Uimhir 11 de 1963.
AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1963.
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú agus forléiriú.
1.—(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960.
(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.
2.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorálann gur £4,000,00 scair-chaipiteal na Cuideachta) trí “£6,000,000” a chur in ionad “ceithre mhilliún punt”.
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.
3.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht (a chuireann teorainn £4,000,000 le tógáil scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais) trí “£6,000,000” a chur in ionad “£4,000,000” i bhfo-alt (1).
Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.
4.—Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht (a chuireann teorainn £500,000 le ráthú ag an Aire go n-aisíocfar airgead a gheobhfaidh an Chuideachta ar iasacht) trí “£1,000,000” a chur in ionad “£500,000” i bhfo-alt (3).
Gearrtheideal agus comhlua.
5.—(1) Féadfar an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1963, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 agus 1963, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.