[EN]

Uimhir 11 de 1939.


[EN]

ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH (LEASÚ), 1939.


ACHT CHUN AN ACHTA UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH, 1934, DO LEASÚ.

[31adh Bealtaine, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

1.—(1) Féadfar an tAcht um Bailte agus Líomatáistí do Shineadh Amach (Leasú), 1939, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

[EN]

Míniú agus léiriú.

2.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 (Uimh. 22 de 1934).

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus dá réir sin gach abairt agus focal dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san beidh leo san Acht so agus chun crícheanna an Achta so, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, an bhrí tugtar dóibh amhlaidh.

[EN]

“Unaer.”

3.—San Acht so cialluíonn an focal “únaer”, maidir le haon talamh no maoin, duine ar bith (seachas morgáistí ná beidh i seilbh) a bheidh de thurus na huaire i dteideal bith-dhílse na talmhan no na maoine sin, no bith-dhílse aon téarma de bhlianta a bheidh á chaitheamh de thurus na huaire maidir leis an talamh no leis an maoin sin agus gur sia ná trí bliana a mbeidh gan caitheamh de, do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile.

CUID II.

Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht.

[EN]

Comhachta chun líomatáistí teorannacha do scrúdú agus do shuirbhéireacht.

4.—(1) Féadfaidh comhairle chontae-bhuirge, bhuirge, no bhailecheanntair uair ar bith aon pháirt de cheanntar shláinte chontae ar theorainn na contae-bhuirge, na buirge, no an bhailecheanntair sin do chur á scrúdú agus á suirbhéireacht, agus a dála agus a riachtanaisí do chur á n-iniúchadh, d'fhonn a chinneadh ce'ca ba cheart no nár cheart don chomhairle sin ordú d'iarraidh ar an Aire fé alt 21 den Phríomh-Acht á dhearbhú an pháirt sin den cheanntar shláinte chontae sin do bheith curtha leis an gceanntar pleanála agus do bheith ina cuid den cheanntar phleanála is ionann agus an chontae-bhuirg, an bhuirg, no an bailecheanntar san no ina bhfuil an céanna.

[EN]

(2) Duine ar bith go mbeidh údarás aige chuige sin i scríbhinn o chomhairle chontae-bhuirge, bhuirge, no bhailecheanntair féadfaidh, chun críche aon scrúduithe no suirbhéireachta no iniúchta údaruíonn an t-alt san don chomhairle sin do chur á dhéanamh, agus ar an údarás san i scríbhinn do thaisbeáint, dul isteach idir a naoi a chlog ar maidin agus a sé a chlog um thráthnóna ar aon talamh sa pháirt de cheanntar shláinte chontae gur maidir léi a bheidh an scrúdú no an tsuirbhéireacht no an t-iniúchadh san á dhéanamh agus éinní do dhéanamh san áit sin is dóich leis an duine sin do réir réasúin do bheith riachtanach chun na críche sin.

[EN]

(3) Gach duine chuirfidh bac ar aon duine eile no chuirfidh isteach air agus an duine eile sin ag feidhmiú aon chomhachta bheidh dílsithe ann de bhuadh an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Nea-mbríochaint do dhéanamh ar rún le n-ar cinneadh scéim phleanála do cheapadh.

5.—(1) Pé uair a chinnfidh údarás pleanála, le rún fé alt 26 den Phríomh-Acht, scéim phleanála do cheapadh d'aon líomatáiste áirithe beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an rúin sin do rith déanfaidh an t-údarás pleanála san fógra á rá gur ritheadh an rún san d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead gach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i dtrí páipéirí nuachta (agus ceann amháin ar a laighead acu san ina pháipéar nuachta laethúil) a léightear sa líomatáiste sin;

[EN]

(b) beidh an fógra san sa bhfuirm orduithe agus déarfar ann, i dteanta éinní eile bheidh orduithe, go bhféadfaidh aon únaer maoine sa líomatáiste sin, fé cheann dhá mhí tar éis an dara foillsithe ar an bhfógra san do bheith críochnuithe, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an rún san do chur ar nea-mbrí;

[EN]

(c) sara mbeidh dhá mhí ón am a críochnófar an dara foillsiú ar an bhfógra san caithte (ach ní dá éis sin) féadfaidh aon únaer maoine sa líomatáiste sin a iarraidh ar an Ard-Chúirt an rún san do chur ar nea-mbrí agus féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas san do bhreithniú, an rún san do chur ar nea-mbrí más dóich leis an Ard-Chúirt an rún san do bheith nea-mbailidhe mar gheall ar chúis ar bith;

[EN]

(d) mara ndeintear aon iarratas fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so fé cheann na haimsire ceaptar chuige sin leis an mír sin tuigfear an rún san do bheith bailidhe riamh chun gach críche;

[EN]

(e) má deintear iarratas no iarrataisí chun na hArd-Chúirte fé réim agus do réir na bhforálacha san roimhe seo den fho-alt so agus, nuair a bheidh an bhreith dheiridh á tabhairt ar an iarratas no na hiarrataisí sin, ná cuirfear an rún san ar nea-mbrí beidh an rún san, agus tuigfear go raibh sé riamh, bailidhe chun gach críche.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt so maidir le gach rún fé alt 26 den Phríomh-Acht pe'ca ritheadh é roimh an Acht so do rith no rithfear é dá éis sin agus, chun crícheanna na feidhme sin maidir le rúin fén alt san 26 do ritheadh roimh an Acht so do rith, tuigfear, i dtaobh gach rúin do ritheadh amhlaidh, gur i gcionn mí tar éis dáta an Achta so do rith do ritheadh é.

[EN]

Fógra i dtaobh rúin á chinneadh go gceapfaí scéim phleanála.

6.—An méid sin d'fho-alt (1) d'alt 26 den Phríomh-Acht le n-a gceangailtear fógra mí do thabhairt do gach ball den údarás phleanála i dtaobh bheith ar intinn an rún a luaidhtear sa bhfo-alt san do thairgsint, léireofar é agus beidh éifeacht aige, agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige, mar ní le n-a gceangailtear an fógra san do thabhairt do sna daoine sin amháin is baill no ba bhaill den údarás phleanála agus an fógra san á thabhairt agus, dá réir sin, ní bheidh aon rún den tsórt san nea-mbailidhe no, i gcás aon rúin den tsórt san do ritheadh roimh an Acht so do rith, ní tuigfear é bheith nea-mbailidhe riamh de bhíthin gan an fógra san do thabhairt do bhall den údarás phleanála do tháinig chun bheith ina bhall den tsórt san tar éis am an fhógra san do thabhairt agus dá bhíthin sin amháin.

[EN]

Scéim phleanála do dhá líomatáiste no níos mó ar theorainn a chéile.

7.—(1) I gcás dhá rún no níos mó á chinneadh go gceapfaí scéimeanna pleanála do dhá líomatáiste fé leith no níos mó, ar theorainn a chéile, do bheith rithte ag údarás pleanála fé alt 26 den Phríomh-Acht, féadfaidh an t-údarás pleanála san, de bhuadh na rún san, aon scéim phleanála amháin do cheapadh don líomatáiste iomlán a bheidh có-dhéanta de sna líomatáistí sin ar theorainn a chéile, agus beidh ceapadh na haon scéime pleanála amháin sin ina leor-chólíonadh ar alt 29 den Phríomh-Acht.

[EN]

(2) I gcás údarás pleanála do cheapadh scéime pleanála fén alt so do líomatáiste bheidh có-dhéanta de dhá chuid no níos mó gur rith an t-údarás pleanála san, maidir le gach cuid fé leith acu, rún fé leith chun scéim phleanála do cheapadh, beidh éifeacht ag alt 4 den Phríomh-Acht maidir le gach cuid fé leith acu san fé is dá mba don chuid sin amháin a déanfaí an scéim phleanála san agus, dá réir sin, féadfaidh laetheanta deifriúla bheith ina ndáta oiriúnach maidir le gach cuid fé leith acu san chun crícheanna an Phríomh-Achta alos na scéime pleanála no aon fhorála áirithe den scéim phleanála.

[EN]

Aonaid chun tiughas na ndéanmhas ar aon achar áirithe do rialáil.

8.—(1) Pé uair a bheidh teora i scéim phleanála leis an méid déanmhas no an méid déanmhas d'aicme áirithe féadfar do dhéanamh no do thógáil in aon líomatáiste áirithe féadfaidh forálacha bheith sa scéim phleanála san á cheangal ar an údarás fhreagarthach aon talamh sa líomatáiste sin do roinnt ina aonaid d'fhonn an teora san do bhaint leis na haonaid sin go cothromúil do réir achar na n-aonad san fé seach.

[EN]

(2) Má bhíonn i scéim phleanála foráil fén alt so á cheangal ar an údarás fhreagarthach talamh do roinnt ina aonaid—

[EN]

(a) beidh forálacha sa scéim phleanála san a chuirfidh ar chumas éinne is únaer ar aon talamh a roinnfear amhlaidh athchomharc do dhéanamh chun an Aire agus a chuirfidh ar chumas an Aire, ar aon athchomharc den tsórt san do bhreithniú, an roinnt do dhaingniú no í atharú ar aon tslí is ceart dar leis, agus

[EN]

(b) féadfaidh forálacha bheith sa scéim phleanála san a chuirfidh ar chumas daoine d'aon aicme áirithe (seachas únaerí aon tailimh a roinnfear amhlaidh) athchomharc do dhéanamh chun an Aire agus a chuirfidh ar chumas an Aire, ar aon athchomharc den tsórt san do bhreithniú, an roinnt do dhaingniú no í atharú ar aon tslí is ceart dar leis.

[EN]

(3) Má bhíonn i scéim phleanála foráil fén alt so á cheangal ar an údarás fhreagarthach talamh do roinnt ina aonaid, féadfaidh forálacha bheith sa scéim phleanála san á chur ar chumas an údaráis fhreagarthaigh sin atharuithe do dhéanamh ar theoranta aon aonaid no níos mó acu san agus, má bhíonn aon fhoráil den tsórt san i scéim phleanála, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir le hatharú, no le diúltadh d'atharú do dhéanamh, fén bhforáil sin fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le roinnt fé fhoráil á cheangal ar an údarás fhreagarthach talamh do roinnt ina aonaid.

[EN]

(4) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an tAire ar aon athchomharc a déanfar fé fhorálacha bheidh i scéim phleanála de bhuadh an ailt seo.

[EN]

(5) Má dheineann an t-údarás freagarthach, fé fhorálacha bheidh i scéim phleanála de bhuadh an ailt seo, aon talamh do roinnt ina aonaid go cuibhe d'fhonn teora do bhaint leis an méid déanmhas no an méid déanmhas d'aicme áirithe féadfar do dhéanamh no do thógáil in aon líomatáiste áirithe, is sárú ar an scéim phleanála san an teora san do shárú maidir le haon aonad dá mbeidh luaidhte sa roinnt sin (do réir mar a bheidh sí i ngníomh de thurus na huaire).

[EN]

Saoirse o fhorálacha áirithe de scéim phleanála.

9.—Féadfaidh foráil bheith i scéim phleanála, maidir le haon fhoráil áirithe den scéim phleanála san, á chur ar chumas an údaráis fhreagarthaigh, saoirse iomlán no leathrannach o aon cheann no cinn no o gach ceann de sna hoblagáidí forchuirtear leis an bhforáil áirithe sin den scéim phleanála san do dheonadh le toiliú an Aire do dhuine ar bith iarrfaidh san no alos aon mhaoine go n-iarrfar san ina taobh in aon chás in ar dóich leo, tar éis fógra i dtaobh a n-intinne d'fhoillsiú (sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus sna tráthanna orduithe), gur ceart san do dhéanamh.

[EN]

Leathnú ar na comhachta chun toirmisc speisialta do dhéanamh.

10.—(1) Má ritheann údarás pleanála rún chun scéim phleanála do cheapadh, ansan, i dteanta na gcomhacht do bheirtear dóibh le fo-alt (1) d'alt 57 den Phríomh-Acht, féadfaidh an t-údarás pleanála san, aon tráth tar éis an rúin sin do rith agus roimh theacht i ngníomh don scéim phleanála san, a thoirmeasc aon obair áirithe (le n-a n-áirmhítear aon fhoraois, coill no crann áirithe do ghearradh) do dhéanamh sa líomatáiste 'na mbeidh beartuithe an scéim phleanála san do bhaint leis.

[EN]

(2) Sa Phríomh-Acht agus san Acht so folóidh an abairt “toirmeasc speisialta” toirmeasc ar n-a dhéanamh fén alt so.

[EN]

Leathnú ar na comhachta chun dearbhuithe áirithe do dhéanamh.

11.—(1) Má ritheann údarás pleanála rún chun scéim phleanála do cheapadh agus má dheinid toirmeasc speisialta i dtaobh aon oibre áirithe roimh theacht i ngníomh don scéim phleanála san, ansan, i dteanta na gcomhacht do bheirtear dóibh le fo-alt (1) d'alt 58 den Phríomh-Acht, féadfaidh an t-údarás pleanála san, más dóich leo—

[EN]

(a) go mbeadh sé ró-chostasúil an dochar do thiocfadh as dul ar aghaidh leis an obair, no as an obair do dhéanamh, le n-a mbainfidh an toirmeasc speisialta san do leigheas tar éis teacht i ngníomh don scéim phleanála san no go gcuirfeadh an leigheas san moill ró-mhór ar fhoirfheidhmiú na scéime pleanála san, no

[EN]

(b) go ndéanfadh an dochar san díobháil mhór do thaithneamhachtaí na comharsanachta i rith na tréimhse roimh theacht i ngníomh don scéim phleanála san,

[EN]

féadfaidh a dhearbhú, tráth ar bith roimh theacht i ngníomh don scéim phleanála san, aon tsárú ar an toirmeasc speisialta san roimh an teacht-i-ngníomh san do bheith nea-dhleathach.

[EN]

(2) Tuigfear, chun crícheanna an Phríomh-Achta agus, go sonnrách, chun crícheanna fo-ailt (2) d'alt 58 den Phríomh-Acht, gur dearbhú fén alt san 58 dearbhú fén alt so.

[EN]

(3) Duine ar bith ar a ngoillfidh dearbhú ar n-a dhéanamh fé alt 59 den Phríomh-Acht no fén alt so féadfaidh athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an dearbhuithe sin fé cheann na haimsire orduithe, agus leis sin déanfaidh an tAire an dearbhú san do dhaingniú no é chur ar nea-mbrí.

[EN]

(4) Deintear leis seo alt 59 den Phríomh-Acht do leasú tré mhír (g) d'fho-alt (1) do scriosadh as agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Toirmeasc speisialta do cheiliúradh agus do leasú.

12.—Féadfaidh údarás pleanála toirmeasc speisialta ar n-a dhéanamh roimhe sin ag an údarás san do cheiliúradh no do leasú tráth ar bith, ach ní dhéanfaidh an ceiliúradh no an leasú san dochar ná deifir d'oibriú an toirmisc speisialta san i rith aon tréimhse roimh an gceiliúradh no an leasú san.

[EN]

Eadan-line déanmhas ar bhóithre nua no feabhsuithe.

13.—(1) Féadfaidh forálacha (i dtaobh bóithre i gcoitinne no i dtaobh bóthair no bóithre áirithe) bheith i scéim phleanála á thabhairt mar chomhacht don údarás fhreagarthach éadan-líne do cheapadh d'fhoirgintí agus do dhéanmhaisí eile bheidh ar teorainn bóthair, sa líomatáiste le n-a mbainfidh an scéim phleanála san, a déanfar, a claonfar no a leathnófar tar éis na scéime pleanála san do cheapadh agus ná beidh éadan-líne ceaptha ina thaobh leis an scéim phleanála san no go mbeidh an éadan-líne bheidh ann imithe as feidhm maidir leis agus a ordú cadiad na fógraí bheidh le tabhairt agus cadé an nós imeachta bheidh le leanúint maidir leis an gcomhacht san d'fheidhmiú.

[EN]

(2) Má bhíonn i scéim phleanála forálacha fén alt so á thabhairt mar chomhacht don údarás fhreagarthach éadan-líne do cheapadh, beidh sa scéim phleanála san freisin forálacha á chur ar chumas duine ar bith ar a ngoillfidh aon cheapadh den tsórt san athchomharc do dhéanamh chun an Aire in aghaidh an cheaptha san agus á chur ar chumas an Aire, ar an athchomharc san do bhreithniú, an ní sin acu so leanas do dhéanamh is ceart dar leis, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an ceapadh san do chur ar nea-mbrí;

[EN]

(b) an ceapadh san do dhaingniú gan é atharú;

[EN]

(c) an ceapadh san d'atharú sa tslí sin is ceart dar leis agus an ceapadh san do dhaingniú agus é atharuithe amhlaidh.

[EN]

(3) Ní bheidh dul thar breith an Aire ar aon athchomharc den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

[EN]

(4) Má dheineann an t-údarás freagarthach éadan-líne do cheapadh go cuibhe fé fhorálacha bheidh i scéim phleanála de bhuadh an ailt seo agus ná déanfar aon athchomharc fé réim agus do réir na scéime pleanála san i gcoinnibh an cheaptha san no, i gcás an athchomhairc sin do dhéanamh, ná cuirfear an ceapadh san ar nea-mbrí, is sárú ar an scéim phleanála san an ceapadh san no an ceapadh san ar n-a dhaingniú ag an Aire (do réir mar a bheidh) do shárú.

[EN]

(5) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá bhforáiltí le fo-alt (1) d'alt 30 dhe go bhféadfadh dearbhú bheith i scéim phleanála, i dteanta na ndearbhuithe luaidhtear sa bhfo-alt san, á dhearbhú gan aon chúiteamh do bheith iníoctha fén bPríomh-Acht i dtaobh no de dhruim foráil áirithe a bheadh, fén alt so, sa scéim phleanála san do theacht i ngníomh.

[EN]

Cúiteamh alos fógairtí áirithe.

14.—(1) San alt so—

[EN]

cialluíonn an abairt “fógairt interim” fógairt, chun aon ghníomh do dhéanamh no chun staonadh o n-a dhéanamh, ar n-a tabhairt (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ag údarás pleanála go díreach no go hiontuigthe tré chead speisialta do dhiúltadh, tré chead speisialta do dheonadh fé réir choinníollacha, no tré thoirmeasc speisialta do dhéanamh;

[EN]

cialluíonn an abairt “tréimhse interim” an tréimhse idir an am do rinne an t-údarás pleanála do thug an fhógairt interim uatha gur ina taobh a húsáidtear an abairt sin an rún do rith chun na scéime pleanála oiriúnaí do cheapadh agus am na scéime pleanála san do theacht i ngníomh.

[EN]

(2) Féadfaidh duine ar bith dá mbeidh fógairt interim tugtha a iarraidh ar an Aire laistigh den aimsir orduithe ordú do dhéanamh á dhearbhú go mbeidh cúiteamh iníoctha alos na fógairte interim sin, agus féadfaidh an tAire ar an iarratas san do bhreithniú an t-ordú a hiarrfar amhlaidh do dhéanamh más deimhin leis go mbeadh cúiteamh iníoctha fén bPríomh-Acht alos na fógairte interim sin dá mbeadh sí i scéim phleanála agus go dtárlódh cruadhtan nea-chuibhe don duine sin de dheascaibh na fógairte interim sin do chólíonadh i rith na tréimhse interim.

[EN]

(3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, tiocfaidh ordú fén alt so i bhfeidhm ar shé mhí o am a dhéanta do bheith caithte.

[EN]

(4) Ní thiocfaidh ordú fén alt so i bhfeidhm agus beidh sé gan bhrí gan éifeacht má bhíonn an fhógairt interim gur ina taobh a rinneadh an t-ordú san gan cólíonadh ar feadh sé mhí o am déanta an orduithe sin no má ceiliúrtar an fhógairt interim sin laistigh den tréimhse sin.

[EN]

(5) Má bhíonn ordú fén alt so i bhfeidhm, beidh éifeacht ag forálacha na fógairte interim gur ina taobh a rinneadh an t-ordú san agus beid infhoirfheidhmithe i rith na tréimhse interim fé is dá mbeidís sa scéim phleanála oiriúnaigh, fé is dá mbeadh an scéim sin i ngníomh, agus, chun crícheanna na bhforálacha san, fé is dá mb'é an t-údarás pleanála do thug an fhógairt interim sin uatha an t-údarás freagarthach agus gurbh é an dáta ar ar tugadh an fhógairt interim sin an dáta oiriúnach.

[EN]

(6) Má bhíonn ordú fén alt so alos fógairte interim i bhfeidhm agus go ndéanfar luach aon mhaoine gur ina taobh do tugadh an fhógairt interim sin do laigheadú tríd an bhfógairt interim sin d'fhoirfheidhmiú, ansan, duine ar bith ag á mbeidh estát no leas sa mhaoin sin no ceart uirthi no maidir léi, beidh sé, air san d'iarraidh fé cheann dhá mhí (ach ní dá éis sin) o theacht i bhfeidhm don ordú san, i dteideal, fé réir forálacha na n-alt den Phríomh-Acht a cuirtear i mbaint leis an scéal tríd an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, an t-údarás pleanála do thug an fhógairt interim sin uatha do dhéanamh íoca leis, i bhfuirm chúitimh, sa mhéid (más aon mhéid é) do laigheaduíodh amhlaidh luach a estáit no a leasa sa mhaoin sin no luach a chirt uirthi no maidir léi agus, i gcás sealbhaire na maoine sin, sa damáiste (más ann dó) do rinneadh dá thrádáil, dá ghnó, no dá ghairm tríd an bhfoirfheidhmiú san.

[EN]

(7) Beidh feidhm ag forálacha alt 67, 71, 75 agus 76 den Phríomh-Acht maidir le cúiteamh fén alt so o údarás phleanála i ndíobháil do rinneadh tré fhógairt interim d'fhoirfheidhmiú, agus maidir leis an gcúiteamh san do mheas agus do bhaint amach, fé mar a bheadh feidhm acu maidir le cúiteamh fé alt 61 den Phríomh-Acht ón údarás fhreagarthach alos foráil i scéim phleanála sa chéill chéanna leis an bhfógairt interim sin do theacht i ngníomh ar an dáta ar ar tugadh an fhógairt interim sin agus maidir leis an gcúiteamh san do mheas agus do bhaint amach.

[EN]

(8) I gcás—

[EN]

(a) fógairt interim do bheith tugtha, agus

[EN]

(b) ordú fén alt so do bheith tar éis teacht i bhfeidhm alos na fógairte interim sin i rith na tréimhse interim, agus

[EN]

(c) an scéim phleanála oiriúnach do bheith tar éis teacht i ngníomh,

[EN]

ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fé Chuid VIII den Phríomh-Acht i laigheadú luacha aon estáit, leasa no cirt, ná sa damáiste fhulaingeoidh duine ar bith, de dhruim an mhéide sin d'aon fhoráil sa scéim phleanála san a bheidh ar aon dul no ar aon dul go substainteach leis an bhfógairt interim sin no sa chéill chéanna léi do theacht i ngníomh.

(9) Ní bheidh éifeacht ag alt 64 den Phríomh-Acht maidir le fógairt interim go mbeidh ordú fén alt so tar éis teacht i bhfeidhm ina taobh.

[EN]

Comhachta chun déanamh in éamais fógraí áirithe do thabhairt agus fógráin áirithe d'fhoillsiú.

15.—(1) Más deimhin leis an Aire cúis réasúnta do bheith ann chun déanamh in éamais aon fhógra áirithe, fén bPríomh-Acht no fén Acht so no fé rialachán ar n-a dhéanamh fé cheachtar de sna hAchtanna san, do thabhairt féadfaidh, le hordú, a cheadú go ndéanfaí in éamais an fhógra san do thabhairt agus beidh éifeacht ag gach ordú den tsórt san do réir a bhrí.

[EN]

(2) Más deimhin leis an Aire cúis réasúnta do bheith ann chun déanamh in éamais aon fhógrán áirithe, fén bPríomh-Acht ar n-a leasú leis an Acht so no fé rialachán ar n-a dhéanamh fé cheachtar de sna hAchtanna san, d'fhoillsiú féadfaidh, le hordú, a cheadú go ndéanfaí in éamais an fhógráin sin d'fhoillsiú agus beidh éifeacht ag gach ordú den tsórt san do réir a bhrí.

[EN]

(3) Féadfar ordú fén alt so do dhéanamh, más ordú i dtaobh fógra é, roimh an am no tar éis an ama ba ghá an fógra san do thabhairt mara mbeadh an t-ordú san agus roimh aon ghníomh do dhéanamh no tar éis aon ghníomh do dhéanamh nárbh bhfoláir, mara mbeadh an t-ordú san, an fógra san do thabhairt ina thaobh sara ndéanfaí é agus, más ordú i dtaobh fógráin é, roimh an am no tar éis an ama ba ghá an fógrán san d'fhoillsiú mara mbeadh an t-ordú san agus roimh aon ghníomh do dhéanamh no tar éis aon ghníomh do dhéanamh nárbh fholáir, mara mbeadh an t-ordú san, an fógrán san d'fhoillsiú ina thaobh sara ndéanfaí é.

[EN]

Athchomhairc chun an Aire.

16.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú na haimsire ina bhféadfaidh daoine athchomharc a dhéanamh, fé fhoráil de scéim phleanála, in aghaidh cinnte, ceangail, ceaptha no gnímh eile dhéanfaidh an t-údarás freagarthach.

[EN]

(2) Pé uair a déanfar athchomharc chun an Aire fén bPríomh-Acht no fén Acht so no fé aon fhoráil de scéim phleanála in aghaidh cinnte, ceangail, ceaptha no gnímh eile bheidh déanta ag údarás pleanála no ag an údarás freagarthach, féadfaidh an tAire, ag tabhairt bhreithe dhó ar an athchomharc san agus más ceart san dar leis, a ordú don údarás phleanála san no don údarás fhreagarthach san (do réir mar a bheidh) an tsuim sin a luadhfaidh an tAire, as a chomhairle féin, d'íoc leis an athchomharcach san athchomharc san mar chúiteamh réasúnta don athchomharcach san sa chostas do bhí ar an athchomharcach san maidir leis an athchomharc san.

[EN]

(3) Aon tsuim ordóidh an tAire fén alt so d'aon údarás phleanála no d'aon údarás fhreagarthach d'íoc leis an athchomharcach in athchomharc déanfaidh an t-údarás pleanála san no an t-údarás freagarthach san (do réir mar a bheidh) í d'íoc leis an athchomharcach san agus, mara n-íoctar í, féadfar í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

Cruthúnas ar lánas, ar dhéanamh, ar cheadú agus ar thosach feidhme scéimeanna pleanála.

17.—Scríbhinn do bheir le tuigsint gur cóip í de scéim phleanála no de shliocht as scéim phleanála agus ar a mbeidh deimhniú cúlscríobhtha (do bheir le tuigsint é bheith sighnithe ag príomhoifigeach feidhmiúcháin an údaráis phleanála do bheirtear le tuigsint do cheap an scéim phleanála san) á rá gur cóip dhílis den scéim phleanála san no gur sliocht cruinn dílis aisti an scríbhinn sin agus gur cheap an t-údarás pleanála san an scéim phleanála san agus gur cheaduigh an tAire í agus go bhfuil sí tagtha i ngníomh, beidh sí, gan sighniú an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an príomh-oifigeach feidhmiúcháin sin é, ina fianaise (go dtí go gcruthófar a mhalairt) i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí ar an scéim phleanála san no ar an sliocht san aisti (do réir mar a bheidh) agus fós ar an údarás pleanála san do cheapadh na scéime pleanála san go cuibhe agus ar an Aire dá ceadú agus ar í bheith i ngníomh go dleathach.

[EN]

An focal “únaer” sa Phríomh-Acht.

18.—(1) Beidh leis an bhfocal “únaer”, agus tuigfear go raibh riamh leis, i ngach áit ina bhfuil sé sa Phríomh-Acht an bhrí chéanna bheirtear dó leis an Acht so chun crícheanna an Achta so.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 51 den Phríomh-Acht.

CUID III.

Pleananna Bothair.

[EN]

Mínithe chun crícheanna Coda III.

19.—(1) Sa Chuid seo den Acht se—

[EN]

cialluíonn an abairt “foráil forbairte srianta” foráil a bheidh fén gCuid seo den Acht so i scéim phleanála i dtaobh aon tailimh áirithe sa líomatáiste le n-a mbainfidh an scéim phleanála san á fhoráil go ndéanfar forbairt an tailimh sin, tré fhoirgintí d'aicme no d'aicmí áirithe do thógáil no sa tslí sin go furmhór, do shrianadh; nuair a húsáidtear an focal “forbairt” gan coinníoll cialluíonn sé talamh d'fhorbairt tré fhoirgintí den aicme no d'aon cheann no níos mó de sna haicmí bheidh luaidhte sa bhforáil forbairte srianta oiriúnaigh do thógáil no sa tslí sin go furmhór.

[EN]

(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so tuigfear forbairt aon tailimh áirithe do bheith tosnuithe má bítear agus nuair a beifear tar éis tosnú ar aon fhoirgint den aicme no d'aon cheann de sna haicmí bheidh luaidhte sa bhforáil forbairte srianta oiriúnaigh do thógáil ar an talamh san.

[EN]

Forálacha forbairte srianta.

20.—(1) Féadfaidh foráil forbairte srianta bheith i scéim phleanála.

[EN]

(2) Má bhíonn foráil forbairte srianta i scéim phleanála is sárú ar an bhforáil sin aon talamh le n-a mbainfidh an fhoráil sin d'fhorbairt mara mbeidh plean bóthair i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an tailimh sin agus go ndéanfar an fhorbairt sin do réir an phlean bhóthair sin.

[EN]

(3) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá bhforáiltí le fo-alt (1) d'alt 30 dhe go bhféadfadh dearbhú bheith i scéim phleanála, i dteanta na ndearbhuithe luaidhtear sa bhfo-alt san, á dhearbhú gan aon chúiteamh do bheith iníoctha fén bPríomh-Acht i dtaobh no de dhruim foráil áirithe forbairte srianta sa scéim phleanála san do theacht i ngníomh.

[EN]

Pleananna bóthair do chur isteach agus a lánas.

21.—(1) Má bhíonn foráil forbairte srianta i scéim phleanála féadfaidh únaer aon tailimh le n-a mbainfidh an fhoráil sin, más oiriúnach leis é, dhá chóip de scéim no de phlean (dá ngairmtear plean bóthair sa Chuid seo den Acht so) d'ullamhú agus do chur fé bhráid an údaráis fhreagarthaigh ag déanamh rialála i dtaobh seana-bhóithre ar an talamh san d'fheabhsú no i dtaobh bóithre nua do dhéanamh ar an talamh san no i dtaobh an fheabhsuithe sin agus an déanta san.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le pleananna bóthair, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfar le plean bóthair le n-a bhforálfar seana-bhóthar ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin d'fheabhsú a shocrú cadé an saghas an feabhsú san;

[EN]

(b) féadfar le plean bóthair le n-a bhforálfar bóthar nua do dhéanamh ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin a shocrú cá ndéanfar an bóthar san agus cadé an saghas é;

[EN]

(c) féadfar le plean bóthair a thoirmeasc aon fheabhsú in aon chor do dhéanamh no aon fheabhsú áirithe do dhéanamh, gan an t-údarás freagarthach do thoiliú chuige, ar sheana-bhóthar áirithe ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin;

[EN]

(d) féadfar le plean bóthair a thoirmeasc aon bhóthar nua ar bith no aon bhóthar nua áirithe do dhéanamh, gan an t-údarás freagarthach do thoiliú chuige, ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin.

[EN]

(3) Má foráltar le plean bóthair bóthar nua do dhéanamh no seana-bhóthar d'fheabhsú ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin féadfar a fhoráil leis an bplean bóthair sin gurb é an t-údarás áitiúil oiriúnach ar a mbeidh sé de chúram bóithre do dhéanamh agus do chothabháil a dhéanfaidh an bóthar nua san no fheabhsóidh an seana-bhóthar san má thoilíonn an t-údarás áitiúil sin chuige agus leis sin go n-íocfaidh únaer an tailimh sin leis an údarás áitiúil sin suim is có-mhéid le costas iomlán no le cuid áirithe de chostas an déanta no an fheabhsuithe sin.

[EN]

(4) Más rud é, idir theacht i ngníomh do scéim phleanála agus teacht i bhfeidhm do phlean bhóthair, go ndéanfaidh údarás áitiúil bóthar nua ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin no go bhfeabhsóidh údarás áitiúil seana-bhóthar ar an talamh san agus gur dóich leis an údarás freagarthach gurb usaide no gur saoire-de an talamh san d'fhorbairt an déanamh no an feabhsú san, féadfar a fhoráil leis an bplean bóthair sin go n-íocfaidh únaer an tailimh sin leis an údarás áitiúil sin suim is có-mhéid le costas iomlán no le cuid áirithe de chostas an déanta no an fheabhsuithe sin.

[EN]

(5) San alt so déanfar tagairtí do bhóithre no do bhóthar ar thalamh áirithe do léiriú mar thagairtí fholuíonn bóithre no bóthar a bheidh go leathrannach ar an talamh san agus bóithre no bóthar a bheidh buailte leis an talamh san no ina ghar-chomharsanacht.

[EN]

Fógra um thalamh dá ndeintear deifir.

22.—(1) Má cuirtear plean bóthair fé bhráid údaráis fhreagarthaigh maidir le haon talamh agus gur dóich leis an údarás freagarthach san go ndéanfadh forbairt an tailimh sin do réir an phlean bhóthair sin deifir d'fhorbairt aon tailimh eile, bhéarfaidh an t-údarás freagarthach san d'únaer an tailimh eile sin fógra (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so fógra um thalamh dá ndeintear deifir) sa bhfuirm orduithe á rá cuireadh an plean bóthair sin fé bhráid an údaráis sin amhlaidh.

[EN]

(2) Má bheireann údarás freagarthach fógra um thalamh dá ndeintear deifir uatha beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ceadóidh an t-údarás freagarthach san don duine dar tugadh an fógra san an plean bóthair le n-a mbainfidh an fógra san d'iniúchadh (go pearsanta no tré ghníomhaire) gach tráth réasúnta i rith na tréimhse orduithe tar éis an fhógra san do thabhairt dó;

[EN]

(b) féadfaidh an duine sin pé cúis (más ann di) is ceart dar leis do phlé leis an údarás freagarthach san i scríbhinn alos an phlean bhóthair sin i rith na tréimhse orduithe sin;

[EN]

(c) ní chinnfidh an t-údarás freagarthach san ar aon chomhairle fén gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so i dtaobh an phlean bhóthair sin go dtí go mbeidh an tréimhse orduithe sin caithte agus, má phléidheann an duine sin aon chúis fé réim agus do réir na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so, féachfaid don chúis sin nuair a bheid ag cinneadh ar an gcomhairle sin.

[EN]

An chomhairle ar a gcinnfidh údarás freagarthach i dtaobh plean bhóthair.

23.—(1) Cinnfidh údarás freagarthach ar chomhairle acu so leanas i dtaobh gach plean bhóthair a cuirfear fé n-a mbráid, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aontú leis an bplean bóthair sin gan é atharú, no

[EN]

(b) an plean bóthair sin d'atharú (tré chur leis no leigint ar lár no sóinseáil) fé mar is ceart dar leis an údarás freagarthach san agus aontú leis an bplean bóthair sin agus é atharuithe amhlaidh, no

[EN]

(c) diúltú d'aontú leis an bplean bóthair sin.

[EN]

(2) Mara ndeinidh údarás freagarthach cinneadh ar chomhairle fén alt so i dtaobh plean bhóthair—

[EN]

(a) fé cheann trí mhí o dháta an phlean bhóthair sin do chur fé bhráid an údaráis fhreagarthaigh sin i gcás an údaráis fhreagarthaigh sin do thabhairt fógra um thalamh dá ndeintear deifir do dhuine ar bith maidir leis an bplean bóthair sin, no

[EN]

(b) fé cheann dhá mhí ón dáta san in aon chás eile,

[EN]

tuigfear gur chinn an t-údarás freagarthach san an lá deiridh den tréimhse sin de thrí mhí no de dhá mhí (do réir mar a bheidh) ar aontú leis an bplean bóthair sin gan é atharú.

[EN]

Athchomhairc.

24.—(1) Fé cheann na haimsire orduithe tar éis d'údarás fhreagarthach cinneadh ar chomhairle, no tar éis an ama tuigfear iad do chinneadh ar chomhairle, i dtaobh plean bhóthair do cuireadh fé n-a mbráid, féadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh an chomhairle sin athchomharc do dhéanamh chun an Aire in aghaidh na comhairle sin agus leis sin daingneoidh an tAire an chomhairle sin no cuirfidh ar nea-mbrí í.

[EN]

(2) Más rud é, ar athchomharc fén alt so do bhreithniú, go gcuirfidh an tAire an chomhairle ar ar chinn an t-údarás freagarthach ar nea-mbrí cinnfidh an tAire, i dtaobh an phlean bhóthair le n-a mbainfidh an t-athchomharc san, ar an gcomhairle sin is ceart dar leis agus ar a bhféadfaidh an t-údarás freagarthach san cinneadh fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(3) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an tAire ar athchomharc fén alt so.

[EN]

Plean bóthair do theacht i bhfeidhm.

25.—(1) Má haontuítear le plean bóthair (go n-atharú no gan atharú), no má tuigtear gur haontuíodh leis, ag an údarás freagarthach gur cuireadh fé n-a mbráid é agus ná déanfar aon athchomharc chun an Aire de dhruim an aontuithe sin fé cheann na haimsire orduithe, tiocfaidh an plean bóthair sin, mar do haontuíodh leis no mar a tuigfear do haontuíodh leis ag an údarás freagarthach san, i bhfeidhm nuair a bheidh an aimsir orduithe sin caithte.

[EN]

(2) Má dheineann an tAire, ar athchomharc i dtaobh plean bhóthair do bhreithniú, aontú leis an bplean bóthair sin (tré aontú an údaráis fhreagarthaigh gur cuireadh an plean bóthair sin fé n-a mbráid do dhaingniú, no tré n-a chinneadh féin agus go n-atharú no gan atharú) tiocfaidh an plean bóthair sin, mar a bheidh aontuithe aige leis, i bhfeidhm an lá tar éis an lae aontóidh sé leis.

[EN]

Atharuithe ar phlean bóthair.

26.—(1) Más rud é, de bhíthin cúrsaí eireoidh tar éis teacht i bhfeidhm do phlean bhóthair (le n-a n-áirmhítear plean bóthair ar n-a ullamhú fén alt so), gur gá an plean bóthair sin d'atharú féadfaidh únaer an tailimh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin plean bóthair eile d'ullamhú i dtaobh an tailimh sin in ionad an chéad phlean bhóthair sin a luaidhtear.

[EN]

(2) Bainfidh an Chuid seo den Acht so le plean bóthair a hullamhófar fén alt so i dtaobh aon tailimh fé is dá mb'é an chéad phlean bóthair do hullamhófaí i dtaobh an tailimh sin é.

[EN]

(3) Nuair a thiocfaidh plean bóthair ar n-a ullamhú fén alt so i bhfeidhm scuirfidh an plean bóthair do bhí i bhfeidhm díreach roimhe sin i dtaobh an tailimh sin d'fheidhm do bheith aige.

[EN]

Comhacht don údarás fhreagarthach chun a éileamh plean bóthair do thabhairt chun críche.

27.—(1) Pé uair a bheidh plean bóthair tagtha i bhfeidhm agus a bheidh tosnuithe ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin d'fhorbairt, féadfaidh an t-údarás freagarthach fógra do sheirbheáil ar únaer an tailimh sin gur le n-a údarás do tosnuíodh ar an bhforbairt sin (dá ngairmtear an t-únaer forbairtiúcháin san alt so) á éileamh go ndéanfaí, fé cheann aimsire áirithe (nach giorra ná sé seachtaine) tar éis teacht i bhfeidhm don fhógra san, cuid áirithe de cheann amháin no níos mó d'fhorálacha áirithe den phlean bhóthair sin do thabhairt chun críche.

[EN]

(2) Má seirbheáltar fógra fén alt so, féadfaidh an t-únaer forbairtiúcháin, fé cheann cheithre lá déag tar éis an fhógra san do sheirbheáil, athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an fhógra san agus féadfaidh an tAire ar an athchomharc san do bhreithniú—

[EN]

(a) an fógra san do dhaingniú gan atharú, no

[EN]

(b) an fógra san d'atharú tríd an aimsir a bheidh luaidhte sa bhfógra san chun é chólíonadh do leathnú agus an fógra san mar a bheidh sé atharuithe amhlaidh do dhaingniú, no

[EN]

(c) más deimhin leis é bheith réasúnta cólíonadh an fhógra san do chur siar go dtí go mbeidh tuilleadh forbairte déanta ar an talamh le n-a mbainfidh an fógra san, an fógra san do chur ar neamh-ní.

[EN]

(3) Tiocfaidh fógra fén alt so i bhfeidhm ceithre lá déag tar éis é sheirbheáil no, má deintear athchomharc fén alt so i gcoinnibh an fhógra san agus ná déanfar an fógra san do chur ar neamh-ní de dhruim an athchomhairc sin, ar bhreith do thabhairt ar an athchomharc san.

[EN]

(4) Má bhíonn fógra fén alt so i bhfeidhm agus ná cólíonfar é fé cheann na haimsire bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san no, i gcás na haimsire sin do leathnú de dhruim athchomhairc fén alt so, fé cheann na haimsire sin mar a bheidh sí leathnuithe amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má héilítear leis an bhfógra san aon bhóthar no cuid de bhóthar do dhéanamh ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair oiriúnach no aon bhóthar no cuid de bhothár ar an talamh san d'fheabhsú, féadfaidh an t-údarás freagarthach féin an déanamh no an feabhsú san do thabhairt chun críche agus féadfaid dul isteach ar an talamh san chuige sin;

[EN]

(b) má héilítear leis an bhfógra san suim airgid d'íoc le húdarás áitiúil, féadfar, mara n-íoctar an tsuim sin, í do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla, agus beidh sí, ar theacht i bhfeidhm don fhógra san agus as san amach, ina muirear ar estát an únaera fhorbairtiúcháin sa talamh le n-a mbainfidh an fógra san;

[EN]

(c) go dtí go gcólíonfar an fógra san no go bhfoirfheidhmeofar é fén bhfo-alt so beidh sé ina shárú ar an bhforáil forbairte srianta oiriúnaigh tosnú ar aon fhoirgint den aicme no d'aon cheann de sna haicmí bheidh luaidhte sa bhforáil sin do thógáil no leanúint d'é do thógáil ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair oiriúnach;

[EN]

(d) pé uair a dhéanfaidh an t-údarás freagarthach, i bhfeidhmiú comhachta bronntar leis an bhfo-alt so, aon obair no ní ar aon déanmhas no ar aon talamh no maidir leis an gcéanna beidh an t-údarás freagarthach i dteideal go n-íocfadh an t-únaer forbairtiúcháin leo na costaisí uile fé n-a ndeachaidh an t-údarás freagarthach go réasúnta chun na hoibre no an ní sin do rinneadh amhlaidh mar adubhradh do dhéanamh agus na costaisí sin do bhaint (mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla) den únaer sin; agus

[EN]

(e) an t-airgead uile is ionbhainte amach fén bhfo-alt so ag an údarás freagarthach alos costaisí fé n-a ndeachadar tiocfaidh chun bheith agus beidh, díreach ar bheith críochnuithe don obair no don ní gur chun a dhéanta do chuathas fé sna costaisí sin amhlaidh, ina muirear ar estát an únaera fhorbairtiúcháin sa talamh ar a ndearnadh an obair no an ní sin no, i gcás aon oibre no ní do rinneadh ar dhéanmhas no leis, sa déanmhas san (má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh sé ann fós) agus san ionoighreacht no sa tionóntachán ionrátuithe gurb é an talamh no an déanmhas san é no ina mbeidh an céanna.

[EN]

Plean bóthair do choinneáil agus do chlárú agus cóipeanna dhe do thabhairt do dhaoine.

28.—(1) Gach plean bóthair a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire coinneofar é sa tslí orduithe ag an údarás freagarthach gur cuireadh fé n-a mbráid é agus coimeádfaidh an t-údarás freagarthach san é ar fáil chun a iniúchta ag daoine le n-a mbainfidh sna tráthanna agus sna háiteanna orduithe.

[EN]

(2) I gcás plean bóthair do theacht i bhfeidhm no do scur de bheith i bhfeidhm déanfaidh an t-údarás freagarthach gur cuireadh an plean bóthair sin fé n-a mbráid iontráil á rá san do chur sa chlár.

[EN]

(3) Déanfaidh an t-údarás freagarthach gur cuireadh aon phlean bóthair fé n-a mbráid a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire cóip den phlean bhóthair sin do thabhairt do dhuine ar bith le n-a mbainfidh ar íoc na táille sin nach mó ná cúig scillinge is dóich leis an údarás freagarthach san do bheith réasúnta.

[EN]

Údarás áitiúil do dhéanamh agus d'fheabhsú bóithre príobháideacha.

29.—Údarás áitiúil go mbeidh de chúram ortha bóithre do dhéanamh agus do chothabháil, féadfaid, do bhun plean bhóthair agus ar chostas únaera tailimh, aon bhóthar nua do dhéanamh ar an talamh san no aon tseana-bhóthar (pe'ca bóthar puiblí é no nach eadh) ar an talamh san d'fheabhsú, agus ní tuigfear gur bóthar puiblí an bóthar san de bhíthin a dhéanta no a fheabhsuithe amhlaidh agus dá bhíthin sin amháin.

[EN]

Cruthúnas ar lánas agus ar oibriú pleananna bóthair.

30.—Scríbhinn do bheir le tuigsint gur cóip í de phlean bhóthair no de shliocht as plean bóthair agus ar a mbeidh deimhniú cúlscríobhtha (do bheir le tuigsint é bheith sighnithe ag príomhoifigeach feidhmiúcháin an údaráis phleanála gur cuireadh an plean bóthair sin fé n-a mbráid) á rá gur cóip dhílis den phlean bhóthair sin no gur sliocht cruinn dílis as an scríbhinn sin agus go raibh an plean bóthair sin i bhfeidhm ar dháta an deimhnithe sin, beidh sí, gan sighniú an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an príomh-oifigeach feidhmiúcháin sin é, ina fianaise (go dtí go gcruthófar a mhalairt) i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí ar an bplean bóthair sin no ar an sliocht san as (do réir mar a bheidh) agus ar an bplean bóthair sin do bheith i bhfeidhm.

[EN]

Mír 5 de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht d'athghairm.

31.—Athghairmtear leis seo mír 5 de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.