[EN]

harp.jpg


Uimhir 11 de 1988


[EN]

AN tACHT UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE (DLITEANAS SIBHIALTA AGUS CÚITEAMH), 1988


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Tosach feidhme.

3.

Léiriú.

4.

Orduithe a bhaineann le Coinbhinsiúin.

5.

Orduithe agus Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

6.

Caiteachais an Aire.

CUID II

Dliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Thruailliú

7.

Dliteanas i leith damáiste ó thruailliú.

8.

Díolúine ó dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú.

9.

Dliteanas i leith damáiste ó thruailliú sa Stát agus i dtír eile.

10.

Teorannú ar dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú.

11.

Tonnáiste na loinge a ríomh.

12.

An chúirt do chinneadh méid an dliteanais.

13.

Cumhacht chun long a stopadh nó a choinneáil.

14.

Feidhm alt 13 den Acht i gcás go mbeidh dliteanas i gceist in dhá thír nó níos mó.

15.

Teorannú ar imeachtaí in aghaidh tríú páirtithe.

16.

Árachas long.

17.

Dliteanas an ráthóra.

18.

Feidhm alt 503 (1) (d) den Merchant Shipping Act, 1894.

CUID III

An Ciste Cúitimh Idirnáisiúnta um Ola-Thruailliú

19.

Tuairisceáin faoin méid ola a iompraítear de mhuir.

20.

Dliteanas an Chiste.

21.

Méid dhliteanas an Chiste.

22.

Teorannú ar chaingne in aghaidh an Chiste.

23.

Damáiste ó thruailliú in dhá thír.

24.

Éilimh ón Stát.

CUID IV

Cinntí i dTíortha Coinbhinsiúin a Aithint agus a Fhorghníomhú

25.

Infhorghníomhaitheacht agus aitheantas ag cinneadh a rinneadh i dTír Choinbhinsiúin.

26.

Iarratas chun cinneadh a rinneadh i dTír Choinbhinsiúin a fhorghníomhú.

27.

Éifeacht an ordaithe chun cinneadh a fhorghníomhú.

28.

Gan aitheantas a thabhairt do chinneadh nó gan é a fhorghníomhú.

29.

Doiciméid nach foláir a bheith leis an iarratas chun cinneadh a fhorghníomhú.

CUID V

Ilghnéitheach

30.

Dlínse na Cúirte.

31.

Cigirí a cheapadh.

32.

Cumhachtaí cigire.

33.

Cumhachtaí máistrí cuain.

34.

Forálacha a bhaineann le longa a choinneáil.

35.

Longa a choinneáil go dtí go ndéanfar cinneadh ar imeachtaí (lena n-áirítear achomhairc) faoin Acht.

36.

Urrús dá bhforáiltear in alt 35 a íoc amach.

37.

Ionchúiseamh i gcionta.

38.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

39.

Comhlacht corpraithe a dhíotáil.

40.

Pionóis.

41.

Fíneálacha i leith cionta faoin Acht a ghnóthú.

42.

Fíneálacha a chur chun feidhme.

43.

Taifid a bheith inghlactha mar fhianaise.

44.

Díolúine ón Acht.

45.

Táillí le haghaidh deimhnithe, díolúintí etc.

46.

Táillí a bhailiú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict. c. 93

Public Offices Fees Act, 1879

42 & 43 Vict. c. 58

Merchant Shipping Act, 1894

57 & 58 Vict. c. 60

Na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1983

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht Loingis Thráchtála, 1955

1955, Uimh. 29

Na hAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 go 1977

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959

1959, Uimh. 14

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968

1968, Uimh. 18

harp.jpg


Uimhir 11 de 1988


AN tACHT UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE (DLITEANAS SIBHIALTA AGUS CÚITEAMH), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DON CHOINBHIN-SIÚN IDIRNÁISIÚNTA AR DHLITEANAS SIBHIALTA I LEITH DAMÁISTE Ó OLA-THRUAILLIÚ, 1969, ARNA DHÉANAMH SA BHRUISÉIL, AN 29ú LÁ DE SHAMHAIN, 1969; AGUS DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DON PHRÓT-ACAL LEIS AN gCOINBHINSIÚN IDIRNÁISIÚNTA AR DHLITEANAS SIBHIALTA I LEITH DAMÁISTE Ó OLA-THRUAILLIÚ, 1969, ARNA DHÉANAMH I LONDAIN, AN 19ú LÁ DE SHAMHAIN, 1976; AGUS DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DON CHOINBHINSIÚN IDIRNÁISIÚNTA AR BHUNÚ CISTE IDIRNÁISIÚNTA LE hAGHAIDH CÚITIMH AS DAMÁISTE Ó OLA-THRUAILLIÚ, 1971, ARNA DHÉANAMH SA BHRUISÉIL, AN 18ú LÁ DE NOLLAIG, 1971; AGUS DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DON PHRÓTACAL LEIS AN gCOINBHINSIÚN IDIRNÁIS-IÚNTA AR BHUNÚ CISTE IDIRNÁISIÚNTA LE hAGH-AIDH CÚITIMH AS DAMÁISTE Ó OLA-THRUAILLIÚ, 1971, ARNA DHÉANAMH I LONDAIN, AN 19ú LÁ DE SHAMHAIN, 1976; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN DLITEANAS AGUS AN CÚITEAMH I LEITH DAMÁISTE Ó OLA-THRUAILLIÚ A MHEASÚNÚ; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Bealtaine, 1988] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh), 1988, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh le haghaidh forálacha éagsúla.

[EN]

Léiriú.

3.—(1) San Acht seo—

[EN]

tá le “méid comhiomlán an chúitimh” an bhrí a shonraítear in alt 21;

[EN]

ciallaíonn “Tír Choinbhinsiúin”, a mhéid a éileoidh an comhthéacs, stát (seachas an Stát) ar dearbhaíodh le hordú faoi alt 4 gur ghlac sé leis an gCoinbhinsiún ar Dhliteanas nó leis an gCoinbhinsiún ar an gCiste nó le haon Choinbhinsiún nó Prótacal ag leasú nó ag leathnú na gCoinbhinsiún sin agus nár dearbhaíodh dá éis sin ceachtar de na Coinbhinsiúin sin a bheith séanta aige;

[EN]

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt nó breitheamh de chuid na Cúirte sin;

[EN]

tá le “amhola” an bhrí a shonraítear in alt 19;

[EN]

ciallaíonn “scaoileadh amach”, i ndáil le hola, aon scaoileadh amach nó éalú ola cibé ní is cúis leis;

[EN]

tá le “an Ciste” an bhrí a shonraítear in alt 19;

[EN]

tá le “ola bhreosla” an bhrí a shonraítear in alt 19;

[EN]

ciallaíonn “an Coinbhinsiún ar an gCiste” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Bhunú Ciste Idirnáisiúnta le haghaidh Cúitimh as Damáiste ó Ola-Thruailliú, 1971, arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18ú lá de Nollaig, 1971, agus folaíonn sé aon Choinbhinsiún nó Prótacal a dhaingnigh an Stát agus a leasaíonn nó a leathnaíonn an Coinbhinsiún sin;

[EN]

ciallaíonn “ráthóir” aon duine a chuireann árachas nó urrús airgeadais eile ar fáil chun dliteanas úinéara loinge faoi alt 16 a chumhdach;

[EN]

ciallaíonn “údarás cuain”—

[EN]

(a) i gcás cuain lena mbaineann an tAcht Cuanta, 1946, údarás cuain de réir bhrí an Achta sin; nó

[EN]

(b) i gcás cuain faoi rialú Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, na Coimisinéirí; nó

[EN]

(c) i gcás lárionad cuain iascaigh lena mbaineann an tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968, Aire na Mara; nó

[EN]

(d) i gcás cuain faoi rialú údaráis áitiúil, an t-údarás áitiúil lena mbaineann; nó

[EN]

(e) i gcás cuain faoi bhainisteoireacht Iarnród Éireann-Irish Rail, Iarnród Éireann-Irish Rail;

[EN]

ciallaíonn “máistir cuain” duine arna cheapadh ag údarás cuain le bheith ina mháistir cuain agus folaíonn sé duine arna cheapadh ag údarás cuain chun forálacha an Achta seo a fhorghníomhú;

[EN]

ciallaíonn “tarlú” aon teagmhas nó sraith teagmhas leis an mbunús céanna agus is cúis le damáiste ó thruailliú;

[EN]

ciallaíonn “cigire”—

[EN]

(a) duine a cheaptar chun bheith ina chigire le barántas ón Aire faoi alt 31, nó

[EN]

(b) duine a cheaptar chun bheith ina shuirbhéir long le barántas ón Aire faoi alt 724 den Merchant Shipping Act, 1894, nó

[EN]

(c) oifigeach cosanta iascaigh mhara;

[EN]

ciallaíonn “an Coinbhinsiún ar Dhliteanas” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Ola-Thruailliú, 1969, arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29ú lá de Shamhain, 1969, agus folaíonn sé aon Choinbhinsiún nó Prótacal a dhaingnigh an Stát agus a leasaíonn nó a leathnaíonn an Coinbhinsiún sin;

[EN]

ciallaíonn “máistir”, i ndáil le long, an duine atá, de thuras na huaire, i gceannas nó i bhfeighil na loinge;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” Aire na Mara;

[EN]

ciallaíonn “ola” (seachas i gCuid III) aon ola mharthanach lena n-áirítear amhola, ola bhreosla, ola throm dhíosail, ola bhealaithe, agus ola mhíl mhóir cibé acu a iompraítear ar bord loinge í mar lasta nó i mbuncair loinge den sórt sin;

[EN]

ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le long, an duine atá cláraithe mar úinéir na loinge sin nó, mura bhfuil aon duine cláraithe mar úinéir na loinge, an duine ar leis an long, agus, i gcás long ar le stát í agus go n-oibríonn duine í atá cláraithe sa stát sin mar oibritheoir na loinge, ciallaíonn “úinéir” an duine atá cláraithe mar oibritheoir den sórt sin;

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le Rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “damáiste ó thruailliú” caillteanas nó damáiste lasmuigh de long a iompraíonn ola i mbulc mar lasta a thig as éalú nó scaoileadh amach ola as long, cibé áit a dtarlaíonn an t-éalú nó an scaoileadh amach sin, agus folaíonn sé an costas i leith na mbeart a dhéantar chun damáiste ó thruailliú a chosc nó a íoslaghdú agus aon chaillteanas nó damáiste breise arb iad na bearta sin is cúis leo: agus folaíonn damáiste ó thruailliú laistigh den Stát nó laistigh d'aon Tír Choinbhinsiúin bearta a dhéanfar lasmuigh den Stát nó, de réir mar a bheidh, den Tír Choinbhinsiúin sin chun damáiste ó thruailliú laistigh den Stát nó laistigh den Tír Choinbhinsiúin sin a chosc nó a íoslaghdú;

[EN]

ciallaíonn “oifigeach cosanta iascaigh mhara” duine a ndearbhaítear le halt 220 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, gur oifigeach cosanta iascaigh mhara é;

[EN]

ciallaíonn “suiteáil chríochfoirt” aon láithreán sa Stát chun ola i mbulc a stóráil a bhfuil ar a chumas ola a ghlacadh ó chóir iompair ar uisce agus folaíonn sé aon saoráid atá suite amach ón gcósta agus atá ceangailte le láithreán den sórt sin;

[EN]

ciallaíonn “aonad cuntais” aonad cuntais Chearta Tarraingthe Speisialta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

[EN]

(2) Folaíonn tagairt san Acht seo don Stát nó d'aon tír eile farraigí teorann agus uiscí intíre an Stáit nó, de réir mar a bheidh, farraigí teorann agus uiscí intíre na tíre eile sin.

[EN]

(3) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(4) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(5) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán dá éis sin.

[EN]

Orduithe a bhaineann le Coinbhinsiúin.

4.—Más deimhin leis an Aire—

[EN]

(a) gur ghlac aon stát (seachas an Stát) leis an gCoinbhinsiún ar Dhliteanas nó leis an gCoinbhinsiún ar an gCiste nó le haon Choinbhinsiún nó Prótacal a dhaingnigh an Stát agus a leasaíonn nó a leathnaíonn ceachtar de na Coinbhinsiúin sin, nó gur shéan sé iad, nó

[EN]

(b) go bhfuil réim ag aon Choinbhinsiún den sórt sin in aon chríoch nó gur scoir sé de réim a bheith aige in aon chríoch,

[EN]

féadfaidh sé é sin a dhearbhú le hordú.

[EN]

Orduithe agus Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

5.—Gach ordú agus Rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an ionstraim a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na hionstraime, beidh an ionstraim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ionstraim.

[EN]

Caiteachais an Aire.

6.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

CUID II

Dliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Thruailliú

[EN]

Dliteanas i leith damáiste ó thruailliú.

7.—(1) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, faoi réir alt 8, i ndáil le damáiste ó thruailliú sa Stát ar long a iompraíonn ola i mbulc mar lasta is cúis leis, cibé acu atá an long sin laistigh nó lasmuigh den Stát, is é sin le rá—

[EN]

(a) ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, beidh dliteanas i leith an damáiste sin ar úinéir loinge tráth an tarlaithe nó, i gcás gur sraith teagmhas an tarlú, an tráth a tharla an chéad teagmhas de na teagmhais a bhí ina gcúis le damáiste ó thruailliú;

[EN]

(b) in aon chás ina leanann damáiste ó thruailliú as scaoileadh amach ola ó dhá long nó níos mó, beidh úinéir gach loinge lena mbaineann, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach i leith gach damáiste den sórt sin a mhéid nach inleithlithe an damáiste sin go réasúnach;

[EN]

(c) ní thabhóidh úinéir loinge aon dliteanas i leith damáiste ó thruailliú seachas faoin alt seo;

[EN]

(d) ní bheidh seirbhíseach ná gníomhaire úinéara loinge faoi dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú arb í an long sin is cúis leis.

[EN]

(2) Ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun dochar a dhéanamh d'aon cheart chun caingne a d'fhéadfadh a bheith ag úinéir loinge in aghaidh aon tríú páirtí maidir le haon tarlú.

[EN]

Díolúine ó dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú.

8.—Ní bheidh úinéir loinge a ba chúis le damáiste ó thruailliú faoi dhliteanas i leith an damáiste sin má chruthaíonn sé maidir leis an scaoileadh amach ola ba chúis leis an damáiste—

[EN]

(a) gur gníomh cogaidh, cogaíocht, cogadh cathartha, éirí amach, nó feiniméan nádúrtha de chineál eisceachtúil, dosheachanta agus dochoiscthe ba thrúig dó; nó

[EN]

(b) gur ní éigin a rinneadh nó a fágadh gan déanamh ag aon duine eile (seachas seirbhíseach nó gníomhaire de chuid an úinéara sin) a raibh sé ar intinn aige damáiste a dhéanamh ba chiontach leis go hiomlán; nó

[EN]

(c) gur faillí nó gníomh éagórach de chuid aon rialtais nó údaráis eile atá freagrach as cothabháil soilse nó áiseanna loingseoireachta eile ba chiontach leis go hiomlán agus an fheidhm sin á feidhmiú.

[EN]

Dliteanas i leith damáiste ó thruailliú sa Stát agus i dtír eile.

9.—Más rud é gur long a iompraíonn ola i mbulc mar lasta is cúis le damáiste ó thruailliú sa Stát agus i dTír Choinbhinsiúin amháin nó níos mó, cibé acu atá an long sin laistigh nó lasmuigh den Stát, agus go bhfuil úinéir na loinge sin faoi dhliteanas i leith an damáiste sin de bhun alt 7, agus más rud é go bhfuil úinéir na loinge sin faoi dhliteanas i leith an damáiste sin faoi dhlí aon Tíre Coinbhinsiúin eile lena mbaineann, measfar, maidir leis an dliteanas i leith an damáiste sin, chun críocha an Achta seo agus chun críocha aon imeachtaí dlí faoin Acht seo i ndáil leis an damáiste sin, gur tabhaíodh sa Stát é.

[EN]

Teorannú ar dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú.

10.—Más rud é, de bhun alt 7, go mbeidh úinéir loinge faoi dhliteanas i leith damáiste arbh é ba chúis leis ná scaoileadh amach ola a tharla d'éagmais faillí ná eolais iarbhír dá chuid, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ag alt 503 den Merchant Shipping Act, 1894, i ndáil le haon dliteanas den sórt sin;

[EN]

(b) féadfaidh an t-úinéir áirithe teorainn a chur lena dhliteanas de réir an Achta seo;

[EN]

(c) i gcás go gcuireann an t-úinéir áirithe teorainn lena dhliteanas de réir an Achta seo, ní rachaidh a dhliteanas i leith aon scaoilte amach amháin thar cheithre mhilliún déag d'aonaid chuntais, nó céad tríocha is trí d'aonaid chuntais an tonna ar gach tonna de thonnáiste na loinge, cibé acu is lú;

[EN]

(d) i gcás go bhfuil scaoileadh amach ola ina chúis le damáiste ó thruailliú sa Stát agus i gcríoch aon Tíre Coinbhinsiúin agus gur chuir úinéir na loinge ónar scaoileadh amach an ola teorainn lena dhliteanas de réir an Achta seo beidh feidhm, maidir le comhiomlán a dhliteanais sa Stát agus in aon Tír Choinbhinsiúin lena mbaineann, ag an teorainn sin ar dhliteanas an úinéara;

[EN]

(e) más rud é, de réir dlí Tíre Coinbhinsiúin, gur chuir úinéir teorainn lena dhliteanas beidh an chúirt, an binse nó an t-údarás riaracháin sa Tír Choinbhinsiúin sin, a bhfuil an dlínse nó an chumhacht aige dliteanas a chinneadh i leith damáiste ó thruailliú agus cúiteamh a dhámhachtain i leith an chéanna, inniúil go heisiach chun gach ní a chinneadh a bhaineann le ceapadh agus le dáileadh aon airgead a taisceadh leis an gcúirt, leis an mbinse nó leis an údarás riaracháin, de réir mar a bheidh, maidir le dliteanas an úinéara.

[EN]

Tonnáiste na loinge a ríomh.

11.—Chun dliteanas úinéara loinge a ríomh faoi threoir thonnáiste na loinge sin, fionnfar an tonnáiste ar an tslí seo a leanas:

[EN]

(a) más sa Stát a cláraíodh an long nó más long í lena mbaineann ordú faoi alt 95 den Acht Loingis Thráchtála, 1955, áireofar gurb é tonnáiste na loinge sin glantonnáiste na loinge arna mhéadú de mhéid aon asbhainte a rinneadh i gcás go ndearnadh asbhaint i leith spáis do sheomra innill le linn an tonnáiste sin a ríomh;

[EN]

(b) murar cláraíodh an long amhlaidh, nó mura mbaineann aon ordú den sórt sin léi, agus más féidir tonnáiste cláraithe na loinge a fhionnadh amhail is dá mba long í a cláraíodh sa Stát, ríomhfar tonnáiste na loinge, fara aon mhodhnuithe is gá, de réir mhír(a);

[EN]

(c) murar cláraíodh an long amhlaidh, nó mura mbaineann aon ordú den sórt sin léi, agus más long í d'aicme nó de thuairisc nach bhfuil aon fhoráil déanta ina leith de thuras na huaire le Rialacháin tonnáiste a rinneadh faoin Acht Loingis Thráchtála sin, áireofar gurb é tonnáiste na loinge daichead faoin gcéad den mheáchan (a shloinntear i dtonnaí de dhá mhíle, dhá chéad is daichead punt) ola atá an long ábalta a iompar;

[EN]

(d) murar féidir tonnáiste na loinge a ríomh de réir na míreanna roimhe seo den alt seo, déanfaidh cigire, má ordaíonn an Chúirt dó dhéanamh amhlaidh, an tonnáiste a dheimhniú a bheadh ina thuairim, ag féachaint don fhianaise a sonraíodh san ordú, ina thonnáiste don long dá ndéanfaí an tonnáiste sin a ríomh de réir na míreanna roimhe seo den alt seo agus áireofar gurb é tonnáiste na loinge sin an tonnáiste mar a dheimhnítear i ndeimhniú an chigire.

[EN]

An chúirt do chinneadh méid an dliteanais.

12.—(1) I gcás gur thabhaigh nó go líomhnaítear gur thabhaigh úinéir loinge dliteanas i leith damáiste ó thruailliú de bhun an Achta seo, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú chun a dhliteanas i leith an damáiste sin a chur faoi theorainn méid a ríomhadh de réir fhorálacha alt 10.

[EN]

(2) Más rud é, ar iarratas a éisteacht faoi fho-alt (1), go gcinnfidh an Chúirt maidir leis an iarratasóir—

[EN]

(a) gur thabhaigh sé dliteanas i leith damáiste ó thruailliú,

[EN]

agus

[EN]

(b) go bhfuil sé i dteideal a dhliteanas a theorannú de réir an Achta seo,

[EN]

déanfaidh an Chúirt, tar éis teorainn dhliteanas an úinéara sin a chinneadh agus tar éis ordú a thabhairt aon mhéid a cinneadh amhlaidh a íoc isteach sa chúirt—

[EN]

(i) na méideanna (más ann) a chinneadh a bheadh dlite, ar leith ó theorannú an dliteanais, maidir le dliteanas an úinéara sin d'aon duine a dhéanann éileamh in aghaidh an úinéara sin maidir le damáiste ó thruailliú, agus

[EN]

(ii) faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, a ordú go ndéanfar an méid a íocfar isteach sa chúirt a dháileadh i gcoibhneas lena n-éileamh i measc cibé daoine a gcinnfidh an Chúirt éileamh a bheith acu in aghaidh an úinéara sin maidir le damáiste ó thruailliú.

[EN]

(3) Aon uair a ordóidh an Chúirt, ar iarratas faoi fho-alt (1), aon mhéid a íoc isteach sa chúirt, comhlíonfaidh an t-iarratasóir an t-ordú.

[EN]

(4) Déanfar méid teorann dliteanais arna chinneadh faoin alt seo a íoc isteach sa chúirt in airgead reatha an Stáit, agus—

[EN]

(a) chun méid den sórt sin a chomhshó ó chearta tarraingthe speisialta isteach in airgead reatha an Stáit measfar gurb ionann ceart tarraingthe speisialta amháin agus cibé suim in airgead reatha an Stáit a bheidh socraithe ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta mar choibhéis do cheart tarraingthe speisialta amháin—

[EN]

(i) don lá a ndéanfar an cinneadh, nó

[EN]

(ii) mura mbeidh aon suim socraithe amhlaidh don lá sin, don lá deireanach roimh an lá sin a mbeidh suim socraithe amhlaidh ina leith;

[EN]

(b) beidh deimhniú a thugann Banc Ceannais na hÉireann nó a thugtar thar a cheann á rá—

[EN]

(i) gur socraíodh amhlaidh suim áirithe in airgead reatha an Stáit don lá a ndearnadh an cinneadh, nó

[EN]

(ii) nár socraíodh amhlaidh aon suim don lá sin agus gur socraíodh amhlaidh suim áirithe in airgead reatha an Stáit do lá arb é an lá deireanach é dar socraíodh amhlaidh suim roimh an lá a ndearnadh an cinneadh,

[EN]

ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt ar na nithe sin chun críocha an Achta seo;

[EN]

(c) aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú den sórt sin é, glacfar leis mar fhianaise in aon imeachtaí agus, mura gcruthófar a mhalairt, measfar gur deimhniú den sórt sin é.

[EN]

(5) Ní ghlacfar le héileamh in aon iarratas faoin alt seo mura ndéanfar an t-éileamh sin laistigh de thrí bliana tar éis an dáta ar tharla an damáiste ó thruailliú agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis dáta an tarlaithe ba chúis leis an damáiste:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás gur sraith teagmhas a bhí sa tarlú ba chúis leis an damáiste, nach nglacfar le héileamh in aon iarratas faoin alt seo mura ndéanfar an t-éileamh sin laistigh de shé bliana ó dháta an chéad teagmhais díobh sin.

[EN]

(6) Más rud é gur íocadh aon suim do shásamh éilimh, nó mar chabhair do shásamh éilimh, i leith damáiste ó thruailliú, nó costas, a thagann faoi réim dliteanais úinéara loinge agus más rud é—

[EN]

(a) gur íoc úinéir na loinge nó aon ráthóir aon suim den sórt sin,

[EN]

(b) gur íoc aon duine aon suim den sórt sin ar duine é a thabhaigh nó a líomhnaítear a thabhaigh dliteanas ar shlí eile seachas de bhua fhorálacha an Achta seo i leith damáiste nó costas den sórt sin, agus atá i dteideal teorainn a chur lena dhliteanas de bhua na nAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1983,

[EN]

beidh ag an duine a d'íoc an tsuim sin an seasamh céanna, go feadh méid na suime sin, in aon dáileadh a dhéanann an Chúirt faoi fho-alt

[EN]

(2), a bheadh ag an duine ar íocadh an tsuim sin leis dá mba pháirtí sna himeachtaí é.

[EN]

(7) Aon duine—

[EN]

(a) a thabhaigh aon dliteanas i ndáil le damáiste ó thruailliú, agus

[EN]

(b) a rinne aon bhearta réasúnacha, nó a chaith airgead, chun an damáiste ó thruailliú a bhfuil sé faoi dhliteanas ina leith a íoslaghdú nó a chosc,

[EN]

beidh an seasamh céanna aige in aon dáileadh a dhéanann an Chúirt faoi fho-alt (2) amhail is dá mbeadh éileamh aige sna himeachtaí comhionann le méid aon chaiteachais a thabhaigh sé ag féachaint leis an damáiste a íoslaghdú nó a chosc.

[EN]

(8) Féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, dáileadh cibé cuid den airgead a bheidh le dáileadh aici faoi fho-alt (2) a chur siar de réir mar is iomchuí léi chun freastal d'aon éileamh—

[EN]

(a) a d'fhéadfaí a chruthú ina dhiaidh sin os comhair cúirte i dTír Choinbhinsiúin, nó

(b) ó úinéir na loinge nó ó aon duine eile, go mb'fhéidir go mbeadh d'iachall air, tráth éigin níos déanaí, cúiteamh a íoc i leith damáiste ó thruailliú a thabharfadh teideal don úinéir sin nó don duine eile faoiseamh a éileamh faoi fho-alt (6), i gcás go mbeadh cúiteamh den sórt sin íoctha aige roimh dháileadh na Cúirte faoi fho-alt (2).

[EN]

Cumhacht chun long a stopadh nó a choinneáil.

13.—(1) Gan dochar d'aon chumhacht atá in aon achtachán chun long a choinneáil, féadfaidh cigire long a stopadh nó a choinneáil in aon chuan sa Stát nó cibé áit a mbeidh an long sin sa Stát, nó féadfaidh máistir cuain long a choinneáil ina chuan, má fheictear don chigire nó, de réir mar a bheidh, don mháistir cuain gur thabhaigh úinéir na loinge dliteanas faoi alt 7 i leith damáiste ó thruailliú arb aon long dá chuid ba chúis leis.

[EN]

(2) I gcás gur chinn an Chúirt go bhfuil duine, a thabhaigh dliteanas i leith damáiste ó thruailliú faoi alt 7, i dteideal teorainn a chur lena dhliteanas agus gur íoc an duine sin isteach sa chúirt suim nach lú ná an méid ar chinn an Chúirt gurb é teorainn a dhliteanais é, ansin—

[EN]

(a) déanfaidh an Chúirt, ar iarratas ón úinéir nó thar a cheann, a ordú go ndéanfar aon long a bheidh á coinneáil faoin alt seo mar gheall ar aon dliteanas i leith damáiste ó thruailliú a scaoileadh saor, nó, de réir mar a bheidh, a ordú go ndéanfar aon urrús a fhuascailt a bheidh tugtha chun gabháil den sórt sin a chosc nó chun scaoileadh ón ngabháil sin a chur i gcrích, agus

[EN]

(b) ní dhéanfar breithiúnas nó foraithne i ndáil le haon éileamh ar dhamáistí i leith damáiste ó thruailliú a fhorghníomhú ach amháin a mhéid a bhaineann an breithiúnas nó an fhoraithne sin le costais:

[EN]

Ar choinníoll, maidir leis an tsuim a íoctar amhlaidh isteach sa chúirt nó cibé cuid di a bheidh ag freagairt d'aon éileamh ar dhamáistí i leith damáiste ó thruailliú, go mbeidh sí ar fáil lena dáileadh ar an éilitheoir, nó go mbeadh sí ar fáil amhlaidh i gcás gur chomhlíon an t-éilitheoir forálacha alt 12.

[EN]

(3) Má fhágann long a bhí á coinneáil de bhun an ailt seo aon chuan, suiteáil chríochfoirt, críochfort amach ón gcósta nó aon áit eile sa Stát, nó má fhéachann sí lena bhfágáil, ar shlí seachas de réir fhorálacha an Achta seo, beidh úinéir agus máistir na loinge araon ciontach i gcion agus féadfaidh cigire in aon áit sa Stát nó máistir cuain ina chuan an long a choinneáil nó a choinneáil níos faide, gan dochar d'fho-alt (1).

[EN]

Feidhm alt 13 den Acht i gcás go mbeidh dliteanas i gceist in dhá thír nó níos mó.

14.—I gcás go mbeidh aon duine faoi dhliteanas faoi alt 7 i leith damáiste ó thruailliú agus go mbeidh sé, i ndáil leis an tarlú céanna, faoi dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú faoi dhlí aon Tíre Coinbhinsiúin eile, beidh feidhm ag alt 13 amhail is dá mba thagairt do dhlí comhréire aon Tíre Coinbhinsiúin eile lena mbaineann na tagairtí san alt sin d'ailt 7 agus 12 agus amhail is dá mba thagairt d'aon suim a urraíodh faoi dhlí comhréire na Tíre Coinbhinsiúin sin an tagairt san alt sin 13 d'aon suim a íocadh isteach sa chúirt.

[EN]

Teorannú ar imeachtaí in aghaidh tríú páirtithe.

15.—Más rud é, de dheasca ola a scaoileadh amach as long, go mbeidh úinéir na loinge faoi dhliteanas faoi alt 7 i leith damáiste ó thruailliú agus go dtabhóidh aon duine eile dliteanas, ar shlí seachas faoin alt sin, i leith an damáiste sin, ansin—

[EN]

(a) má cinneadh in aon imeachtaí faoi alt 12 go raibh úinéir na loinge i dteideal a dhliteanas a chur faoi theorainn méid áirithe agus má d'íoc sé suim nach lú ná an méid sin isteach sa chúirt, agus

[EN]

(b) má tá an duine eile sin i dteideal teorainn a chur lena dhliteanas i ndáil leis an long de bhua na nAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1983,

[EN]

ní thionscnófar imeachtaí in aghaidh an duine eile sin i leith a dhliteanais agus má tosaíodh aon imeachtaí den sórt sin sular íoc an t-úinéir sin an méid ar cinneadh gurb é teorainn a dhliteanais é isteach sa chúirt ní dhéanfar aon bheart eile sna himeachtaí ach amháin i ndáil le costais.

[EN]

Árachas long.

16.—(1) Ní iompróidh long a cláraíodh sa Stát lasta dhá mhíle tona nó níos mó d'ola i mbulc mura mbeidh conradh árachais nó urrús airgeadais eile, a shásóidh cibé ceanglais a bheidh forordaithe, i bhfeidhm maidir leis an long.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire, ar é bheith deimhnithe dó ag úinéir na loinge gur comhlíonadh fo-alt (1), a dheimhniú go gcomhlíonann an long forálacha fho-alt (1) i leith cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa deimhniú.

[EN]

(3) Faoi réir aon díolúine a dheonóidh an tAire faoi alt 44, ní iompróidh long (seachas long a cláraíodh sa Stát) lasta dhá mhíle tona nó níos mó d'ola i mbulc chuig cuan, suiteáil chríochfoirt nó críochfort amach ón gcósta ná uathu—

[EN]

(a) mura rud é, i gcás gur i dTír Choinbhinsiúin eile a cláraíodh an long, go n-iomprófar deimhniú ar bord na loinge, a bheidh arna eisiúint ag údarás na tíre inar cláraíodh an long nó faoin údarás sin, a thaispeánfaidh go bhfuil conradh árachais nó urrús airgeadais eile i bhfeidhm maidir leis an long a shásaíonn ceanglais dhlí na tíre sin maidir le hola a iompar i mbulc, nó

[EN]

(b) mura rud é, i gcás nach i dTír Choinbhinsiúin eile ná sa Stát a cláraíodh an long, go n-iomprófar deimhniú ar bord—

[EN]

(i) a d'eisigh údarás Tíre Coinbhinsiúin eile nó a eisíodh faoin údarás sin, nó

[EN]

(ii) a bheidh deimhnithe ag an Aire go sásaíonn an long cibé ceanglais a bheidh forordaithe,

[EN]

agus a thaispeánfaidh go bhfuil, maidir leis an long, conradh árachais nó urrús airgeadais eile i bhfeidhm, a shásaíonn dlí na Tíre Coinbhinsiúin sin lena mbaineann nó an Stát, de réir mar a bheidh, maidir le hola a iompar i mbulc.

[EN]

(4) Déanfar aon deimhniú, a cheanglaítear leis an alt seo i ndáil le conradh árachais nó urrús airgeadais eile a bheith ann maidir le long, a iompar ar an long, agus tabharfaidh máistir na loinge ar aird é d'aon chigire nó d'aon mháistir cuain ar é á éileamh.

[EN]

(5) Má théann long isteach i gcuan nó má fhágann sí é nó má fhéachann sí le dul isteach i gcuan nó é a fhágáil, nó má shroicheann sí suiteáil chríochfoirt nó críochfort amach ón gcósta sa Stát nó má fhágann sí iad nó má fhéachann sí le suiteáil chríochfoirt nó críochfort amach ón gcósta sa Stát a shroicheadh nó a fhágáil de shárú ar an alt seo, beidh úinéir agus máistir na loinge araon ciontach i gcion.

[EN]

(6) Má mhainnítear deimhniú a iompar ar bord loinge mar a cheanglaítear leis an alt seo nó má mhainníonn máistir na loinge an deimhniú sin a thabhairt ar aird ar é a éileamh ag cigire nó ag máistir cuain, beidh máistir na loinge ciontach i gcion.

[EN]

(7) Má fhéachann long le cuan, suiteáil chríochfoirt nó críochfort amach ón gcósta sa Stát a fhágáil de shárú ar an alt seo, féadfaidh cigire nó an máistir cuain lena mbaineann, an long a stopadh agus a choinneáil.

[EN]

(8) Má dhéanann long a bhí á coinneáil ag cigire nó, de réir mar a bheidh, ag máistir cuain, de bhun fho-alt (7) cuan, suiteáil chríochfoirt nó críochfort amach ón gcósta a fhágáil nó féachaint lena bhfágáil ar shlí seachas de réir fhorálacha an Achta seo, beidh máistir na loinge ciontach i gcion.

[EN]

Dliteanas an ráthóra.

17.—(1) Má líomhnaítear go bhfuil úinéir loinge faoi dhliteanas faoi alt 7 i leith damáiste ó thruailliú mar gheall ar aon scaoileadh amach ola agus go mbeidh, an tráth sin, conradh árachais nó urrús eile lena mbaineann deimhniú dá dtagraítear in alt 16 i bhfeidhm maidir leis an long sin, féadfar imeachtaí a thionscnamh in aghaidh an ráthóra chun éileamh a fhorghníomhú i leith aon damáiste arbh é an scaoileadh amach ola ba chúis leis.

[EN]

(2) In aon imeachtaí a thionscnófar in aghaidh ráthóra faoin alt seo, beidh sé ina chosaint don ráthóir, i dteannta aon chosanta a dhéanann difear do dhliteanas an úinéara, a shuíomh gur mí-iompar toiliúil ar thaobh úinéir na loinge ba chúis leis an scaoileadh amach ola ar ina leith a tionscnaíodh na himeachtaí.

[EN]

(3) Féadfaidh ráthóir teorainn a chur lena dhliteanas faoin alt seo sa dóigh chéanna agus go feadh an méid céanna a bhféadfaidh úinéir teorainn a chur lena dhliteanas cibé acu is d'éagmais faillí nó eolas iarbhír úinéir na loinge nó nach ea a tharla an scaoileadh amach ola ar ina leith a tionscnaíodh na himeachtaí.

[EN]

(4) Más rud é go ndéanfaidh úinéir loinge agus a ráthóir iarratas chun na Cúirte chun teorainn a chur lena ndliteanas, measfar, maidir le haon airgead a íocadh isteach sa chúirt de bhun ceachtar iarratais, gur íocadh é freisin de bhun an iarratais eile.

[EN]

Feidhm alt 503 (1) (d) den Merchant Shipping Act, 1894.

18.—Measfar go mbeidh feidhm ag forálacha alt 503 (1) (d) den Merchant Shipping Act, 1894, maidir le haon dliteanas i leith costais chun damáiste ó thruailliú nach dtagann faoi réim an Achta seo a chosc nó a mhaolú.

[EN]

CUID III

An Ciste Cúitimh Idirnáisiúnta um Ola-Thruailliú

[EN]

Tuairisceáin faoin méid ola a iompraítear de mhuir.

19.—(1) Is é dualgas cibé daoine a bheidh forordaithe tuairisceán faoin méid amhola agus ola bhreosla a iompraítear i ngach long ar leis an duine sin í agus a ghlactar i gcuanta, i suiteálacha críochfoirt agus i gcríochfoirt amach ón gcósta sa Stát a chur faoi bhráid an Aire go bliantúil i cibé slí agus ar nó roimh cibé dáta a bheidh forordaithe.

[EN]

(2) Is é dualgas cibé daoine a bheidh forordaithe cibé suimeanna a chinnfidh Tionól an Choinbhinsiúin ar an gCiste, agus a bheidh deimhnithe ag Stiúrthóir an Chiste, a íoc gach bliain isteach sa Chiste Cúitimh Idirnáisiúnta um Ola-Thruailliú arna bhunú faoin gCoinbhinsiún ar an gCiste (dá ngairtear “an Ciste” san Acht seo) i cibé slí agus ar nó roimh cibé dáta a bheidh forordaithe, agus déanfar aon suim den sórt sin a chinneadh de réir na dtuairisceán a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1) nó, i gcás go mainneoidh nó go bhfailleoidh an duine lena mbaineann a thuairisceán a chur faoina bhráid ar nó roimh an dáta forordaithe, cibé suim a íoc leis an gCiste a ríomhfar ar mheastachán de thuairisceáin an duine sin le haghaidh na bliana sin.

[EN]

(3) Má mhainníonn aon duine aon suim, a dhlífidh sé a íoc agus is iníoctha aige faoi fho-alt (2), a íoc leis an gCiste, féadfaidh Stiúrthóir an Chiste an tsuim sin mar aon le haon ús uirthi ón dáta ar tháinig an tsuim sin chun bheith iníoctha, agus an t-ús sin a bheith de réir cibé ráta a chinnfidh Tionól an Choinbhinsiúin ar an gCiste, ó am go ham, a ghnóthú ón duine a raibh sé iníoctha aige in aon chúirt dlínse inniúla, mar fhiach conartha shimplí.

[EN]

(4) Aon duine—

[EN]

(a) a mhainníonn na tuairisceáin a shonraítear i bhfo-alt (1) a chur faoi bhráid an Aire, laistigh den tráth forordaithe, nó

[EN]

(b) a chuireann tuairisceán bréige faoi bhráid an Aire, nó

[EN]

(c) a mhainníonn an íocaíocht a shonraítear i bhfo-alt (2) a dhéanamh leis an gCiste,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(5) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Tionól an Choinbhinsiúin ar an gCiste” an Tionól a shonraítear in Airteagal 17 den Choinbhinsiún ar an gCiste;

[EN]

ciallaíonn “amhola” aon mheascán hidreacarbóin leachtach arb ann dó go nádúrtha sa talamh cibé acu a chóireáiltear é nó nach gcóireáiltear chun é a dhéanamh oiriúnach lena iompar agus folaíonn sé olaí (ar a dtugtar “amholaí barrdhriogtha”) ar baineadh roinnt codánra driogáite astu agus olaí (ar a dtugtar “amholaí spíceáilte” nó “amholaí athchomhdhéanta”) ar cuireadh roinnt codánra driogáite leo;

[EN]

ciallaíonn “ola bhreosla” driogáití nó iarmhair throma ó amhola nó ó chumaisc d'olaí den sórt sin a bheartaítear a úsáid mar bhreosla chun teas nó cumhacht a tháirgeadh de cháilíocht is ionann agus, nó is troime ná, sonraíocht an Chumainn Mheiriceánaigh um Thástáil agus Ábhair le haghaidh ola bhreosla uimhir a ceathair (Sainiú D396/69).

[EN]

Dliteanas an Chiste.

20.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh an Ciste faoi dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú sa Stát de dheasca ola a scaoileadh amach as long a iompraíonn ola i mbulc mar lasta, cibé acu atá an long sin laistigh den Stát nó lasmuigh de.

[EN]

(2) Beidh an Ciste faoi dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú in aon chás—

[EN]

(a) nach mbíonn dliteanas i leith damáistí i gceist faoi alt 7, nó

[EN]

(b) nach mbíonn an duine ar tharla an damáiste dó in ann sásamh iomlán a fháil faoin méid cúitimh a bheidh dlite dó faoi alt 7 nó 9, tar éis dó gach beart réasúnach a dhéanamh chun gach leigheas dlíthiúil a lorg atá ar fáil dó, nó

[EN]

(c) inar chuir úinéir na loinge áirithe teorainn lena dhliteanas faoin Acht seo agus inar mó an méid cúitimh atá dlite ná an teorainn sin.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag alt 12 (7) maidir le haon dáileadh a dhéanfar de bhun an ailt seo ar an tslí chéanna a bhfuil feidhm aige maidir le haon dáileadh a dhéantar faoi alt 12.

[EN]

(4) Ní bheidh an Ciste faoi dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú má chruthaítear gur gníomh cogaidh, cogaíocht, cogadh cathartha nó éirí amach ba thrúig don scaoileadh amach ola a bhí ina chúis leis an damáiste ó thruailliú nó gurb é ba chúis leis ola a d'éalaigh nó a scaoileadh amach as long chogaidh nó as long eile de chuid an Stáit nó Tíre Coinbhinsiúin nó a oibríonn an Stát nó Tír Choinbhinsiúin agus nach raibh á húsáid, tráth an tarlaithe, ach amháin ar sheirbhís rialtais neamhthráchtála.

[EN]

(5) Féadfar faoiseamh ó dhliteanas a thabhairt go hiomlán nó go páirteach don Chiste i leith damáiste ó thruailliú má shuitear gurb é ba thrúig go hiomlán nó go páirteach don scaoileadh amach ola a ba chúis leis an damáiste ó thruailliú—

[EN]

(a) aon ní a rinne an duine dár bhain an damáiste ó thruailliú nó a d'fhág sé gan déanamh le hintinn damáiste a dhéanamh;

[EN]

[EN]

(b) faillí ag an duine dár bhain an damáiste ó thruailliú:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le costas aon bhearta réasúnacha a dhéanfar tar éis tarlaithe chun damáiste ó thruailliú a chosc nó a íoslaghdú.

[EN]

(6) Faoi réir fho-ailt (7) agus (8), déanfaidh an Ciste, de réir fhorálacha an Achta seo, úinéir loinge nó a ráthóir a shlánú in aghaidh a dhliteanais faoi alt 7 nó 10.

[EN]

(7) Ní fhorchuirfear dliteanas ar an gCiste faoi fho-alt (6) in aon chás ina suífear gurb é mí-iompar toiliúil úinéir na loinge ba chúis leis an damáiste ó thruailliú.

[EN]

(8) Féadfar faoiseamh óna dhliteanas a thabhairt go hiomlán nó go páirteach don Chiste faoi fho-alt (6) má shuitear, mar gheall ar fhaillí nó eolas iarbhír de chuid úinéir na loinge, gurb é is cionsiocair le damáiste ó thruailliú go hiomlán nó go páirteach nár comhlíonadh forálacha aon Choinbhinsiúin i ndáil le—

[EN]

(a) Sábháilteacht ar Muir, nó

[EN]

(b) Truailliú na Farraige,

[EN]

a bheidh sonraithe sa Choinbhinsiún ar an gCiste nó dá réir.

[EN]

(9) Sa Chuid seo ciallaíonn “ola” aon ola mhianra hidreacarbóin mharthanach.

[EN]

Méid dhliteanas an Chiste.

21.—(1) Más rud é go dtabhóidh an Ciste dliteanas faoin Acht seo mar gheall ar scaoileadh amach ola is cúis le damáiste ó thruailliú i gcríoch an Stáit, ní bheidh méid comhiomlán an chúitimh is iníoctha maidir le haon tarlú amháin níos mó ná seasca milliún aonad cuntais.

[EN]

(2) Má dhéanann an Ciste úinéir loinge nó a ráthóir a shlánú de réir alt 20 (6), ní bheidh aon slánaíocht den sórt sin níos mó ná an chuid sin de dhliteanas an úinéara sin nó a ráthóra faoin Acht seo—

[EN]

(a) is mó ná méid is ionann agus céad aonad cuntais in aghaidh gach tonna de thonnáiste na loinge, nó méid iomlán d'ocht milliún, trí chéad tríocha is trí mhíle aonad cuntais, cibé acu is lú, agus

[EN]

(b) nach mó ná méid is ionann agus céad tríocha is trí aonad cuntais in aghaidh gach tonna den tonnáiste sin, nó méid iomlán ceithre mhilliún déag aonad cuntais, cibé acu is lú.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “méid comhiomlán an chúitimh” uasmhéid an chúitimh is iníoctha ag an gCiste mar gheall ar dhamáiste ó thruailliú ar tarlú amháin ar bith ba chionsiocair leis cibé acu atá nó nach bhfuil an cúiteamh sin iníoctha mar gheall ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, is é sin le rá—

[EN]

(a) forálacha an Achta seo,

[EN]

(b) forálacha aon dlí in aon Tír Choinbhinsiúin, nó

[EN]

(c) forálacha an Choinbhinsiúin ar an gCiste.

[EN]

(4) Más mó iomlán gach éileamh in aghaidh an Chiste in aon chás áirithe ná méid comhiomlán an chúitimh is iníoctha faoi fho-alt (1), dáilfear méid comhiomlán an chúitimh i measc gach éilitheoir ar chúiteamh sa tslí go mbeidh an chomhréir idir aon éileamh agus méid an chúitimh a ghnóthófar maidir leis an éileamh sin mar an gcéanna i gcás gach éilitheora.

[EN]

(5) Faoi réir fhorálacha fho-alt (2), gheobhaidh an Ciste le seachaíocht, maidir le haon mhéid cúitimh i leith damáiste ó thruailliú a d'íoc an Ciste faoin Acht seo, aon chearta a theachtfaidh an duine a cúitíodh amhlaidh faoin Acht seo in aghaidh úinéara loinge nó a ráthóra.

[EN]

Teorannú ar chaingne in aghaidh an Chiste.

22.—(1) Faoi réir fho-alt (2), ní thionscnófar caingean in aghaidh an Chiste—

[EN]

(a) tar éis trí bliana ón dáta ar tharla an damáiste ó thruailliú mura mbeidh caingean le haghaidh cúitimh tosaithe cheana féin faoin Acht seo in aghaidh úinéara loinge nó a ráthóra agus murar thug aon pháirtí i gcaingean scéala faoin gcaingean don Chiste de bhun rialacha cúirte, nó

[EN]

(b) tar éis sé bliana ó dháta an tarlaithe ba chúis leis an damáiste ó thruailliú: Ar choinníoll, i gcás gur sraith teagmhas a bhí sa tarlú ba chúis leis an damáiste ó thruailliú, go measfar gur thosaigh an tréimhse sé bliana a shonraítear sa mhír seo an tráth a tharla an chéad cheann de na teagmhais sin.

[EN]

(2) An ceart atá ag úinéir loinge nó ag a ráthóir slánú a lorg ón gCiste de bhun alt 20 (6), ní mhúchfar é, in aon chás, roimh dheireadh tréimhse sé mhí tar éis an dáta ar cuireadh in iúl don úinéir nó dá ráthóir ar dtús gur tionscnaíodh éileamh ar dhamáistí faoin Acht seo ina aghaidh nó ina n-aghaidh.

[EN]

Damáiste ó thruailliú in dhá thír.

23.—I gcás tarlaithe a mbeidh an Ciste faoi dhliteanas i leith cúitimh nó slánaíochta dá dheasca faoi alt 20 a bheith ina chúis le damáiste ó thruailliú sa Stát agus i dTír Choinbhinsiúin amháin eile nó níos mó, féadfar imeachtaí a thionscnamh faoin Acht seo, agus féadfar déileáil leis an tarlú, chun gach críoch teagmhasach, mar tharlú a tharla, in aon áit sa Stát.

[EN]

Éilimh ón Stát.

24.—(1) Féadfaidh an Stát a bheith ina pháirtí in aon éileamh ar chúiteamh i leith damáiste ó thruailliú in aghaidh úinéara loinge nó a ráthóra nó in aghaidh an Chiste faoin Acht seo nó faoin dlí comhréire in aon Tír Choinbhinsiúin.

[EN]

(2) Aon éileamh a thionscnófar thar ceann an Stáit faoi fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an tAire é a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

[EN]

(3) Féadfar a áireamh in aon éileamh a thionscnófar thar ceann an Stáit faoi fho-alt (1) den alt seo, éileamh ar aon mhéid a d'íoc an Stát le haon duine ar bhain damáiste ó thruailliú dó sa Stát de dheasca tarlaithe a bhfuil an Stát ag déanamh éilimh ina leith.

[EN]

CUID IV

Cinntí i dTíortha Coinbhinsiúin a Aithint agus a Fhorghníomhú

[EN]

Infhorghníomhaitheacht agus aitheantas ag cinneadh a rinneadh i dTír Choinbhinsiúin.

25.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, aon chinneadh a rinne údarás iomchuí i dTír Choinbhinsiúin beidh sé infhorghníomhaithe, nó, de réir mar a bheidh, aitheanta sa Stát.

[EN]

(2) Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn “cinneadh” breith ó údarás iomchuí a dhéantar faoi aon fhoráil a fhreagraíonn don Acht seo lena ndéantar cúiteamh a dhámhachtain d'aon duine i leith damáiste ó thruailliú;

[EN]

ciallaíonn “údarás iomchuí”, i ndáil le Tír Choinbhinsiúin—

[EN]

(a) aon chúirt nó binse ag a bhfuil dlínse, faoi dhlíthe an stáit sin, chun an dliteanas maidir le damáiste ó thruailliú a chinneadh agus cúiteamh a dhámhachtain i leith an damáiste sin;

[EN]

(b) aon údarás riaracháin ag a bhfuil an chumhacht, faoi dhlíthe an stáit sin, cinneadh a dhéanamh maidir leis an dliteanas sin agus leis an gcúiteamh sin, ar cinneadh é atá faoi réir achomhairc nó athbhreithnithe sa stát sin ag cúirt nó binse;

[EN]

(c) aon chúirt nó binse ag a bhfuil dlínse, faoi dhlíthe an stáit sin, chun cinneadh a dhéanamh ar aon achomharc i gcoinne cinneadh a rinne údarás iomchuí eile maidir leis an dliteanas nó leis an gcúiteamh sin, nó chun aon athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh.

[EN]

Iarratas chun cinneadh a rinneadh i dTír Choinbhinsiúin a fhorghníomhú.

26.—(1) Is chun na Cúirte a dhéanfar gach iarratas chun cinneadh a rinne údarás iomchuí i dTír Choinbhinsiúin a fhorghníomhú.

[EN]

(2) Déanfaidh an Chúirt ordú (ar iarratas a éisteacht chun cinneadh a fhorghníomhú), murar diúltaíodh an cinneadh a fhorghníomhú de bhun alt 28, ar ordú é chun an cinneadh a fhorghníomhú a mhéid nár sásaíodh méid an chúitimh lenar bhain an cinneadh.

[EN]

(3) Ní dhéanfar, in aon iarratas chun cinneadh a fhorghníomhú faoin alt seo, an cinneadh a athbhreithniú maidir lena shubstaint.

[EN]

Éifeacht an ordaithe chun cinneadh a fhorghníomhú.

27.—(1) Aon uair a dhéanfar ordú chun cinneadh a fhorghníomhú de bhun alt 26, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag an gcinneadh, a mhéid a údarófar a fhorghníomhú de bhun ordú na cúirte, amhail is dá mba í an Chúirt a rinne an cinneadh agus féadfar imeachtaí chun é a fhorghníomhú nó maidir lena fhorghníomhú a thionscnamh dá réir sin.

[EN]

(2) Aon uair a dhéanfaidh an Chúirt ordú ar scór iarratais arna dhéanamh de bhun alt 26 chun cinneadh a fhorghníomhú, féadfaidh an t-ordú foráil a dhéanamh chun costais réasúnacha an iarratais agus na costais a ghabhann leis an iarratas a íoc agus beidh na costais sin inghnóthaithe amhail is dá mba shuimeanna iad is inghnóthaithe faoin gcinneadh.

[EN]

(3) Más rud é, maidir le hiarratas de bhun alt 26 chun cinneadh a fhorghníomhú, go léirítear, de réir dhlíthe na Tíre Coinbhinsiúin ina ndearnadh an cinneadh, go bhfuil ús inghnóthaithe faoin gcinneadh ó dháta nó am áirithe, déanfar an ráta úis agus an dáta nó an t-am óna mbeidh sé inghnóthaithe a bhreacadh ar an ordú chun an cinneadh a fhorghníomhú, má dhéantar ordú den sórt sin, agus beidh ús, de réir na sonraí a bheidh breactha, ag gabháil leis an tsuim a bheidh dlite ar scór an chinnidh, seachas aon suim a bheidh dlite de bhun fho-alt (2).

[EN]

(4) Aon ús ar aon suim a bheidh dlite ar scór cinnidh a mbeidh ordú forghníomhaithe déanta ina leith is de bhun an ailt seo amháin a bheidh sé inghnóthaithe.

[EN]

Gan aitheantas a thabhairt do chinneadh nó gan é a fhorghníomhú.

28.—(1) Ní dhéanfar cinneadh ó údarás iomchuí i dTír Choinbhinsiúin a aithint ná a fhorghníomhú sa Stát—

[EN]

(a) mura cinneadh críochnaitheach an cinneadh; nó

[EN]

(b) má bhíonn an cinneadh contrártha go follasach do bheartas poiblí sa Stát; nó

[EN]

(c) más rud é, maidir leis an duine ar tionscnaíodh na himeachtaí ina aghaidh as ar tháinig an cinneadh, nach bhfuair sé fógra sách luath, d'ainneoin go bhféadfadh gur seirbheáladh mar is cuí fógra cuí faoi na himeachtaí air sa Tír Choinbhinsiúin lena mbaineann, chun a chumasú dó na himeachtaí a chosaint nó, de réir mar a bheidh, iarratas a dhéanamh go ndéanfaí na himeachtaí a athbhreithniú; nó

[EN]

(d) mura bhfuil an cinneadh ag luí le breithiúnas aon chúirte sa Stát.

[EN]

(2) Chun críocha fho-alt (1) (a) measfar gur cinneadh críochnaitheach cinneadh ó údarás iomchuí i dTír Choinbhinsiúin—

[EN]

(a) más rud é nach bhfuil achomharc i gcoinne an chinnidh ná iarratas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin ar feitheamh sa stát sin, agus

[EN]

(b) mura féidir achomharc den sórt sin a thionscnamh ná iarratas den sórt sin a dhéanamh mar gheall ar aon cheann de na cúiseanna a shonraítear i bhfo-alt (3).

[EN]

(3) Is iad na cúiseanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b)—

[EN]

(a) nach ndéantar foráil leis an dlí is infheidhme sa Tír Choinbhinsiúin lena mbaineann le haghaidh achomhairc i gcoinne an chinnidh ná athbhreithniú ar an gcinneadh, ar cinneadh é a rinne cúirt nó binse; nó

[EN]

(b) go bhfuil an tréimhse ar laistigh di nach foláir achomharc a thionscnamh, nó iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh, imithe in éag; nó

[EN]

(c) gur tarraingíodh siar achomharc a tionscnaíodh nó iarratas ar athbhreithniú a rinneadh; nó

[EN]

(d) gur daingníodh an cinneadh le cinneadh, nó go ndearnadh é de bhun ordaithe atá le fáil i gcinneadh, a rinne údarás iomchuí agus ar cinneadh críochnaitheach gan achomharc é.

[EN]

(4) Más rud é, ar achomharc a dhéanamh i gcoinne breithe chun cinneadh a fhorghníomhú, go ndeimhneoidh an t-achomharcóir don chúirt nach bhfuil an cinneadh críochnaitheach, féadfaidh an chúirt ar cibé téarmaí is cuí léi—

[EN]

(a) an t-ordú forghníomhaithe a chur ar ceal, nó

[EN]

(b) an t-achomharc a chur ar atráth go dtí cibé tráth a dtiocfaidh an cinneadh chun bheith críochnaitheach.

[EN]

(5) Ní cheanglófar le haon ní i bhfo-alt (4) ar an gcúirt ordú forghníomhaithe a chur ar ceal nó achomharc a chur ar atráth in aon chás—

[EN]

(a) ar deimhin leis an gcúirt nach bhfuil aon fhoras eile ar ar cheart an t-ordú forghníomhaithe a chur ar ceal, agus

[EN]

(b) nach deimhin leis an gcúirt go bhfuil sé ar intinn ag an iarratasóir leanúint le hachomharc nó le hiarratas ar athbhreithniú atá ar feitheamh nó, de réir mar a bheidh, aon achomharc a thionscnamh nó aon iarratas den sórt sin a dhéanamh a fhéadfaidh sé a thionscnamh nó a dhéanamh maidir leis an gcinneadh.

[EN]

Doiciméid nach foláir a bheith leis an iarratas chun cinneadh a fhorghníomhú.

29.—(1) Beidh na doiciméid seo a leanas ag gabháil le gach iarratas chun cinneadh a fhorghníomhú de bhun an Achta seo, is é sin le rá—

[EN]

(a) cóip dheimhnithe den chinneadh;

[EN]

(b) i gcás cinnidh ó údarás iomchuí (ar cúirt nó binse é) is cinneadh a dhéantar trí mhainneachtain, an bhunchóip nó cóip dheimhnithe de dhoiciméad a shuíonn gur seirbheáladh go cuí fógra faoi na himeachtaí ar an duine a bhfuil forghníomhú á lorg ina aghaidh;

[EN]

(c) i gcás cinnidh ó údarás iomchuí ar údarás riaracháin é, doiciméad a shuíonn go raibh an cinneadh faoi réir athbhreithnithe ag cúirt nó binse ach nach bhfuil sé faoi réir athbhreithnithe amhlaidh níos mó mar go ndearna an chúirt nó an binse sin breith chríochnaitheach agus gur dhíbh siad an t-achomharc nó mar gur tarraingíodh siar an t-achomharc nó mar go bhfuil an t-am caite ar cheart achomharc a thaisceadh laistigh de; agus

[EN]

(d) doiciméid a shuíonn go bhfuil an cinneadh infhorghníomhaithe sa Tír Choinbhinsiúin agus go bhfuair an duine a bhfuil forghníomhú á lorg ina aghaidh fógra faoin gcinneadh in am cuí.

[EN]

(2) Má iarrann an chúirt amhlaidh cuirfear aistriúchán ar fáil ar na doiciméid a shonraítear i bhfo-alt (1): deimhneoidh duine a bheidh inniúil chun déanamh amhlaidh go bhfuil an t-aistriúchán ceart.

[EN]

(3) Chun críocha na Coda seo—

[EN]

(a) measfar, maidir le doiciméad, arna dheimhniú go cuí, a airbheartaíonn gur cóip de chinneadh é ó údarás iomchuí i dTír Choinbhinsiúin, gan a thuilleadh cruthúnais, gur cóip dhílis é den chinneadh sin, mura suífear a mhalairt;

[EN]

(b) an bhunchóip, nó aon chóip, d'aon doiciméad a shonraítear i bhfo-alt (1) (b), (1) (c) nó (1) (d), is fianaise í ar aon ábhar lena mbaineann an doiciméad sin; agus

[EN]

(c) measfar, maidir le doiciméad a airbheartaíonn gur aistriúchán é ar dhoiciméad a chuirtear ar fáil de bhun fho-alt (2) agus a dheimhneofar a bheith ceart ag duine a bheidh inniúil chun déanamh amhlaidh, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb é an t-aistriúchán sin é mura suífear a mhalairt.

[EN]

(4) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip de chinneadh é a thug údarás iomchuí measfar go mbeidh sé deimhnithe go cuí—

[EN]

(a) má airbheartaíonn sé, i gcás cinnidh ó chúirt, go bhfuil séala na cúirte sin air nó a bheith deimhnithe ag aon duine ina cháil mar bhreitheamh nó oifigeach de chuid na cúirte sin mar chóip dhílis de chinneadh arna dhéanamh ag an gCúirt sin, nó

[EN]

(b) i gcás cinnidh ó údarás iomchuí seachas cúirt, má airbheartaíonn sé a bheith deimhnithe ag duine ina cháil mar oifigeach de chuid an údaráis sin mar chóip dhílis de chinneadh arna dhéanamh ag an údarás sin.

[EN]

CUID V

Ilghnéitheach

[EN]

Dlínse na Cúirte.

30.—(1) I gcás caingean le haghaidh cúitimh mar gheall ar dhamái ste ó thruailliú a bheith tionscanta in aghaidh úinéara loinge nó a ráthóra os comhair na Cúirte, beidh dlínse eisiatach ag an gCúirt in aon chaingean le haghaidh cúitimh nó slánaíochta a thosófar in aghaidh an Chiste maidir leis an damáiste céanna.

[EN]

(2) Beidh dlínse ag an gCúirt in aon chaingean a thosófar in aghaidh an Chiste maidir le damáiste ó thruailliú sa Stát in aon chás inar tionscnaíodh caingean in aghaidh úinéara loinge nó a ráthóra i dtír is páirtí sa Choinbhinsiún ar Dhliteanas ach nach páirtí sa Choinbhinsiún ar an gCiste.

[EN]

(3) Féadfaidh an Chúirt faoiseamh a thabhairt go hiomlán nó go páirteach d'úinéir loinge, dá ráthóir nó don Chiste, ó dhliteanas i leith duine mar gheall ar dhamáiste ó thruailliú má chruthaítear gurbh é faillí an duine sin ba chúis go hiomlán nó go páirteach leis an damáiste nó gur gníomh nó neamhghníomh dá chuid ba chionchúis leis an damáiste, ar gníomh nó neamhghníomh é a raibh sé ceaptha dó a bheith ina chúis le damáiste.

[EN]

Cigirí a cheapadh.

31.—(1) Féadfaidh an tAire, le barántas, duine a cheapadh ina chigire chun feidhmeanna cigire a chomhlíonadh faoin Acht seo.

[EN]

(2) Gach duine a cheapfaidh an tAire de bhun fho-alt (1) tabharfar deimhniú faoina cheapachán dó agus nuair a bheidh sé ag feidhmiú cumhachta a thugtar do chigire faoin Acht seo, déanfaidh sé, má iarrann aon duine dá ndéanann sin difear air é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an duine sin.

[EN]

Cumhachtaí cigire.

32.—(1) Féadfaidh cigire, chun a chuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin Acht seo, gach ní a dhéanamh is dóigh leis a bheith riachtanach chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh cigire gach ní nó aon ní díobh seo a leanas a dhéanamh:

[EN]

(a) long a stopadh nó a choinneáil thar ceann an Aire;

[EN]

(b) dul ar bord aon loinge agus an long agus aon doiciméad ar bord na loinge a iniúchadh;

[EN]

(c) a cheangal ar aon duine ar bord loinge a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó;

[EN]

(d) a cheangal ar mháistir na loinge an deimhniú a cheanglaítear a iompar ar bord le halt 16 den Acht seo a thabhairt ar aird lena iniúchadh;

[EN]

(e) dul isteach in aon áitreabh agus iniúchadh a dhéanamh air agus ar aon ghaireas chun ola a aistriú;

[EN]

(f) trí thoghairm faoina láimh, a cheangal ar dhuine ar bith teacht ina láthair agus an duine sin a scrúdú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo don chigire daoine a chur faoi mhionn);

[EN]

(g) a cheangal ar fhinné dearbhú a dhéanamh gur fíor aon ráitis a rinne sé faoi scrúdú agus an dearbhú sin a shíniú;

[EN]

(h) a cheangal ar dhuine ar bith aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird dó nó freagra a thabhairt ar aon fhiosrúchán;

[EN]

(i) cóip a dhéanamh d'aon taifead in aon doiciméad a cheanglaítear leis an Acht seo nó leis na hAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 go 1977, a choimeád agus a cheangal ar an duine a choimeádann an doiciméad a dheimhniú gur cóip dhílis den taifead sin an chóip sin;

[EN]

(j) samplaí d'ola a thógáil ó aon long;

[EN]

(k) ordú a thabhairt, ó bhéal nó i scríbhinn, d'úinéir nó do mháistir loinge nó d'aon fhostaí nó gníomhaire de chuid an úinéara, i ndáil leis an long.

[EN]

(3) Beidh finné i láthair cigire i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a gheobhadh sé dá mba fhinné os comhair na Cúirte é agus lamhálfar cibé caiteachais dó a lamhálfaí d'fhinné a bheadh ag freastal na Cúirte ar sub poena: agus cuirfear aon díospóid i dtaobh méid na gcaiteachas sin faoi bhráid Mháistir Fómhais agus déanfaidh seisean méid na gcaiteachas a chinntiú agus a dheimhniú, ar iarratas a dhéanamh chuige faoi láimh an chigire.

[EN]

(4) Duine ar bith—

[EN]

(a) a mhainneoidh freastal a dhéanamh ar é a thoghairm mar fhinné os comhair cigire agus ar na caiteachais a bhfuil teideal aige chucu faoin alt seo a thairiscint dó, nó a dhiúltóidh mionn a ghlacadh a gceanglóidh an cigire go dleathach air é a ghlacadh, nó

[EN]

(b) a dhiúltóidh nó a fhailleoidh aon fhreagra nó aon tuairisceán a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird, nó aon dearbhú a dhéanamh nó a shíniú, nó cóip d'aon taifead a dheimhniú, i gcás ina bhfuil teideal ag an gcigire a cheangal air sin a dhéanamh,

[EN]

beidh sé ciontach i gción.

[EN]

(5) Duine ar bith—

[EN]

(a) a chuirfidh bac go toiliúil ar chigire agus an cigire sin ag feidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, nó

[EN]

(b) nuair a iarrfaidh cigire air a ainm agus a sheoladh a thabhairt, go mainníonn sé nó go ndiúltaíonn sé sin a dhéanamh, nó nuair a iarrtar sin air a thugann ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach,

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Cumhachtaí máistrí cuain.

33.—(1) Faoi réir fhorálacha ailt 13 agus 16 agus gan dochar do na cumhachtaí a thugtar do chigire le halt 32, féadfaidh máistir cuain, i gcás aon loinge atá sa chuan ar máistir cuain ar an gcuan sin é—

[EN]

(a) dul ar bord aon loinge den sórt sin agus an long agus aon doiciméid ar bord a iniúchadh;

[EN]

(b) a cheangal go dtabharfar ar aird aon doiciméad a cheanglaítear a choimeád faoin Acht seo nó faoi na hAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 go 1977;

[EN]

(c) cóip a dhéanamh d'aon taifead in aon doiciméad den sórt sin agus a cheangal ar an duine a choimeádann an doiciméad a dheimhniú gur cóip dhílis den taifead an chóip sin:

[EN]

Ar choinníoll nach gcoinneoidh an máistir cuain ná nach moilleoidh sé an long ó dhul ar a turas, i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí faoin Acht seo, mura gá sin.

[EN]

(2) Duine ar bith—

[EN]

(a) nach ndéanfaidh de réir aon cheanglais de chuid mháistir cuain faoin alt seo, nó

[EN]

(b) a chuirfidh bac go toiliúil ar mháistir cuain agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Forálacha a bhaineann le longa a choinneáil.

34.—Aon uair a choinneoidh cigire nó máistir cuain long i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le halt 13 (3) nó le halt 16, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

[EN]

(a) déanfaidh an cigire, nó, de réir mar a bheidh, an máistir cuain, iarratas a luaithe is féidir chun Breithimh Dúiche ar ordú ag údarú go leanfaí ag coinneáil na loinge agus féadfaidh an Breitheamh Dúiche ordú a dheonú ag údarú na coinneála sin ar feadh tréimhse 48 n-uaire an chloig más deimhin leis go bhfuil forais réasúnacha ag an gcigire nó ag an máistir cuain, de réir mar a bheidh, lena chreidiúint go ndearnadh sárú ar an Acht seo i ndáil leis an long agus, ar an tréimhse 48 n-uaire an chloig a bheith caite, scaoilfear an long saor mura bhfuil ordú lena bhforáiltear í a choinneáil níos faide déanta de réir mhír (b);

[EN]

(b) i gcás gur choinnigh cigire nó máistir cuain long, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó faoin Acht seo, déanfaidh sé a luaithe is féidir máistir na loinge a bhfuil imeachtaí maidir le cion faoin Acht seo tionscanta nó ar tí a dtionscanta ina aghaidh a thabhairt os comhair Breithimh Dúiche agus air sin déanfaidh an Breitheamh Dúiche más deimhin leis go bhfuil na himeachtaí sin eisithe nó ar tí a n-eisithe in aghaidh mháistir na loinge, le hordú atá dírithe ar chigire nó, de réir mar a bheidh, ar mháistir cuain, a cheangal ar an gcigire nó ar an máistir cuain an long a choinneáil ag áit shonraithe sa Stát go dtí go mbeidh na himeachtaí sin breithnithe ag cúirt i bhfeidhmiú a dlínse coiriúla.

[EN]

Longa a choinneáil go dtí go ndéanfar cinneadh ar imeachtaí (lena n-áirítear achomhairc) faoin Acht.

35.—(1) I gcas go gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, nó go ndéanfar imeachtaí i ndáil le cion a dhíbhe, agus go mbeidh an long a ndearnadh an cion ina leith á coinneáil faoin Acht seo, déanfaidh an Breitheamh nó, de réir mar a bheidh, an Breitheamh Dúiche lena mbaineann, le hordú a bheidh dírithe ar chigire nó ar mháistir cuain, a cheangal ar an gcigire nó ar an máistir cuain, i gcás achomhairc i gcoinne ordú na cúirte a éisteann an t-ábhar, nó i gcás imeachtaí eile i ndáil leis an ordú sin, an long a choinneáil níos faide ag áit shonraithe sa Stát fad a bheidh cinneadh maidir leis an achomharc nó leis na himeachtaí eile (agus aon imeachtaí de dhroim an achomhairc nó na n-imeachtaí eile) ar feitheamh.

[EN]

(2) Más rud é, maidir le cion faoin Acht seo, go ndéanfar ordú faoin alt seo nó faoi alt 34 chun long a choinneáil, féadfaidh Breitheamh Dúiche, dá rogha féin, le hordú a bheidh dírithe ar chigire nó ar mháistir cuain, de réir mar a bheidh, a cheangal an long a scaoileadh saor má thugtar urrús a bheidh, i dtuairim an Bhreithimh Dúiche, sásúil chun suim a íoc, i gcás an cosantóir a chiontú i leith an chiona nó na gcionta a bhfuil sé cúisithe maidir leo nó i gcás go mainneoidh sé freastal os comhair aon chúirte nuair is gá an freastal sin chun críocha aon réamhscrúduithe faoin Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, i ndáil leis an gcion nó leis na cionta nó le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile i ndáil leis an gcion nó leis na cionta, ar suim í atá, i dtuairim an Bhreithimh Dúiche, leordhóthanach—

[EN]

(a) chun an uasfhíneáil nó na huasfhíneálacha a íoc a ordaitear a íoc maidir leis an gcion nó leis na cionta nó a d'fhéadfaí a ordú a íoc maidir leo,

[EN]

(b) chun íoc as méid measta na gcostas (más ann) a bhaineann le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile i ndáil leis an gcion nó leis na cionta a dhámhtar nó a d'fhéadfaí a dhámhachtain in aghaidh an chosantóra lena mbaineann.

[EN]

(3) An t-urrús dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) is urrús é i dteannta, agus ní in ionad, aon bhanna nó cúirtbhanna eile a d'fhéadfadh an Breitheamh nó, de réir mar a bheidh, an Breitheamh Dúiche lena mbaineann a cheangal ar an gcosantóir lena mbaineann dul faoi i ndáil le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile i leith an chiona lena mbaineann.

[EN]

(4) I gcás go ndéanfar ordú faoin alt seo chun long a choinneáil nó a scaoileadh saor, coinneofar nó scaoilfear saor an long, de réir mar a bheidh, de réir théarmaí an ordaithe.

[EN]

Urrús dá bhforáiltear in alt 35 a íoc amach.

36.—Aon uair a thabharfaidh cosantóir urrús de bhun alt 35 chun an uasfhíneáil nó aon fhíneáil a fhorchuirtear i leith ciona faoin Acht seo a íoc agus le haghaidh na gcostas measta a bhaineann le haon trialacha, achomhairc nó imeachtaí eile i leith ciona den sórt sin, féadfaidh an chúirt, nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach déanta ar an triail, ar an achomharc nó ar na himeachtaí eile, de réir mar a bheidh, má chinneann sí gur cuí déanamh amhlaidh, ar iarratas ón Aire, a ordú go ndéanfar méid iomlán an urrúis, nó cibé cuid den chéanna is gá chun méid na fíneála a ghlanadh a fhorchuirtear maidir leis an gcion mar aon le méid aon chostas a dhámhfar maidir le haon triail, achomharc nó imeacht eile, a íoc amach leis an Aire.

[EN]

Ionchúiseamh i gcionta.

37.—(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh.

[EN]

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh—

[EN]

(a) i ngach cás, laistigh de dhá bhliain ó dháta an chiona, agus

[EN]

(b) i gcás an duine atá le cúiseamh a bheith lasmuigh den Stát ar dhul in éag don tréimhse sin, laistigh de dhá mhí ón gcéad dáta a dtiocfaidh sé isteach sa Stát ina dhiaidh sin.

[EN]

(3) Gan dochar d'aon dlínse eile, féadfar imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh i gcoinne duine in aon áit a mbeidh sé de thuras na huaire.

[EN]

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

38.—I gcás comhlacht corpraithe nó duine a bheidh ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe do dhéanamh ciona faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion.

[EN]

Comhlacht corpraithe a dhíotáil.

39.—(1) Féadfar comhlacht corpraithe a chur ar aghaidh chun a thrialach ar díotáil i leith ciona faoin Acht seo le cúirtbhannaí nó dá n-éagmais.

[EN]

(2) Ar é a dhíotchúiseamh os comhair na Príomh-Chúirte Coiriúla nó na Cúirte Cuarda, féadfaidh an comhlacht corpraithe pléadáil chiontach nó neamhchiontach a thaifeadadh i scríbhinn trína ionadaí agus mura láithreoidh sé trí ionadaí arna cheapadh aige chuige sin, nó, cé go láithreoidh sé amhlaidh, mura dtaifeadfaidh sé pléadáil ar bith, ordóidh an chúirt pléadáil neamhchiontach a thaifeadadh agus rachaidh an triail ar aghaidh amhail is dá mbeadh an comhlacht corpraithe tar éis an phléadáil sin a thaifeadadh go cuí.

[EN]

(3) Aon ráiteas i scríbhinn a airbheartóidh a bheith sínithe ag rúnaí an chomhlachta chorpraithe á rá go bhfuil an duine a ainmnítear sa ráiteas ceaptha mar ionadaí don chomhlacht chun críocha an ailt seo, beidh sé inghlactha gan a thuilleadh cruthúnais gur ceapadh an duine sin amhlaidh.

[EN]

(4) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá a sheirbheáil, chun críche nó i gcúrsa imeachtaí faoin alt seo, ar chomhlacht corpraithe, féadfar é a sheirbheáil trína fhágáil ag oifig chláraithe an chomhlachta sin nó trína chur go dtí an oifig sin leis an bpost cláraithe nó, mura bhfuil aon oifig den sórt sin sa Stát, trína fhágáil ag an gcomhlacht, nó trína chur leis an bpost cláraithe go dtí an comhlacht, in aon áit sa Stát ina bhfuil a ghnó á sheoladh aige.

[EN]

Pionóis.

40.—(1) Aon duine a chiontófar i gcion faoi alt 13 (3), 16 (5), 16 (6), 16 (8) nó 19 dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná 5 bliana, nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

(2) Aon duine a chiontófar i gcion faoi alt 32 nó 33, dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fínéail nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain, nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

Fíneálacha i leith cionta faoin Acht a ghnóthú.

41.—Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le fíneáil i leith ciona faoin Acht seo a ghnóthú agus leis na costais (más ann) a ordófar don duine a chiontófar sa chion sin a íoc:—

[EN]

(a) socróidh an chúirt am ar laistigh de a íocfar an fhíneáil sin agus na costais sin (más ann);

[EN]

(b) i gcás an long lena mbaineann an duine sin a bheith á coinneáil faoin Acht seo, an tráth a n-éistfear na himeachtaí i leith an chiona sin, déanfaidh an chúirt le hordú a bheidh dírithe ar chigire nó ar mháistir cuain, de réir mar a bheidh, a cheangal ar an gcigire nó ar an máistir cuain sin an long sin a choinneáil níos faide ag áit shonraithe sa Stát go dtí go n-íocfar an fhíneáil agus na costais sin (más ann), agus coinneofar an long sin dá réir sin;

[EN]

(c) i gcás nach n-íocfar an fhíneáil ná na costais sin (más ann), laistigh den am sin féadfar an fhíneáil agus na costais sin a ghnóthú tríd an long sin, a tácla, a troscán agus a feisteas a thochsal agus a dhíol;

[EN]

(d) ní choiscfidh aon ní sna míreanna sin roimhe seo den alt seo an fhíneáil agus na costais sin (más ann) a ghnóthú ón duine sin trí ghnáthphróis dlí.

[EN]

Fíneálacha a chur chun feidhme.

42.—Más dóigh leis an gcúirt a ghearrann fíneáil i leith ciona faoin Acht seo gur thabhaigh nó go dtabhóidh duine caiteachas ag aistriú aon truaillithe nó ag slánú aon damáiste is inchurtha i leith an chiona, féadfaidh an chúirt a ordú go n-íocfar an fhíneáil go léir nó cuid di leis an duine sin chun an caiteachas sin nó cuid de a ghlanadh.

[EN]

Taifid a bheith inghlactha mar fhianaise.

43.—Gach doiciméad a airbheartóidh—

[EN]

(a) a bheith á choimeád de bhun an Achta seo, na nAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 go 1977, an Choinbhinsiúin ar Dhliteanas nó an Choinbhinsiúin ar an gCiste nó aon Choinbhinsiúin nó Prótacail ag leasú nó ag leathnú ceachtar de na Coinbhinsiúin sin, nó

[EN]

(b) a bheith ina chóip dhílis, arna dheimhniú amhlaidh ag an duine a choimeádann an doiciméad, de dhoiciméad nó de thaifead ann,

[EN]

measfar, mura suífear a mhalairt, gurb é an doiciméad nó an chóip sin é, agus beidh sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na nithe atá ann.

[EN]

Díolúine ón Acht.

44.—(1) Ní bhainfidh an tAcht seo le haon long chogaidh ná le haon long a bheidh de thuras na huaire á húsáid ag rialtas aon stáit chun críocha seachas críocha tráchtála.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis nach dtiocfadh de thoradh díolúine go laghdófaí dliteanas i leith truaillithe nó go laghdófaí acmhainní chun freastal ar aon dliteanas den sórt sin, aon long a cláraíodh sa Stát, nó aon aicme long arna clárú amhlaidh, a dhíolmhú ó gach foráil nó ó aon fhoráil d'fhorálacha an Achta seo nó d'aon ordú nó Rialachán a dhéantar faoin Acht seo, go hiomlán nó faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.

[EN]

Táillí le haghaidh deimhnithe, díolúintí etc.

45.—Muirearófar cibé táille a fhorordóidh an tAire ar aon deimhniú a thabharfar, aon díolúine a dheonófar nó aon seirbhís a sholáthrófar faoin Acht seo d'úinéir aon loinge.

[EN]

Táillí a bhailiú

46.—(1) Déanfar táillí faoin Acht seo a ghlacadh agus a bhailiú i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad de réir orduithe an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí faoin Acht seo.