Uimhir 11 de 1973
AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1973
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar alt 28 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967.
1.—Leasaítear leis seo alt 28 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967, a shonraíonn méid na ranníocaí seachtainiúla isteach sa Chiste Iomarcaíochta, tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(3A) D'ainneoin aon ní in alt 27 nó san alt seo den Acht seo, ní bheidh ranníoc iomarcaíochta iníoctha ag ranníocóir fostaithe (de réir brí an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952) a bhfuil pinsean, baintrí (ranníocach), pinsean baintrí (neamhranníocach), sochar banchéile thréigthe, liúntas banchéile thréigthe nó liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973, á fháil aici.”.
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1973, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1973, a ghairm de na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 agus 1971, agus den Acht seo le chéile.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.