Uimhir 10 de 1970
AN tACHT MARCANNA EARRAÍ CEANNAÍOCHTA, 1970
[An tiontú oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “coimeádán” coimeádán ina bpacáiltear earraí aon tráth sula dtairgtear iad chun a ndíolta ar mionreic agus atá oiriúnach don díol sin, agus folaíonn sé mála, buidéal, bosca, canna, cartún, clúdach, eangach, líon, sac nó fillteán (cibé acu a chlúdaíonn nó nach gclúdaíonn an fillteán sin go hiomlán a lánas nó atá cuid dá lánas gan chlúdach) ina bpacáiltear earraí den sórt sin;
ciallaíonn “earraí” aon ní is ábhar trádála, monaraíochta nó marsantais;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
folaíonn an briathar “díol” a thairiscint, a thaispeáint nó a choimeád le díol nó a imdháil ar luaíocht agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.
Orduithe maidir le lánas coimeádán a mharcáil.
2.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil, maidir le hearraí de chineál a shonrófar san ordú—
(a) nach bpacálfar i gcoimeádán iad mura mbeidh ar an gcoimeádán nó (má bhíonn coimeádán nó coimeádáin laistigh agus coimeádán seachtrach ann) ar choimeádáin amháin ar a laghad fógra is infheicthe go réidh gan aon choimeádán a bhaint as a áit ná a oscailt, a bheidh i cibé foirm a shonrófar san ordú agus a déarfaidh go soiléir an chainníocht earraí a bheidh sa choimeádán faoi threoir cibé ceann nó níos mó acu seo a leanas, is é sin le rá, a meáchan, a dtomhas agus a líon, a shonrófar san ordú, agus, más oiriúnach leis an Aire, ainm agus seoladh pacálaí na n-earraí,
(b) nach bpacálfar aon chainníocht díobh i gcoimeádán seachas cainníocht a shonrófar san ordú faoi threoir cibé ceann amháin níos mó acu seo a leanas, is é sin, meáchan, tomhas agus líon na n-earraí, a shonrófar san ordú,
(c) nach ndéanfar iad a allmhairiú ar mhodh trádála ná a dhíol ar mionreic, pacáilte i gcoimeádán mura mbeidh ar an gcoimeádán nó (má bhíonn coimeádán nó coimeádáin laistigh agus coimeádán seachtrach ann) ar choimeádán amháin ar a laghad fógra is infheicthe go réidh gan aon choimeádán a bhaint as a áit ná a oscailt, a bheidh i cibé foirm a shonrófar san ordú agus a déarfaidh go soiléir an chainníocht earraí a bheidh sa choimeádán, faoi threoir ceann amháin nó níos mó acu seo a leanas, is é sin le rá, a meáchan, a dtomhas, agus a líon, a shonrófar san ordú agus, más oiriúnach leis an Aire, ainm agus seoladh pacálaí na n-earraí nó, má allmhairíodh na hearraí pacáilte sa choimeádán, allmhaireora na n-earraí,
(d) nach ndéanfar iad a allmhairiú ar mhodh trádála ná a dhíol ar mionreic, pacáilte, an chainníocht sin díobh, i gcoimeádán seachas cainníocht a shonrófar san ordú faoi threoir ceann amháin nó níos mó acu seo a leanas, is é sin, meáchan, tomhas agus líon na n-earraí, a shonrófar san ordú.
(2) I gcás ina gceanglóidh ordú faoin alt seo an chainníocht earrai a bheidh pacáilte i gcoimeádán a bheith luaite i bhfógra ar an gcoimeádán nó nach bpacálfar aon chainníocht earraí i gcoimeádán seachas cainníocht a shonrófar san ordú, féadfaidh an t-ordú a fhoráil nach mbeidh ar aon gcainníocht earraí a bheidh le cur in iúl mar a dúradh nó ar an gcainníocht earraí a shonrófar mar a dúradh, de réir mar a bheidh, aon chainníocht leachta nó substainte eile a chuirfear leis na hearraí le linn iad a phacáil sa choimeádán agus féadfaidh sé an tslí a shonrú ina ndéanfar amach an gcomhlíonann an chainníocht de na hearraí atá sa choimeádán na forálacha atá san ordú de bhua an fho-ailt seo.
(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo an tslí a shonrú ina ndéanfar amach an chainníocht earraí a bheidh pacáilte i gcoimeádán.
(4) I gcás ina gceanglóidh ordú faoin alt seo fógra a bheith ar choimeádán, féadfaidh an t-ordú an tslí a shonrú ina dtaispeáinfear an fógra ar an gcoimeádán.
(5) Féadfaidh cibé forálacha a bheith in ordú faoin alt seo is dóigh leis an Aire is inmhianaithe chun a áirithiú go mbeidh fógra a thaispeáinfear ar choiméadán de bhun an ordaithe infheicthe agus inléite go soiléir agus nach dtaispeáinfear é ar shlí go dtabharfaidh sé nó gur dóigh do dtabharfaidh sé eolas bréagach nó eolas míthreorach maidir lena bhfuil de chainníocht sa choimeádán.
(6) Aon ordú a dhéanfaidh socrú do na hábhair a shonraítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1) den alt seo ní bheidh feidhm aige, a mhéid a dhéanann sé socru den sórt sin, maidir le hearraí a bheartaítear a onnmhairiú as an Stát.
(7) Ní bheidh feidhm ag ordú faoin alt seo maidir le haon earraí a ndéanfaidh an tAire, agus é deimhnitheach go raibh sé beartaithe, an tráth a bhíothas ag pacáil na n-earraí a gcomeádáin, na hearraí a onnmhairiú agus gur rud réasúnach a cheadú na hearraí a dhíol sa Stát gan forálacha an Achta seo a chomlíonadh, údarás i scríbhinn a thabhairt do cheadú an díola sin.
(8) Féadfaidh ordú faoin alt seo a fhoráil go ndéanfar, i gcás an chainníocht earraí d'aon chineál a bheidh pacáilte i gcoimeádán a bheith níos mó nó níos lú de mhéid nó ceatadán sonraithe ná—
(a) an chainníocht earraí den sórt sin a bheidh luaite i bhfógra den chineál a shonraítear i mír (a) nó (c) d'fho-alt (1) den alt seo ar an gcoimeádán, nó
(b) cainníocht a bheidh sonraithe le hordú chun críocha mhír (b) nó (d) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le hearraí den chineál sin,
a mheas, maidir leis an gcainníocht a bheidh pacáilte amhlaidh, gurb ionann í agus an chainníocht a bheidh luaite nó sonraithe amhlaidh, de réir mar a bheidh, agus féadfar méideanna nó céatadáin éagsúla a shonrú maidir le hearraí de chineálacha éagsúla, cainníochtaí éagsúla earraí agus cineálacha éagsúla coimeádán.
(9) Féadfaidh ordú faoin alt seo a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an ordú in imthosca nó faoi réir coinníollacha a shonrófar san ordú.
(10) Dhá mhí ar laghad roimh an dáta a dhéanfar ordú faoin alt seo foilseofar san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad fógra go bhfuil an tAire chun an t-ordú a dhéanamh agus ráiteas gearr ar éifeacht an ordaithe.
(11) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.
(12) Ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo gan an tAire dul i gcomhairle roimh ré le cibé daoine a bhfeicfear dó leas substainteach a bheith acu in ábhar ginearálta an ordaithe, mura dóigh leis an Aire, i gcás ordú faoi fho-alt (11) den alt seo, gur gá an t-ordú a dhéanamh gan dul i gcomhairle amhlaidh.
Baránta intuigthe maidir le pacáil earraí.
3.—(1) I gconradh i gcomhair díolacháin earraí de chineál lena mbaineann ordú faoi alt 2 den Acht seo, tá baránta intuigthe nach sárú ar fhorálacha an Achta seo nó ordaithe faoin Acht seo pacáil na n-earraí agus nach de shórt é go dtiocfaidh de, maidir le díol nó allmhairiú na n-earraí, na forálacha sin a shárú.
(2) Aon chonradh i gcomhair díolacháin a bhfuil, díreach nó neamhdhíreach, d'éifeacht aige sochar baránta den chineál a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a bhaint de dhuine beidh sé, a mhéid a bheidh an éifeacht réamhráite aige, ar neamhní.
Cumhachtaí oifigeach údaraithe.
4.—(1) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine atá údaraithe i scríbhinn ag an Aire nó ag comhairle contae nó ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile i ndáil lena limistéar feidhmiúcháin chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú chun críocha na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, agus an Achta seo.
(2) Cuirfidh údarás oifigigh údaraithe in iúl na hábhar a bhféadfaidh sé gníomhú ina leith faoin alt seo.
(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon eolas a fháil a bheidh ag teastáil chun a chumasú don Aire nó do chomhairle contae nó do bhardas contae-bhuirge nó buirge eile, de réir mar a bheidh, chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú faoi na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, nó faoin Acht seo, ar údarás an oifigigh a thabhairt ar aird, má iarrtar sin—
(a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina ndéantar aon ghníomhaíocht i ndáil le pacáil earraí i gcoimeádáin nó i ndáil le monarú, próisiú, soláthar, imdháil nó allmhairiú earraí agus an t-áitreabh agus aon choimeádáin nó earraí a bheidh pacáilte i gcoimeádáin san áitreabh a iniúchadh agus, tar éis íoc as nó astu nó ar a thairiscint íoc as nó astu, coimeádán amháin nó níos mó (agus earraí pacáilte nó gan bheith pacáilte ann nó iontu) a thógáil leis agus, más oiriúnach leis, an céanna a iniúchadh, a thástáil agus a thomhas san áitreabh,
(b) a cheangal ar an duine a dhéanann gníomhaíocht den sórt sin agus ar aon duine a bheidh ar fostú i ndáil leis an ngníomhaíocht sin aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhainfidh leis an ngníomhaíocht sin agus a bheidh faoi chumhacht nó rialú an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach agus cibé eolas a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún i dtaobh aon sonraí sna leabhair, sna doiciméid agus sna taifid sin,
(c) na leabhair, na doiciméid agus na taifid sin a iniúchadh, cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,
(d) a cheangal ar dhuine den sórt sin aon eolas a thabhairt don oifigeach a iarrfaidh sé i dtaobh na ndaoine a dhéanann gníomhaíocht den sórt sin (lena n-áirítear go sonrach, i gcás comhlachta neamhchorpraithe daoine, eolas i dtaobh a chomhaltais agus comhaltas a choiste bhainistí nó a údaráis rialaithe eile) nó atá ar fostú in ndáil leis sin,
(e) a cheangal ar dhuine den sórt sin aon eolas eile a thabhairt don oifigeach a iarrfaidh ar t-oifigeach le réasún maidir leis an ngníomhaíocht sin.
(4) Aon oifigeach údaraithe a thógfaidh coimeádán de bhun an ailt seo déanfaidh sé—
(a) a chur in iúl láithreach don duine arb ina áitreabh a thógfar an coimeádán nó dá ghníomhaire go bhfuil an coimeádán á thógáil de bun an ailt seo, agus
(b) má cheaglaíonn an duine sin nó an gníomhaire sin air é tráth an fógra a thabhairt, an dara coimeádán a shamhail nó coimeádán amháin a roghnú as na coimeádáin a thógfaidh sé agus an dara coimeádán nó an coimeádán a roghnófar amhlaidh, de réir mar a bheidh, a mharcáil agus a shéalú agus a fhágáil ag an duine sin nó ag an ngníomhaire sin.
(5) I gcás airteagal a bheith á thástáil nó á iniúchadh faoin alt seo agus go raibh airteagail eile a shamhail ar fáil an tráth agus san áit a bhfuarthas an t-airteagal, déanfar cibé líon de na hairteagail a bheidh réasúnach sna himthosca a thástáil nó a iniúchadh, de réir mar a bheidh.
(6) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta nó nach ndéanfaidh de réir cheanglais faoin alt seo measfar gur sháraigh sé an t-alt seo.
Cionta.
5.—(1) Aon duine a sháróidh, nó a measfar gur sháraigh sé, foráil den Acht seo nó d'ordú faoin Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile nó, i gcás duine a sháróidh foráil d'ordú mar a dúradh, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná dhá mhíle punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile.
(2) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin Acht seo maidir leis an gcainníocht earraí a bhí pacáilte i gcoimeádán, is cosaint i gcoinne an chúisimh aige a shuíomh go raibh an chainníocht earraí a bhí sa choimeádán tráth na hearraí a phacáil nó a allmhairiú i gcomhréir le forálacha an Achta agus gurb é cúis a bhí le haon athrú ar an gcainníocht sin ábhair dá ndearnadh alúntas réasúnach an tráth a pacáladh na hearraí.
(3) I gcás ina ndéanfar, maidir le hearraí, duine seachas an duine a phacáil nó d'allmhairigh na hearraí a chúiseamh i gcion faoin Acht seo, is cosaint i gcoinne an chúisimh aige a shuíomh gur dhéileáil sé sna hearraí de mheoin mhacánta agus gur ghlac sé cúram réasúnach chun a áirithiú go raibh an chainníocht earraí a pacáladh i gcoimeádáin ar comhréir le forálacha an Achta seo (agus más éard é an cion sárú ar fhoráil de chineál a shonraítear in alt 2 (1) (a) nó in alt 2 (1) (c) den Acht seo) go raibh fógraí a chomhlíon forálacha an Achta seo ar na coimeádáin.
(4) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin Acht seo maidir le hearraí a pacáladh i gcoimeádán, is cosaint i gcoinne an chúisimh aige a shuíomh—
(a) gur ghlac sé cúram réasúnach i gcoinne cion den chineál a mbeidh sé cúisithe ina leith a dhéanamh maidir leis na hearraí,
(b) nach raibh aon chúis aige a bheith in amhras, an tráth a rinneadh an cion líomhnaithe, gurbh shárú ar fhorálacha an Achta seo nó ordaithe faoin Acht seo an phacáil, an t-allmhairiú nó an díol, de réir mar a bheidh, agus
(c) gur chúis nach raibh aon neart aige uirthi a bhí leis na hearraí a phacáil, a allmhairú nó a dhíol, de réir mar a bheidh, contrártha d'fhorálacha an Achta seo nó ordaithe faoin Acht seo.
Cionta a ionchúiseamh.
1851, c. 93.
6.—(1) Féadfar imeachtaí i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh ag an Aire nó ag comhairle an chontae nó ag bardas na contae-bhuirge nó na buirge eile a líomhnaítear gurb ann nó gurb inti a rinneadh an cion.
(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, feádfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.
(3) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge nó buirge eile faoin alt seo a íoc mar a íoctar caiteachais a thabhaítear faoi alt 19 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931, ag údarás áitiúil a shonraítear san alt sin.
Feidhmeanna áirithe faoin Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931, a aistriú chun an Aire.
7.—Aistrítear leis seo chun an Aire na feidhmeanna, na cumhachtaí agus na dualgais a bhronntar nó a fhorchuirtear ar an Rialtas faoi ailt 7, 8, 9, 11, 12, 14 agus 15 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931, agus, dá réir sin, déanfar tagairtí sna hailt sin don Ard-Chomhairle (seachas an chéad tagairt den sórt sin agus an tríú tagairt den sórt sin san alt sin 7) a fhorléiriú mar thagairtí don Aire agus déanfar tagairtí san alt sin 12 d'ordú sriantachta a fhorléiriú mar thagairtí d'ordú faoin alt sin 8.
Cionta maidir le comhlachtaí corpraithe agus comhlachtaí neamhchorpraithe.
8.—I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag comhlacht neamhchorpraithe daoine agus a gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine agus é ina stiúrthóir, ina bhainisteoir ina rúnaí nó ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile de chuid aon chomhlachta den sórt sin nó é ina oifigeach eile den sórt sin d'aon chomhlacht den sórt sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.
Pionóis áirithe a mhéadú.
1887, c. 28.
9.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 (2) den Merchandise Marts Act, 1887, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ii):
“(ii) on summary conviction to imprisonment for a term not exceeding six months or to a fine not exceeding one hundred pounds; and”.
(2) Leasaítear leis seo alt 8 (3) den Merchandise Marks Act, 1887, trí “one hundred pounds” a chur in ionad “twenty pounds”.
(3) Leasaítear leis seo alt 23 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931, trí “céad punt a chur air” a chur in ionad “cuig púint do chur air, más é an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt, más é an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin”.
10.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931, trí—
(a) “do réir rialacha dhéanfaidh an tAire Airgid”, agus “, ag féachaint dóibh chun an fhaid a thógfa sé agus chun an mhéid a chosnóidh sé, dar leis an gCoimisiún, an t-iarratas do bhreithniú” a scriosadh as fo-alt (3), agus
(b) trí “an Aire Airgeadais,” a chur in ionad “an Aire sin”.
(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1968.
Ceadúnais allmhairithe.
11.—(1) Más é tuairim an Aire, i gcás earraí a bhfuil a n-allmh airiú toirmiscthe leis an Acht seo nó faoi, nó leis na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, nó fúthu, gur chúis chruatain mhíchuí an toirmeasc a chur i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, dá rogha féin ar iarratas a bheith déanta go cuí chuige, ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas san alt seo a dheonú á údarú don duine a bheidh ainmnithe sa cheadúnas na hearraí sin a allmhairiú.
(2) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le ceadúnas agus sonróidh sé sa cheadúnas iad.
(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas a chúlghairm.
(4) Gach duine a dhéanfaidh, d'fhonn ceadúnas a fháil dó féin nó d'aon duine eile, aon ráiteas nó uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh coinníoll a chomhlíonadh a bheidh ag gabháil le ceadúnas beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.
(5) Aon iarratas ar cheadúnas is i cibé foirm a bheidh sé agus beidh cibé sonraí ann a ordóidh an tAire ó am go ham.
(6) D'ainneoin aon ní san Acht seo nó in ordú faoi alt 2 den Acht seo, féadfaidh duine a bheidh ainmnithe i gceadúnas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire earraí a bheidh sonraithe sa cheadúnas a allmhairiú faoi réir aon choinníollacha a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas a chomhlíonadh.
Allmhairiú sealadach.
12.—I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le hearraí a bhfuil a n-allmhairiú toirmiscthe faoin Acht seo gurb earraí iad atáthar a allmhairiú lena n-onnmhairiú tar éis dul tríd an Stát nó ar mhodh trasloingsithe nó gurb earraí iad a ndearbhófar le linn iad a allmhairiú gur le haghaidh athonnmhairithe iad, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheadú na hearraí a allmhairiú faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is oiriúnach leo a fhorchur.
Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
13.—Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinnéadh roimhe sin faoin ordú.
Caiteachais an Aire.
14.—Íocfar , a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Gearrtheideal agus comhlua.
15.—(1) Féadfar an tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1970, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, agus den Acht seo le chéile.