Uimhir 10 de 1981
AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (BANÉIGEAN), 1981
[An tiontú oifigiúil]
[6 Bealtaine, 1981]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “cion banéigin” aon chion díobh seo a leanas, eadhon, banéigean, iarracht bhanéigin, duine do chabhrú nó do neartú le banéigean nó le hiarracht bhanéigin, nó do chomhairliú banéigean nó iarracht bhanéigin a dhéanamh agus dá thabhairt sin chun críche, agus duine a ghríosú chun banéigin;
ciallaíonn “gearánach” bean a líomhnaítear go ndearnadh cion banéigin i ndáil léi.
(2) San Acht seo forléireofar tagairtí do lánúnas collaí mar thagairtí d'fhios collaí mar a mhínítear sin in alt 63 den Offences against the Person Act, 1861, sa mhéid go mbaineann sé le lánúnas nádúrtha (faoina meastar gan lánúnas den sórt sin a bheith críochnaithe ach ar threá a chruthú).
(3) San Acht seo folaíonn “fear” agus “bean” faoi seach duine fireann agus duine baineann d'aon aois; ach ní dhéanann sin difear d'aon riail dlí a n-áirítear dá bhua duine fireann a bheith éagumasach mar gheall ar a aois ar chion d'aon chineál áirithe a dhéanamh.
An bhrí atá le “banéigean”.
2.—(1) Déanann fear banéigean—
(a) má dhéanann sé lánúnas collaí neamhdhleathach le bean nach dtoilíonn leis an lánúnas tráth a dhéanta, agus
(b) más eol dó an tráth sin nach dtoilíonn sí leis an lánúnas nó más cuma leis í do thoiliú nó gan toiliú leis,
agus déanfar tagairtí do bhanéigean san Acht seo agus in aon achtachán eile a fhorléiriú dá réir sin.
(2) Dearbhaítear leis seo, más rud é i dtriail i gcion banéigin go mbeidh ar ghiúiré a bhreithniú ar chreid fear go raibh bean ag toiliú le lánúnas collaí, gur ní nach mór don ghiúiré aird a bheith acu air foras réasúnach a bheith nó gan a bheith ann chun sin a chreidiúint, i dteannta aon nithe ábhartha eile, agus iad á bhreithniú ar chreid sé amhlaidh.
Sriantachtaí ar fhianaise i dtrialacha maidir le cionta banéigin.
3.—(1) Más rud é i dtriail go gcúiseofar aon duine de thuras na huaire i gcion banéigin a bpléadálann sé neamhchiontach ann, ansin, ach amháin le cead ón mbreitheamh, ní dhéanfaidh aon duine cúisithe, ná ní dhéanfar thar a cheann, aon fhianaise a thabhairt ar aird ná aon cheist a chur le linn croscheistiú sa triail i dtaobh aon taithíocht chollaí a bhí ag gearánach le duine seachas an cúisí sin.
(2) (a) Ní thabharfaidh an breitheamh cead de bhun fho-alt (1) maidir le haon fhianaise nó ceist ach amháin ar iarratas a dhéanfaidh duine cúisithe nó a dhéanfar thar ceann duine chúisithe chuige agus an giúiré as láthair.
(b) Tabharfaidh an breitheamh cead más deimhin leis, agus ar an gcuntar amháin gur deimhin leis, gurbh éagóir ar an duine cúisithe diúltú cead a thabhairt an fhianaise a thabhairt ar aird nó an cheist a chur, is é sin le rá, más deimhin leis, ar an toimhde dá mba nach gceadófaí an fhianaise nó an cheist go mbeadh an giúiré sásta le réasún thar amhras réasúnach go bhfuil an duine cúisithe ciontach, gur dóigh le réasún gurbh é ab éifeacht don fhianaise nó don cheist a cheadú nach mbeidís sásta amhlaidh.
(3) Más rud é, d'ainneoin cead a bheith tugtha ag an mbreitheamh de réir an ailt seo chun aon fhianaise a thabhairt ar aird nó aon cheist a chur i gcroscheistiú, gur dealraitheach don bhreitheamh maidir le haon cheist a cuireadh nó a bheartaítear a chur (le linn an fhianaise sin a thabhairt ar aird amhlaidh nó an croscheistiú a dhéanamh) agus an cead a thug sé mar thaca leis sin, nach ceist atá inti nó a bheidh inti a fhéadfar a chur go cuí de réir an cheada sin, féadfaidh sé a ordú nach gcuirfear an cheist nó, má chuirtear í, nach bhfreagrófar í ach amháin de réir chead uaidhsean arna thabhairt ar iarratas nua faoin alt seo.
(4) Ní údaraíonn aon ní san alt seo fianaise a thabhairt ar aird ná ceist a chur nach dtig a thabhairt ar aird ná a chur ar leith ón alt seo.
Réamhcheistiú.
4.—(1) I gcás ina ndéanfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche réamhcheistiú maidir le cúiseamh i gcion banéigin, ansin, gan cead ón mbreitheamh, ní thabharfar fianaise ar aird ná ní chuirfear ceist ag an gceistiú nach bhféadfaí, dá mba thriail den sórt a luaitear in alt 3(1) an ceistiú, a thabhairt ar aird ná a chur gan cead de bhun an ailt sin.
(2) Nuair a dhéanfar iarratas ar chead déanfaidh an breitheamh—
(a) cead a dhiúltú mura deimhin leis gur dóigh go dtabharfaí cead ag triail den sórt sin maidir leis an bhfianaise nó leis an gceist, nó
(b) cead a thabhairt más deimhin leis amhlaidh.
(3) Bainfidh alt 3 (3) le hiarratas faoi fho-alt (2) den alt seo ach tagairtí don bhreitheamh den Chúirt Dúiche a chur in ionad tagairtí don bhreitheamh.
Trialacha aosánach.
5.—I gcás ina ndéanfar duine a bheidh cúisithe i gcion banéigin a thriail go hachomair sa chion sin de bhun an Summary Jurisdiction over Children (Ireland) Act, 1884, arna leasú le halt 133 (6) den Children Act, 1908, agus le halt 28 d'Acht na Leanbhaí, 1941 (a fhorálann go ndéanfar daoine faoi bhun 17 mbliana d'aois a bheidh cúisithe i gcionta indíotáilte a thriail go hachomair i gcásanna áirithe)—
(a) beidh éifeacht le hailt 2 (2) agus 3 (2) (b) ionann is dá gcuirfí tagairtí don chúirt in ionad na dtagairtí don ghiúiré,
(b) beidh éifeacht le halt 3 (2) (a) ionann is dá bhfágfaí amach na focail “agus an giúire as láthair”, agus
(c) beidh éifeacht le halt 3, le fo-ailt (3) agus (4) d'alt 7 agus le fo-ailt (2), (4) agus (5) d'alt 8 ionann is dá gcuirfí tagairtí don chúirt in ionad na dtagairtí don bhreitheamh.
An pobal a eisiamh.
6.—(1) Faoi réir fho-alt (2), d'ainneoin alt 111 (4) den Children Act, 1908, alt 20 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951, agus alt 16 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, déanfaidh an breitheamh nó an chúirt, de réir mar a bheidh, gach duine ach amháin oifigigh don chúirt agus daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis na himeachtaí a eisiamh ón gcúirt nuair a bheidh iarratas faoi alt 3 (lena n-áirítear an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 5) nó faoi alt 4 (2) á éisteacht.
(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) dochar do cheart tuismitheora, gaoil nó cara don ghearánach nó, i gcás ar duine é an cúisí atá faoi bhun 21 bliain d'aois, an chúisí fanacht sa chúirt.
Ainmneacha gearánach a choimeád ceilte.
7.—(1) Faoi réir fho-alt (8) (a) ní dhéanfar, tar éis duine a chúiseamh i gcion banéigin, aon ábhar ar dóigh dó a chur ar chumas daoine den phobal a aithint gur bean áirithe an gearánach i ndáil leis an gcúiseamh sin a fhoilsiú i bhfoilseachán scríofa atá ar fáil don phobal ná a chraoladh ach amháin mar a údarófar le hordachán arna thabhairt de bhun an ailt seo.
(2) Más rud é, tráth ar bith sula dtosófar ar dhuine a thriail i gcion banéigin, go ndéanfaidh seisean nó duine eile ar dóigh don ghearánach fianaise a thabhairt ina choinne sa triail iarratas chun breitheamh den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda ar ordachán de bhun an ailt seo agus go ndeimhneoidh sé don bhreitheamh—
(a) go bhfuil an t-ordachán ag teastáil chun daoine ar dóigh gá a bheith leo mar fhinnéithe sa triail a aslú chun teacht i láthair, agus
(b) gur dóigh, mura dtabharfar an t-ordachán, go ndéanfaidh sé dochar don chaoi a seolfar cosaint an iarratasóra sa triail,
ordóidh an breitheamh nach mbeidh feidhm, de bhua an chúisimh ag líomhain an chiona réamhráite, ag fo-alt (1) maidir le cibé ábhar i dtaobh an ghearánaigh a bheidh sonraithe san ordachán.
(3) Más rud é nuair a bheidh duine á thriail i gcion banéigin go ndéanfaidh seisean nó duine eile atá cúisithe freisin sa triail iarratas chun an bhreithimh ar ordachán de bhun an fho-ailt seo agus go ndeimhneoidh sé don bhreitheamh—
(a) go bhfuil an t-ordachán ag teastáil chun daoine ar dóigh gá a bheith leo mar fhinnéithe sa triail a aslú chun teacht i láthair,
(b) gur dóigh, mura dtabharfar an t-ordachán, go ndéanfaidh sé dochar don chaoi a seolfar cosaint an iarratasóra sa triail, agus
(c) go raibh cúis mhaith nach ndearna sé iarratas faoi fho-alt (2) roimh thosach na trialach,
ordóidh an bhreitheamh nach mbeidh feidhm, de bhua an chúisimh ag líomhain an chiona réamhráite, ag fo-alt (1) maidir le cibé ábhar i dtaobh an ghearánaigh a bheidh sonraithe san ordachán.
(4) Más rud é i dtriail i gcion banéigin gur deimhin leis an mbreitheamh gurb é is éifeacht d'fho-alt (1) sriantacht úimléideach mhíréasúnach a chur le tuairisciú imeachtaí sa triail agus gur le leas an phobail an tsriantacht a dhíchur nó a mhaolú, ordóidh sé nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir le cibé ábhar i dtaobh an ghearánaigh a bheidh sonraithe san ordachán; ach ní thabharfar ordachán de bhun an fho-ailt seo de bhíthin amháin gur éigiontaíodh duine cúisithe sa triail.
(5) Má dhéanann duine a ciontaíodh i gcion agus a thug fógra i dtaobh achomharc in aghaidh an chiontaithe, nó, ar é a chiontú ar díotáil, fógra i dtaobh iarratas ar chead chun achomharc a dhéanamh amhlaidh, iarratas chun na cúirte achomhairc ar ordachán de bhun an fho-ailt seo agus go ndeimhneoidh sé don chúirt—
(a) go bhfuil an t-ordachán ag teastáil chun fianaise a fháil mar thaca leis an achomharc, agus
(b) gur dóigh go ndéanfar éagóir ar an iarrastasóir mura dtabharfar an t-ordachán,
ordóidh an chúirt nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le cibé ábhar i dtaobh gearánach sonraithe agus cion banéigin a bheidh sonraithe san ordachán.
(6) Má dhéantar aon ní a fhoilsiú nó a chraoladh contrártha d'fho-alt (1), beidh na daoine seo a leanas, eadhon—
(a) i gcás foilsiú i nuachtán nó i dtréimhseachán, aon dílseánach, aon eagarthóir agus aon fhoilsitheoir de chuid an nuachtáin nó an tréimhseacháin,
(b) i gcás aon fhoilsiú eile, an duine a fhoilseoidh é, agus
(c) i gcás craoladh, aon chomhlacht corpraithe a thraiseolfaidh nó a sholáthróidh an clár ina ndéanfar an craoladh agus aon duine ag a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis an gclár atá ar aon dul leis na feidhmeanna atá ag eagarthóir nuachtáin,
ciontach i gcion.
(7) San alt seo—
ciallaíonn “craoladh” fuaim-íomhánna agus dearc-íomhánna a chraoltar trí raidiótheileagrafaíocht agus atá ceaptha lena nglacadh go ginearálta, agus forléireofar abairtí gaolmhara dá réir sin;
folaíonn “foilseachán scríofa” scannán, fuaimraon agus aon taifead eile i mbuanfhoirm ach ní fholaíonn sé díotáil ná doiciméad eile a ullmhaítear lena úsáid in imeachtaí áirithe dlí.
(8) Ní dhéanann aon ní san alt seo—
(a) toirmeasc a chur le foilsiú nó le craoladh ábhar nach bhfuil ann ach tuarascáil ar imeachtaí dlí seachas imeachtaí i dtriail ina bhfuil an cúisí cúisithe i gcion banéigin, nó imeachtaí a bhfuil sé ceaptha triail den sórt sin a theacht astu, nó achomharc a éiríonn as triail den sórt sin, ná
(b) difear d'aon toirmeasc nó sriantacht a fhorchuirtear de bhua aon achtacháin eile ar fhoilsiú nó ar chraoladh.
(9) Ní dhéanfaidh ordachán de bhun an ailt seo difear d'oibriú fho-alt (1) tráth ar bith sula dtugtar an t-ordachán.
(10) Más rud é, tar éis tosú ar dhuine a thriail i gcion banéigin, go n-ordófar go gcuirfear triail nua ar an duine sin sa chion sin, ní thabharfar aird chun críocha fho-ailt (2) agus (3) ar thosach aon trialach roimhe sin ar an duine sin sa chion sin.
Ainm an chúisí a choimeád ceilte.
8.—(1) Tar éis duine a chúiseamh i gcion banéigin ní dhéanfar aon ábhar ar dóigh dó a chur ar chumas daoine den phobal a aithint gurb eisean an duine a ndearnadh an cúiseamh ina aghaidh a fhoilsiú i bhfoilseachán scríofa a bheidh ar fáil ag an bpobal ná a chraoladh ach amháin—
(a) mar a údarófar le hordachán arna thabhairt de bhun an ailt seo nó de bhua alt 7 (8) (a) arna fheidhmiú le fo-alt (6) den alt seo, nó
(b) tar éis é a bheith ciontaithe sa chion.
(2) Má dhéanann duine a cúisíodh i gcion banéigin iarratas chun breitheamh den Chúirt Dúiche, sula dtosófar ar é a thriail sa chion sin, ar ordachán de bhun an fho-ailt seo, ordóidh an breitheamh nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) ina leith maidir leis an gcúiseamh; agus más rud é, i dtriail ina gcúiseofar an duine sin i gcion banéigin nach mbeidh ordachán den sórt sin faighte aige ina leith, go ndéanfaidh an duine sin iarratas chun an bhreithimh ar ordachán de bhun an fho-ailt seo, ordóidh an breitheamh nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an duine sin i ndáil leis an gcúiseamh.
(3) Más rud é, tráth ar bith sula dtosófar ar dhuine a thriail i gcion banéigin, go ndéanfaidh duine eile atá le cúiseamh i gcion banéigin sa triail iarratas chun breitheamh den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda ar ordachán de bhun an fho-ailt seo agus go ndeimhneoidh sé don bhreitheamh—
(a) go bhfuil an t-ordachán ag teastáil chun daoine ar dóigh gá a bheith leo mar fhinnéithe sa triail a aslú chun teacht i láthair, agus
(b) gur dóigh, mura dtabharfar an t-ordachán, go ndéanfaidh sé dochar don chaoi a seolfar cosaint an iarratasóra sa triail,
ordóidh an breitheamh nach mbeidh feidhm, de bhua an chúisimh ag líomhain an chiona réamhráite, ag fo-alt (1) maidir le cibé ábhar i dtaobh an duine chéadluaite a bheidh sonraithe san ordachán.
(4) Más rud é nuair a bheidh duine á thriail i gcion banéigin go ndéanfaidh duine eile atá cúisithe freisin sa triail iarratas chun an bhreithimh ar ordachán de bhun an fho-ailt seo agus go ndeimhneoidh sé don bhreitheamh—
(a) go bhfuil an t-ordachán ag teastáil chun daoine ar dóigh gá a bheith leo mar fhinnéithe sa triail a aslú chun teacht i láthair,
(b) gur dóigh, mura dtabharfar an t-ordachán, go ndéanfaidh sé dochar don chaoi a seolfar cosaint an iarratasóra, agus
(c) go raibh cúis mhaith nach ndearna sé iarratas faoi fho-alt (3) roimh thosach na trialach,
ordóidh an breitheamh nach mbeidh feidhm, de bhua an chúisimh ag líomhain an chiona réamhráite, ag fo-alt (1) maidir le cibé ábhar i dtaobh an duine chéadluaite a bheidh sonraithe san ordachán.
(5) Más rud é i dtriail ina ndéanfar duine a chúiseamh i gcion banéigin gur deimhin leis an mbreitheamh gurb é is éifeacht d'fho-alt (1) sriantacht úimléideach mhíréasúnach a chur le tuairisciú imeachtaí sa triail agus gur le leas an phobail an tsriantacht a dhíchur nó a mhaolú maidir leis an duine sin, ordóidh an breitheamh nach mbeidh feidhm, de bhua an chúisimh ag líomhain an chiona réamhráite, ag fo-alt (1) maidir le cibé ábhar i dtaobh an duine sin a bheidh sonraithe san ordachán.
(6) Beidh éifeacht le fo-ailt (6) go (9) d'alt 7 chun críocha an ailt seo ionann is dá gcuirfí tagairtí don alt seo in ionad na dtagairtí don alt sin.
(7) Más rud é, tar éis tosú ar dhuine a thriail i gcion banéigin, go n-ordófar go gcuirfear triail nua ar an duine sin sa chion sin, ní thabharfar aird chun críocha fho-ailt (2), (3) agus (4) ar thosach aon trialach roimhe sin ar an duine sin sa chion sin.
Trialacha ag armchúirt.
9.—(1) Baineann an tAcht seo le cion banéigin a thriail ag armchúirt fara na modhnuithe is gá.
(2) Go háirithe—
(a) in ionad na dtagairtí do bhreitheamh in alt 7 (2) nó in alt 8 (3) agus in ionad na dtagairtí do bhreitheamh den Chúirt Dúiche in alt 8 (2) cuirfear tagairtí don údarás comórtha, agus
(b) in ionad na dtagairtí in alt 3 agus in ionad tagairtí eile in alt 7 nó 8 do bhreitheamh cuirfear tagairtí don armchúirt.
Ionsaí mígheanasach ar bhaineannach a phionósú.
10.—(1) Má chiontaítear duine ar díotáil mar gheall ar aon ionsaí mígheanasach ar bhaineannach dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana a chur air.
(2) Aisghairtear leis seo alt 6 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935.
Pionós mar gheall ar ábhar neamhúdaraithe a fhoilsiú.
11.—(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 7 (6) (lena n-áirítear cion faoin alt sin arna fheidhmiú le halt 8 (6)) dlífear ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.
(2) (a) I gcás a gcruthófar maidir le cion lena mbaineann fo-alt (1) agus a rinne comhlacht corpraithe, go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin ciontach sa chion sin chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.
(b) I gcás gnóthaí comhlachta chorpraithe a bheith á mbainistí ag a chomhaltaí, beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtaintí comhalta i ndáil lena fheidhmeanna bainistí ionann is dá mba stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe é.
(3) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion lena mbaineann fo-alt (1) is cosaint é a chruthú nárbh eol dó, nó nach raibh amhras air ná cúis aige bheith in amhras, san am a ndearnadh an cion a líomhnaíodh, gur ábhar den sórt a luaitear in alt 7 (1) nó in alt 8 (1), cibé acu é, a bhí san fhoilseachán nó sa chraoladh áirithe.
Dlínse achomair.
12.—(1) Beidh dlínse ag breitheamh den Chúirt Dúiche cion lena mbaineann alt 10 nó 11 a thriail go hachomair—
(i) más é tuairim an bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh i gcoinne cosantóir a bheidh cúisithe sa chion sin,
(ii) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, agus
(iii) mura ndéanfaidh an cosantóir (ar an mbreitheamh á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid i gcoinne a thriail go hachomair,
agus, ar an gcosantóir a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.
(2) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 (a fhorálann an nós imeachta má phléadálann duine ciontach sa Chúirt Dúiche i gcion indíotáilte) i ndáil le cion a luaitear i bhfo-alt (1) ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin a fhorléiriú dá réir sin.
(3) Ní bhainfidh alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 (a fhorálann do na cionta indíotáilte a fhéadfar a thriail go hachomair le toiliú an chúisí) le cion lena mbaineann alt 10.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
13.—(1) Féadfar an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí tar éis dáta a rite.
(3) Ní bheidh éifeacht le halt 3 (lena n-áirítear an t-alt sin arna fheidhmiú le hailt 5 agus 9) ná le halt 4 i ndáil le triail nó réamhcheistiú a thosóidh roimh thosach feidhme an Achta seo agus ní bheidh éifeacht le hailt 7 agus 8 i ndáil le cúiseamh ag líomhain ciona banéigin a dhéanfar roimh an tosach feidhme sin.
(4) Ní bheidh éifeacht le halt 10 ná, a mhéid a bhaineann sé le cion faoi alt 10, le halt 12, i ndáil le cion a dhéanfar roimh thosach feidhme an Achta seo.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Children Act, 1908 | 1908, c. 67 |
Offences against the Person Act, 1861 | 1861, c. 100 |
Summary Jurisdiction over Children (Ireland) Act, 1884 | 1884, c. 19 |