Uimhir 10 de 1965.
AN tACHT UM CHOSAINT AINMHITHE (LEASÚ), 1965
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, lua agus forléiriú.
1911, c. 27.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo agus an Protection of Animals Act, 1911, a fhorléiriú mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna um Chosaint Ainmhithe, 1911 agus 1965, a ghairm den Acht sin agus den Acht seo le chéile.
Mínithe.
1911, c. 27.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “An Príomh-Acht” an Protection of Animals Act, 1911;
ciallaíonn “coilleadh” obráid chun na gonaid a bhaint amach ar fad trí mháinliacht nó próiseas a ceapadh chun seargadh iomlán a thabhairt orthu;
folaíonn “cú” aon fhuipéad agus aon phór nó crosphór cú nó fuipéid;
folaíonn “capall” asal, miúil agus ráineach;
folaíonn “bóthar poiblí” aon mhórbhealach poiblí, sráid phoiblí nó cosán poiblí;
ciallaíonn “áit phoiblí” aon áit a bhfuil rochtain ag an bpobal air cibé acu de cheart nó le cead é agus cibé acu ar tháille a íoc nó saor ó tháille é;
ciallaíonn “tréidlia” duine atá cláraithe de thuras na huaire sa chlár de mháinleagha beithíoch a bunaíodh agus a choiméadtar faoi Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta.
Aisghairm,
1912, c. 17,
1921, c. 14.
3.—Déantar leis seo an Protection of Animals Act (1911) Amendment Act, 1912, agus an Protection of Animals Act (1911) Amendment Act, 1921, a aisghairm.
CUID II
Cosaint Ainmhithe
Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.
4.—Déantar leis seo alt 1 den Phríomh-Acht a leasú:—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (e):—.
“(f) being the owner or having charge or control of any animal shall without reasonable cause or excuse abandon it, whether permanently or not, in circumstances likely to cause it unnecessary suffering, or cause or procure or, being the owner, permit it to be so abandoned”;
(b) trí na focail go léir i bhfo-alt (1) ó “such person shall be guilty” go dtí deireadh an fho-ailt a scriosadh agus na focail seo a leanas a chur ina n-ionad:—“such person shall be guilty of an offence of cruelty within the meaning of this Act and shall on summary conviction thereof be liable—
(i) in respect of a first or second offence to a fine not exceeding fifty pounds or to imprisonment for a term not exceeding three months or to both such fine and such imprisonment;
(ii) in respect of a third or subsequent offence to a fine not exceeding fifty pounds or to imprisonment for a term not exceeding six months or to both such fine and such imprisonment”;
(c) trí na focail seo a leanas a chur le mír (b) d'fho-alt (3):— “and a captive animal shall not be deemed to be coursed or hunted within the meaning of this subsection if it is coursed or hunted in an enclosed space from which it has no reasonable chance of escape”;
(d) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh mhír (b):—
“(c) to the commission or omission of any act in the course of the coursing, hunting, pursuit, capture or destruction or attempted destruction of any wild animal unless such commission or omission is accompanied by or involves the infliction of unnecessary suffering.”.
Toirmeasc ar chapaill a sciotadh nó a bhéimeadh.
5.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo, toirmisctear capaill a sciotadh nó a bhéimeadh.
(2) Féadfar obráid sciota nó bhéimthe a dhéanamh in aon chás inar deimhin le tréidlia go bhfuil gá leis an obráid ar mhaithe le sláinte an chapaill.
(3) Aon duine a dhéanfaidh obráid sciota nó bhéimthe contrártha don alt seo nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh (de réir bhrí alt 1 den Phríomh-Acht) obráid den sórt sin a dhéanamh amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion cruálachta de réir bhrí an Phríomh-Achta agus dlífear na pionóis a shonraítear in alt 1 den Acht sin a chur air.
(4) San alt seo—
ciallaíonn “sciotadh” aon chnámh nó aon chuid de chnámh a bhaint as eireaball capaill;
ciallaíonn “béimeadh” aon teannán nó matán in eireaball capaill a ghearradh.
Cúram ainmhithe i bpóna.
1935, No. 45.
6.—In ionad alt 7 den Phríomh-Acht cuirfear an t-alt seo a leanas:—
“7—(1) It shall be the duty of any person who impounds or confines, or causes to be impounded or confined, any animal in any pound—
(a) if the animal is kept in the pound for a period exceeding three hours, to ensure that a sufficient quantity of wholesome drinking water is supplied for its use, and
(b) if the animal is kept in the pound for a period exceeding six hours, to ensure that a sufficient quantity of suitable food is supplied for its use not later than six hours after its admission to the pound and thereafter at intervals not exceeding twelve hours, as long as it remains in the pound.
(2) Any person who fails to comply with any of the provisions of the preceding subsection shall be liable on summary conviction to a fine not exceeding ten pounds in respect of each animal deprived of water or food.
(3) A person charged with an offence under this section in respect of failure to supply any animal with food shall not be guilty thereof:—
(a) by reason of the animal's not having been fed in the morning or afternoon in which it is slaughtered;
(b) where the animal is slaughtered for butcher's meat in any morning or afternoon, by reason of its not having been fed in the preceding afternoon or, as the case may be, the preceding morning; or
(c) where it is proved that it was intended that the animal should be slaughtered for butcher's meat in any particular morning or afternoon, by reason of its not having been fed in the preceding afternoon or, as the case may be, the preceding morning.
(4) In subsection (3) of this section the expressions ‘morning’ and ‘afternoon’ mean respectively the parts of a day from midnight to noon and from noon to midnight.
(5) If any animal is impounded or confined in any pound for six successive hours or longer and is without such food or water as is required by subsection (1) of this section to be supplied, any person may enter the pound for the purpose of supplying the animal therewith.
(6) The reasonable cost of the food and water supplied to any animal impounded or confined in any pound shall be recoverable from the owner or other person responsible for the animal's maintenance as a civil debt.
(7) This section shall not apply to the confinement of any animal in any slaughterhouse within the meaning of the Slaughter of Animals Act, 1935.”
Úsáid gháis nimhiúil i bpoill choiníní.
7.—Ní bheidh duine ciontach i gcion faoi alt 8 den Phríomh-Acht de bhíthin amháin go ndearna sé gás nimhiúil a úsáid i bpoll coinín, nó substaint a ghineann gás nimhiúil, trí ghalú nó trí theagmháil le taisleach, a chur i bpoll coinín.
Srianta le ling-ghaistí.
1880, c. 47.
8.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú gur gaiste ceadaithe chun ainmhithe, nó cineál nó cineálacha áirithe ainmhithe, a ghabháil nó a mharú, cineál áirithe ling-ghaiste, agus féadfaidh sé leis an ordú sin cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis a chur ag gabháil le húsáid an chineál sin gaiste.
(2) Aon duine a dhéanfaidh, tar éis an lae cheaptha, chun ainmhí a ghabháil nó a mharú, úsáid de ling-ghaiste nach mbeidh ceadaithe faoi fho-alt (1) den alt seo, chun ainmhí den chineál sin a ghabháil nó a mharú, nó nach gcomhlíonfaidh coinníoll a bheidh ag gabháil de réir fho-alt (1) den alt seo, lena úsáid, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.
(3) Aon duine a dhéanfaidh, tar éis an lae cheaptha, i modh trádála nó gnó, ling-ghaiste a dhíol seachas gaiste a bheidh ceadaithe de réir fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.
(4) Féadfaidh an tAire, ar iarratas a fháil dó ó dhuine ar bith, cead a thabhairt don duine sin á údarú dó ling-ghaiste seachas gaiste ceadaithe a cheannach, a bheith ina sheilbh aige agus a úsáid d'aontoisc chun dobharchúnna a ghabháil nó a mharú agus féadfaidh sé cead den sórt sin a chúlghairm.
(5) Duine a bheidh i seilbh ceada faoi fho-alt (4) den alt seo a bheidh i bhfeidhm, féadfaidh sé, d'ainneoin forálacha fho-alt (2) den alt seo, dobharchúnna a ghabháil nó a mharú le ling-ghaiste nach gaiste ceadaithe.
(6) D'ainneoin forálacha fho-alt 3 den alt seo, ní mídhleathach d'aon duine ling-ghaiste nach ling-ghaiste ceadaithe a dhíol má thugann an ceannaitheoir ar aird don díoltóir cead arna dheonú faoi fho-alt (4) den alt seo.
(7) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear, ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach má ná fiche punt nó, má ciontaíodh cheana é i gcion den sórt sin, fíneáil nach mó ná caoga punt, a chur air.
(8) Aon ordú a dhéanfar faoi fho-alt (1) den alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
(9) Ar an lá ceaptha, scoirfidh d'éifeacht an méid d'alt 6 den Ground Game Act, 1880, a fhorálann nach mbainfidh aon duine a bhfuil ceart aige chun géim talún a mharú úsáid as ling-ghaistí, ach amháin i bpoill choiníní, ná as nimh, chun géim talún a mharú.
(10) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
(11) San alt seo agus san alt ina dhiaidh seo ciallaíonn “an lá ceaptha” an lú lá de Mheitheamh, 1968.
Gaisteadh oscailte.
9.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh duine ciontach i gcion faoin alt seo más rud é, chun coiníní a mharú nó a ghabháil, go ndéanfaidh sé, nó go gceadóidh sé go feasach, ling-ghaiste a úsáid in áit seachas i dtollán saorga nach airde ná dhá orlach déag nó i bpoll coinín.
(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear, ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná fiche punt nó, má ciontaíodh cheana é i gcion den sórt sin, fíneáil nach mó ná caoga punt, a chur air.
(3) Ní fhágfaidh fo-alt (1) den alt seo gur neamhdhleathach ling-ghaiste a úsáid faoi réim agus de réir ceada arna thabhairt ag an Aire, ná ling-ghaiste de chineál a bheidh ceadaithe, chun críocha an ailt seo, le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin bhfo-alt seo, a úsáid.
(4) Féadfaidh an tAire cead arna thabhairt faoin bhfo-alt roimhe seo a chúlghairm.
(5) Féadfaidh cibé coinníollacha is cuí leis an Aire a bheith i gcead a thabharfar faoi fho-alt (3) den alt seo.
(6) Scoirfidh an t-alt seo d'éifeacht a bheith aige ar an lá ceaptha.
Ainmhithe gortaithe.
10.—I bhfo-alt (4) d'alt 11 den Phríomh-Acht cuirfear na focail “pig, dog or cat” in ionad na bhfocal “or pig”.
Ainmhithe áirithe a bhású láithreach.
11.—Má fhaigheann aon chomhalta den Gharda Síochána aon mhadra nó cat a gortaíodh in áit phoiblí agus a dhealraíonn dó a bheith gortaithe go marfach, nó gortaithe chomh mór sin go gcuirfí fulaingt rómhór air dá gcomhlíonfadh an comhalta fo-alt (1) d'alt 11 den Phríomh-Acht, féadfaidh sé láithreach, gan an t-úinéir a bheith i láthair, an t-ainmhí a bhású nó a chur faoi deara nó a thabhairt chun críche go mbásófar é ar dhóigh nach gcuirfidh ach an fhulaingt is lú is féidir air, agus féadfaidh sé an conablach a aistriú nó a chur faoi deara nó a thabhairt chun críche go n-aistreofar é.
Achomhairc.
12.—Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 14 den Phríomh-Acht:—
“14.—(1) Where an appeal is brought by the owner of an animal from any conviction or order made by the District Court under this Act or the Protection of Animals (Amendment) Act, 1965, the Court may order him not to sell or part with the animal until the appeal is determined or abandoned and to produce it on the hearing of the appeal if such production is possible without cruelty.
(2) Any person who without satisfactory excuse fails to comply with an order under this section shall be guilty of an offence and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding twenty-five pounds.”
Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.
13.—In alt 15 den Phríomh-Acht:—
cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (a):—
“(a) the word ‘animal’ means any domestic animal or wild animal and includes any bird, fish or reptile;”;
cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (c):—
“(c) the expression ‘wild animal’ means any animal other than a domestic animal;” agus
cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (c):—
“(cc) the expression ‘captive animal’ means any wild animal which is in captivity or confinement or which is maimed, pinioned or subjected to any appliance or contrivance for the purpose of hindering or preventing its escape from captivity or confinement;”.
Fógraí maidir le nimh a leagan.
14.—(1) Ní thoirmiscfidh aon ní in alt 8 den Phríomh-Acht ar úinéir nó áititheoir talún aon nimh nó ábhar nimhiúil mar a thuairiscítear san alt sin a leagan, nó a chur faoi deara é a leagan, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin forálacha an ailt seo.
(2) Déanfar fógra nó fógraí gur leagadh an nimh nó an t-ábhar nimhiúil sin a chur suas agus a choimeád i dtreo go cuí ar an talamh ar dhóigh go mbeidh fógra amháin ar a laghad le feiceáil go soiléir ó gach bóthar poiblí agus ó gach áit phoiblí eile atá tadhlach leis an talamh sin nó atá ar an talamh sin.
(3) Déanfar fógra i scríbhinn gur leagadh an nimh nó an t-ábhar nimhiúil sin a thabhairt do stáisiún Gharda Síochána an fhocheantair ina bhfuil an talamh.
(4) Ní leagfar aon nimh ná ábhar nimhiúil laistigh de chéad slat ó aon bhóthar poiblí ná (ach amháin le toiliú an áititheora) ó aon teach cónaithe.
(5) Déanfar gach nimh nó ábhar nimhiúil a shá sa talamh nó a ghreamú go daingean den talamh ar dhóigh eile.
(6) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 17 den Phríomh-Acht a aisghairm.
Toirmeasc ar choimhlintí poiblí le hainmhithe.
15.—(1) Ní thionscnóidh duine ar bith, ná ní chuirfidh sé faoi deara ná ní cheadóidh sé go feasach go gcuirfear ar siúl, aon taibhiú poiblí ina mbeidh aon imeacht arb é a bheidh inti nó a ndéanfaí inti:—
(a) aon chapall neamhbhriste nó tarbh neamhthraenáilte a leagan nó a ghabháil le rópaí nó le fearais eile, nó
(b) iomrascáil, troid nó coraíocht le haon tarbh neamhthraenáilte, nó
(c) marcaíocht, nó iarracht mharcaíochta, ar aon chapall nó tarbh a ghríosófar nó a gríosaíodh, trí fheidhm a bhaint as aon fhearas nó cóireáil lena ngabhann cruálacht, d'fhonn é a chur ag pocléimneach le linn an taibhithe;
agus ní ghlacfaidh duine ar bith páirt in aon imeacht den sórt a dúradh in aon taibhiú poiblí.
(2) In aon imeachtaí faoin alt seo, aon ainmhí ar cuireadh i gcéill don lucht féachana gurbh ainmhí neamhbhriste nó neamh thraenáilte é, toimhdeofar gurbh ainmhí neamhbhriste nó neamhthraenáilte é an tráth a cuireadh é sin i gcéill, mura gcruthófar a mhalairt.
(3) In aon imeachtaí faoin alt seo maidir le haon fhearas nó cóireáil den sórt a luaitear i mír (c) d'fho-alt (1) a úsáid, is cosaint é don duine a chúiseofar a chruthú nach raibh a fhios aige, agus nach bhféadfadh sé go réasúnach a fhios a bheith aige, go raibh an fearas nó an chóireáil le húsáid nó gur úsáideadh é.
(4) Aon duine a sháróidh aon fhoráil dá bhfuil san alt seo, beidh sé ciontach i gcion cruálachta de réir bhrí an Phríomh-Achta agus dlífear na pionóis a shonraítear in alt 1 den Acht sin a chur air.
(5) San alt seo ní fholaíonn an abairt “taibhiú poiblí” taibhiú a chuirfear i láthair an phobail trí chineamatagraf nó tríd an teilifís.
Toimhde maidir le hainmhithe a choimeád.
16.—Chun críocha aon imeachtaí faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo, aon ainmhí a gheofar ar thalamh ar bith, toimhdeofar gur le húinéir nó áititheoir na talún sin é mura gcruthófar a mhalairt.
CUID III
Forálacha maidir le Madraí
Úinéireacht madra fáin.
1906, c. 32.
17.—(1) Más rud é go mbeidh madra fáin ar ghlac duine ar bith seilbh air á choinneáil ar feadh tréimhse bliana ag an duine sin tar éis dó fógra i scríbhinn a thabhairt de réir alt 4 den Dogs Act, 1906, do Cheannfort Gharda Síochána an cheantair ina bhfuarthas an madra, agus nach mbeidh úinéir an mhadra sin tar éis éileamh a dhéanamh air i rith na tréimhse sin, tiocfaidh an duine sin chun bheith ina úinéir ar an madra agus beidh deireadh le teideal an tseanúinéara.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) má fhaigheann an duine sin amach aon uair i rith na tréimhse bliana sin cé hé úinéir an mhadra.
Dícháiliú daoine a siontaíodh i gcruálacht ar mhadraí.
18.—(1) Féadfaidh aon Chúirt a gciontófar duine os a comhair faoin bPríomh-Acht i gcion cruálachta ar mhadra, i dteannta aon phionóis eile a chur ar an duine sin, a ordú go mbeidh sé dícháilithe chun madra a choimeád go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt.
(2) D'ainneoin aon ní in aon achtachán, nuair a chiontófar agus a dhícháileofar duine amhlaidh, féadfaidh an Chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh chun aon mhadra atá á choimeád ag an duine sin a dhiúscairt nó a bhású go daonnachtúil, agus féadfaidh sí a ordú go mbeidh an caiteachas faoina rachfar ag diúscairt nó ag bású an mhadra go daonnachtúil faoin alt seo, lena n-áirítear costas aon tréidlia, le híoc ag úinéir an mhadra sin i dteannta aon phionóis eile a chuirfidh an Chúirt air, agus mura n-íoctar sin, go gcuirfear príosúnacht go ceann téarma nach faide ná mí ar an úinéir sin.
(3) Aon duine a bheidh dícháilithe de bhua ordú faoin alt seo agus a choimeádfaidh madra le linn dó bheith dícháilithe, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche nó príosúnacht go ceann tréimhse nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin, a chur air.
Cúnna a bheith faoi smacht.
19.—(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith, ná ní chuirfidh sé faoi deara ná ní cheadóidh sé, cú a aclú ná a chinnireacht, ná ní chuirfidh sé faoi deara ná ní cheadóidh sé cú a ligean amach ar aon bhóthar poiblí, in aon pháirc oscailte, ar aon trá ná áit eile ar gnách an pobal a bheith á thaithí, mura bhfuil an cú sin faoi smacht;
(2) Chun críche fho-alt (1) den alt seo ní mheasfar cú a bheith faoi smacht mura bhfuil sé á chinnireacht ar shlabhra nó iall sách láidir.
(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.
Srian leis an lion cúnna a fhéadfar a aclú nó a chinnireacht.
20.—(1) Ní dhéanfaidh duine níos mó ná ceithre chú a aclú ná a chinnireacht, ná ní chuirfidh sé faoi deara ná ní cheadóidh sé a n-aclú ná a gcinnireacht, ag aon duine amháin san aon am ar aon bhóthar poiblí, in aon pháirc oscailte, ar aon trá ná áit eile ar gnách an pobal a bheith á thaithí.
(2) Aon duine a sháróidh aon cheann de na forálacha roimhe seo den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.
Pionóis faoi alt 19 nó 20.
21.—Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 19 nó 20, dlífear, ar é a chiontú go hachomair—
(a) fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air i gcás an chéad chiona;
(b) fíneáil nach mó ná fiche punt nó príosúnacht go ceann aon tréimhse nach faide ná mí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air i gcás an dara cion nó aon chiona ina dhiaidh sin.
CUID IV
Úsáid Anaestéiseach in Obráidí ar Ainmhithe
Úsáíd anaestéiseach in obráidí ar ainmhithe.
1919, c. 54.
22.—(1) Má dhéantar aon obráid lena mbaineann an t-alt seo ar aon ainmhí gan anaestéiseach a úsáid a thabharfar ar dhóigh go gcoiscfidh sé aon phian le linn na hobráide, measfar, chun críocha an Phríomh-Achta, an obráid sin a bheith ina hobráid a rinneadh gan cúram agus daonnachtúlacht mar is cuí.
(2) Baineann an t-alt seo le haon obráid, le huirlisí nó gan uirlisí, ina mbaintear le fíocháin mhothálacha nó le cnámhdhéanmhas ainmhí (lena n-áirítear dí-adharcú ar ainmhí ina mbaintear leis amhlaidh), seachas na hobráidí seo—
(a) instealladh nó baint amach le snáthaid chuasach; nó
(b) fáinne rubair nó deis eile a chur ar ainmhí laistigh de sheacht lá tar éis a bhreithe chun cúngú ar ghluaiseacht na fola go dtí cadairne an ainmhí; nó
(c) fáinne rubair nó deis eile a chur ar uan laistigh de sheacht lá tar éis a bhreithe chun cúngú ar gluaiseacht na fola go dtí eireaball an uain; nó
(d) poncloscadh adharc-fhréamhacha lao laistigh de cheithre lá dhéag tar éis a bhreithe; nó
(e) obráid dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé eagraíochtaí a fheidhmíonn do ghairm na tréidliachta nó do lucht leasa sa talmhaíocht, ar dóigh leis gurb eagraíochtaí iomchuí iad, aon aois dá sonraítear i mír 5 den Sceideal sin a athrú le hordú.
(4) Aon ordú a dhéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo—
(a) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú, agus
(b) féadfar é a athrú nó a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin.
(5) Ní fholóidh an focal “ainmhí” san alt seo aon éan, iasc ná péist.
(6) Déantar leis seo an Animals (Anaesthetics) Act, 1919, a aisghairm.
CUID V
Rialú ar Dhíol Peataí Ainmhithe
Gan peataí a dhíol in aon áit phoiblí.
23.—Aon duine a sheolfaidh in áit phoiblí gnó díolta ainmhithe mar pheataí, beidh sé ciontach i gcion faoin gCuid seo.
Gan peataí a dhíol le leanaí faoi dhá bhliain déag d'aois.
24.—Má dhíolann aon duine ainmhí mar pheata le duine is dealrach a bheith faoi bhun dhá bhliain déag d'aois beidh sé ciontach i gcion faoin gCuid seo.
Forálacha maidir le siopaí peataí.
25.—Aon duine a choimeádfaidh ainmhithe lena ndíol mar pheataí agus nach gcomhlíonfaidh na coinníollacha seo a leanas beidh sé ciontach i gcion faoin gCuid seo:—
(a) déanfar i gcónaí na hainmhithe a choimeád i gcóiríocht a bheidh oiriúnach ó thaobh méid, teochta, solais, aerúcháin agus glaineachta,
(b) soláthrófar do na hainmhithe leordhóthain de bhia agus deoch atá oiriúnach,
(c) ní dhíolfar na hainmhithe agus iad san aois inar chruálacht, nó ar dhócha gur chruálacht, orthu é iad a dhíol,
(d) glacfar gach cúram réasúnach chun nach leathfaidh galair thógálacha i measc na n-ainmhithe,
(e) déanfar leorchosaint ar na hainmhithe in aghaidh contúirtí ó thine.
Cionta agus dícháiliú faoi Chuid V.
26.—(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin gCuid seo, dlífear, ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(2) Nuair a chiontófar duine i gcion faoin gCuid seo féadfaidh an Chúirt a chiontóidh é é a dhícháiliú chun ainmhithe ar bith nó aon chineálacha áirithe ainmhithe a choimeád lena ndíol mar pheataí, nó chun siopa peataí a choimeád, go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt, agus féadfaidh sí a ordú go ndéanfar aon ainmhithe atá á gcoimeád aige lena ndíol mar pheataí a dhiúscairt nó a bhású go daonnachtúil.
(3) Féadfaidh an Chúirt a ordú go mbeidh an caiteachas faoina rachfar ag diúscairt nó ag bású aon ainmhí nó ainmhithe faoin alt seo, lena n-áirítear costas aon tréidlia, le híoc ag an úinéir i dteannta aon phionós eile a chuirfidh an Chúirt air, agus mura n-íoctar sin, go gcuirfear príosúnacht go ceann téarma nach faide ná trí mhí ar an úinéir sin.
CUID VI
Ilghnéitheach
Dícháiliú a chur ar ceal.
27.—(1) Aon duine a ndéanfar ordú ina leith faoi fho-alt (1) d'alt 18 nó fo-alt (2) d'alt 26 den Acht seo, féadfaidh sé, aon uair tar éis trí mhí a bheith caite ó dháta an ordaithe agus ó am go ham, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte a rinne an t-ordú á iarraidh an dícháiliú a forchuireadh leis an ordú a chur ar ceal, agus ar aon iarratas den sórt sin féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, ag féachaint do charachtar an duine a dícháilíodh, dá iompar tar éis an t-ordú a dhéanamh, don chineál ciona a bhí ann agus d'iomthoscaí eile an cháis, an dícháiliú a chur ar ceal, le hordú, amhail ó cibé dáta a shonrófar san ordú.
(2) Má dhiúltaítear d'iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, ní ghéillfear d'iarratas eile faoi má dhéantar é laistigh de thrí mhí ó dháta an diúltaithe.
Marú Muc.
28.—Chun críocha an Achta um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935, forléireofar “uirlis” mar ní a fholaíonn córas gásála.
AN SCEIDEAL
Obráidí Eiscthe
1. Aon turgnamh a údaraítear go cuí faoin Cruelty to Animals
Act, 1876.
2. Iarchabhair a thabhairt in éigeandáil chun beo ainmhí a shábháil nó pian a mhaolú.
3. An t-eireaball a sciotadh de mhadra faoi bhun mí d'aois.
4. Na fánmhéara a theascadh de mhadra sula n-osclaíonn a shúile.
5. Ainmhí fireann a shonraítear sa tábla seo a leanas a choilleadh sula slánóidh sé an aois atá sonraithe amhlaidh, is é sin le rá:—
Tarbh | sé mhí |
Caora | trí mhí |
Gabhar | dhá mhí |
Muc | dhá mhí |
Cat | ceithre mhí |
6. Aon mhionobráid is gnách a dhéanamh gan anaestéiseach toisc í a bheith gasta nó gan phian.