fosach dóchain inmheánaigh mura rud é—
(a) go bhfuil socrú déanta chun na gásanna caite ón inneal a thabhairt amach faoin aer,
(b) go bhfuil an t-inneall (ach amháin nuair a húsáidtear é le haghaidh tástála) deighilte ó aon tseomra oibre nó ó aon chuid de sheomra oibre, ina bhfostaítear daoine seachas daoine i bhfeighil an innill, ar chuma go gcoiscfear aon mhúchanna díobhálacha ón inneall ó dhul san aer sa tseomra nó sa chuid sin den tseomra.
Béilí i gcoarda contúirteacha áirithe.
59.—(1) Más rud é in aon tseomra go n-úsáidtear luaidhe, airsin nó substaint nimhiúil eile ar chuma go dtugann sí uaithi aon deannach nó múch, nó go mbíonn próis ar siúl as a dtagann deannach siliceach nó deannach aispeiste, ní ceadófar d'aon duine bia ná deoch a chaitheamh sa tseomra sin ná fanúint sa tseomra sin le linn na dtráth a tugtar dó le haghaidh béilí nó scíthe.
(2) Déanfar socrú oiriúnach chun go bhféadfaidh na daoine a fostaítear in aon tseomra den tsaghas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mbéilí a chaitheamh in áit eile sa mhonarcha.
(3) Más dóigh leis an Aire, mar gheall ar chineál aon phróise go bhfuil sé díobhálach don tsláinte, nó nach maith an rud é thairis sin, béilí a chaitheamh i seomraí ina mbíonn an phróis sin ar siúl nó fanúint iontu le linn na dtráth a tugtar le haghaidh béilí nó scíthe, féadfaidh sé, más oiriúnach leis é, le rialacháin, a déanfar tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, réim a thabhairt maidir le seomraí ina mbíonn an phróis sin ar siúl do gach foráil nó d'aon fhoráil d'fho-ailt (1) agus (2) den alt seo.
Cosaint na súl i bpróiseanna áirithe.
60.—I gcás aon phróise de shaghas a sonrófar i rialacháin a dhéanfas an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, ar próis í lena ngabhann baol ar leith go mbainfidh díobháil do na súile, déanfar, do réir aon treoracha sna rialacháin, sciathspéaclaí oiriúnacha nó forscátha éifeachtúla a chur ar fáil chun súile na ndaoine a fostaítear ar an bpróis a chosaint.
Snáth a chur i spól le súrac béil.
61.—Féadfaidh an tAire pé rialacháin speisialta a dhéanamh is dóigh leis a bheith do réir réasúin chun a thabhairt go méadófar, i monarchana ina mbíonn fíodóireacht chadáis nó éadaigh eile ar siúl, soláthar agus úsáid spólanna nach féidir snáth a chur iontu, nó é a chur iontu go réidh, le súrac béil, agus féadfaidh aon rialacháin den tsórt sin dualgais a chur ar fhostaithe chomh maith le háititheoirí.
Toirmeasc ar úsáid fospair bháin chun lasáin a mhonarú.
62.—Ní úsáidfidh duine ar bith chun lasáin a mhonarú an tsubstaint ar a dtugtar de ghnáth fospar bán nó fospar buí.
Monarchana taislithe.
63.—(1) Déanfaidh áititheoir gach monarchan taislithe, ar an gcéad ócáid a táirgfear taisleach shaorga sa mhonarcha nó roimhe sin, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don Aire.
(2) I ngach monarcha thaislithe nach bhfuil i bhfeidhm inti de thuras na huaire rialacháin faoin Acht seo, nó faoi na hachtacháin a hathghairmtear leis an Acht seo, maidir le taisleach, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(a) faoi réir fo-alt (3) agus (4) den alt seo, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar, i ngach seomra ina dtáirgtear taisleach shaorga, dhá thaismhéadar agus iad do réir pé coinníollacha, maidir lena ndéanamh agus lena gcothabháil, a forordófar, agus comhlíonfar na ceanglais seo a leanas ina leith:
(i) socrófar taismhéadar amháin i lár, agus taismhéadar eile ag taobh, gach seomra, nó i pé ionad eile a ordós nó a cheadós cigire, le bheith sofheisce ag na daoine a fostaítear;
(ii) coimeádfar crochta suas in aice le gach taismhéadar cóip den táible taislí atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, nó de pé táible eile a cuirfear ina ionad sin le rialacháin ón Aire;
(iii) léifidh an t-áititheoir nó duine eile a bheas údaraithe chuige sin na taismhéadair faoi dhó sa ló, eadhon, idir a deich agus a haon déag a chlog ar maidin agus idir a trí agus a ceathair a chlog san iarnóin gach lá a bheas aon daoine ar fostú sa tseomra ar maidin nó san iarnóin, do réir mar bheas, agus, má bhíonn daoine ar fostú roimh a sé a chlog ar maidin nó tar éis a hocht a chlog san oíche, pé trátha eile a ordós cigire, agus cuirfidh sé na léamha i dtaifead sa bhfoirm fhorordaithe a soláthrófar do gach taismhéadar;
(iv) coimeádfar crochta suas in aice leis an taismhéadar na foirmeacha ar a dtaifeadfar léamha gach taismhéadair, agus nuair a bheid líonta coimeádfar sa mhonarcha iad mar thagra;
(v) is fianaise prima facie ar thaisleach an atmaisféir, agus ar an teocht sa mhonarcha, na taifid a bheas in aon fhoirm den tsórt sin;
(b) ní déanfar aon taisliú saorga in aon tseomra aon tráth a bheas léamh an teomhéadair fhliuch-bholgáin níos mó ná seachtó a dó go leith grád nó, i gcás seomra ina ndéantar sníomh cadáis nó sníomh meiríneo nó caismíre leis an bpróis Fhrancach nó an phróis thirm nó sníomh nó cíoradh olla leis an bpróis sin, ochtó grád;
(c) ní déanfar aon taisliú saorga in aon tseomra aon tráth a bheas an difríocht idir léamh an teomhéadair tirm-bholgáin agus léamh an teomhéadair fhliuchbholgáin níos lú ná mar taispeántar sa táible taislí;
(d) ní húsáidfear, chun taisliú saorga a dhéanamh, aon uisce d'fhéadfadh bheith ina chúis díobhála do shláinte na ndaoine a fostaítear nó ina ábhar bréantais, agus chun críche na forála seo measfar gurb uisce a dhéanfadh díobháil do shláinte na ndaoine a fostaítear aon uisce a ghlacas ó thuaslagán aigéadach d'urmhangnáid photáis i gceithre huaire a chloig ag seasca grád níos mó ná leathghram ocsaoine an galún uisce.
(3) Féadfaidh an tAire a ordú i scríbhinn, i gcás aon mhonarchan nó aon tseomra i monarcha, gur leor taismhéadar amháin a chur ar fáil agus a chothabháil, agus nach gá dhá cheann, an taismhéadar a bheith le socrú i pé ionad a ordós cigire, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (2) den alt seo.
(4) Más rud é, maidir le haon tseomra, gur tugadh fógra i scríbhinn don Aire go bhfuil beartaithe gan taisleach an atmaisféir a bheith níos mó tráth ar bith ná mar a choinneos difríocht cheithre ghrád ar a laghad idir léamh an teomhéadair tirmbholgáin agus léamh an teomhéadair fhliuch-bholgáin, ní bheidh feidhm ag fo-mhíreanna (iii) agus (iv) de mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo maidir leis an seomra sin an fhaid a coinneofar an difríocht sin eatarthu ar a laghad agus a coimeádfar cóip den fhógra sin crochta suas sa tseomra.
Seomraí faoi thalamh.
64.—(1) Ní déanfar obair in aon tseomra faoi thalamh (nach seomra faoi thalamh ar chun stórála amháin nó chun críche éigin a bheas eiscithe le hordú ón Aire a húsáidtear é) a dheimhneos an tAire a bheith neamhoiriúnach chuige sin ó thaobh déanmhais, airde, solais nó aeir, nó ar aon fhoras sláinteachais, nó ar an bhforas nach bhfuil leor-shlite éaluithe i gcás tine curtha ar fáil ann.
(2) Má dheimhníonn an tAire faoi fho-alt (1) den alt seo aon tseomra atá á úsáid iarbhír a bheith neamhoiriúnach, fionróidh sé oibriú an deimhnithe go ceann pé tréimhse is réasúnach leis d'fhonn go bhféadfaidh an t-áititheoir an seomra a dhéanamh oiriúnach nó áitreabh eile d'fháil.
(3) I gcás aon tseomra faoi thalamh nach mbeidh, i dtosach feidhme an Achta seo, ina chuid de mhonarcha ná á úsáid mar sheomra oibre i monarcha, ná á úsáid ach amháin chun stórála nó chun críche éigin a bheas eiscithe le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) déanfaidh áititheoir an tseomra, sara n-úsáidfear é le haghaidh oibre a bhféadfaí a dheimhniú é a bheith neamhoiriúnach di faoin alt seo, fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire agus pé eolas a thabhairt dó a cheanglós sé air a thabhairt,
(b) ní úsáidfidh an t-áititheoir an seomra, gan toiliú i scríbhinn ón Aire, le haghaidh aon phróise a sonrófar i rialacháin ón Aire, ar próis í de chineál te, fliuch nó deannachúil, nó a mb'fhéidir aon mhúch a theacht uaithi.
(4) Más ábhar éagóra ag an áititheoir aon bhreith a bhéarfas an tAire faoin alt seo—
(a) féadfaidh sé, laistigh de lá agus fiche ón dáta a heisíodh an deimhniú nó a diúltaíodh an toiliú, pé acu é, achomharc a dhéanamh trí ghearán chun na Cúirte Dúiche,
(b) go dtí go gcinnfear go críochnaitheach achomharc i gcoinne breithe faoi fho-alt (1) den alt seo i gcás seomra atá á úsáid iarbhír, ní measfar aon chion do réir an fho-ailt sin a bheith déanta maidir le haon seomra lena mbaineann an t-achomharc,
(c) i ngach cás beidh breith na Cúirte ina ceangal ar an áititheoir agus ar an Aire.
(5) San alt seo, ciallaíonn “seomra faoi thalamh” aon tseomra atá, nó a bhfuil aon chuid de, san ionad sin go bhfuil leath, nó breis agus leath, a airde iomláin, arna tomhas ó urlár go síleáil, thíos faoi fhoraghaidh chasáin na sráide atá á thadhall, nó na talún atá ag tadhall an tseomra nó is gaire don tseomra.
Rácúis íoslaigh.
65.—(1) Gan dochar d'alt 64 den Acht seo, ní déanfar bácús íoslaigh d'úsáid mar bhácús tar éis trí bliana a bheith caite ó thosach feidhme an Achta seo.
(2) Más deimhin leis an Aire, maidir le haon bhácús íoslaigh—
(a) go raibh sé á úsáid mar bhácús an 7ú lá d'Iúil, 1954, agus
(b) go bhfuil sé oiriúnach lena úsáid mar bhácús ó thaobh déanmhais, airde, solais, aeir, sláinteachais agus slite éaluithe i gcás tine,
féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, an bácús íoslaigh sin a dhíolmhadh, le deimhniú, ó fho-alt (1) den alt seo.
(3) D'ainneoin aon fhorála san Acht seo, is deimhniú in aghaidh tréimhse sonraithe (nach sia ná cúig bliana i gcás bácúis íoslaigh seachas bácús íoslaigh a bhfuil taobh amháin ar a laghad de gan bheith faoi chothrom talún) deimhniú a heiseofar faoi fho-alt (2) den alt seo, ach féadfar an deimhniú sin d'athnuachaint.
(4) San alt seo—
ciallaíonn “bácús íoslaigh” bácús a bhfuil aon tseomra bácála ann san ionad sin go bhfuil foraghaidh an urláir breis agus trí troithe thíos faoi fhoraghaidh chasáin na sráide atá á thadhall nó na talún atá ag tadhall an tseomra nó is gaire don tseomra;
ciallaíonn “seomra bácála” aon tseomra a húsáidtear le haghaidh bácála, nó le haghaidh aon phróise i leith le bácáil.
Neachtlanna.
66.—I ngach neachtlann—
(a) déanfar bearta éifeachtúla, le gaothrán nó eile, chun an teocht a rialú i ngach seomra iarnála, agus chun an ghal a thabhairt chun siúil as gach teach níocháin,
(b) déanfar gach sorn téite iarnaí a dheighilt amach ó aon tseomra iarnála nó bord iarnála ar chuma go gcosnófar na hoibrithe ar a dteas,
(c) ní húsáidfear aon ghás-iarann a thugas aon mhúchanna urchóideacha uaidh.
Meáchain ró-throma d'ardú.
67.—(1) Ní fostófar duine chun aon ualach d'ardú, d'iompar ná d'aistriú a bheas chomh trom sin gur dócha go ndéanfadh sé díobháil dó.
(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh ag forordú na meáchan uasta a fhéadfas daoine a fostaítear i monarchana d'ardú, d'iompar nó d'aistriú, agus féadfaidh aon rialacháin den tsórt sin meáchain éagsúla d'fhorordú in imthosca éagsúla, agus féadfaid baint le daoine i gcoitinne nó le haon aicme daoine nó le daoine a fostaítear in aon chineál nó sórt monarchan nó ar aon phróis.
Toirmeasc ar ógánaigh mhná d'fhostú in áiteanna a mbíonn próiseanna áirithe ar siúl.
68.—(1) I gcás aon phróis acu seo a leanas a bheith ar siúl in aon chuid de mhonarcha—
(a) leaghadh gloine, nó séideadh gloine seachas gloine lampashéidte,
(b) mallfhuaradh gloine seachas pláta-ghloine nó leathánghloine, nó
(c) galú sáile i bpeananna oscailte, nó sorn-thirmiú salainn,
ní fostófar aon ógánach mná sa chuid sin den mhonarcha.
(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, a déanfar tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, réim an ailt seo a leathnú chun aon phróise ar dóigh leis nár mhaith an rud é, mar gheall ar na himthosca speisialta, ógánaigh mhná a bheith ar fostú uirthi agus, más deimhin leis, toisc athrú a theacht ar na himthosca ina bhfuil aon phróis dá sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ar siúl, nach ceart go mbeadh feidhm ag forála an ailt seo, nó gur cóir iad a mhaolú, maidir leis an bpróis sin, féadfaidh sé, le rialacháin, a ordú go scoirfidh an t-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an bpróis sin, sa mhéid sin agus faoi réir na gcoinníollacha sin a sonrófar sna rialacháin.
Toirmeasc ar mhná agus ógánaigh d'fhostú ar phróiseanna áirithe a bhaineas le monarú luaidhe.
69.—Ní fostófar bean ná ógánach in aon mhonarcha ar aon oibríocht acu seo a leanas:—
(a) obair ag foirnéis ina ndéantar dí-ocsaoiniú nó cóireáil ar mhiana sionca nó luaidhe;
(b) láimhsiú, cóireáil nó di-ocsaoiniú luaithrigh ina bhfuil luaidhe, dí-airgeadú luaidhe, nó leaghadh luaidhe nó sionca iarmhair;
(c) monarú lionntátha nó cóimiotal ina bhfuil níos mó ná deich faoin gcéad de luaidhe;
(d) monarú aon ocsaoide, carbonáide, rubháide, crómáide, aigéadáide, níotráide nó siliocáide luaidhe;
(e) meascadh nó paistiú i ndáil le monarú nó deisiú athchadhnraí leictreachais;
(f) glanadh seomraí oibre ina mbíonn aon cheann de na próiseanna réamhráite ar siúl.
Forála maidir le mná agus ógánaigh d'fhostú ar phróiseanna ina n-úsáidtear comhdhúla luaidhe.
70.—(1) Ní fostófar bean ná ógánach in aon mhonarcha ar aon phróis ina n-úsáidtear comhdhúla luaidhe, más próis í ina dtagann deannach nó múch ó chomhdhúil luaidhe, nó inar baol do na daoine a fostaítear inti iad a slapadh le haon chomhdhúil luaidhe i gcúrsa a bhfostaíochta, mura gcomhlíontar na forála seo a leanas maidir le gach bean agus ógánach a fostaítear:—
(a) i gcás deannach nó múch ó chomhdhúil luaidhe a theacht ón bpróis, déanfar socrú chun an deannach nó an mhúch a tharraingt chun siúil ó na daoine a fostaítear le scéidh-shéideán éifeachtúil a bheas beartaithe ar chuma go n-oibreoidh sé ar an deannach nó ar an múch chomh gar agus is féidir dá pointe tuismidh;
(b) raghaidh na daoine a fostaítear faoin scrúdú liachta forordaithe ag na trátha forordaithe, agus coimeádfar an taifead forordaithe maidir lena sláinte;
(c) ní tabharfar bia, deoch ná tobac isteach, ná ní caithfear iad, in aon tseomra ina mbíonn an phróis ar siúl, agus ní ceadófar d'aon duine fanacht in aon tseomra den tsórt sin le linn trátha béile;
(d) soláthróidh an t-áititheoir éadach cosanta oiriúnach a bheas glan, lena chaitheamh ag na daoine a fostaítear;
(e) soláthrófar lena húsáid ag na daoine a fostaítear pé cóiríocht oiriúnach a forordófar maidir le seomraí éadaigh, bialanna agus níochán;
(f) coimeádfar glan na seomraí ina mbíonn na daoine ar fostú, agus gach uirlis agus goireas a bhíos á úsáid acu.
(2) Ní dleathach, in aon phróis ina n-úsáidtear comhdhúla luaidhe, aon bhean ná ógánach d'fhostú a fionraíodh tar éis scrúdú liachta ó fhostaíocht ar aon phróis den tsórt sin ar an bhforas go ngabhfadh baol speisialta do shláinte na mná nó an óganaigh sin lena leanúint ar an bpróis sin.
(3) Is ar pé modh a forordófar a fionnfar cé acu comhdhú luaidhe, do réir bhrí an ailt seo, nó nach ea, aon chomhdhúil n meascán áirithe.
(4) San alt seo oiallaíonn “comhdhúil luaidhe” aon chomhdhúil tuaslaigeach luaidhe a dearbhófar le rialacháin ón Aire a bheith ina comhdhúil luaidhe chun críocha an ailt seo, agus folaíonn sé meascán ina bhfuil aon chomhdhúil den tsórt sin, ach ní fholaíonn cóimiotal ina bhfuil luaidhe.
Cumhacht chun rialacháin speisialta a dhéanamh i leith sábháltachta agus sláinte.
71.—(1) Más deimhin leis an Aire aon mhonaraíocht, inneallra, gléasra, trealamh, fearas nó próis, nó aon tsórt saothair láimhe, a húsáidtear i monarchana, a bheith de chineál lena ngabhfadh baol díobhála coirp do na daoine a fostaítear, nó d'aon aicme de na daoine sin, féadfaidh sé, tar éis dul dó i gcomhairle leis an Aire Sláinte, pé rialacháin speisialta a dhéanamh is dóigh leis a bheith réasúnach agus a bheith ag freagairt do riachtanas an cháis.
(2) Féadfaidh rialacháin speisialta faoin alt seo, maille le nithe eile a dhéanamh,—
(a) toirmeasc a chur le fostú, nó modhnú nó tórainniú a dhéanamh ar uaireanta fostaíochta, gach duine nó aon aicme daoine, i ndáil le haon mhonaraíocht, inneallra, gléasra nó próis, nó le haon tsórt saothair láimhe,
(b) úsáid aon ábhair nó próise a thoirmeasc, a thórainniú nó a rialú,
(c) modhnú a dhéanamh, maidir le haon chineál nó sórt monarchan, ar aon fhorála de Chuid II nó Cuid III nó den Chuid seo den Acht seo, is forála a fhorchuireas ceanglais maidir le sláinte nó sábháltacht,
(d) dualgais a chur ar únaerí, daoine fostaithe agus daoine eile, maraon le háititheoirí.
(3) Féadfaidh rialacháin speisialta faoin alt seo baint le gach monarcha ina n-úsáidtear an mhonaraíocht, an t-inneallra, an gléasra, an phróis nó an sórt saothair láimhe adúradh nó le haon chineál nó sórt a sonrófar de na monarchana sin, agus féadfaidh a fhoráil go ndéanfar aon chineál nó sórt monarchan a sonrófar a dhíolmhadh go hiomlán nó faoi réir coinníollacha.
Cumhacht chun samplaí a thógaint.
72.—(1) Féadfaidh cigire tráth ar bith tar éis dó sin a chur in iúl don áititheoir nó, mura bhfuil fáil go héasca ar an áititheoir d'fhear cinn nó do dhuine freagarthach eile sa mhonarcha, leor, mhéid samplaí a thógaint le haghaidh taifigh d'aon ábhar a húsáidtear nó a measctar lena úsáid chun lasáin a mhonarú, nó d'aon tsubstaint a húsáidtear nó atá le húsáid i monarcha agus is substaint a bhfuil amhras aige sárú ina leith a bheith á dhéanamh ar aon rialachán faoin gCuid seo den Acht seo, nó is dóigh leis ba bhaol díobhála coirp do na daoine a fostaítear, nó a measann sé go gcruthófaí ar í a thaifeach gur dócha go ndéanfadh sí díobháil den tsaghas sin.
(2) Féadfaidh an t-áititheoir nó an fear cinn nó duine freagarthach eile dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo, nuair a bheas sampla á thógaint faoin alt seo, agus ar é do sholáthar na bhfearas riachtanach, a cheangal ar an gcigire an sampla a roinnt ina thrí coda, gach cuid a mharcáil agus a shéalú nó d'iamh ar pé modh a oireas di, agus—
(a) cuid amháin a sheachadadh don áititheoir, nó don fhear cinn nó do dhuine freagarthach eile,
(b) cuid amháin a choimeád le haghaidh comparáide iardain,
(c) cuid amháin a chur faoi bhráid an taifeora,
agus, má ceanglaítear sin, is é an Ceimiceoir Stáit a dhéanfas, nó is faoina stiúrú a déanfar, aon taifeach faoin alt seo.
(3) Aon deimhniú a airbheartós a bheith ina dheimhniú ón gCeimiceoir Stáit maidir le toradh taifigh ar shampla faoin alt seo, beidh sé inghlactha, in aon imeachta faoin Acht seo, mar fhianaise ar na nithe a bheas ráite ann, ach féadfaidh ceachtar páirtí a cheangal go ngairmfear mar fhinné an duine a rinne an taifeach.
(4) Ní dleathach do dhuine ar bith, ach amháin an méid is gá sin chun críocha inchúisimh i leith ciona faoin Acht seo, torthaí taifigh a rinneadh faoin alt seo d'fhoilsiú ná a nochtadh do dhuine ar bith, agus má ghníomhaíonn duine ar bith contrártha don fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.
Coiste Sábháltachta agus Toscaire Sábháltachta.
73.—(1) Má dhéanann na daoine a fostaítear i monarcha coiste (dá ngairmtear an Coiste Sábháltachta sa bhfo-alt seo) a roghnú as a líon féin chun feabhas a chur ar chúrsaí sábháltachta, sláinte agus leasa na ndaoine a fostaítear, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(a) is feidhm d'fheidhmeanna an Choiste Shábháltachta cabhrú chun a thabhairt go gcomhlíonfaidh áititheoir na monarchan agus na daoine a fostaítear inti forála an Achta seo agus na n-orduithe agus na rialachán faoin Acht seo,
(b) ar an gCoiste Sábháltachta dá iarraidh sin, cuirfidh an t-áititheoir taifead sa chlár ginearálta ina n-inseoidh—
(i) gur bunaíodh an Coiste Sábháltachta,
(ii) má d'ainmnigh an Coiste Sábháltachta duine dá chomhaltaí chun bheith ina Thoscaire Sábháltachta chun críocha an ailt seo, ainm an Toscaire Shábháltachta,
(c) beidh an t-áititheoir i dteideal ionadaíocht a bheith aige, trí dhuine amháin ar a laghad d'ainmnigh sé, ag gach cruinniú den Choiste Sábháltachta,
(d) breithneoidh an t-áititheoir aon uiríolla a dhéanfas an Coiste Sábháltachta leis i dtaobh nithe a bhaineas le sábháltacht, sláinte agus leas na ndaoine a fostaítear,
(e) breithneoidh an Coiste Sábháltachta aon uiríolla a dhéanfas an t-áititheoir leis i dtaobh nithe a bhaineas le sábháltacht, sláinte agus leas na ndaoine a fostaítear,
(f) breithneoidh cigire aon uiríolla a dhéanfas an Toscaire Sábháltachta leis i dtaobh nithe a bhaineas le sábháltacht, sláinte agus leas na ndaoine a fostaítear (is uiríolla a déanfar ar an gCoiste Sábháltachta dá iarraidh sin) agus, chuige sin, féadfaidh sé aon taifid ar imeachta an Choiste Shábháltachta d'iniúchadh,
(g) beidh cigire i dteideal, más mian leis é, an Toscaire Sábháltachta a bheith ina chuideachta le linn a thurais iniúchta ar an monarcha nó le linn aon choda den turas sin.
(2) Más deimhin leis an Aire go bhfuil sa mhonarcha coiste nó comhlucht eile nach coiste den tsaghas dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo ach atá comhdhéanta ar chuma gur féidir leis feidhmeanna coiste den tsaghas sin a chomhlíonadh, féadfaidh sé, ar iarratas ón gcoiste nó ón gcomhlucht eile agus le toiliú áititheora na monarchan, deimhniú d'eisiúint a bhéarfas aitheantas don choiste nó don chomhlucht eile mar Choiste Sábháltachta chun críocha an ailt seo agus, an fhaid a bheas an deimhniú sin i bhfeidhm, bainfidh forála fo-ailt (1) den alt seo leis an gcoiste nó leis an gcomhlucht eile.
CUID VI.
Fógra a thabhairt agus imscrúdú a dhéanamh i dtaobh Tionóiscí agus Galar Tionscail.
Fógra i dtaobh tionóiscí.
74.—(1) Nuair a tharlós aon tionóisc i monarcha—
(a) a bheas ina trúig bháis do dhuine a fostaítear sa mhonarcha sin, nó
(b) a chuirfeas aon duine den tsaghas sin, ar feadh níos mó ná trí lá, ó chumas lán-pháigh a thuilleamh san obair a raibh sé ar fostú air,
cuirfear láithreach chun an Aire fógra i scríbhinn sa bhfoirm fhorordaithe ina mbeidh na sonraí forordaithe i dtaobh na tionóisce.
(2) Nuair a tabharfar fógra faoin alt seo i dtaobh aon tionóisce dá dtáinig míchumas agus, tar éis an fógra a thabhairt, go bhfaighidh an duine míchumasaithe bás den tionóisc, cuirfidh áititheoir na monarchan fógra i scríbhinn chun an Aire i dtaobh an bháis a luaithe is feasach dó é.
(3) Nuair a tharlós aon tionóisc lena mbaineann an t-alt seo d'aon duine a bheas ar fostú i monarcha nach é a háititheoir fostóir iarbhír an duine sin, cuirfidh an fostóir iarbhír an tionóisc in iúl láithreach don áititheoir agus, mura ndéana sé amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.
(4) Ní gá fógra a chur ar aghaidh do réir ceanglas an ailt seo i gcás aon tionóisce ar cuireadh fógra ar aghaidh ina taobh do réir ceanglas an Explosives Act, 1875.
Comhacht chun na forála maidir le fógra tionóisce a leathnú ionas go mbainfid le tarlachtaintí contúirteacha.
75.—(1) Má mheasann an tAire go bhfuil sé fóirstineach, mar gheall ar an mbaol mór-dhíobhála coirp do dhaoine a fostaítear, fógra a thabhairt faoi alt 74 den Acht seo i ngach cás inadtarlóidh aon phléascadh, tine, titim foirgnimh, tionóiscí d'inneallra nó do ghléasra, nó aon tarlachtaintí eile, de chineál speisialta i monarcha, féadfaidh sé, le rialacháin, forála an ailt sin a leathnú ionas go mbainfid le haon tarlachtaintí den chineál sin, pé acu a thiocfas bás nó míchumas díobh nó nach dtiocfaidh.
(2) Féadfaidh an tAire le haon rialacháin faoin alt seo, a cheadú gur laistigh den am a bheas ceaptha leis na rialacháin a cuirfear ar aghaidh an fógra is gá i dtaobh aon tarlachtainte lena mbaineann na rialacháin in ionad é a chur ar aghaidh láithreach.
Fógra i dtaobh galar tionscail.
76.—(1) Déanfaidh lia-chleachtóir a bheas ag freastal ar othar, nó a glaoifear isteach chun féachaint ar othar, a mheasas sé a bheith tinn ó nimhiú luaidhe, fospair, airsine nó mearcair, nó ó fhiolún saith, a tholg sé in aon mhonarcha, fógra a chur laithreach (murar cuireadh cheana é) chun an Aire ina n-inseoidh ainm agus seoladh poist iomlán an othair agus an galar is dóigh leis an lia-chleachtóir atá ar an othar, agus ainm agus seoladh na monarchan ina bhfuil sé ar fostú nó ina raibh sé ar fostú go deireannach, agus beidh sé i dteideal, i leith gach fógra a chuirfeas sé de bhun an ailt seo, táille dhá scilling agus sé pingne d'fháil ón Aire.
(2) Más rud é, contrártha d'fhorála an ailt seo, go mainneaoidh aon lia-chleachtóir aon fhógra a chur ar aghaidh do réir ceanglas na bhforál sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.
(3) Cuirfidh an t-áititheoir láithreach chun an Aire agus chun an dochtúra dheimhníochta fógra i scríbhinn sa bhfoirm fhorordaithe ina mbeidh na sonraí forordaithe i dtaobh gach cás inar tharla nimhiú ó luaidhe, fospar, airsin nó mearcair, nó inar tharla fiolúin saith, i monarcha.
(4) Nuair a thabharfar fógra faoi fho-alt (3) den alt seo i dtaobh aon ghalair agus, tar éis an fógra a thabhairt, go bhfaighidh an duine a tholg an galar sin bás den ghalar sin, cuirfidh áititheoir na monarchan fógra i scríbhinn chun an Aire i dtaobh an bháis a luaithe is feasach dó é.
(5) Nuair a tholgfas aon duine a bheas ar fostú i monarcha, nach é a háititheoir fostóir iarbhír an duine sin, aon ghalar lena mbaineann an t-alt seo, cuirfidh an fostóir iarbhír tolgadh an ghalair in iúl láithreach don áititheoir agus, mura ndéana sé amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.
(6) Féadfaidh an tAire, maidir le gach monarcha nó maidir le haon chineál nó sórt monarchan, trí rialacháin a déanfar tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, feidhm a thabhairt don alt seo i gcás aon ghalair seachas iad sin atá luaite san alt seo.
Inchoisne í gcás báis de thionóisc nó de ghalar tionscail.
77.—Nuair a chuirfeas cróinéir inchoisne ar chorp aon duine a bhféadfadh gurbh é ba thrúig bháis dó aon tionóisc nó galar a gceanglaítear leis an gCuid seo den Acht seo fógra a thabhairt ina thaobh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(a) cuirfidh an cróinéir an t-inchoisne ar atráth mura rud é—
(i) go bhfuil cigire, nó duine éigin eile atá ag láithriú thar ceann an Aire, ag an inchoisne chun na himeachta d'fhaire, nó
(ii) i gcás nach mbaineann an t-inchoisne ach le bás duine amháin agus inar chuir an cróinéir fógra chun an Aire i dtaobh am agus áit an inchoisne in am chun go sroichfeadh sé an tAire ceithre huaire fichead a chloig ar a laghad roimh thráth an inchoisne, gur dóigh le tromlach an ghiúiré nach gá an t-inchoisne a chur ar atráth;
(b) má chuireann an cróinéir an t-inchoisne ar atráth—
(i) féadfaidh sé, roimh é a chur ar atráth, fianaise a ghlacadh chun an corp d'aithint agus féadfaidh a ordú an corp d'adhlacadh,
(ii) déanfaidh sé, ceithre lá ar a laghad sara gcuirfidh an t-inchoisne atrátha ar siúl, fógra i scríbhinn a chur chun an Aire i dtaobh am agus áit an inchoisne atrátha;
(c) ní bheidh aon duine cáilithe chun bheith ar an ngiúiré má tá leas pearsanta aige sa mhonarcha arb inti nó ina leith a tharla an tionóisc nó a tolgadh an galar, nó má tá sé ar fostú inti nó ina leith nó chun í a bhainistí;
(d) beidh de dhualgas ar an duine a thoghairmfeas an giúiré gan aon duine a thoghairm atá dícháilithe faoi mhír (c) den alt seo agus beidh de dhualgas ar an gcróinéir gan ligint d'aon duine den tsaghas sin dul faoi mhionn ná suí ar an ngiúiré;
(e) beidh na daoine seo a leanas, faoi réir chumhachta an chróinéara chun aon cheist a dhícheadú más dóigh leis nach ceist ábhartha í nó nach ceist chuí í thairis sin, i dteideal aon fhinné a cheistiú, i bpearsain nó trí abhcóide nó trí aturnae:
(i) cigire nó aon duine eile atá ag láithriú thar ceann an Aire,
(ii) aon ghaol nó cara don duine ar i dtaobh a bháis atá an t-inchoisne ar siúl,
(iii) áititheoir na monarchan inar tharla an tionóisc nó inar tolgadh an galar,
(iv) aon duine a bheas ceaptha i scríbhinn ag tromlach na ndaoine a fostaítear sa mhonarcha,
(v) aon duine a bheas ceaptha i scríbhinn ag aon cheardchumann, cara-chumann nó comhlachas eile daoine lenar bhain an t-éagach tráth a bháis nó lena mbaineann aon duine eile a fostaítear sa mhonarcha,
(vi) aon duine a bheas ceaptha i scríbinn ag aon chomhlachas fostóirí a bhfuil áititheoir na monarchan ina chomhalta dhe;
(f) mura bhfuil cigire nó duine thar ceann an Aire i láthair ag an inchoisne agus go dtabharfar fianaise i dtaobh aon fhaillí a bheith ina cúis nó ina leas-chúis leis an tionóisc nó leis an ngalar, nó i dtaobh aon lochta sa mhonarcha nó ina leith is dóigh leis an gcróinéir nó leis an ngiúiré is gá a leigheas, cuirfidh an cróinéir fógra i scríbhinn chun an Aire i dtaobh na faillí nó an lochta.
Cumhacht chun imscrúdú foirmiúil d'ordú i dtaobh tionóiscí agus cásanna galair.
78.—(1) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis é a bheith fóirstineach, a ordú go ndéanfar imscrúdú foirmiúil ar aon tionóisc a tharla nó aon chás galair a tolgadh, nó a bhfuil amhras ann gur tolgadh é, i monarcha agus ar chúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an ghalair.
(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le himscrúdú faoin alt seo:—
(a) féadfaidh an tAire duine inniúil a cheapadh chun an t-imscrúdú a dhéanamh, agus féadfaidh aon duine ag a bhfuil eolas ar an dlí nó eolas speisialta a cheapadh chun gníomhú mar mheasúnóir i ndéanamh an imscrúduithe;
(b) déanfaidh an duine nó na daoine a ceapfar amhlaidh (dá ngairmtear an binse ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo) an t-imscrúdú i gcúirt oscailte ar an modh agus faoi na coinníollacha is éifeachtaí leis an mbinse chun cúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an cháis ghalair d'fhionnadh, agus chun go bhféadfaidh an binse a thuarascáil a thabhairt;
(c) beidh ag an mbinse, chun críocha an imscrúduithe, cumhachta uile Breithimh den Chúirt Dúiche le linn dó bheith ag éisteacht inchúisimh i leith ciona faoin Acht seo, agus cumhachta uile cigire faoin Acht seo agus ina theannta sin, cumhacht—
(i) chun dul isteach in aon áit nó foirgneamh agus iniúchadh a dhéanamh air, más dóigh leis an mbinse gur gá chun na gcríocha sin dul isteach ann nó é d'iniúchadh;
(ii) chun a cheangal, le toghairm faoi shíniú an bhinse, go bhfreastalóidh gach duine ar cuí leis an mbinse é a ghairm os a chomhair agus a cheistiú chun na gcríocha sin, agus chun a cheangal go dtabharfar freagraí ar pé fiafraithe is oiriúnach leis a dhéanamh;
(iii) chun a cheangal go dtabharfar ar aird gach leabhar, páipéar agus doiciméad a mheasfas an binse a bheith tábhachtach chun na gcríocha sin;
(iv) chun daoine a chur faoi mhionn agus chun a cheangal ar aon duine a ceisteofar dearbhú a dhéanamh agus a shíniú i dtaobh fírinne na ráiteas a rinne sé le linn a cheistithe;
(d) lamhálfar do dhaoine a dhéanfas freastal mar fhinnéithe os comhair an bhinse pé caiteachais a lamhálfaí d'fhinnéithe a dhéanfadh freastal os comhair cúirte taifid, agus i gcás díospóide i dtaobh an méid a bheas le lámháil tarchuirfidh an binse an díospóid chun máistir fómhais don Ard-Chúirt, agus déanfaidh seisean, ar iarratas d'fháil faoi shíniú an bhinse, méid ceart na gcaiteachas d'fhionnadh agus a dheimhniú;
(e) bhéarfaidh an binse tuarascáil don Aire ina n-inseofar cúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an cás galair agus a imthosca, agus cuirfidh an binse leis an tuarascáil aon tuairimí is cuí leis an mbinse a lua;
(f) féadfaidh an binse a cheangal go mbeidh na caiteachais a bhain agus a ghabh le himscrúdú faoin alt seo (lena n-áirítear luach saothair aon daoine a ceapadh chun gníomhú mar mheasúnóirí) le n-íoc go hiomlán nó go páirteach ag aon duine a toghairmeadh os comhair an bhinse agus ar dóigh leis an mbinse, mar gheall ar aon ghníomh nó mainneachtaint aige féin nó ag aon tseirbhíseach nó gníomhaire dhó, grád ar bith freagarthachta a bheith air faoin tionóisc nó faoin gcás galair a tharlachtaint, ach measfar gur cuid de chaiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo aon chaiteachais den tsaghas sin nach gceanglófar iad d'íoc amhlaidh;
(g) duine ar bith, gan leithscéal réasúnach (a mbeidh a chruthú air féin) a mhainneos, tar éis na gcaiteachas (más ann) a mbeidh sé ina dteideal a thairiscint dó, aon toghairm nó ceanglas ón mbinse a chomhlíonadh, nó a choiscfeas nó a bhacfas an binse i bhfeidhmiú a dhualgais, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, agus i gcás mainneachtaint i gcomhlíonadh ceanglais chun aon fhreagra a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird, má leantar tar éis an chiontuithe den mhainneachtaint ar ciontaíodh duine ina leith amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion eile faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomhair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air in aghaidh gach lae a leanadh amhlaidh den mhainneachtaint;
(h) féadfaidh an tAire a chur faoi deara go bhfoilseofar tuarascáil an bhinse pé tráth agus ar pé modh is oiriúnach leis.
Imscrúdú agus tuarascáil i gcásanna áirithe.
79.—(1) Beidh de dhualgas ar an dochtúir deimhníochta imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt—
(a) ar chásanna báis nó díobhála a tharla de dheasca bheith faoi lé múchanna nó substaintí urchóideacha eile i monarcha, nó ar aon chúis speisialta eile a bheas sonraithe i dtreoracha ón Aire mar ní is gá d'imscrúdú,
(b) ar aon chás báis nó díobhála a chuirfeas cigire faoina bhráid chun na críche sin de bhun aon treoracha ginearálta nó speisialta ón Aire,
(c) ar aon chás galair a bhfaighidh sé fógra ina thaobh faoin Acht seo.
(2) Beidh ag an dochtúir deimhníochta, chun críche imscrúduithe faoin alt seo, na cumhachta céanna atá ag cigire, lena n-áirítear cumhacht chun dul isteach in aon tseomra i bhfoirgneamh chun ar haistríodh an duine a maraíodh, a díobháladh nó a galraíodh.
(3) Féadfaidh an tAire, le húdarás i scríbhinn, a údarú do lia-chleachtóir cláraithe imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt ar aon ní a bhaineas leis an Acht seo, agus chun críche an imscrúduithe beidh ag aon lia-chleachtóir cláraithe a húdarófar amhlaidh na cumhachta céanna atá ag cigire.
CUID VII.
Deimhnithe Feiliúnachta i leith Ógánach.
Deimhnithe ar fheiliúnacht ógánach le haghaidh fostaíochta.
80.—(1) Faoi réir forál an ailt seo, ní cead ógánach a glacfar isteach in aon fhostaíocht i monarcha d'fhanúint sa bhfostaíocht sin tar éis deich lá oibre (nó pé tréimhse is sia ná sin a forordófar) a bheith caite mura ndearna an dochtúir deimhníochta é a scrúdú agus deimhniú a thabhairt go bhfuil sé feiliúnach don fhostaíocht sin.
(2) Faoi réir forál an ailt seo, ní déanfar ógánach a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (1) den alt seo, nó faoin bhfo-alt seo, i bhfeidhm ina leith a ghlacadh isteach, ná ní fhanfaidh sé, i bhfostaíocht i monarcha tar éis dhá mhí dhéag ó dháta an deimhnithe sin mura rud é, i rith na dtrí mhí deiridh den dá mhí dhéag sin, go ndearna an dochtúir deimhníochta nó lia-chleachtóir cláraithe d'fhruiligh an t-ógánach sin, nó a fruilíodh thar a cheann, é a scrúdú agus deimhniú a thabhairt go bhfuil sé féiliúnach don fhostaíocht sin.
(3) Má theastaíonn ón dochtúir deimhníochta nó ó lia-chleachtóir cláraithe, tar éis dó ógánach a scrúdú, tuilleadh colais nó tuilleadh ama d'fháil chun an cás a bhreithniú sara gcinnfidh sé cé acu a dheimhneos nó nach ndeimhneoidh sé é a bheith feiliúnach d'fhostaíocht nó cad iad na coinníollacha ar faoina réir a bheas an deimhniú le heisiúint, féadfaidh sé deimhniú sealadach d'eisiúint á údarú an t-ógánach d'fhostú go ceann pé tréimhse a sonrófar sa deimhniú ach nach mó ná lá agus fiche ó dháta a eisithe.
(4) Féadfar aon deimhniú faoin alt seo d'eisiúint—
(a) i leith fostaíochta sna monarchana uile atá á n-áitiú ag an áititheoir céanna nó i leith pé cinn acu a sonrófar sa deimhniú,
(b) faoi réir coinníollacha maidir leis an gcineál oibre ar a bhfostófar an duine atá i gceist.
(5) I gcás deimhniú faoin alt seo d'eisiúint ar aon choinníoll den tsaghas dá dtagartar i bhfo-alt (4) den alt seo, ní fostófar, le linn dó bheith ina ógánach, an duine lena mbaineann an deimhniú ach amháin do réir an choinníll.
(6) Má cúlghairmtear le linn dó bheith ina ógánach an deimhniú faoin alt seo i leith duine, ní fhanfaidh sé in aon fhostaíocht lena mbaineann an deimhniú, agus beidh éifeacht dá éis sin ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo amhail is nár heisíodh aon deimhniú ina leith.
(7) Má diúltaítear nó má cúlghairmtear deimhniú faoin alt seo i leith duine, déanfaidh an dochtúir deimhníochta nó an liachleachtóir cláraithe, má iarrann tuismitheoir an duine air é, na cúiseanna leis an diúltú nó leis an gcúlghairm a thabhairt i scríbhinn don tuismitheoir.
(8) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a fhorordós—
(a) an modh agus an áit ina ndéanfar scrúduithe faoin alt seo;
(b) an fhoirm do dheimhnithe faoin alt seo;
(c) na saoráidí a bheas le tabhairt ag áititheoirí monarchan le haghaidh scrúduithe faoin alt seo, lena n-áirítear saoráidí do dhochtúir deimhníochta nó do lia-chleachtóir cláraithe chun aon phróis d'iniúchadh a mbeidh ógánach le fostú uirthi;
(d) aon ní eile a mheasfas an tAire a bheith inmhianuithe chun éifeacht a thabhairt don alt seo.
(9) Más deimhin leis an Aire, maidir le haon mhonarcha nó le haon chineál monarchan, go bhfuil baol mór ann don tsláinte, féadfaidh sé, le rialacháin maidir leis an monarcha sin nó leis an gcineál sin monarchan, réim an ailt seo a leathnú ionas go mbainfidh sé le daoine nach ógánaigh agus nach bhfuil bliain agus fiche d'aois slán acu.
CUID VIII.
Feidhm agus Réim Speisialta.
Ilmhonarchana.
81.—(1) Faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san alt seo, beidh únaer ilmhonarchan (pé acu duine de na háititheoirí é nó nach ea) freagarthach, in ionad an áititheora, in aon tsárú—
(a) ar na forála de Chuid II den Acht seo a bhaineas le siltean urlár, áiseanna sláintíochta agus (ach amháin i gcás aon tseomra nach bhfuil ach tionónta amháin á áitiú) glaineacht, plódú, teocht, aerú agus soilsiú;
(b) ar na forála de Chuid III den Acht seo a bhaineas le fálta agus fearais sábhála a sholáthar agus a chothabháil, ach amháin sa mhéid go mbainid le hinneallra nó gléasra is le háititheoir na monarchan ar leithligh nó a sholáthraigh sé, le hinneallra nó gléasra a dhéanamh, a chothabháil, a thástáil, agus a scrúdú, ach amháin an t-inneallra nó an gléasra adúradh, le hurláir, pasáistí agus staighrí, agus slite éaluithe i gcás tine a dhéanamh agus a chothabháil, ar fhorála aon rialachán faoi alt 46 den Acht seo agus ar fhorála aon Orduithe faoi alt 51 den Acht seo;
(c) ar fhorála Coda IV den Acht seo agus ar fhorála aon rialachán leasa;
(d) ar na forála de Chuid V den Acht seo a bhaineas le deannach nó múchanna a thabhairt chun siúil, ach amháin i gcás aon tseomra nach bhfuil ach tionónta amháin á áitiú;
(e) ar fhorála Coda VI den Acht seo, ach amháin i gcás aon tseomra nach bhfuil ach tionónta amháin á áitiú;
(f) ar na forála de Chuid XIII den Acht seo a bhaineas le hachomaireacht agus fógraí a chrochadh suas;
agus chun críche na bhforál sin roimhe seo measfar gurb aon mhonarcha amháin, atá á háitiú ag an únaer, iomlán ilmhonarchan nó, do réir mar bheas, iomlán na monarchan sin ach amháin seomraí nach bhfuil ach tionónta amháin á n-áitiú.
(2) Ní bheidh únaer ilmhonarchan freagarthach in aon tsárú ar fhoráil a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a tharlós trí aon fhálta, fearais, inneallra nó gléasra d'úsáid i monarcha ar leithligh, más ní atá lasmuigh dá raon smachta an úsáid sin, agus beidh áititheoir na monarchan ar leithligh freagarthach in aon tsárú den tsórt sin.
(3) Beidh únaer ilmhonarchan freagarthach, in ionad an áititheora, in aon tsárú, i seomraí nach bhfuil ach tionónta amháin á n-áitiú, ar na forála de Chuid II den Acht seo a bhaineas le glaineacht, plódú, teocht, aerú, agus soilsiú, nó ar na forála de Chuid V den Acht seo a bhaineas le deannach nó múchanna a thabhairt chun siúil, más sarú é a tharla trí mhainneachtaint i ndéanamh aon oibre déanmhais a bhí riachtanach nó trí locht ar bith in aon inneallra, gléasra nó feistis is leis, agus ní bheidh sé freagarthach amhlaidh ach amháin in aon tsárú ar na forála de Chuid III den Acht seo a bhaineas le socruithe sábháltachta i gcás tine nó ar aon rialachán faoi alt 46 den Acht seo nó ar fhorála Coda IV den Acht seo nó ar aon rialacháin leasa, más aon mhainneachtaint nó locht mar adúradh faoi deara an sárú.
(4) Beidh feidhm, chomh fada agus is infheidhme iad agus nach bhfuil feidhm tugtha dhóibh ag na forála sin roimhe seo den alt seo, ag forála an Achta seo maidir le haon chuid d'ilmhonarcha nach n-áirítear in aon cheann de na monarchana ar leithligh, amhail is dá mba mhonarcha an chuid sin agus gurb é an t-únaer a háititheoir.
(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin speisialta, forála an ailt seo a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás aon chineáil nó sóirt ilmhonarchan.
Aitreabh ar monarcha ar leithligh cuid dá fhoirgneamh.
82.—(1) I gcás cuid d'fhoirgneamh nach cuid d'ilmhonarcha a ligean mar mhonarcha ar leithligh—
(a) beidh feidhm ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—
(i) na forála de Chuid II den Acht seo a bhaineas le glaineacht agus soilsiú;
(ii) na forála de Chuid III den Acht seo a bhaineas le príomh-ghluaisneoirí, inneallra tiomarnaíochta, ardaitheoirí, slabhraí, rópaí agus tácla tógála, crainn tógála agus innill tógála eile, déanamh urlár, pasáistí agus staighrí agus a gcothabháil, coirí gaile, glacadáin agus coimeádáin ghaile, glacadáin aeir, cumhachta na Cúirte Dúiche chun orduithe a dhéanamh maidir le coinníollacha agus cleachtais chontúirteachta agus cumhachta na Cúirte Dúiche chun orduithe a dhéanamh maidir le monarchana contúirteacha;
maidir le haon chuid den fhoirgneamh a húsáidtear chun críocha na monarchan ach nach bhfuil ar áireamh inti, agus beidh únaer an fhoirgnimh freagarthach in aon tsárú ar na forála sin nó ar aon ordú fúthu;
(b) beidh únaer an fhoirgnimh freagarthach freisin, in ionad áititheoir na monarchan, in aon tsárú i leith na monarchan ar na forála de Chuid II den Acht seo a bhaineas le háiseanna sláintíochta, ar na forála de Chuid III den Acht seo a bhaineas le hardaitheoirí, coirí gaile, slite éaluithe i gcás tine agus socruithe sábháltachta i gcás tine, agus ar fhorála aon rialachán faoi alt 46 den Acht seo;
(c) chun críocha na bhforál sin a bhaineas le slite éaluithe i gcás tine agus socruithe sábháltachta i gcás tine agus na bhforál d'aon rialacháin faoi alt 46 den Acht seo, measfar aon chuid den fhoirgneamh a húsáidtear chun críche na monarchan a bheith ar áireamh sa mhonarcha;
ach ní bheidh an t-únaer freagarthach as glaineacht áiseanna sláintíochta ach amháin nuair a bhíd á gcomhúsáid ag tionóntaí éagsúla, agus ní bheidh sé freagarthach in aon tsárú ar na forála a bhaineas le hardaitheoirí, coirí gaile, slite éaluithe i gcás tine agus socruithe sábháltachta i gcás tine ná ar fhorála aon rialachán faoi alt 46 den Acht seo ach amháin sa mhéid go mbaineann na forála sin le nithe laistigh dá raon smachta.
(2) Chun críocha na bhforál de Chuid III den Acht seo a bhaineas le slabhraí, rópaí agus tácla tógála agus crainn tógála agus innill tógála eile, mar tugtar feidhm do na forála sin le fo-mhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, déanfar innill tógála a bheas curtha ar an taobh amuigh d'fhoirgneamh, agus slabhraí, rópaí agus tácla tógála eile a bheas á n-úsáid i ndáil leis na hinnill sin, d'áireamh amhail is dá mbeidís istigh sa bhfoirgneamh, ach ní tabharfar aird ar aon inneall tógála nach n-úsáidtear chun críocha na monarchan ná ar aon tslabhraí, rópaí ná tácla tógála nach n-úsáidtear i ndáil le hinneall tógála a húsáidtear amhlaidh.
(3) I gcás aon tsáruithe (pé acu maidir leis an monarcha é nó nach ea) ar na forála de Chuid III den Acht seo a bhaineas le slabhraí, rópaí agus tácla tógála, crainn tógála agus innill tógála eile, glacadáin agus coimeádáin ghaile nó glacadáin aeir, amhail mar bheirtear feidhm do na forála sin le fo-mhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo—
(a) más sárú é maidir le haon inneallra nó gléasra is le háititheoir na monarchan nó a sholáthraigh sé, is eisean a bheas freagarthach, agus
(b) marab ea, is é únaer an fhoirgnimh a bheas freagarthach.
i dtreo, áfach, nach é an t-únaer a bheas freagarthach in aon tsárú ar na forála sin sa mhéid go mbainid le nithe lasmuigh dá raon smachta agus gurb é an t-áititheoir a bheas freagarthach in aon tsárú den tsórt sin maidir leis an monarcha.
(4) Maidir le forála ailt 50 agus ailt 51 den Acht seo, mar atá feidhm acu i gcás aon mhonarchan dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo agus mar bheirtear feidhm dóibh le fo-mhír (ii) de mhír (a) den fho-alt sin, áireofar tagairtí sna forála sin don áititheoir mar thagairtí d'áititheoir na monarchan nó d'únaer an fhoirgnimh, pé duine acu sin atá freagarthach i leith na nithe a gearánadh.
(5) Má tá feidhm ag an alt seo maidir le haon fhoráil ina bhfuil tagairt don chlár ginearálta, ansin, i gcás nithe arb é únaer an fhoirgnimh atá freagarthach ina leith, áireofar an tagairt sin mar thagairt do chlár atá le coimeád aige, agus beidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 112 den Acht seo maidir le haon chlár a bheas á choimeád ag an únaer de bhun an ailt seo amhail is dá mba áititheoir monarchan é.
Feidhm an Achta maidir le stáisiúin leictreachais.
83.—(1) Bainfidh forála an Achta seo le haon áitreabh ina bhfostaítear daoine go rialta le haghaidh nó i leith na bpróiseanna nó na n-oibríochtaí trína ndéantar fuinneamh leictreach a ghiniúint, a chlaochló nó a chomhshó, nó a scuchadh, a rialú nó a rialáil ar aon chuma eile chun é a sholáthar i modh trádála, nó chun é a sholáthar chun críocha aon ghnóthais iompair nó aon ghnóthais eile tionscail nó tráchtála, nó aon fhoirgnimh nó forais phoiblí, nó chun é a sholáthar do shráideanna nó d'áiteanna poiblí eile, amháil is dá mba mhonarcha an t-áitreabh agus go mba áititheoir monarchan fostóir aon duine a fostaítear san áitreabh le haghaidh nó i leith aon phróise nó oibríochta den tsaghas sin.
(2) Bainfidh na forála den Acht seo a luaitear ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo le haon áitreabh eile ina mbíonn aon phróiseanna nó oibríochtaí mar adúradh ar siúl nó á ndéanamh le haghaidh an tsoláthair adúradh, más áitreabh é atá mór go leor chun go bhféadfaidh duine dul isteach ann tar éis an t-inneallra nó an gléasra a bheith ina shuíomh ann, amhail is dá mba mhonarcha an t-áitreabh agus go mba áititheoir monarchan fostóir aon duine a fostaítear san áitreabh le haghaidh nó i leith aon phróise nó oibríochta den tsaghas sin, is é sin le rá:—
(a) forála Coda I;
(b) na forála de Chuid V a bhaineas le rialacháin speisialta i dtaobh sábháltachta agus sláinte;
(c) forála Coda VI;
(d) na forála de Chuid X a bhaineas le cumhachta agus dualgais chigirí agus le rialacháin, orduithe agus deimhnithe ón Aire;
(e) forála Coda XI;
(f) forála Coda XII.
(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin speisialta, feidhm a thabhairt d'aon fhoráil den Acht seo, a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, maidir leis an inneallra nó an gléasra a húsáidtear in áit seachas in áitreabh a luaitear sa bhfo-alt sin nó i bhfo-alt (1) den alt seo, más inneallra nó gléasra é a húsáidtear sna próiseanna nó sna hoibríochtaí adúradh agus le haghaidh an tsoláthair adúradh, amhail is dá mb'inneallra nó gléasra i monarcha an t-inneallra nó an gléasra, agus amhail is dá mba áititheoir monarchan fostóir aon duine a fostaítear i ndáil le haon úsáid mar adúradh den inneallra nó den ghléasra.
(4) Ní bhainfidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo, ach amháin a mhéid a ordós an tAire le rialacháin speisialta, le haon áitreabh nach mbíonn na próiseanna nó na hoibríochtaí adúradh ar siúl nó á ndéanamh ann ach amháin, mar chéad-fheidhm, chun mótar leictreach d'oibriú nó chun aon ghoireas d'oibriú a úsáidtear fuinneamh leictreach le haghaidh soilsiúcháin, teasa, teachtaireachtaí nó, cumarsáidí a chur amach nó a ghlacadh, nó críocha eile.
(5) Chun críocha an mhínithe atá in alt 3 den Acht seo ar “monarcha”, ní measfar gur earra fuinneamh leictreach, ach ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir, ach amháin mar adúradh, d'fheidhm an Achta seo i gcás monarchan do réir bhrí an mhínithe sin.
Forais.
84.—(1) Más rud é, in aon áitreabh is cuid d'fhoras atá á sheoladh chun críocha carthanúla nó mar scoil cheartúcháin, go n-úsáidtear aon tsaothar láimhe le haghaidh nó i leith earraí, nach bhfuil le cur chun úsáide an fhorais, a dhéanamh, d'athrú, a dheisiú, d'ornáidiú, a chríochnú, a ní, a ghlanadh nó d'oiriúnú chun a ndíolta, ach nach monarcha an t-áitreabh, ansin, dá ainneoin sin, beidh feidhm ag forála an Achta seo maidir leis an áitreabh sin, faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san alt seo.
(2) Ní bhainfidh an tAcht seo, ach amháin a mhéid a ordós an tAire le hordú, le haon áitreabh nach monarcha, má tá an t-áitreabh faoi réir a iniúchta le húdarás, nó faoi údarás, aon Aire Stáit.
Aitribh áirithe a bheith faoi réir a n-iniúchta.
85.—(1) Más rud é, in aon áitreabh atá faoi réir a iniúchta le húdarás, nó faoi údarás, aon Aire Stáit, go n-úsáidtear cumhacht mheicniúil, agus aon tsaothar láimhe chun teagasc a thabhairt le haghaidh nó i leith aon earra a dhéanamh, d'athrú, a dheisiú, d'ornáidiú, a chríochnú, a ní, a ghlanadh nó d'oiriúnú chun a díolta, agus nach monarcha an t-áitreabh, beidh feidhm ag na forála den Acht seo a luaitear ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo amhail is dá mba mhonarcha an t-áitreabh agus go mba áititheoir monarchan na daoine ag a bhfuil urlámhas ar an áitreabh, is é sin le rá:—
(a) forála Coda I;
(b) na forála de Chuid II a bhaineas le soilsiú;
(c) na forála de Chuid III a bhaineas le príomh-ghluaisneóirí inneallra tiomarnaíochta, inneallra eile, feisteanna sábhála, fálú ábhar nó earraí, inneallra neamhfhálaithe, déanamh agus cothabháil fálta agus déanamh inneallra;
(d) na forála de Chuid V a bhaineas le deannach nó múchanna a thabhairt chun siúil, na súile a chosaint i bpróiseanna áirithe agus rialacháin speisialta le haghaidh sábháltachta agus sláinte;
(e) na forála de Chuid X a bhaineas le cumhachta agus dualgais chigirí agus le rialacháin, orduithe agus deimhnithe ón Aire;
(f) forála Coda XI;
(g) forála Coda XII;
(h) na forála de Chuid XIII a bhaineas le rialacháin speisialta.
(2) Ní bheidh feidhm ag forála fo-ailt (1) den alt seo maidir le háitreabh dá dtagartar i bhfo-alt (1) d'alt 84 den Acht seo, ach beidh éifeacht ag na forála sin d'ainneoin fo-ailt (3) den alt sin.
Dugaí, caltaí, céanna agus stórais.
86.—(1) Beidh feidhm ag na forála den Acht seo a luaitear ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo maidir le gach duga, caladh, nó cé (lena n-áirítear aon stóras is le húnaerí, iontaobhaithe nó caomhnóirí an duga, an chalaidh nó an ché agus aon líne nó taobhlach a húsáidtear i leith agus chun críocha an duga, an chalaidh nó an ché agus nach cuid d'iarnród nó de thrambhealach) agus gach stóras eile (nach cuid de mhonarcha) a n-úsáidtear cumhacht mheicniúil ann nó lena aghaidh, amhail is dá mba mhonarcha é agus amhail is dá mba áititheoir monarchan an duine atá iarbhír á úsáid nó á áitiú, nó ag úsáid nó ag áitiú aon áitribh atá laistigh de nó ina chuid de, is é sin le rá:—
(a) forála Coda I;
(b) na forála de Chuid II a bhaineas le háiseanna sláintíochta, a mhéid a sonrófar sin, agus faoi réir pé oiriúnuithe agus modhnuithe a déanfar, le rialacháin ón Aire;
(c) na forála de Chuid III a bhaineas le coirí gaile (lena n-áirítear na forála i dtaobh eisceachtaí maidir le coirí gaile) i dtreo, áfach, gurb é únaer na coire a bheas freagarthach in aon tsárú ar na forála sin in ionad an duine a meastar gurb é an t-áititheoir é;
(d) na forála de Chuid III a bhaineas le cumhacht an Aire chun a cheangal go ndéanfar socruithe sábháltachta speisialta chun tionóiscí a chosc agus le cumhacht na Cúirte Dúiche chun orduithe a dhéanamh maidir le coinníollacha agus cleachtais chontúirteacha;
(e) na forála de Chuid IV a bhaineas le rialacháin leasa;
(f) na forála de Chuid V a bhaineas le rialacháin speisialta i dtaobh sábháltachta agus sláinte;
(g) forála Coda VI;
(h) forála Coda VII i dtreo, áfach, nach mbeidh feidhm ag na forála sin ach amháin i gcás stóras;
(i) na forála den Chuid seo a bhaineas le háitribh inar monarcha ar leithligh cuid d'fhoirgneamh, faoi réir pé oiriúnuithe agus modhnuithe a déanfar le rialacháin ón Aire;
(j) na forála de Chuid X a bhaineas le ceapadh agus dualgais dochtúirí deimhníochta agus táillí dochtúirí deimhníochta, faoi réir pé oiriúnuithe agus modhnuithe a déanfar le rialacháin ón Aire, agus na forála den Chuid sin X a bhaineas le cumhachta agus dualgais chigirí agus le rialacháin, orduithe agus deimhnithe ón Aire;
(k) forála Coda XI;
(l) na forála de Chuid XIII a bhaineas le hachomaireacht an Achta seo agus le fógraí, rialacháin speisialta, cláir ghinearálta (a mhéid is infheidhme iad), buanchoimeád clár agus taifead, faoi réir pé oiriúnuithe agus modhnuithe a déanfar le rialacháin ón Aire, agus na forála den Chuid sin XIII a bhaineas le dualgais daoine a fostaítear agus le hasbhaintí as páigh a thoirmeasc.
(2) Beidh feidhm ag na forála den Acht seo a luaitear i mír (a), i mír (c) (faoi réir an mhodhnuithe a luaitear sa mhír sin) agus i míreanna (d), (f), (g), (j), (k) agus (l) d'fho-alt (1) den alt seo, maidir le próiseanna lódála, dílódála nó gualuithe aon loinge in aon duga, cuan nó canáil, agus maidir leis an inneallra nó an gléasra uile a húsáidtear sna próiseanna sin, amhail is dá mba i monarcha a bhí na próiseanna ar siúl agus go mba inneallra nó gléasra i monarcha an t-inneallra nó an gléasra agus go mba áititheoir monarchan an duine ag a mbíonn na próiseanna sin ar siúl, ach ní bheidh feidhm ag na forála den Acht seo a luaitear sna míreanna sin (c) agus (d) maidir le haon inneallra nó gléasra den tsaghas sin atá ar bord loinge agus is le húnaer na loinge.
Chun críocha an fho-ailt seo, folaíonn “gléasra” aon choisbhealach nó dréimire a úsáideas aon duine a fostaítear chun long a lódáil nó a dhílódáil nó a ghualú.
(3) Beidh feidhm maidir le gach stóras a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ag na forála de Chuid III den Acht seo a bhaineas le príomh-ghluaisneóirí, inneallra tiomarnaíochta, inneallra eile, inneallra neamhfhálaithe, déanamh agus cothabháil fálta, déanamh inneallra, glanadh inneallra ag mná agus ógánaigh, oiliúint agus maoirseacht ógánach a bhíos ag obair ag innill chontúirteacha, ardaitheoirí, slabhraí, rópaí agus tácla tógála, crainn tógála agus innill tógála eile, déanamh agus cothabháil urlár, pasáistí agus staighrí, agus cumhacht na Cúirte Dúiche chun orduithe a dhéanamh maidir le monarchana contúirteacha, amhail is dá mba mhonarcha an stóras agus go mba áititheoir monarchan an duine atá iarbhír á úsáid nó á áitiú.
Longa.
87.—(1) Faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san alt seo, beidh feidhm ag na forála den Acht seo a luaitear ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo maidir le haon obair a bheas ar siúl i gcuan nó i nduga fliuch ag déanamh, ag athdhéanamh, ag deisiú, ag athfheistiú, ag péinteáil, ag críochnú nó ag briseadh loinge nó ag scamhadh, ag díscreamhadh nó ag glanadh coirí (lena n-áirítear seomraí dócháin agus boscaí deataigh) i long, nó ag glanadh dabhach íle-bhreosla nó leapacha taomtha i long, is é sin le rá:—
(a) forála Coda I;
(b) na forála de Chuid IV a bhaineas le rialacháin leasa;
(c) na forála de Chuid V a bhaineas le rialacháin speisialta i dtaobh sábháltachta agus sláinte;
(d) forála Coda VI;
(e) na forála de Chuid X a bhaineas le cumhachta agus dualgais chigirí agus le rialacháin, orduithe agus deimhnithe ón Aire;
(f) forála Coda XI;
(g) na forála de Chuid XIII a bhaineas le cláir ghinearálta (a mhéid is infheidhme iad), buanchoimeád clár agus taifead, dualgais daoine a fostaítear, agus asbhaintí as páigh a thoirmeasc;
agus chun críche na bhforál sin measfar gur monarcha an long, agus measfar gur áititheoir monarchan aon duine a ghlacas an obair sin de láimh.
(2) I bhfo-alt (1) den alt seo folaíonn an tagairt do ghlanadh dabhach íle-bhreosla nó leapacha taomtha i long—
(a) tagairt do ghlanadh aon dabhaigh a húsáideadh go deireannach le haghaidh íle d'aon tsórt a hiompradh mar last, agus
(b) tagairt do ghlanadh aon dabhaigh nó boilg loinge a húsáideadh go deireannach le haghaidh aon tsubstainte a hiompradh amhlaidh de shórt a sonraíodh i rialacháin ón Aire a bheith contúirteach, díobhálach nó colúil.
(3) Ní bheidh feidhm ag aon ní san Acht seo maidir le haon obair, dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo, a dhéanfas máistir nó foireann loinge nó a déanfar ar bord loinge le linn turais trialach.
Oibríochtaí foirgníochta.
88.—(1) Faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san alt seo, beidh feidhm ag na forála den Acht seo a luaitear ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo maidir le hoibríochtaí foirgníochta a gabhfar de láimh i modh trádála nó gnótha, nó chun críche aon ghnóthais tionscail nó tráchtála, agus maidir le haon líne nó taobhlach a húsáidtear i leith agus chun críocha an chéanna agus nach cuid d'iarnród ná de thrambhealach, is é sin le rá:—
(a) forála Coda I;
(b) na forála de Chuid II a bhaineas le háiseanna sláintíochta;
(c) na forála de Chuid III a bhaineas le slabhraí, rópaí agus tácla tógála agus crainn tógála agus innill tógála eile, coirí gaile agus glacadáin aeir (lena n-áirítear na forála maidir le heisceachtaí i dtaobh coirí gaile agus glacadán aeir) agus le cumhacht na Cúirte Dúiche chun orduithe a dhéanamh maidir le coinníollacha agus cleachtais chontúirteacha;
(d) na forála de Chuid IV a bhaineas le rialacháin leasa;
(e) na forála de Chuid V a bhaineas le meáchain ró-throma d'ardú agus le rialacháin speisialta i dtaobh sábháltachta agus sláinte;
(f) forála Coda VI;
(g) forála Coda VII, faoi réir pé oiriúnuithe agus modhnuithe a déanfar le rialacháin ón Aire;
(h) na forála de Chuid X a bhaineas le cumhachta agus dualgais chigirí agus údarás sláintíochta, agus le rialacháin, orduithe agus deimhnithe ón Aire;
(i) forála Coda XI;
(j) forála Coda XII;
(k) na forála de Chuid XIII a bhaineas le hachomaireacht an Achta seo agus le fógraí, rialacháin speisialta, cláir ghinearálta (a mhéid is infheidhme iad), buanchoimeád clár agus taifead, dualgais daoine a fostaítear, agus asbhaintí as páigh a thoirmeasc.
(2) Beidh éifeacht ag forála an Achta seo, ina bhfeidhm maidir le hoibríochtaí foirgníochta, amhail is dá mba mhonarcha aon áit ina mbíonn na hoibríochtaí sin ar siúl agus go mba áititheoir monarchan aon duine a ghabhas de láimh aon oibríochtaí den tsaghas sin lena mbaineann an tAcht seo, agus maraon le pé oiriúnuithe agus modhnuithe eile a déanfar le rialacháin ón Aire, ach measfar na forála sin den Acht seo a cheanglaíos go gcoimeádfar cláir ghinearálta, agus go gcoimeádfar crochta suas san áitreabh cóipeanna d'achomaireacht fhorordaithe an Achta seo agus de rialacháin speisialta nó d'achomaireacht fhorordaithe na rialacháin sin, a bheith comhlíonta maidir le hoibríochtaí foirgníochta má coimeádtar an clár ginearálta in oifig leis an duine a ghabh na hoibríochtaí foirgníochta de láimh, agus má coimeádtar cóipeanna d'achomaireacht an Achta seo, agus de na rialacháin nó d'achomaireacht na rialachán, crochta suas i ngach oifig, geard nó siopa leis an duine a ghabh na hoibríochtaí de láimh ag a bhfreastalann daoine atá ar fostú aige ar na hoibríochtaí, agus in ionad mar a bhfuilid soléite ag an daoine sin.
(3) Ní heisiamh ar an bhfeidhm atá ag an Acht seo, de bhuaidh an ailt seo, maidir le haon oibríochtaí foirgníochta, na hoibríochtaí sin a ghabháil de láimh in áitreabh a bhfuil feidhm ina leith, ar leithligh ón alt seo, ag an Acht seo, ná ní measfar é do dhéanamh dochair d'fheidhm an Achta seo, ar leithligh ón alt seo, i leith an áitribh sin.
(4) Aon duine a ghabhfas de láimh aon oibríochtaí foirgníochta lena mbaineann an tAcht seo de shaghas a ndearbhófar le rialacháin ón Aire gur gá fógra ina leith faoin bhfo-alt seo, déanfaidh sé, seacht lá ar a dhéanaí tar éis na hoibríochtaí a thosnú, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an Aire ina n-inseofar ainm agus seoladh poist an duine atá ag gabháil na n-oibríochtaí de láimh amhlaidh, áit agus cineál na n-oibríochtaí, agus cé acu atá nó nach bhfuil aon chumhacht mheicniúil á húsáid nó le húsáid agus, má tá, cad é an cineál í.
Oibreacha innealltóireachta.
89.—(1) Faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san alt seo, beidh feidhm ag na forála den Acht seo a luaitear ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo maidir le hoibreacha innealltóireachta a gabhfar de láimh i modh trádála nó gnótha, nó chun críche aon ghnóthais tionscail nó tráchtála, agus maidir le haon líne nó taobhlach a húsáidtear i leith agus chun críche an chéanna agus nach cuid d'iarnród nó de thrambhealach, is é sin le rá:—
(a) forála Coda I;
(b) na forála de Chuid II a bhaineas le háiseanna sláintíochta;
(c) na forála de Chuid III a bhaineas le slabhraí, rópaí agus tácla tógála agus crainn tógála agus innill tógála eile, coirí gaile agus glacadáin aeir (lena n-áirítear na forála i dtaobh eisceachtaí maidir le coirí gaile agus glacadáin aeir) agus cumhacht na Cúirte Dúiche chun orduithe a dhéanamh maidir le coinníollacha agus cleachtais chontúirteacha;
(d) na forála de Chuid IV a bhaineas le rialacháin leasa;
(e) na forála de Chuid V a bhaineas le meáchain ró-throma d'ardú agus le rialacháin speisialta i dtaobh sábháltachta agus sláinte;
(f) forála Coda VI;
(g) forála Coda VII, faoi réir pé oiriúnuithe agus modhnuithe a déanfar le rialacháin ón Aire;
(h) na forála de Chuid X a bhaineas le cumhachta agus dualgais chigirí agus údarás sláintíochta agus le rialacháin, orduithe agus deimhnithe ón Aire;
(i) forála Coda XI;
(j) forála Coda XII;
(k) na forála de Chuid XIII a bhaineas le hachomaireacht an Achta seo agus le fógraí, rialacháin speisialta, cláir ghinearálta (a mhéid is infheimhne iad), buanchoimeád clár agus taifead, dualgais daoine a fostaítear, agus asbhaintí as páigh a thoirmeasc.
(2) Beidh éifeacht ag forála an Achta seo, ina bhfeidhm maidir le hoibreacha innealltóireachta, amhail is dá mba mhonarcha aon áit ina mbíonn na hoibreacha sin ar siúl agus go mba áititheoir monarchan aon duine a ghabhas de láimh aon oibreacha den tsaghas sin lena mbaineann an tAcht seo, agus maraon le pé oiriúnuithe agus modhnuithe eile a déanfar le rialacháin ón Aire, ach measfar na forála sin den Acht seo a cheanglaíos go gcoimeádfar cláir ghinearálta, agus go gcoimeádfar crochta suas san áitreabh cóipeanna d'achomaireacht fhorordaithe an Achta seo agus de rialacháin speisialta nó d'achomaireacht fhorordaithe na rialacháin sin, a bheith comhlíonta maidir le hoibreacha innealltóireachta má coimeádtar an clár ginearálta in oifig an duine a ghabh na hoibreacha de láimh, agus má coimeádtar cóipeanna d'achomaireacht an Achta seo, agus de na rialacháin nó d'achomaireacht na rialachán, crochta suas i ngach oifig, geard nó siopa leis an duine a ghabh na hoibreacha de láimh ag a bhfreastalann daoine atá ar fostú aige ar na hoibreacha, agus in ionad mar a bhfuilid soléite ag na daoine sin.
(3) Ní heisiamh ar an bhfeidhm atá ag an Acht seo, de bhuaidh an ailt seo, maidir le haon oibreacha innealltóireachta, na hoibreacha sin a ghabháil de láimh in áitreabh a bhfuil feidhm ina leith, ar leithligh ón alt seo, ag an Acht seo, ná ní measfar é do dhéanamh dochair d'fheidhm an Achta seo, ar leithligh ón alt seo, i leith an áitribh sin.
(4) Aon duine a ghabhfas de láimh aon oibreacha innealltóireachta lena mbaineann an tAcht seo de shaghas a dearbhófar le rialacháin ón Aire gur gá fógra ina leith faoin bhfo-alt seo, déanfaidh sé, seacht lá ar a dhéanaí tar éis na hoibreacha a thosnú, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an Aire ina n-inseofar ainm agus seoladh poist an duine atá ag gabháil na n-oibreacha de láimh amhlaidh, áit agus cineál na n-oibreacha, agus cé acu atá nó nach bhfuil aon chumhacht mheicniúil á húsáid nó le húsáid agus, ná má, cad é an cineál í.
Fostú ban agus ógánach in áiteanna seachas monarchana ar phróiseanna a bhaineas le monarú luaidhe nó ina n-úsáidtear comhdhúla luaidhe.
90.—Beidh feidhm ag na forála seo a leanas den Acht seo, is é sin le rá:—
(a) na forála i dtaobh mná agus ógánaigh d'fhostú ar phróiseanna áirithe a bhaineas le monarú luaidhe agus ar phróiseanna ina n-úsáidtear comhdhúla luaidhe;
(b) na forála a cheanglaíos fógra a chur chun an Aire i gcás nimhiú ó luaidhe a tolgadh nó a tharla i monarchana;
(c) aon fhoráil a bhaineas le cumhachta agus dualgais chigirí agus le cionta, pionóis agus imeachta dlí;
maidir le fostaíocht ar aon phróis den tsaghas adúradh in aon áit seachas monarcha, amhail is dá mba mhonarcha an áit agus go mba é an fostóir áititheoir na monarchan.
CUID IX.
Obair Bhaile.
Liostaí d'eachtaroibrithe a choimeád i gcearda áirithe.
91.—(1) I gcás daoine a fostaítear i goineálacha oibre a sonrófar ó am go ham le rialacháin ón Aire, déanfaidh áititheoir gach monarchan agus gach conraitheoir a bheas ar fostú ag aon áititheoir den tsaghas sin i ngnó na monarchan—
(a) liostaí a choimeád sa bhfoirm agus sa tslí fhorordaithe, maraon leis na sonraí forordaithe, a thaispeánfas ainmneacha agus seolta na ndaoine uile (dá ngairmtear eachtar-oibrithe anseo ina dhiaidh seo) atá ar fostú go díreach aige, mar fhir oibre nó mar chonraitheoirí, i ngnó na monarchan, lasmuigh den mhonarcha, agus ina luafar na háiteanna ina bhfuilid ar fostú,
(b) cóipeanna de na liostaí sin nó sleachta astu a chur chun cigire do réir mar iarrfas sé ó am go ham,
(c) cóipeanna de na liostaí sin, ina luafar na heachtaroibrithe uile, a bhí ar fostú amhlaidh aige i rith na sé mhí roimhe sin, a chur chun an údaráis sláintíochta i mí Feabhra agus i mí Lúnasa gach bliain.
(2) Cuirfidh gach údarás sláintíochta na liostaí a gheobhas sé de bhun an ailt seo dá scrúdú, agus déanfaidh sé ainm agus áit fhostaíochta gach eachtar-oibrí ar aon liosta acu sin a bhfuil áit a fhostaíochta lasmuigh de cheantar an údaráis sláintíochta a thabhairt don údarás sláintíochta ar ina cheantar atá áit a fhostaíochta.
(3) Beidh na liostaí a bheas á gcoimeád ag an áititheoir nó ag an gconraitheoir le fáil chun a n-iniúchta ag aon chigire, agus ag aon chigire sláinte nó oifigeach eile a bheas údaraithe go cuí ag an údarás sláintíochta, agus beidh na cóipeanna a cuireadh chun an údaráis sláintíochta agus na sonraí a thug aon údarás sláintíochta d'údarás sláintíochta eile le fáil chun a n-iniúchta ag aon chigire nó oifigeach d'aon Aire Stáit.
(4) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon áit óna dtugtar amach aon obair i ndáil le gnó monarchan (pé acu a sholáthraíos nó nach soláthraíonn an t-áititheoir na hábhair don obair) agus maidir le háititheoir na háite sin, agus maidir le gach conraitheoir a bheas fostaithe ag an áititheoir i ndáil leis an obair sin, amhail is dá mba mhonarcha an áit sin.
(5) Má sháraíonn áititheoir monarchan nó áite, nó conraithcoir, an t-alt seo, beidh an t-áititheoir nó an conraitheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.
Fostú duine in áitreabh mífholláin.
92.—(1) I gcás obair lena mbaineann an t-alt seo a bheith ar siúl le haghaidh nó i leith gnótha mhonarchan in aon áit is dóigh leis an údarás sláintíochta a bheith díobhálach nó contúirteach do shláinte na ndaoine a fostaítear ann, féadfaidh an t-údarás sláintíochta fógra i scríbhinn a thabhairt d'áititheoir na monarchan nó d'aon chonraitheoir a bheas ar fostú aige ina dtabharfaidh sonraí ar an gcuma inar dóigh leo an áit a bheith díobhálach nó contúirteach amhlaidh, agus na fátha ar dóigh leo sin, agus má dhéanann an t-áititheoir nó an conraitheoir, tar éis deich lá a bheith caite i ndiaidh an fhógra sin d'fháil dó, obair a thabhairt amach lena déanamh san áit sin, beidh sé, mura gcruthaítear chun sástachta na cúirte a thriailfeas an cás nach bhfuil an áit díobhálach ná contúirteach ar an gcuma a sonraíodh sa bhfógra, ciontach i gcion faoin alt seo.
(2) Chun críche an ailt seo measfar gur monarcha aon áit a dtugtar amach obair uaidh.
(3) Bainfidh an t-alt seo le pé cineálacha oibre a sonrófar i rialacháin ón Aire.
CUID X.
Riarachán.
Cigirí.
93.—(1) Féadfaidh an tAire údarás a thabhairt d'aon oifigigh dá chuid gníomhú mar chigirí chun críocha an Achta seo.
(2) Foilseofar san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh údarás a thabhairt faoin alt seo.
(3) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas pé tuarascáil bhliantúil a ordós an tAire ar imeachta na gcigirí.
Cumhachta cigirí.
94.—(1) Beidh ag cigire, chun an tAcht seo d'fhorghníomhú, cumhacht chun gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—
(a) dul isteach i monarcha agus i ngach cuid di agus í d'iniúchadh agus a scrúdú gach tráth réasúnach, de ló agus d'oíche, nuair a bheas cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil aon duine ar fostú inti, agus dul isteach de ló in aon áit a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint gur monarcha é agus in aon chuid d'aon fhoirgneamh ar monarcha cuid de agus a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil ábhair phléascacha nó sár-lasúla á stóráil nó á n-úsáid ann;
(b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má tá cúis réasúnach amhrais aige go gcuirfear aon an-chosc air ag déanamh a dhualgais dó;
(c) a cheangal go dtabharfar ar aird na cláir, na deimhnithe, nó fógraí agus na doiciméid a bheas á gcoimeád de bhun an Achta seo, agus aon cheann acu d'iniúchadh, a scrúdú agus cóip a dhéanamh dhe;
(d) pé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil forála an Achta seo agus na n-achtachán atá de thuras na huaire i bhfeidhm maidir le sláinte phoiblí, á gcomhlíonadh, chomh fhada is bhaineas le monarcha agus le haon daoine a fostaítear i monarcha;
(e) a cheangal ar aon duine a gheobhas sé i monarcha pé eolas a thabhairt atá ar a chumas a thabhairt i dtaobh cé hé áititheoir na monarchan;
(f) scrúdú a dhéanamh, ina aonair nó i láthair aon duine eile, do réir mar is oiriúnach leis, maidir le nithe faoin Acht seo, ar gach duine a gheobhas sé i monarcha, nó a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint gur duine é atá, nó a bhí, laistigh den dá mhí roimhe sin, ar fostú i monarcha, agus a cheangal ar gach duine den tsaghas sin dul faoi scrúdú amhlaidh agus dearbhú a shíniú ar fhírinne na nithe ar scrúdaíodh amhlaidh é ina dtaobh;
(g) pé cumhachta eile d'fheidhmiú is gá chun an tAcht seo a chur in éifeacht.
(2) Ní ceanglófar ar aon duine, de bhuaidh míre (f) d'fho-alt (1) den alt seo, aon cheist d'fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a raghadh chun a inchoirithe féin.
(3) Bhéarfaidh áititheoir gach monarchan, a ghníomhairí agus a sheirbhísigh, do chigire deiseanna mar cheanglós sé agus mar bheas riachtanach le haghaidh dul isteach, iniúchadh, scrúdú, fiosrú, tógaint samplaí nó aon chumhachta eile faoin Acht seo, maidir leis an monarcha sin.
(4) Má chuireann aon duine moill go toiliúil ar chigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo nó má mhainníonn sé déanamh do réir ceanglais chigire de bhun an ailt seo, nó aon chlár, deimhniú, fógra nó doiciméad a thabhairt ar aird a ceanglófar air a thabhairt ar aird do réir nó de bhun an Achta seo, nó má dhéanann sé go toiliúil aon eolas i dtaobh cé hé áititheoir aon mhonarchan a choimeád siar nó aon duine a cheilt nó a bhac, nó iarracht a thabhairt ar é a cheilt nó a bhac, chun nach dtiocfaidh sé i láthair chigire nó nach raghaidh faoi scrúdú aige, measfar an duine sin do chur coisc ar chigire agus é ag feidhmiú a dhualgas faoin Acht seo.
(5) Má coisctear cigire agus é ag feidhmiú a chumhacht nó a dhualgas faoin Acht seo—
(a) más i monarcha a coisctear é, beidh an t-áititheoir, agus freisin, murb é an t-áititheoir féin a choisc an cigire, an duine a choisc an cigire, ciontach i gcion faoin alt seo,
(b) in aon chás eile, beidh an duine a choisc an cigire ciontach i gcion faoin alt seo.
Deimhniú údaráis chun gníomhú mar chigire.
95.—Bhéarfar do gach cigire deimhniú ar a údarás chun gníomhú mar chigire, agus ar é d'fhiosrú monarchan nó áite lena mbaineann aon cheann d'fhorála an Achta seo, déanfaidh sé, má hiarrtar sin air, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don áititheoir nó d'aon duine eile ag a bhfuil post freagarthach bainistíochta sa mhonarcha nó san áit.
Ceapadh dochtúirí deimhníochta agus a ndualgais.
96.—(1) Féadfaidh an tAire lia-chleachtóirí cláraithe a cheapadh ina ndochtúirí deimhníochta chun aon cheann de chríocha an Achta seo, agus féadfaidh aon cheapachán den tsaghas sin a chúlghairm.
(2) Ní ghníomhóidh lia-chleachtóir cláraithe mar dhochtúir deimhníochta d'aon mhonarcha más é a háititheoir é nó má tá leas aige go díreach nó go neamhdhíreach inti nó in aon phróis nó gnó a bhíos ar siúl inti nó in aon phaitinn a bhaineas léi.
(3) Beidh de chumhacht ag dochtúir deimhníochta monarchan clár ginearálta na monarchan d'iniúchadh gach tráth réasúnach.
(4) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh ag rialú dualgas dochtúirí deimhníochta.
(5) Déanfaidh dochtúir deimhníochta, má ordaíonn an tAire dhó é, pé fiosrú agus scrúdú speisialta a hordófar ar dhaoine fostaithe.
(6) Bhéarfaidh gach dochtúir deimhníochta don Aire gach bliain, an tráth a bheas ceaptha ag an Aire, tuarascáil sa bhfoirm fhorordaithe ar scrúduithe a rinne sé agus dualgais eile a chomhlíon sé de bhun an Achta seo.
(7) Mura mbíonn, agus an fhaid nach mbeidh, aon dochtúir deimhníochta ann do mhonarcha, gníomhóidh dochtúir oifigiúil ceantair don cheantar íclainne ina bhfuil an mhonarcha mar dhochtúir deimhníochta don mhonarcha.
(8) Déanfar tagairtí san Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934), do mháinlia deimhniúcháin d'fhorléiriú mar thagairtí do dhochtúir deimhníochta arna cheapadh faoin alt seo, agus na tagairtí don mháinlia deimhniúcháin don cheantar ina bhfuil an t-oibrí ar fostú d'fhorléiriú, i gcás oibrí a bheith ar fostú i gceantar nach bhfuil aon dochtúir deimhníochta ceaptha dhó, mar thagairtí don lia-chleachtóir (más ann) a bheas ceaptha ag an Aire chun cumhachta a bheith aige agus dualgais a bheith le comhlíonadh aige mar atá ag máinlia deimhniúcháin faoi Chuid X den Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934, i gcás den tsaghas sin nó, mura ndearnadh aon cheapachán den tsaghas sin, mar thagairtí don dochtúir oifigiúil don cheantar íclainne ina bhfuil an t-oibrí ar fostú.
(9) Ní bhainfidh Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le hoifig dhochtúra dheimhníochta.
Táillí dochtúirí deimhníochta.
97.—Beidh na táillí is iníochta le dochtúirí deimhníochta as comhlíonadh a ndualgas faoin Acht seo, a mhéid a bhainfid le haon scrúdú nó deimhniú i dtaobh feiliúnachta ógánaigh chun a fhostuithe i monarcha nó le haon scrúdú nó liacht-mhaoirsiú de bhun rialachán nó orduithe faoin Acht seo ar dhaoine a fostaítear i monarcha, le n-íoc ag áititheoir na monarchan sin, agus in aon chás eile is é an tAire a íocfas iad, agus is do réir mar forordófar a bheas méid na dtáillí, ach sin gan dochar d'aon chomhaontú idir dochtúir deimhníochta agus áititheoir monarchan chun an t-áititheoir d'íoc táillí is mó ná mar bheas forordaithe.
Forála maidir le húdaráis sláintíochta.
98.—(1) Déanfar caiteachais údaráis sláintíochta faoin Acht seo a chruinniú agus d'íoc amhail mar déantar a gcaiteachais faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948, a chruinniú agus d'íoc.
(2) Déanfaidh dochtúir oifigiúil sláinte, cigire sláinte nó oifigeach d'údarás sláintíochta a ceapfar chun monarchana d'iniúchadh fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire i dtaobh aon mhonarchan ar feasach dó nach bhfuil aon chóip d'achomaireacht an Achta seo curtha suas ann do réir an Achta seo.
(3) Chun críche a ndualgas faoin Acht seo, beidh ag údarás sláintíochta agus a n-oifigigh agus ag dochtúirí oifigiúla sláinte agus cigirí sláinte, gan dochar dá gcumhachta eile, gach cumhacht (lena n-áirítear, go sonrach, cumhachta chun dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh) atá ag cigire, agus dá réir sin déanfar, maidir leis na dualgais sin acu, na forála den Acht seo a bhaineas le deiseanna a theastós uaidh a thabhairt do chigire, agus maidir le cigire a mhoilliú nó a chosc, d'fhorléiriú amhail is dá mbeadh tagairtí iontu do na hoifigigh sin.
(4) Ní bheidh aon chumhacht chun dul isteach nó iniúchadh a dhéanamh infheidhmithe de bhuaidh fo-ailt (3) den alt seo ach amháin ag oifigigh d'údarás sláintíochta, dochtúirí oifigiúla sláinte agus cigirí sláinte a bheas údaraithe ag an údarás sláintíochta i scríbhinn chuige sin, go ginearálta nó go speisialta, agus déanfaidh aon oifigeach den tsaghas sin, má hiarrtar air é, a údarás a thabhairt ar aird don áititheoir nó d'aon duine eile ag a bhfuil post freagarthach bainistíochta sa mhonarcha.
(5) Má déantar, de bhun cumhacht a bheirtear le fo-alt (3) den alt seo, aon duine a ligean isteach i monarcha nó in áit agus go nochtfaidh sé d'aon duine aon eolas a fuair sé sa mhonarcha nó san áit maidir le haon phróis mhonaraíochta nó rún ceirde, beidh sé, mura i gcomhlíonadh a dhualgais a nocht sé an t-eolas sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.
Forála maidir le rialacháin, orduithe agus deimhnithe ón Aire.
99.—(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(2) Bainfidh na forála sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo le rialacháin ar a dtugtar rialacháin speisialta san Acht seo.
(3) Féadfar aon rialacháin nó ordú ón Aire faoin Acht seo a dhéanamh le haghaidh tréimhse tóranta nó gan aon tórainn ar a dtréimhse agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire, agus féadfaidh pé forála forlíontacha agus iarmartacha a bheith sna rialacháin nó san ordú is dóigh leis is gá le lán-éifeacht a thabhairt do na rialacháin nó don ordú agus féadfar, ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, na rialacháin nó an t-ordú d'athrú nó a chúlghairm le rialacháin nó le hordú ina dhiaidh sin a déanfar amhail mar a rinneadh na rialacháin nó an t-ordú bunaidh.
(4) Aon deimhniú a eiseos an tAire faoin Acht seo, féadfar é d'eisiúint le haghaidh tréimhse tóranta nó gan aon tórainn ar a thréimhse, agus féadfaidh an tAire é d'athrú nó a chúlghairm.
CUID XI.
Cionta, Pionóis agus Imeachta Dlí.
Cionta i gcoitinne.
100.—(1) Má déantar sárú i monarcha, nó i ndáil léi nó maidir léi, ar aon fhoráil den Acht seo nó ar aon rialachán nó ordú faoi, beidh áititheoir, nó (más sárú é a ndéantar an t-únaer freagarthach ina leith leis an Acht seo nó faoi) únaer na monarchan, faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san Acht seo, ciontach i gcion faoin alt seo.
(2) Má sháraíonn duine fostaithe alt 125 den Acht seo nó má sháraíonn duine ar bith aon rialachán nó ordú faoin Acht seo a chuireas aon dualgas air go sainráiteach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ní bheidh an t-áititheoir nó an t-únaer, pé acu é, ciontach i gcion de dheasca amháin gur sáraíodh an t-alt sin 125, nó gur sáraíodh an rialachán nó an t-ordú sin, pé acu é, mura gcruthaítear gur mhainnigh sé gach beart réasúnach a dhéanamh chun an sárú a chosc, ach ní measfar go mbaineann an fo-alt seo le haon dliteanas de chuid an áititheora nó an únaera i leith na nithe céanna de bhuaidh forála éigin eile seachas an t-alt sin 125 nó an rialachán nó an t-ordú sin.
(3) Má bhaineann áititheoir monarchan leas as aon eisceacht speisialta a ceadaítear leis an Acht seo nó faoi agus go mainneoidh sé aon choinníoll dá ngabhann leis an eisceacht a chomhlíonadh, measfar sárú a bheith déanta aige ar an bhforáil iomchuí den Acht seo nó ar rialachán nó ordú faoi.
(4) Má fostaítear daoine ar bith i monarcha ar shlí seachas do réir an Achta seo nó aon rialacháin nó orduithe faoi, measfar sárú ar leithligh a bheith déanta i leith gach duine ar leithligh a fostaítear amhlaidh.
(5) Má cruthaítear i gcás ciona faoin Acht seo a rinne cuideachta go ndearnadh an cion le toiliú nó cúlcheadú, nó gur héascaíodh a dhéanamh trí mhainneachtaint, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid na cuideachtan, measfar eisean, chomh maith leis an gcuideachta, a bheith ciontach sa chion agus dlífear imeachta a thionscnamh ina choinne agus é a phíonósú dá réir.
Fíneála i leith cionta nach bhforáltar aon phionós sainráite dóibh.
101.—Faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san Acht seo, aon duine a bheas ciontach i gcion faoin Acht seo nach bhforáltar aon phionós sainráite dó leis an Acht seo, dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fineáil nach mó ná fiche punt a chur air agus, má leantar tar éis an chiontuithe den tsárú ar ciontaíodh ina leith amhlaidh é, beidh sé (faoi réir ailt 102 den Acht seo) ciontach i gcion eile agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae a leanadh amhlaidh den tsárú.
Cumhacht na cúirte chun a ordú go leigheasfar ábhar an tsáruithe.
102.—Má ciontaítear áititheoir nó únaer monarchan i gcion faoin Acht seo, féadfaidh an chúirt, i dteannta nó in ionad fíneáil a chur air, ordú a thabhairt dó pé bearta a sonrófar san ordú a dhéanamh, laistigh den am a sonrófar amhlaidh, chun na nithe a leigheas ar tharla an sárú ina leith, agus féadfaidh sé, ar iarratas d'fháil, an t-am a bheas sonraithe amhlaidh d'fhaidiú, agus i gcás ordú den tsaghas sin a dhéanamh ní bheidh an t-áititheoir nó an t-únaer faoi dhliteanas do réir an Achta seo maidir leis an sárú a bheith ar leanúint le linn an ama a cheadós an chúirt, ach más rud é, ar bheith caite don am sin do réir mar sonraíodh i gcéadóir nó mar faidíodh le hordú ina dhiaidh sin é, nach mbeidh an t-ordú comhlíonta, beidh an t-áititheoir nó an t-únaer, pé acu é, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den neamhchomhlíonadh.
Cion i gcás báis nó díobhála.
103.—(1) Má maraítear aon duine, nó má éagann sé nó má déantar aon díobháil choirp dó, de dheasca áititheoir nó únaer monarchan do shárú aon fhorála den Acht seo nó aon rialacháin nó orduithe faoi, beidh an t-áititheoir nó an t-únaer, gan dochar d'aon chion eile, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air, ach—
(a) ní bheidh an t-áititheoir nó an t-únaer ciontach i gcion faoin alt seo má rinneadh inchúiseamh ina choinne faoin Acht seo, i leith an ghnímh nó na mainneachtana ba thrúig leis an mbás nó leis an díobháil, d'éisteacht agus a dhíbhe sarar tharla an bás nó ar díobháil,
(b) i gcás díobhála don tsláinte, ní bheidh an t-áititheoir nó an t-únaer ciontach i gcion faoin alt seo murb é an sárú ba thrúig dhíreach leis an díobháil.
(2) Féadfar an t-iomlán nó aon chuid d'fhíneáil i leith ciona faoin alt seo d'úsáid mar chinnfeas an chúirt agus, go sonrach, féadfaidh an chúirt a chinneadh go ndéanfar an t-iomlán nó aon chuid den fhíneáil d'úsáid, i gcás báis dhuine, chun tairbhe do theaghlach an duine mhairbh nó, i gcás díobhála, chun tairbhe don duine díobhálaithe nó a theaghlaigh, ach ní oibreoidh aon úsáid den tsaghas chun cosc a chur le saothrú aon imeachta sibhialta maidir leis an mbás nó an díobháil.
Cion ag tuismitheoir.
104.—Má fostaítear ógánach i monarcha ar mhodh go sáraítear aon fhoráil den Acht seo, beidh tuismitheoir an ógánaigh, mura gcruthaí sé gur gan a thoiliú, a chúlcheadú, ná a mhainneachtaint thoiliúil, a tharla an sárú, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air.
Brionnú ar dheimhnithe, etc.
105.—Duine ar bith—
(a) a bhrionnós nó a ghóchumfas aon deimhniú is gá do réir nó faoi réim nó chun críocha an Achta seo nó aon orduithe nó rialacháin faoi,
(b) a bhéarfas nó a shíneos aon deimhniú den tsaghas sin agus a fhios aige é a bheith bréagach in aon tsonra ábhartha.
(c) a rithfeas nó a úsáidfeas go feasach aon deimhniú den tsaghas sin a bheas brionnaithe, góchumtha nó bréagach mar adúradh,
(d) a rithfeas nó a úsáidfeas go feasach, mar dheimhniú a bhaineas le duine ar bith, aon deimhniú den tsaghas sin nach mbaineann leis an duine sin,
(e) a phearsanós aon duine a bheas ainmnithe in aon deimhniú den tsaghas sin,
(f) a chuirfeas i gcéill go bréagach gur cigire é,
(g) a chúlcheadós go toiliúil aon bhrionnú, góchumadh, tabhairt, síniú, rith, úsáid, pearsanú nó cur-i-gcéill mar adúradh,
(h) a chuirfeas go toiliúil taifead bréagach in aon chlár, fógra, deimhniú nó doiciméad is gá, do réir nó faoi réim nó chun críocha an Achta seo nó aon orduithe nó rialacháin faoi, a choimeád nó a sheirbheáil nó a chur ar aghaidh,
(i) a dhéanfas nó a shíneos go toiliúil dearbhú bréagach is gá do réir nó faoi réim nó chun críche an Achta seo nó aon orduithe nó rialacháin faoi,
(j) a úsáidfeas go feasach aon taifead nó dearbhú bréagach mar adúradh,
beidh sé, gan dochar d'aon chion eile, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná ceathracha punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.
Cion a bhfuil an t-áititheoir nó an t-únaer faoi dhliteanas ina leith dá dhéanamh iarbhír ag duine eile.
106.—Más rud é i gcás gnímh nó mainneachtana a bhfuil áititheoir nó únaer faoi dhliteanas ina leith faoin Acht seo gur gníomhaire nó seirbhíseach nó oibrí éigin, nó duine éigin eile, a rinne iarbhír an gníomh nó an mhainneachtaint, beidh an gníomhaire, an seirbhíseach, an t-oibrí nó an duine eile sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear an fhíneáil chéanna a chur air a cuirfí air dá mba é an t-áititheoir nó an t-unaer é, do réir mar bheas.
An t-áititheoir nó an t-únaer a dhíolmhadh i geasanna áirithe.
107.—(1) Má cúisítear áititheoir nó únaer monarchan i gcion faoin Acht seo, beidh sé i dteideal, ar é do thabhairt faisnéise go cuí agus do thabhairt fógra trí lá ar a laghad i scríbhinn don inchúisitheoir go bhfuil sin ar intinn aige aon duine eile a gcuirfidh sé ina leith gurb é an ciontóir iarbhír é a thabhairt os comhair na cúirte an tráth a bheas ceaptha chun an cúiseamh d'éisteacht.
(2) Áirítear ar na daoine a bheas áititheoir nó únaer monarchan i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, a thabhairt os comhair na cúirte mar chiontóir iarbhír, duine ar bith a gcuirfidh sé ina leith gurb é an ciontóir iarbhír é, pé acu gníomhaire nó seirbhíseach dó an duine sin nó nach ea.
(3) Más rud é, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, go gcruthófar go ndearnadh an cion agus go gcruthóidh an t-únaer nó an t-áititheoir chun sástachta na cúirte—
(a) go ndearna sé gach dícheall chun comhlíonadh na forála iomchuí den Acht seo nó de rialachán nó d'ordú faoi a chur i bhfeidhm, agus
(b) gur gan a thoiliú, a chúlcheadú, ná a mhainneachtaint thoiliúil, a rinne an duine eile a gcuireann sé ina leith gurb é an ciontóir iarbhír é an cion,
ciontófar an duine eile sin go hachomair sa chion, agus ní bheidh an t-áititheoir nó an t-únaer ciontach sa chion, agus, de rogha na cúirte, dlífidh an duine a ciontófar amhlaidh aon chostais a ghabh leis an himeachta d'íoc freisin.
(4) Beidh de cheart ag an inchúisitheoir, in aon chás lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, an t-áititheoir nó an t-únaer, má thugann sé fianaise, agus aon fhinnéithe a ghairmfeas sé i dtacaíocht lena chúiseamh, a chroscheistiú, agus fianaise fhrisnéiseach a thabhairt ar aird.
(5) Nuair a taispeánfar chun sástachta cigire, an tráth a fionnfar cion faoin Acht seo—
(a) go ndearna áititheoir nó únaer (pé acu é) na monarchan gach dícheall chun comhlíonadh na forála iomchuí den Acht seo nó de rialachán nó d'ordú faoi a chur i bhfeidhm,
(b) cé hé an duine a rinne an cion, agus
(c) gur gan toiliú, cúlcheadú, ná mainneachtaint thoiliúil, an áititheora nó an únaera agus contrártha dá orduithe a rinneadh an cion,
tionscnófar imeachta i gcoinne an duine a gcreideann an cigire gurb é an ciontóir iarbhír é, gan imeachta a thionscnamh ar dtús i gcoinne an áititheora nó an únaera.
Imeachta i gcoinne daoine seachas áititheoirí nó únaerí.
108.—I gcás ina ndéantar faoin Acht seo aon duine a chur in ionad an áititheora nó an únaera maidir le haon fhorála den Acht seo, ansin, más rud é chun críche aon fhorála acu go gceanglaítear nó go n-údaraítear, leis an Acht seo nó faoi, aon ordú, toghairm, fógra nó imeacht a sheirbheáil ar an áititheoir nó ar an únaer nó a thionscnamh ina leith, ceanglaítear nó údaraítear (do réir mar bheas) leis seo é a sheirbheáil ar an duine sin nó a thionscnamh ina leith.
Unaer innill a bheith faoi dhliteanas i gcásanna áirithe in ionad an áititheora.
109.—Más rud é in aon mhonarcha gur duine éigin seachas áititheoir na monarchan is únaer nó fruilitheoir ar inneall nó acra a gluaistear le cumhacht mheicniúil, measfar, chomh fada agus a bhaineas le haon chion faoin Acht seo a déanfar maidir le duine atá ar fostú san inneall nó san acra sin nó ina leith nó i ndáil leis, agus atá ar fostú nó a íoc ag an únaer nó ag an bhfruilitheoir, gurb é an t-únaer nó an fruilitheoir sin áititheoir na monarchan.
Inchúiseamh leith cionta. etc.
110.—(1) Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i leith aon chiona faoin Acht seo.
(2) Más é atá i gcion faoin Acht seo sárú ar fhoráil atá le cur i bhfeidhm ag údarás sláintíochta féadfaidh an t-údarás sláintíochta inchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona.
(3) I dtoghairm i leith ciona faoin Acht seo is leor a líomhnadh gur monarcha do réir bhrí an Achta seo an mhonarcha agus ainm an duine a ndealraíonn sé gurb é áititheoir na monarchan é nó, más gnólucht an t-áititheoir, ainm an ghnóluchta a lua.
(4) Más rud é, i gcás nó de dhroim aon tionóisce i monarcha, go ndéanfaidh an binse nó an chúirt a ceapfar chun fiosrúchán foirmiúil a dhéanamh faoin Acht seo nó faoi na Boiler Explosions Acts, 1882 and 1890, tuarascáil a thabhairt, nó go mbeidh inchoisne cróinéara ann, agus gur léir ón tuarascáil, nó ó na himeachta ag an inchoisne, go raibh aon cheann d'fhorála an Achta seo, nó aon rialachán nó ordú faoi, gan comhlíonadh tráth na tionóisce nó roimhe sin, féadfar, trath ar bith laistigh de thrí mhí tar éis an tuarascáil a thabhairt nó an t-inchoisne a chríochnú imeachta achomhaire a thionscnamh i gcoinne aon duine a ndlífear imeachta a bhunú ina choinne mar gheall ar an neamhchomhlíonadh sin.
(5) Má déantar aon chion faoin Acht seo trí mhainneachtaint i scrúdú a dhéanamh, tuarascáil a chur isteach nó rud éigin eile a dhéanamh, ag tráth nó laistigh de thréimhse a sonraítear leis an Acht seo nó le haon rialachán nó ordú faoi, measfar an cion a bheith ar leanúint go dtí go mbeidh an scrúdú déanta, an tuarascáil ourtha isteach nó an rud eile déanta, pé acu sin é.
Achomhairc i gcoinne orduithe a rinneadh ar ghearán.
111.—Aon duine arb ábhar éagóra aige ordú a rinne an Chúirt Dúiche ag cinneadh gearáin faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ina choinne chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá chuaird atá an teach cúirte inar tugadh breith na Cúirte Dúiche, agus beidh breith an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar aon achomharc den tsaghas sin ina breith chríochnaitheach dhochloíte agus ní féadfar achomharc a dhéanamh ina coinne.
Forála speisialta maidir le fianaise.
112.—(1) Má gheibhtear duine i monarcha (nach monarcha gan d'fhostaithe inti ach daoine den aon-teaghlach a chónaíos inti) aon tráth a bheas obair ar siúl nó an t-inneallra ar gluaiseacht, taobh amuigh de thrátha béilí nó scíthe, measfar chun críocha an Achta seo, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith ar fostú an tráth sin sa mhonarcha.
(2) Más rud é, in aon imeachta faoin Acht seo maidir le duine a líomhantar gur ógánach é, go measfaidh an chúirt go ndealraíonn an duine sin bheith faoi bhun ocht mbliana déag agus os cionn ceithre bliana déag d'aois is ar an gcosantóir a bheas a chruthú nach ógánach an duine sin.
(3) I gcás ina gceanglaítear leis an Acht seo, nó le haon rialachán nó ordú faoi, aon ní a thaifeadadh sa chlár ginearálta nó in aon chlár nó taifead eile, beidh an ní a thaifid áititheoir monarchan, nó a taifeadadh thar a cheann, inghlactha ina choinne mar fhianaise ar na fíorais a bheas ráite ann, agus má fágadh gan taifeadadh aon ní a gceanglaítear amhlaidh é a thaifeadadh maidir le comhlíonadh aon fhorála den Acht seo nó d'aon rialachán nó ordú faoi, beidh sin inghlactha mar fhianaise nár comhlíonadh an fhoráil.
Doiciméid a sheirbheáil agus a chur ar aghaidh.
113.—(1) Aon doiciméad (lena n-áirítear aon toghairm nó ordú) a gceanglaítear nó a n-údaraítear faoin Acht seo é a sheirbheáil ar dhuine ar bith, nó a chur chuige, féadfar é a sheirbheáil nó é a chur ar aghaidh—
(a) trína sheachadadh don duine sin nó, i gcás comhpháirtíochta, d'aon duine de na comhpháirtithe, nó trína fhágaint ag áit chónaithe an duine sin nó trína chur leis an bpost go dtí a áit chónaithe,
(b) i gcás únaera nó áititheora mhonarchan, ar aon mhodh acu sin adúradh nó tríd an doiciméad nó cóip dhílis de a sheachadadh d'aon duine sa mhonarcha a dhealraíos gan a bheith faoi bhun sé bliana déag d'aois.
(2) Féadfar aon doiciméad dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo a sheoladh, chun é a sheirbheáil ar áititheoir monarchan nó a chur chuige faoin Acht seo, go dtí “an t-áititheoir” ag seoladh poist ceart na monarchan, gan aon ainm ná tuairisc thairis sin.
(3) Chun críocha an ailt seo, measfar cuideachta a cláraíodh faoi na hAcht Cuideachtan, 1908 go 1924, a bheith ina cónaí ag a hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlucht corpraithe eile agus gach comhlucht neamhchorpraithe a bheith ina chónaí ag a phríomh-oifig nó a phríomh-áit ghnótha sa Stát.
Deimhnithe breithe.
114.—(1) Más gá aois aon duine d'fháil nó a chruthú chun críocha an Achta seo, beidh duine ar bith, ar fhoréileamh scríofa a chur isteach a bheas i pé foirm, agus ina mbeidh pé sonraí, a ordós an tAire Sláinte agus ar an táille cheaptha d'íoc, i dteideal cóip dheimhnithe de thaifeadadh breithe an duine sin i gclár na mbreitheanna d'fháil faoi láimh an chláraitheora nó an chláraitheora mhaoirseachta nó an duine eile ag a bhfuil an clár á choimeád, agus soláthróidh gach cláraitheoir breitheanna agus gach cláraitheoir maoirseachta nó duine eile ag a bhfuil an clár á choimeád, foirmeacha don fhoréileamh sin saor in aisce ar iad d'iarraidh.
(2) Féadfaidh an tAire Sláinte, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, táillí a cheapadh, le rialacháin, chun críocha an ailt seo.
Cumhacht na Cúirte Cuarda chun comhaontuithe a mhodhnú.
115.—Má tharlann, de dhroim comhaontuithe idir únaer agus áititheoir áitribh a bhfuil an t—iomlán nó aon chuid de ligthe mar mhonarcha, go gcoisctear an t-únaer nó an t-áititheoir sin ó aon athruithe, déanmhais nó athruithe eile a dhéanamh ar an áitreabh atá riachtanach chun go bhféadfaidh sé aon fhorála den Acht seo nó aon rialachán nó ordú faoi a chomhlíonadh, nó chun bheith i gcomhréir le haon chaighdeán nó ceanglas a forchuirtear leis an Acht seo nó faoi, féadfaidh sé ordú d'iarraidh faoin alt seo ar an gCúirt Chuarda agus féadfaidh an Chúirt, tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe agus d'aon fhinnéithe is mian leo a ghairm, ordú a dhéanamh a chuirfeas ar ceal, nó a mhodhnós, téarmaí an chomhaontuithe do réir mar is dóigh leis an gCúirt is cóir agus is cothrom in imthosca an cháis.
Cumhacht na Cúirte Cuarda chun costais a chionroinnt.
116.—Má tharlann, in aon áitreabh a bhfuil an t-iomlán nó aon chuid de ligthe mar mhonarcha, gur gá aon athruithe déanmhais nó athruithe eile chun aon fhoráil den Acht seo, nó aon rialachán nó ordú faoi, a chomhlíonadh, nó chun bheith i gcomhréir le haon chaighdeán nó ceanglas a forchuirtear leis an Acht seo nó faoi, agus go líomhnóidh an t-únaer nó an t-áititheoir (pé acu é) gur ceart an t-iomlán nó aon chuid de chostais na n-athruithe a bheith ar an áititheoir nó ar an únaer, féadfaidh an t-únaer nó an t-áititheoir ordú d'iarraidh faoin alt seo ar an gCúirt Chuarda agus féadfaidh an Chúirt, tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe agus d'aon fhinnéithe is mian leo a ghairm, ordú a dhéanamh maidir leis na costais nó lena gcionroinnt do réir mar is dóigh leis an gCúirt is cóir agus is cothrom in imthosca an cháis, ag féachaint do théarmaí aon chonartha idir na páirtithe, nó ar a mhalairt féadfaidh an Chúirt, má iarrann an t-únaer nó an t-áititheoir é, an léas d'fhorceannadh.
CUID XII.
Feidhm an Achta.
Feidhm ghinearálta an Achta.
117.—Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, ní bheidh feidhm ag an Acht seo ach amháin i gcás monarchan, mar mínítear sin leis an Acht seo, ach beidh feidhm aige, mura léir a mhalairt d'intinn, maidir le gach monarcha den tsaghas sin.
Feidhm maidir le monarchana is leis an Stát.
118.—(1) Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le monarchana is leis an Stát nó atá á n-áitiú ag an Stát agus maidir le hoibríochtaí foirgníochta agus oibreacha innealltóireachta a ghabhfas an Stát de láimh nó a gabhfar de láimh thar ceann an Stáit ach, i gcás aon éigeandála poiblí, féadfaidh an tAire, le hordú, aon mhonarcha is leis an Stát nó aon oibríochtaí foirgníochta nó oibreacha innealltóireachta a ghabhfas an Stát de láimh nó a gabhfar de láimh thar ceann an Stáit, nó aon mhonarcha i leith oibre atá á déanamh thar cheann an Stáit, a dhíolmhadh ón Acht seo, a mhéid agus go ceann na tréimhse a luafar san ordú.
(2) Is cigire faoin Acht seo a fheidhmeos na cumhachta a bheirtear leis an Acht seo d'údarás sláintíochta, i gcás monarchan is leis an Stát nó atá á háitiú ag an Stát nó i gcás oibríochtaí foirgníochta nó oibreacha innealltóireachta a ghabhfas an Stát de láimh nó a gabhfar de láimh thar ceann an Stáit, agus in aon chás den tsaghas sin is chun an Aire a cuirfear aon fhógra a ceanglaítear leis an Acht seo a chur chun údaráis sláintíochta.
CUID XIII.
Ilghnéitheach.
Fógra i dtaobh monarchan d'áitiú, agus cumhacht mheicniúil d'úsáid.
119.—(1) Déanfaidh duine, laistigh de mhí tar éis dó tosnú ar mhonarcha d'áitiú, nó aon áitreabh d'úsáid mar mhonarcha, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an Aire ina luafaidh ainm an áititheora nó teideal an ghnóluchta, seoladh poist na monarchan, cineál na hoibre, cé acu a húsáidtear nó nach n-úsáidtear cumhacht mheicniúil agus, má húsáidtear cad é an cineál é, ainm an údaráis sláintíochta ar ina gceantar atá an mhonarcha agus pé sonraí eile a forordófar, agus mura ndéana sé sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air nó punt in aghaidh gach lae ó dheireadh an mhí réamhráite, pé acu sin is mó.
(2) Laistigh de mhí ón dáta ar a ndéanfar den chéad uair cumhacht mheicniúil d'úsáid in aon mhonarcha tar éis tosach feidhme an Achta seo, seirbheálfaidh an t-áititheoir ar an Aire fógra i scríbhinn ina n-inseoidh cad é an cineál cumhachta meicniúla é.
Achomaireacht den Acht agus fógraí a chur suas.
120.—(1) Coimeádfar crochta suas ag na príomh-bhealaigh trína dtéann daoine fostaithe isteach i monarcha—
(a) an achomaireacht fhorordaithe den Acht seo,
(b) fógra ina n-inseofar ainm an dochtúra dheimhníochta don mhonarcha.
(c) gach fógra agus doiciméad a ceanglaítear leis an Acht seo a chrochadh suas sa mhonarcha,
ach má ordaíonn cigire gach ceann nó aon cheann de na doiciméid réamhráite a chrochadh suas i gcoda áirithe den mhonarcha, i dteannta nó in ionad na bpríomh-bhealach isteach adúradh, déanfar mar ordós sé.
(2) Déanfar na doiciméid uile dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo a chur suas i litreacha de shaghas, agus in ionaid a bhéarfas go mbeid soléite ag na daoine a fostaítear sa mhonarcha agus má forordaíodh foirm le haghaidh aon doiciméid is sa bhfoirm sin a cuirfear suas é.
(3) Má dhéanann duine ar bith go toiliúil aon achomaireacht, fógra, rialacháin nó doiciméad eile a cuireadh suas de bhun an Achta seo a tharraingt anuas, a dhíobháladh nó d'aghlot, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.
Rialacháin speisialta a chur suas agus cóipeanna díobh a thabhairt.
121.—Déanfar cóipeanna clóbhuailte de na rialacháin speisialta go léir a bheas de thuras na huaire i bhfeidhm in aon mhonarcha, nó an achomaireacht fhorordaithe de na rialacháin sin, a choimeád crochta suas sa mhonarcha i litreacha de shaghas, agus in ionaid a bhéarfas, go mbeid soléite ag na daoine a fostaítear sa mhonarcha.
Cláir ghinearálta.
122.—(1) Coimeádfar i ngach monarcha, nó i pé áit lasmuigh den mhonarcha a cheadós oigire, clár sa bhfoirm fhorordaithe, dá ngairmfear an clár ginearálta, agus taifeadfar sa chlár sin nó greamófar de—
(a) na sonraí forordaithe maidir leis na hógánaigh a fostaítear sa mhonarcha,
(b) na sonraí forordaithe maidir le ní, aolní nó dathní, péinteáil nó líomhnadh na monarchan,
(c) na sonraí forordaithe maidir le gach tionóisc agus gach cás galair thionscail a tharlós sa mhonarcha agus ar gá fógra ina thaobh a chur chun an Aire,
(d) sonraí a luafas gach eisceacht speisialta a mbainfidh áititheoir na monarchan leas aisti,
(e) gach tuarascáil agus sonra is gá do réir aon fhorála eile den Acht seo a thaifeadadh sa chlár ginearálta nó a ghreamú dhe,
(f) pé nithe eile a forordófar.
(2) Greamófar den chlár ginearálta cóip de dheimhniú an údaráis sláintíochta maidir le slite éaluithe i gcás tine.
(3) Cuirfidh áititheoir monarchan chun cigire pé sleachta as an gclár ginearálta a theastós ón gcigire ó am go ham chun a dhualgais faoin Acht seo a dhéanamh.
Cláir agus taifid a bhuanchoimeád.
123.—Déanfar an clár ginearálta agus gach clár nó taifead eile a bheas á choimeád de bhun an Achta seo a bhuanchoimeád agus coimeádfar ar fáil é chun a iniúchta ag aon chigire nó ag an dochtúir deimhníochta go ceann dhá bhlian ar a laghad, nó go ceann pé tréimhse eile a forordófar d'aon chineál nó sórt cláir nó taifid, tar éis an dáta a taifeadfar an ní deiridh sa chlár nó sa taifead.
Tuairiscean tréimhsiúil ar dhaoine a fostaítear.
124.—(1) Déanfaidh áititheoir gach monarchan, pé laethe a forordófar nó roimh na laethe sin, tuairisceán cruinn a chur chun an Aire ina sonrófar, maidir le pé lá nó laethe, nó pé tréimhse, a forordófar, an líon daoine a fostaíodh sa mhonarcha, agus ina dtabharfar pé sonraí a forordófar maidir le huaire fostaíochta ban agus ógánach a fostaíodh, maidir le haois, gnéas agus slí bheatha gach duine a fostaíodh agus maidir le pé nithe eile, más ann, a forordófar.
(2) Déanfaidh áititheoir aon áite lena mbaineann aon fhorála den Acht seo, má cheanglaíonn an tAire air é, tuairisceáin a thabhairt amhail mar ceanglaítear le fo-alt (1) den alt seo, agus i gcás aon mhainneachtana ina thaobh sin beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.
Dualgais dhaoine a fostaítear.
125.—(1) Ní bhacfaidh aon duine a fostaítear i monarcha nó in aon áit eile lena mbaineann aon fhorála den Acht seo, ná ní mhí-úsáidfidh sé, go toiliúil aon deis, fearas, feiste nó rud eile a bheas curtha ar fáil de bhun an Achta seo ar mhaithe le sláinte, sábháltacht nó leas na ndaoine a fostaítear sa mhonarcha nó san áit, agus i gcás aon deis nó fearas ar mhaithe le sláinte nó sábháltacht a bheith curtha ar fáil lena úsáid ag aon duine den tsaghas sin faoin Acht seo, úsáidfidh sé an deis nó an fearas sin.
(2) Ní dhéanfaidh aon duine a fostaítear i monarcha nó in aon áit eile lena mbaineann aon fhorála den Acht seo aon ní go toiliúil agus gan chúis réasúnach ba dócha a chuirfeadh é féin nó daoine eile i mbaol.
Toirmeasc ar shuimeanna a bhaint as páigh.
126.—Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach faoin Acht seo, ní dhéanfaidh áititheoir monarchan, i leith aon ní atá de déanamh nó le cur ar fáil aige de bhun an Achta seo, aon tsuim a bhaint as an méid a ndeachaigh sé i gconradh é d'íoc le haon duine ar fostú ná aon íocaíocht a ghlacadh, ná a cheadú d'aon duine ar fostú aige í a ghlacadh, ó aon duine den tsaghas sin.
Comhairle Chomhairlitheach.
127.—(1) Beidh comhairle ann ar a mbeidh cathaoirleach agus ochtar gnáth-chomhaltaí (dá ngairmtear an Chomhairle Chomhairlitheach san alt seo) chun na feidhmeanna a bheirtear di leis an alt seo a chomhlíonadh.
(2) Déanfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach breithniú, agus bhéarfaid comhairle don Aire, ar aon nithe a tharlós i dtaobh nó i leith forghníomhú an Achta seo (lena náirítear aon tograí ón Aire chun aon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú, nó a chúlghairm faoin Acht seo) agus a tharchuirfeas an tAire chun na Comhairle.
(3) Féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach, do réir mar mheasfaid is gá ó am go ham, an tAire a chomhairliú ar na nithe seo a leanas:—
(a) an riachtanas atá le haon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú, nó a chúlghairm faoin Acht seo;
(b) nithe a bhaineas le forála an Achta seo nó orduithe nó rialacháin faoin Acht seo a chur i bhfeidhm;
(c) feachtais sábháltachta agus leasa d'eagrú nó a chur chun cinn i measc fostaithe agus fostóirí;
(d) léachta, taispeánadh scannán nó taispeántais d'eagrú, póstaerí nó paimfléid d'fhoilsiú, nó aon bhearta eile arb é a bheas iontu léachta, taispeánadh scannán. taispeántais, póstaeraí, paimfléid nó bearta atá ceaptha chun fostaithe agus fostóirí a theagasc ar chúrsaí sábháltachta agus leasa i monarchana agus ar mhodhanna chun sláinte oibrithe a chosaint agus d'fheabhsú.
(4) Is é an tAire a cheapfas cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí na Comhairle Comhairlithí.
(5) Déanfar an chéad cheapachán acu sin a luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith agus déanfar ceapacháin ina dhiaidh sin ó am go ham do réir mar is gá.
(6) Nuair a bheas an tAire ag ceapadh daoine ina ngnáthchomhaltaí den Chomhairle Chomhairlitheach áireoidh sé orthu daoine ó eagrais d'fhostaithe agus ó eagrais d'fhostóirí.
(7) Beidh cathaoirleach agus gnáth-chomhaltaí na Comhairle Comhairlithí i seilbh oifige go ceann pé tréimhse a chinnfeas an tAire.
(8) Ar an gComhairle Chomhairlitheach dá iarraidh sin agus ar an Aire do thoiliú leis, féadfaidh cigire freastal ar chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach chun aon eolas a thabhairt a iarrfas an Chomhairle Chomhairlitheach d'fhonn a feidhmeanna a chomhlíonadh.
Forala i dtaobh cairéal agus pollbhancán.
128.—(1) Bainfidh forála an Quarries Act, 1894, le gach cairéal, pé doimhneacht é, ach chun críocha an Achta sin ní fholóidh an focal “cairéal” aon áit ina mbíonn aon phróis mhonaraíochta ar siúl (seachas próis i dtaca le baint mhianraí, lena n-áirítear briseadh, brú, meilt, criathrú, níochán nó cóiriú na mianraí sin).
(2) Bainfidh forála ailt 19 den Mining Industry Act, 1920 (a chuireas ar chumas an Aire rialacháin ghinearálta agus speisialta a dhéanamh maidir le mianaigh mhiotail) le cairéil amhail mar bhainid le mianaigh mhiotail, ach leis an modhnú seo, go gcuirfear in ionad na tagairte san alt sin do na rialacháin ghinearálta atá in alt 23 den Metalliferous Mines Regulation Act, 1872, tagairt do na forála den Acht sin a bhaineas le cairéil.
AN CHÉAD SCEIDEAL.
Achtacháin a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibidil | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
41 & 42 Vic., c. 52. | Public Health (Ireland) Act, 1878. | Ailt 48 agus 107 a mhéid a bhainid le monarchana do réir bhrí an Achta seo. |
53 & 54 Vic., c. 59. | Public Health Acts Amendment Act, 1890. | Alt 22 a mhéid a bhaineas sé le monarchana do réir bhrí an Achta seo. |
57 & 58 Vic., c. 42. | Quarries Act, 1894. | In alt 1, na focail “and any part of which is more than twenty feet deep”; |
Alt 3. | ||
1 Edw. VII, c. 22. | Factory and Workshop Act, 1901. | An tAcht iomlán. |
6 Edw. VII, c. 49. | Census of Production Act, 1906. | Alt 10. |
6 Edw. VII, c. 33. | Notice of Accidents Act, 1906. | Alt 4; |
Alt 5 a mhéid a bhaineas sé le monarchana agus ceardlanna. | ||
7 Edw. VII, c. 39. | Factory and Workshop Act, 1907. | An tAcht iomlán. |
8 Edw. VII, c. 42. | White Phosphorus Matches Prohibition Act, 1908. | Alt 1. |
1 & 2 Geo. V, c. 21. | Factory and Workshop (Cotton Cloth Factories) Act, 1911. | An tAcht iomlán. |
6 & 7 Geo. V, c. 31. | Police, Factories, & c. (Miscellaneous Provisions) Act, 1916. | Ailt 7, 8 agus 9. |
10 & 11 Geo. V, c. 62. | Women and Young Persons (Employment in Lead Processes) Act, 1920. | An tAcht iomlán. |
AN DARA SCEIDEAL.
Táible Taislí.
I. | II. |
Léamha an Teomhéadair Thirm-Bholgáin Gráid Fahrenheit | Léamha an Teomhéadair Fhliuch-Bholgáin Gráid Fahrenheit |
50 | 48 |
51 | 49 |
52 | 50 |
53 | 51 |
54 | 52 |
55 | 53 |
56 | 54 |
57 | 55 |
58 | 56 |
59 | 57 |
60 | 58 |
61 | 59 |
62 | 60 |
63 | 61 |
64 | 62 |
65 | 63 |
66 | 64 |
67 | 65 |
68 | 66 |
69 | 67 |
70 | 68 |
71 | 68.5 |
72 | 69 |
73 | 70 |
74 | 70.5 |
75 | 71.5 |
76 | 72 |
77 | 73 |
78 | 73.5 |
79 | 74.5 |
80 | 75.5 |
81 | 76 |
82 | 76.5 |
83 | 77 |
84 | 78 |
85 | 79 |
86 | 80 |
AN TRIU SCEIDEAL.
An Nós Imeachta chun Rialacháin Speisialta a Dhéanamh.
1. Sara ndéanfaidh an tAire aon rialacháin speisialta, foilscoidh sé san Iris Oifigiúil, agus ar pé modh eile is dóigh leis is oiriúnaí chun é a chur in iúl do na daoine lena mbaineann, fógra á rá go bhfuil beartaithe na rialacháin a dhéanamh, agus ag lua na háite ina bhféadfar cóipeanna de na dréacht-rialacháin d'fháil agus na tréimhse (nach lú ná lá agus fiche) ina gcaithfear aon agóid maidir leis na dréacht-rialacháin, ó dhaoine nó thar ceann daoine lena mbainid, a chur chun an Aire.
2. Ní foláir gach agóid a bheith i scríbhinn agus na nithe seo a lua inti—
(a) forais sonracha na hagóide,
(b) na nithe a n-iarrtar iad d'fhágaint ar lár, a chur isteach nó a mhodhnú.
3. Breithneoidh an tAire aon agóid a cuirfear chuige laistigh den tréimhse shonraithe ó aon daoine nó thar ceann aon daoine ar dóigh leis go mbaineann na rialacháin leo, agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis é, na dréacht-rialacháin a leasú agus, tar éis dó sin a dhéanamh, cuirfidh sé faoi deara, mura ndearnadh fiosrúchán faoin Sceideal seo, go ndéanfar i gcás an dréachta leasaithe mar rinneadh leis an dréacht bunaidh.
4. Más rud é, tar éis an fógra maidir le haon dréacht-rialacháin (pé acu dréacht bunaidh nó dréacht leasaithe é) d'fhoilsiú, go ndéanfar aon agóid ghinearálta mar mínítear anseo ina dhiaidh seo laistigh den tréimhse shonraithe maidir leis an dréacht agus nach dtarraingeofar siar í, ansin, mura ndearnadh fiosrúchán roimhe sin faoin Sceideal seo maidir leis an dréacht nó le dréacht éigin roimhe sin de na rialacháin nó mura dtarraingeoidh an tAire na dréacht-rialacháin siar, ordóidh sé, sara ndéanfaidh sé na rialacháin, fiosrúchán a dhéanamh ar an modh a foráltar anseo ina dhiaidh seo. Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú freisin fiosrúchán den tsaghas sin a dhéanamh maidir le haon agóid, d'ainneoin nach ndearnadh aon agóid ghinearálta den tsaghas sin nó go ndearnadh fiosrúchán roimhe sin den tsaghas adúradh.
5. Nuair a bheas aon fhiosrúchán den tsaghas sin le déanamh maidir le haon dréacht-rialacháin, beidh éifeacht maidir leis an bhfiosrúchán ag na forála seo a leanas:
(a) ceapfaidh an tAire duine inniúil nó daoine inniúla chun an fiosrúchán a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt dó air,
(b) déanfar an fiosrúchán go poiblí, agus féadfaidh aon chigire agus aon agóideoir agus aon duine eile, más dóigh leis an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin nó, má bhíonn níos mó ná duine amháin den tsaghas sin ann, leis an duine a bheas i gceannas an fhiosrúcháin, go mbaineann na dréacht-rialacháin leis, láithriú ag an bhfiosrúchán go pearsanta nó trí abhcóide, aturnae nó gníomhaire,
(c) féadfar, más oiriúnach leis an duine a bheas ag déanamh nó i gceannas an fhiosrúcháin é, na finnéithe a cheistiú faoi mhionn (agus cumhachtaítear leis seo don duine sin iad a chur faoi mhionn),
(d) faoi réir a ndúradh, déanfar an fiosrúchán agus na himeachta uile roimhe agus i leith leis a sheoladh do réir rialacha a dhéanfas an tAire, agus féadfaidh na rialacha foráil a dhéanamh maidir le costais an fhiosrúcháin agus na n-imeacht eile, lena n-áirítear luach saothair an duine nó na ndaoine a dhéanfas an fiosrúchán.
6. Chun críocha an Sceidil seo ciallaíonn an abairt “agóid ghinearálta”, maidir le haon dréacht-rialacháin, agóid—
(a) a dhéanfas, nó a déanfar thar ceann, tromlach áititheoirí na monarchan lena mbaineann na dréacht-rialacháin, nó a dhéanfas an t-áititheoir nó na háititheoirí a fhostaíos tromlach na ndaoine a fostaítear sna monarchana sin, nó a déanfar thar a cheann nó thar a gceann; nó a dhéanfas aon duine a shásós an tAire go bhfuil sé féin, nó comhlachas a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann, ag ionadú tromlach na ndaoine a fostaítear sna monarchana sin, nó
(b) a dhéanfas, nó a déanfar thar ceann, tromlach áititheoirí aon chineáil nó sóirt mhonarchan lena mbaineann na dréacht-rialacháin agus ar dóigh leis an Aire ina leith, toisc coinníollacha speisialta a bheith ann ina gcás sin, go bhfuil cúis ann chun a chreidiúint go mbeadh aon cheann de cheanglais na ndréachtrialachán neamhriachtanach nó neamhchuí i gcás an chineáil nó an tsóirt sin, nó a dhéanfas an t-áititheoir nó na háititheoirí a fhostaíos tromlach na ndaoine a fostaítear in aon chineál nó sórt monarchan mar adúradh, nó a déanfar thar a cheann nó thar a gceann; nó a dhéanfas aon duine a shásós an tAire go bhfuil sé féin, nó comhlachas a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann, ag ionadú tromlach na ndaoine a fostaítear in aon chineál nó sort monarchan mar adúradh.